An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 3), 1999: Céim an Choiste (Atógáil).

ALT 3.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus roimh oifigigh na Roinne. Glacaim go mbeidh na himeachtaí seo dhátheangach agus tá córas aistriúcháin ar fáil. Bhíomar ag alt 3 agus tá leasú curtha ag an Teachta McGinley.

Tairgim leasú a 3:

I leathanach 7, idir línte 23 agus 24, an méid seo a leanas a chur isteach:

"(2A) Is ó Dhún na nGall a bheidh 5 de na daoine a thoghfar de réir Chuid IV.".

Níl i gceist agam glacadh leis an leasú seo. Nil bunús ar bith leis an leasú agus an t-aon bhealach a d'fhéadfaí glacadh leis ná trí cur le hionadaíocht na gcondaetha eile dá réir. Mar a mhínigh mé nuair a bhí mé ag caint ar alt 2(1) den Bhille, sé an chaoi go neanfaí go hiondúil ceantair toghchána a roinnt ná de reir daonra. Mhinígh mé freisin go raibh i gceist duine amháin a thoghadh as gach uile chondae agus chiallaigh sin go mbéadh duine as Condae na Mí, duine as Condae Phort Láirge agus duine as Corcaigh. D'fhág sin ceithre chondae go raibh níos mó ná duine amháin le toghadh astu. Shocraigh mé ar dhuine amháin a thoghadh in aghaidh chuile 6,000 ar an mbunús dá dtiocfainn chomh híseal le duine amháin in aghaidh 4,000 go mbéadh an bord i bhfad ró-mhór. D'fhág sin an scéal go raibh ceathrar le bheith as Tír Chonaill, seisiúr as Gaillimh agus beirt as Maigh Eó. Ciallaíonn sin duine in aghaidh 6,018, duine in aghaidh 5,997, agus duine in aghaidh 5,747. I gcas Chiarraí bhí rogha ann duine a chur in aghaidh 8,148 nó beirt in aghaidh 4,074. Shocraigh mé sa gcás sin gurbh fhearr teacht leis an bhfigiúir, beirt in aghaidh 4,000 agus sin mar atá leagtha amach. Ní fheicim anois cad chuige go bhfuil eisceacht a mholadh i gcás Thír Chonaill.

Nach bhfuil sé fíor go bhfuil 10,000 duine san áireamh i gContae na Gaillimhe atá ina gcónaí i gcathair na Gaillimhe agus nach bhfuil sé ait go bhfuil an scéal mar sin mar ní fhéadfaí Gaeltacht i ndáiríre a thabhairt ar an gceantar sin. Sin an fáth go bhfuil lion na gcomhaltaí as Contae na Gaillimhe chomh mór san i gcomparáid le líon na gcomhaltaí as Dún na nGall.

Má tá an Teachta ag moladh go dtoghfar daoine do bhord an údárais de réir na gcainteoirí laethúla Gaeilge nó líon na gcainteoirí Gaeilge atá in aon cheann de na limistéir Gaeltachta bhéadh bunús leis ach dá mbéadh an slat tomhais sin in úsáid chaithfí a dhéanamh cothrom thar na contaetha uilig. Tá codanna de Ghaeltacht Thír Chonaill agus codanna de Ghaeltacht Mhaigh Eo atá chomh híseal ó thaobh meán céatadán de líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge agus atá Contae na Gaillimhe trí chéile. Dá ndéanfar ar an mbealach atá á mholadh ag an Teachta bheadh sé deacair é a chosaint mar bheifí ag brath ar ráiteas ó dhaoine sa ndaonáireamh an labhrann siad Gaeilge go laethúil nó nach labhraíonn nó chaithfí brath ar ráiteas ó dhaoine go bhfuil Gaeilge acu nó nach bhfuil. Ní bhéadh fadhb ar bith ann dá nglacfaí leis an dara ráiteas mar bhéadh sé mórán mar atá an rud seo. Ag glacadh leis an gcéad ráiteas, sé sin do chainteoirí laethúla, in ionad cur le Tír Chonaill, seans go laghdófaí an uimhir agus tharlódh sin i gCondae Mhaigh Eo fosta. Ní bheadh an Teachta Ó Cionnigh sásta leis sin.

Bhí imní ar an Teachta McGinley go raibh líon na ndaoine a bhaineann úsáid de ghnáth as an nGaeilge chomh mór i dTír Chonaill agus atá i gContae na Gaillimhe. Bhí sé ag féachaint ar na daoine atá ag freastal ar an údáras as Contae na Gaillimhe.

Má thógaimid Contae na Gaillimhe gan an chathair san áireamh, tá 13,596 ag úsáid na Gaeilge go laethúil. Cuir leis sin an líon sa gcathair a deir go n-úsáideann siad go laethúil í — sin 1,424 — tagann sin amach go bhfuil 15,000 ag úsáid na Gaeilge go laethúil i gContae na Gaillimhe.

Os rud é go bhfuil Gaelscoileanna——

Ní hea. Níl mé in ann ach dhul de réir figiúirí an daonáirimh. Ní bhaineann na cúiseanna liom, na fíricí a bhaineann liom. I dTír Chonaill tá 11,267 ach má úsáidim sin mar shlat tomhais sé an toradh atá ar an scéal ná go bhfuil níos lú cainteoirí Gaeilge laethúla i Maigh Eo ná mar atá i nGaeltachtaí Chiarraí. Mar sin, an bhfuil Fine Gael ag moladh go laghdofaí Maigh Eo do shuíochán amháin. Má leannfear an loighic sin, caithfear é a leanúint tríd síos agus sa gcás sin fágfar Gaillimh mar atá sé, seans go gcuirfear le Tír Chonaill agus laghdófar Maigh Eo. Más sin an rud a theastaíonn, bheadh an-speis agam moladh a fháil agus b'fhéidir go dtiocfaimid ar ais chuige seo ar Chéim na Tuairisce le moladh mar seo on bhfreasúra agus leasú ar an leasú.

An bhfuil an tAire Stáit i ndairíre?

Tá mé i ndáiríre. Tá na figiúirí anseo.

An gcreideann an tAire Stáit go bfhuil 15,000 duine ag labhairt Gaeilge go laethúil i nGaeltacht na Gaillimhe?

Creidim. Óna na staitisticí ar fad, agus tá léarscáil déanta amach ar an ábhar seo——

Is cuma faoi na léarscáil.

Tá staitisticí déanta fosta.

Mar ionadaí don Dáil, agus mar Aire Stáit, an gcreideann an tAire go bhfuil 15,000 duine ag labhairt Gaeilge go laethúil ansin?

Ansin léarscáil na Gaeltachta. Na ceantair dearga, sin iad na ceantair láidre Gaeilge i nGaillimh, i dTír Chonaill agus i Mhaigh Eo. Sin iad ceantair ina bhfuil níos mó ná 50 fán gcéad ag labhairt na Gaeilge. Feicfidh an Teachta na ceantair ina bhfuil 60, 70 agus 80 fán gcéad — tá coirnéal amháin i dTír Chonaill agus tá cuid mhaith acu i gConamara.

Tá muintirMhaigh Eo an-mhacánta leis na freagraí a thug siad.

Nuair atá reachtaíocht le leagan amach caithfidh duine dul ar bhúnus atá bunaithe ar staitisticí agus tá trí chineál staitisticí is féidir a úsáid sa gcás seo — staitisticí an daonra iomlán, staitisticí an dreama a deir go bhfuil go Gaeilge acu nó staitisticí an dhreama a deir go labhrann siad Gaeilge chuile lá. Bhreathnaigh mé ar an trí rogha sin agus ag deireadh an lae — agus bhí seo go mór i bhfábhar Chontae Mhaigh Eo — shíl mé gurb é an rud ba shimplí agus an gnáthrud a déantar i dtoghchán, ná dul de réir dhaonáirmh iomlán ceantair. Is ceist eile í an cheart do chuid de na ceantracha atá sa nGaeltacht a bheith sa nGaeltacht nó an bhfuil aon cheantar taobh amuigh den nGaeltacht gur ceart é bheith san nGaeltacht. Tá stáidéar an-mhín déanta ar sin agus níl sé i bhfad ó fuair mé na staitisticí. Tá ceantair i ngach uile contae — Contae Mhaigh Eo, Contae Thír Chonaill, Contae na Gaillimhe, Contae Chiarraí agus Contae Corcaigha d'fhéadfaí Bhéadh sé níos fearr an cheist sin a fhágáil le hathscrúdú. Ní hé go bhfuil faitíos orm í a scrúdú ach ach dá mhéid a déantar staidéar uirthi is mó a fheictear go bhfuil an scéal casta agus nach féidir sceanadóireacht a dhéanamh. Bhéadh orm dhul ar ais chuig an rud a rinne mé. Ghlac mé leis, muna mbéadh moill bliana nó cúig bliana le cur ar an mBille, nach mbéadh na teorainneacha Gaeltachta athraithe roimh toghcháin an údárais. Mar sin ní raibh bealach ar bith gur féidir an job seo a dhéanamh ach a dhul de réir daonra na gceantar Gaeltachta mar atá sonraithe san daonáireamh.

Tá duine ina chónaí sa nGaeltacht a labhrann Béarla chomh mór ina bhall den phoball agus an duine labhrann Gaeilge. Caithfimid glacadh leis an bhfíric sin. Aon bhealach eile a déanfai na suíocháin a roinnt, bhéadh an-chontúirt ag baint leis.

Is trua nach bhfuil an Teachta McGinley anseo leis an leasú seo a phlé. Tá sé ag sochraid an tSeanadóra McGowan, go ndéana Dia trócaire air, i dTír Chonaill. Sí a bhí i gceist aige ná go bhfuil na ceantair Gaeltachta i dTír Chonaill an-scaipthe agus gur cóir go mbéadh duine as achan ceantar Gaeltachta i dTír Chonaill ag freastal ar an údáras.

Tuigim sin. Tá an fhadhb chéanna i gConTae na Gaillimhe.

Fuair sé an smaoineamh seo ón Teachta Coughlan. Bhí ceist curtha aici fá seo cheana agus thug an tAire Stáit freagra cruinn di.

Má thógaimid Tír Chonaill, tá Fanaid agus Ros Goill astu féin, ansin tá an ceantar mór sa lár, Na Rosann agus Goath Dobhair, tá Gaeltacht an Bhaile Láir agus Gaeltacht an iar-dheiscirt agus ansin tá na hoileáin. Ag breathnú ar na staitisticí glacaim leis gur beag seans ag Oileán Thoraigh nó fiú ag Arainn Mhór duine a thoghadh. Ní bhéadh sé as an gceist d'Arainn Mhóir, ag brath ar an duine a thoghfaí. Mura mbéadh an-tacaícoht ar fáil ón lárcheantar, bhéadh sé an-deacair ag duine as Fanaid nó as Ros Goill bheith tofa. Ba cheart go mbéadh iar-dheisceart an chontae, idir an Ghaeltacht lár agus Gaeltacht an iar-dheiscirt, in ann duine amháin a thoghadh agus sin an fáth go bhfuil sé fágtha gur féidir leis an Aire duine a cheapadh.

Le bheith cothrom fá seo, breathnóimid ar na contaetha eile. Tá trí Ghaeltacht atá i bfhad níos scaipthe i gContae Mhaigh Eo ná aon ceann de Ghaeltachtaí Thír Chonaill. Tá Gaeltachtaí Thír Chonaill, ar pháipéar, ceangailte le chéile ach tá trí Ghaeltachtai i gCondae Mhaigh Eo scoite amach ar fad — Iorras, Acaill agus Tuar Mhic Éidigh. Ó Thuar Mhic Éidigh go hIorras tá tú ag caint ar thart ar 60 nó 70 míle agus tá píosa maith bóthair i gceist ansin. Tá a fhios agamsa é go maith mar tá sé i mo cheantarsa. Tá Tuar Mhic Éadaigh ceangailte le Contae na Gaillimhe. Níl aon bhealach ag muintir Thuar Mhic Éidigh as na staitiscití. D'fhéadfadh rud ar bith tarlú ach is beag seans a bhéadh ag muintir Thuar Mhic Éadaigh duine a thoghadh ar an údarás, fiú le beirt.

I gContae na Gaillimhe ansin tá Baile Chláir na Gaillimhe ar an dtaobh thoir. Tá mór-cheantar Chonamara ann, deisceart Chonamara mar a thugaimid air. Ansin tá tuaisceart Chonamara nó Dúiche Sheoighe atá ag síneadh le ceantar Thuar Mhic Éidigh ach gur cuid de Chontae na Gaillimhe é. Arís ar pháipéar — ach gur dream misniúil, an dream s'againn-ne — ní ceart go mbeadh éinne in ann fáil tofa as ceantar Dhúiche Seoighe, ach scaití brisimid na rialacha sa taobh sin tíre. Déanaimid rudaí go ndeirtear nach bhfuilimid in ann a dhéanamh. Arís ar ais i gContae na Gaillimhe má thógann tú go bhfuil Árann scaite amach agus má ghlacann tú leis an teoiric sin bhéadh se deacair ar dhuine fáil tofa as Árann.

Nuair a théimid ansin go Ciarraí de réir na staitisticí atá agamsa tá gach seans gur beirt as Corca Dhuibhne a thoghfar agus nach mbeidh éinne as Uíbh Ráthach, mar tá i bhfad níos mó ná a dhá oiread nó a trí oiread daoine i gCorca Dhuibhne na mar atá in Uíbh Ráthach.

I gCorcaigh níl seans ag Oileán Chléire in aghaidh Múscraí mar tá 165 duine in aghaidh 3,000. Beidh sé spéisiúil i gContae na Mí idir Bhaile Ghib agur Rath Chairn ach glacaim go bhfuil siad réasúnta gar dá chéile. Fiú da bhféadfainn géilleadh agus an suíochán sa bhreis a thabhairt bhéadh cás níos láidre ag muintir Mhaigheo nó ag muintir Chiarraí a rá go gcaithfinn suíochán breise agus breise agus mar sin dó a thabhairt dóibh. Ag deireadh an lae socraíodh go mba leor 17 agus an fhadhb a bhí agamsa ná cén bunús in a roinnfí an 17 sin. An rud a shocraigh mé a dhéanamh ná a rá, de bharr go bhfuil comhairlí contaetha éagsúla i gceist, agus go bhfuil údaráis éagsúla i gceist, go bhfuil sé an-dheacair ionadaíocht a dhéanamh do chontae nach mbaineann leat, go gcaithfeadh ar a laghad duine amháin a bheith ann do gach uile chontae in a bhfuil Gaeltacht. Mar sin shocraigh mé go mbéadh duine as Contae na Mí, as Port Láirge agus as Corcaigh agus dúirt mé leis an bhfuíollach gurb é an rud ba chothromaí agus ba fhéireáilte a dhéanamh ná iad a roinnt de réir daonra.

Ba mhaith liom é seo a rá freisin — agus gach uile dhuine anseo is Teachtaí Dála é nó é agus tá mé cinnte go dtugann siad mion-raic i ngach uile choirneáil dá ndáilcheantar — tá dlúthacht ag baint le contaetha agus seachas i gcás Thír Chonaill tá gach aon cheantar ar a laghad ar bith in aon Dáil cheantar amháin. Mar Theachta Dála agus mar iar-chomhalta de Chomhairle Chontae ó Chonamara bhí mé in ann freastal mar shampla, ar dheisceart Chonamara. Muna mbéadh, ní bhéadh mé tofa mar ní fhéadfaí mé a thoghadh as tuaisceart Chonamara. D'fhreastail mé ar Bhaile Chláir, ar Árann agus ar na ceantair ar fad. Ar a laghad bhí mé ag plé leis an aon chontae amháin. Bhí mé ag plé leis an Chomhairle Chontae, leis an údarás agus leis na hinstiúidí céanna. Sin an loighic a bhaineann leis an rud. Tuigim an poinnte agus glacaim leis go raibh an t-éileamh seo ag teacht ó Thír Chonaill. Ach bhí siad san in ann breathnú air agus díreach Tír Chonaill a chur san áireamh. Ach nuair a chuireann tú an tír ar fad agus na cuinsí ar fad san áireamh ní fhéadfaí, le bord ar thart ar 20 ball, teacht suas le foirmle mórán níos feárr. Ach choinnigh mé chugam féin, agus choinnigh an Rialtas an ceart ag an Aire go bhféadfaí beirt a ainmniú mar go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh ceantair sa nGaeltacht chomh scaipthe nach dtoghfaí duine go deo ionnta agus d'fhágfadh sin seans éigin acu ionadaí a fháil ar bhord an údaráis. Creidim dáiríre nach bhfuil aon réiteach níos feárr ar an gceist seo ná an réiteach a dtángthas air.

Tá cúpla duine i dTuar Mhic Éidigh a bhéadh toilteanach ainmniúchán a fháil ón Aire Stáit nuair a bheidh an toghchán thart. Tá suim agam sa rud adúirt an tAire Stáit faoin tuarascáil seo agus faoin staidéar atá á dhéanamh aige ar limistéir na Gaeltachta agus mar sin de. An bhfuil sé ag rá nuair a bheidh sin scrúdaithe aige go mb'fhéidir go mbeidh sé ag teacht ar ais le hathraithe sna limistéir Gaeltachta? B'fhéidir go mbeidh duine tofa sna toghcháin atá le teacht agus b'fhéidir nach mbeidh cuid den nGaeltacht le freastal aige air nuair a bheidh an tuarascáil agus an t-iniúchadh déanta aige ar an tuarascáil. Le níos mó ná 20 bliana anuas ní dóigh liom go raibh athrú ar bith ar Ghaeltacht ar bith ach ceann amháin a chuir an t-iar Aire Gaeltachta Tomás Ó Domhnaill isteach i nGaeltacht Mhúscraí. Ní raibh aon athrú eile orthu ó am an Teachta Lindsay.

Caithfear breathnú ar an gceist seo. An chéad rud gur theastaigh uaim a dhéanamh ná na staitisticí a fháil agus ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an oifig staidrimh. Bhí fadhbanna go leor againn ag fáil na léarscáil chun ár sástachta agus bhíomar ag obair ar fhigiúirí éagsúla go dtí go rabhamar sásta go raibh pictiúr an-shoiléir faighte againn uathu ar staid labhartha na Gaeilge. Bhí orainn na gasúir a bhaint as mar bhí rudaí an-aisteacha ag tarlú dá bhfágfaí gasúir scoile ann. Mar shampla, bhí ceantar toghroinne i gContae na hIarmhí agus bhí mé ag ceapadh go raibh Gaeltacht íontach faighte agam ann. Bhí 60 faoin gcéad den bpobal ag caint Gaeilge go laethúil. Fuair mé amach go raibh an chuid is mó den phobal sa cheantar sin ag freastal ar scoil chónaithe agus gur gasúir ar fad a bhí iontu agus mar sin nach raibh ann ach go rabhadar ag caint Gaeilge sna ranganna. Nuair a baineadh as na gasúir ó 5 go 19 cuireadh gach uile short ina cheart agus, go tobann, d'imigh mo Ghaeltacht.

An próiséas atá i gceist agam ná seo: na fírící a fháil agus tá mé sásta anois go bhfuil na fírící agam. Tá sé i gceist agam go bhfoilseofar iad seo sa bhfoirm ina a bhfuil siad againn. Ansin caithfear scrúdú a dhéanamh ar na ceantair láidre chun iad a choinneáil láidir, ar na ceantair measartha chun iad a laidriú agus ar na ceantair laga ach fós ceantair a bhfuil an Ghaeilge níos fairsinge iontu ná mar atá in áit ar bith eile sa tír. Luaigh mé é sin nuair a bhí mé ag caint sa Dáil. Ansin tá thart ar an gceathrú chuid, agus sin an méid, go bhféadfá a rá fúthu nach bhfuil difríocht ar bith idir iad agus an chuid eile den tír.Sin an chéad rud go gcaithfí a dhéanamh, a rá leis an bpobal cá sheasann siad.

An dara rud ná go mbéadh pleanáil teanga i gceist agus go míneofaí don phobal sa tríú rannóg agus sa gceathrú rannóg go bhfuil sé suas dóibh féin an saibhreas Gaeltachta a choinneáil, trí úsáid na Gaeilge a leathadh, ach mura dteastaíonn uathu í a choinneáil nach gcoinneofaí sa Ghaeltacht iad. Ach don chéad uair beidh critéir teangeolaíochta — sé sin úsáid laethuil na Gaeilge — leagtha síos.

Chomh maith leis sin, i gcuid de na Gaeltachtaí atá thar a bheith lag, tá siad teorainneach do Ghaeltachtaí láidre agus cothaíonn sé sin fadhb eile go gcaithfimid a scrúdú go géar, sé sin le rá an mbriseann tú abhantracht scoile mar shampla agus an ndéannann sé sin rudaí níos measa nó níos fearr. Mar shampla, tá sampla íontach de sin. Dar liomsa, deineadh rud seafóideach i gcás Cloch na Rón siar sna caogadaí. Fágadh Inis ? agus istigh sa nGaeltacht agus baineadh an chuid eile den cheantar as. Nuair a bhreathnaíonn tú go fuarchúiseach air — agus tharla an rud céanna ar an gCaiseal, tá leath den phobal istigh agus tá leath den phobal amuigh — tá leath de abhantracht bunscoile istigh agus leath eile amuigh. Ní raibh seans na nGrást ag na codanna a bhí fágtha taobh istigh den Ghaeltacht mar bhí na gasúir ag dul ar scoil agus ar institúidí Béarla. Ní raibh ionntu ach písíní beaga, cúpla baile fearainn anseo agus annsúd. Má ta ceacht ar bith le foghlaim againn as Rath Cairn, sé sin le rá an fáth go maireann Rath Cairn ainneoin gur cuid é de Ghaeltacht an-ghiobalach ar an imeall, ná gur cuireadh institiúidí láidre Gaeilge i gcroílár an phobail. In áiteanna ar nós Cloch na Rón níor deineadh é sin agus fágadh pócaí beaga mar seo gan fiú agus scoil náisiúnta acu. Cén chaoi a mhairfeadh pobal teanga mar sin? Mar sin, caithfear an rud seo a scrúdú go géar agus go cruinn. Caithfear dul go dtí na pobail agus a rá leo gurb iad seo na critéir, go dtabharfar seans dóibh teacht taobh istigh de na critéir nó imeacht as. Cheap mé go polaitiúil gurb é seo an t-aon bhealach riamh leis an job seo a dhéanamh, má táimid fíreannach len a chéile trasna an bhoird, is cuma cé tá sa chathaoir seo. Tá i gceist tabhairt faoin gceist seo. Tá i gceist sprioc ama a chur leis. Tá i gceist, anois ó tharla go bhfuil na staitisticí againn dul go dtí an chéad chéim eile, sé sin an pleanáil teanga ar thaobh amháin agus an míniú don phobal ar an dtaobh eile cá bhfuil an rud seo ag dul. An triú rud go gcaithfidh mé a rá, agus a rá go poiblí, go mórmhór leis na húdaráis áitiúla i gContae na Gaillimhe, go gcaithfimid fainic a thabhairt do na húdaráis áitiúla gan teacht ar ais ag gearáin i gcionn cúig bliana má tá leath dá gcontaethe caite amach as an nGaeltacht de bharr a bpolasaithe pleanála féin. Seo an obair atá le déanamh.

Tá súil agam go mbeidh deis agam teacht ar ais ag an gcoiste seo nó ag áit éigin eile chun an rud seo a mhínú agus a phlé go mion nuair a bheidh sé go léir curtha le chéile ach tá go leor oibre déanta le plean a chur le chéile le deighleáil leis an bhfadhb seo. Nil sé chomh simplí is a bhíothas a rá. Cheap daoine nach raibh le déanamh ach teacht isteach agus a rá go raibh an áit seo istigh agus an áit sinamuigh ach cad a thárlaíonn do cheantar a mhair le caighdeán níos fearr Gaeilge ná mar atá sa chuid eile den tír ach atá fós an-íseal. An ndeirtear nach fiú an tairbhe an trioblóid, fiú go raibh torthaí le feiceáil, agus an gcaitheann tú amach iad? Nó an dtugtar seans don phobal seo agus an ndéantar iarracht an staid a láidriú? Sílim go gcaithfimid an seans sin a thabhairt do na pobail. Sin an fáth go gcreidim nach mbeidh mór-athrú ar na limistéir taobh istigh de thrí nó ceithre bliana.

Tárlóidh sé áfach go mbeidh tús curtha le próiséas, go mbeidh srian ama an-chinnte leis, faoi gur féidir tabhairt faoin job seo faoi dheireadh. Má chuirimse an rud sin in áit an fhaid is a bheidh mé mar Aire is dóigh liom go mbeidh mé tar éis díriú ar an gceist sin go macánta agus go díreach don chéad uair ó 1956.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diultú dó.

Tairgim leasú a 4:

I leathanach 7, fo-alt (1), línte 24 go 31 a scriosadh agus an méid seo leanas a chur ina n-ionad:

"(2B) Toghlacht na limistéar a shonraítear i gCuid IV den Acht seo a thoghfaidh an cathaoirleach chun na críche sin.'.".

An fáth gur thairg mé an leasú seo ná go bhfuil mé ar dhá aigne i dtaobh an chathaoirligh agus conas a chuirfear in áit é. Ar láimh amháin is féidir é nó í a thoghadh agus ar an láimh eile is féidir leis an Aire an cathaoirleach a cheapadh. B'fhearr liom féin, i ndeireadh na dála, dá mbeimis cinnte nach mbéadh cathaoirligh á gceapadh ar bhonn polaitíochta na bpáirtithe, bhéinn sásta go mbéadh sé de chumhacht ag an Aire an cathaoirleach a cheapadh. De réir mar is eol domsa, ar rud a rinne mo chara, an Teachta Micheál D. Ó hUiginn, an fhaid is a bhí seisean in a Aire ná ceapachán a dhéanamh a rabhthas sásta leis. Ach má tá an pholaitíocht ag teacht isteach i gceapadh an chathaoirligh ní oirfidh sin d'éinne. Tá mise ag féachaint ar cad is fearr do mhuintir na Gaeltachta, an fearr an cathaoirleach a cheapadh nó an fearr an cathaoirleach a thoghadh. Ba mhaith liom tuairimí an Aire Stáit a chloisint ar an gceist sin.

Tá an ceart ag an Teachta Ó Sé. Tá trí rogha anseo. É a thoghadh ó chomhaltaí an údaráis, ach an fhadhb a bhaineann leis sin ná go bhféadfaí an cathaoirleach a fheiceáil a bheith bainteach le ceantar amháin, le contae amháin nó le réigiún amháin. Chaithfeadh an cathaoirleach, rud nach n-aontaím leis, a bheith ina bhall de choiste réigiúnach éigin mar bhéadh sé tofa ar bhord an údaráis thar cheann réigiúin éigin. Creidim go mba cheart don chathaoirleach a bheith ann ar son na Gaeltachta uilig.

An dara rogha atá ann ná go bhféadfadh an tAire an cathaoirleach a cheapadh. Ba mhaith liom cur go mór leis an méid atá ráite ag an Teachta Ó Sé. Rinne an Teachta Micheál D. Ó hUiginn — mar a rinne an Teachta Donncha Ó Gallchóir nuair a cheap sé Mícheál Ó Máille — iarracht mhacánta, duine le stádas mór nach raibh bainteach per se le haon cheantar a cheapadh mar chathaoirleach ar an údarás. D'éirigh agus tá ag éirí go maith leis sin. Duine le gradam agus duine le meas ar fud na Gaeltachta é an cathaoirleach atá ann i láthair na huaire, Gearóid Ó Tuathaigh.

An tríú rogha, mar a dúirt an Teachta Ó Sé, go mbéadh vóta i measc phobal na Gaeltachta uilig. Arís táimid ar ais ag fadhb na bhfigiúirí. Dá nglacfaí leis an rogha sin tá gach seans gur ag an iarthar, idir Maigheo agus Gaillimh, a bhéadh sé i gcónaí. Cinnte dearfach, ní bhéadh aon seans ag Port Láirge nó ag Contae na Mí. Bhéadh an-bhuntáiste ag an té as ceantar mór daonra. Ní rud maith a bhéadh ansin.

Tuigim an t-imní a d'fhéadfadh a bheith ar an Teachta faoin gceapachán polaitíochta agus is chuige sin atá foráil sa mBille seo nach féidir le héinne a sheas sa toghchán a cheapadh mar chathaoirleach ar an údarás. Tharla sé cheana, agus seo mar a bhí na rialacha, gur ceapadh cathaoirligh ar an údarás ar theip orthu fáil tofa. Cheap mise go mba laige é go bhféadfadh duine ar theip air i measc an phobail a bheith ar cheann an bhoird ar an gcuid eile. Ní dóigh liom gurb é sin a bhí i gceist nuair a ritheadh an tAcht an chéad uair ach sin mar a tharla. Bhéadh sé an-aisteach dá mba rud é go bhféadfadh sé tárlú sa Dáil nach bhféadfadh aon Teachta Dála a bheith ina Thaoiseach ach go bhféadfadh duine ar theip air fáil tofa go dtí an Dáil a bheith ina Thaoiseach ar na Teachtaí ar fad, ar dhaoine ar éirigh leo bheith tofa. Tá foráil leis sin a stopadh, nach féidir le duine ar bith a sheasann i dtoghchán an údaráis, bíodh go n-éiríonn leis nó go dteipeann air, a bheith ina chathaoirleach ar an údarás Creidim, chomh fada agus is féidir le hAire marc a chur síos faoin gcineál duine ar cheart a cheapadh mar chathaoirleach ar an údarás, níl eisiomplár níos fearr ná an cathaoirleach atá ann faoi láthair a bhfuil glactha leis ar fud na Gaeltachta uilig agus a bhaineann leis an tír agus nach le haon cheantar faoi leith. Sin an fáth, ag deireadh an lae, go dtángthas ar an socrú gur ceapadh Aire a bhéadh i gceist. Ach tá an cosaint ann ón rud a bhí i gceist agatsa ón bhforáil atá san mBille.

Bhí me ag éisteacht go cúramach leis an méid a bhí á rá ag an Aire Stáit agus, mar a dúirt mé cheana, tá mé féin ar dhá aigne ar an gceist seo. I ndeireadh na dála b'fhéidir go bhfuil an ceart an an Aire Stáit. Beimid ag braith ar mhacántacht Airí amach anseo duine le stádas a chur isteach agus gan daoine a cheapadh ar bhonn polaitíochta. Ach tar éis an méid atá ráite aige níl mé ag brú an leasaithe seo.

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Teachta as ucht muinín a thaispeáint. Arís ar ais, tharla rud eile spéisiúil uair amháin. Cuireadh iar Aire Gaeltachta isteach mar chathaoirleach ar an Úúdarás. Glacaim leis gur bhain sé le polaitíocht ach glactar leis go coitianta gur duine é a thug a chroí agus a anam do phobal uilig na Gaeltachta agus go raibh aithne air ar fud na tíre mar fhear Gaeltachta. B'é sin Donncha Ó Gallchóir. Mar sin, fré chéile is dóigh liomsa gur dheighleáil Airí leis an gceist seo go réasúnta síos tríd na blianta. Níl mise ag rá go raibh chuile cheann de na cathaoirligh ar an údarás thar cinn ach shíl mé mar phrionsabal nach ceart duine ar theip air sa toghchán a bheith mar cheann an bhoird. Mar dhaonlathaigh is dóigh liom go n-aontóidh gach uile dhuine timpeall an bhoird seo leis sin. Tá mé buíoch den Teachta as ucht a mhuiníne a chur ionam agus i mo chomharbaí mar Airí go ndéanfaidh siad an rud ceart ar son na Gaeltachta.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Aontaíodh alt a 3.

ALT 4.

Tá gaol idir leasú a 5 agus leasú a 6 agus déanfar iad a phlé le chéile, le cead an choiste.

Tairgim leasú a 5:

I leathanach 9, idir línte 3 agus 4, an méid seo a leanas a chur isteach:

"(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

'(1A) Déanfaidh an tÚdarás bonn dúchasach tionscail a chothabháil agus a fhorbairt sa Ghaeltacht agus déanfaidh sé acmhainní daonna, nádúrtha, cultúir agus teanga an réigiúin a fhorbairt.',".

Is dóigh liom go bhfuil an leasú seo simplí a dhóthain. Is é atá i gceist, i dtosach báire, gur chóir go bhféachfaimis ar na hacmhainní agus ar na daoine atá againn ann. Rud a chuireann brón orm agus nach bhfuil ag déanamh tairbhe don Ghaeltacht ná go bhfuil daoine óga ag fágaint na Gaeltachta agus iad ag dul ar ollscoil nó go dtí coláistí réigiúnda Tá siad ag fáil céimeanna agus cáilíochtaí eile ach níl siad ag filleadh ar an nGaeltacht. Níl postanna oiriúnacha ar fáil dóibh. Caithfidh an túdarás féachaint go géar ar an gceist seo i gcoitinne agus ar chonas is féidir daoine a oiliúint agus tionscail a fhorbairt atá bunaithe ar an acmhainn sin, an t-acmhainn bhunúsach a bhíonn in aon áit, sé sin na daoine, an nádúr, an cultúr agus an teanga. Tagann cúrsaí turasóireachta isteach in ár n-aigne nuair a fhéacaimid ar an nádúr, ar an gcultúr agus ar an dteanga. I ndeireadh na dála, na rudaí atá buan, na rudaí a fhanann in aon áit, sin iad na nithe gur cheart tionscail a bhunú orthu. Is féidir le tionscail teacht isteach ón iasacht ach imíonn siad san agus ní bhíonn faic fágtha in a ndiaidh. Tugann an fheirmeoireacht agus an t-iascaireacht bun-ábhair dúinn agus is iad sin na nithe ar cheart tionscail a bhunú orthu. Ba mhaith liom a bheith ag éisteacht leis an Aire ag déighleáil leis an leasú seo.

Tá an leasú atá leagtha sios agamsa beagnach cosúil leis an leasú a mhol an Teachta Ó Sé ach amháin gur fhág mé an rud sin faoi thionscail amach. Tá a fhios agamsa agus ag gach uile dhuine gurb é bun-phrionsabal an údaráis nuair a bunaíodh é i 1979 tionscail a spreagadh agus a fhorbairt taobh istigh de limistéir na Gaeltachta. Is é a mholaim in éineacht leis an Teachta Ó Sé ná go ndéanfadh an t-údarás acmhainní daonna, nádúrtha cultúir agus teanga réigiún na Gaeltachta a fhorbairt.

Is é atá i gceist agamsa nach dtugann Bille Údarás na Gaeltachta, 1999, deis dúinn struchtúr agus bun cheart a chur faoi obair an údaráis sna blianta atá le teacht. Tá sé leagtha síos sa phríomh Acht gurb é príomh aidhm an údaráis ná caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh. Níor éirigh leis an údarás leis an scór bliain atá caite an aidhm sin a chomhlíonadh i mbealach ar bith a bhí sásúil ar roinnt cúiseanna. Le scór bliain anuas tá laghdú mór tagtha ar an nGaeilge mar mheán chumarsáide sa Ghaeltacht. Feicim, de réir ainilíse ar thorthaí daonáirimh 1996 a foilsíodh san irisleabhar,Cuisle, mí Eanáir agus Feabhra i mbliana nach bhfuil ach 36.5 faoin gcéad de dhaoine fásta, sé sin daoine os cionn 19 mbliana d’aois, sa Ghaeltacht ag úsáid na Gaeilge go laethúil. Ni habitual speakers iad siúd ach an oiread. Mar sin tá teipthe ar údarás na Gaeltachta an chéad aidhm a tugadh dó i 1979 a chomhlíonadh.

Is deacair a bheith dóchasach go gcuirfear deireadh leis an meath leanúnach ar úsáid na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide. Caithfear an cheist seo a chur: cén fáth nár éirigh le hÚdarás na Gaeltachta úsáid na Gaeilge mar phríomh theanga cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh? Tá cuid mhaith den bhfreagra le teacht as seo. Aithníodh le fada nach bhféadfadh an túdarás stop a chur leis an meath leanúnach ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht gan smacht a bheith aige ar chúrsaí pleanála, ar thithíocht agus ar oideachas.

Maidir leis an leasú seo, ní tugtar aon aidhmeanna nó cumhachtaí breise don údarás agus is é atá á mholadh agam anseo ná go mba chóir go mbeéadh an chumhacht seo ag an údarás ó thaobh na nithe seo de. Mar shampla, níl cumhacht ar bith ag an údarás ó thaobh cúrsaí pleanála de. Tabhair faoi deara cailiní agus buachaillí óga ón nGaeltacht. Tá praghas na talún imithe chomh hard sin anois nach féidir leo talamh nó suíomh a cheannach agus teach a thógáil ann. Caithfidh siad dul taobh amuigh den Ghaeltacht. Téann a gcuid páistí go scoil Galltachta. Níl an Ghaeilge mar mheán cumarsáide acu agus tá an laghdú ar siúl ó thaobh láidreacht na Gaeilge de.

Ar an taobh eile de, tá daoine ag dul isteach sa Ghaeltacht a bhfuil neart airgid acu agus tá sé ar a gcumas suíomh a cheannach agus teach a thógáil. Bíonn a gcuid páistí siúd ag freastal ar scoileanna Gaeltachta agus ní hí an Ghaeilge an teanga baile atá acu agus mar sin bíonn an Ghaeilge faoi bhrú laistigh den Ghaeltacht. Níl cumhacht ar bith ag an údarás aon rud a dhéanamh faoi seo ach cur ina choinne ag an mBord Pleanála, díreach mar is féidir le gach éinne eile.

Tá seasamh le tógáil anseo agus ós rud é go mbeidh an Bille Pleanála ag dul tríd na Dála go luath is féidir linn iarracht a dhéanamh ar leasú a mholadh don mBille sin ionas gur féidir leis an údarás ceannach éigeandach a dhéanamh agus talamh a chur ar fáil do dhaoine oga na Gaeltachta ionas gur féidir leo cur futhu ann agus an teanga a choimeád beo ina bpáistí. Anois nuair atá cead pleanála á lorg chun teach a thófáil tá sé riachtanach dul chun cainte le Dúchas agus má bhíonn NHA nó SAC i bhfeidhm bíonn coinníollacha le comhlíonadh agus mar an gcéanna leis an Acht Pleanála nua a bhéas ag teacht isteach.

Mar pholaiteoir, feicim laghdú ag teacht ar líon na nGaeilgeoirí agus ar staid na Gaeilge sna Gaeltachtaí. Tá an tAire Stáit ag obair go dian agus bíonn sé ag dul thart go dtí gach Gaeltacht ach ba mhaith liom go mbeéadh an t-údarás freisin ag gabháil do chúrsaí teanga, cultúrtha agus sóisialta chomh maith le cúrsaí eacnamaíochta. Ní fheicim go bhfuil plean ar bith leagtha amach ag an údarás i leith fhorbairt na Gaeilge de. Tá Roinn mhaith ag an Aire Stáit agus is féidir leo jab fíormhaith a dhéanamh ach an chinnireacht agus na hacmhainní a bheith ann chuige. Níl mé ag iarraidh feidhmeanna na Roinne a thabhairt don údarás ó thaobh fhorbairt na teanga de, ach go mbéadh plean ag an údarás maidir le hacmhainní nádúrtha, daonna agus teanga, agus go mbeadh siad ag obair in éindí leis an Roinn ó thaobh na teanga de.

Is ag an Roinn atá an chumhacht ach ní chóir don údarás a bheith ag tabhairt neamhaird ar an gcéad aidhm atá sa Phríomh Acht, go mba cheart an Ghaeilge a leathnú mar mheán cumarsáide taobh istigh den Ghaeltacht. Ní féidir a bheith ag mealladh tionscail isteach gan bacadh leis an nGaeilge.

Cén fáth go bhfuil na milliúin punt á gcaitheamh ar thionscail a mhealladh go Cois Fharraige, mar shampla, nuair atá ar dhaoine óga ansin ag dul lasmuigh den cheantar chun tithe a cheannach agus a gcuid páistí a chur chuig scoileanna Galltachta ansin?

Tuigim go maith an roinnt ar chumhachtaí atá ann idir an t-údarás agus an Roinn, Roinn a bhfuil an-struchtúr agus an-stair ag gabháil leis, ach ba chóir feidhmeanna an údaráis a leathnú amach ionas go bhfuil sé soiléir gur suim leo cúrsaí teanga agus go bhfuil béim á chur acu ar chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht agus plean acu a chaithfí a chur i gcrích.

Tá daoine áirithe ann i gConamara ag caint ar mheath na Gaeilge sa Ghaeltacht agus é sin bunaithe ar an daonáireamh. Is é a thaispeánann an daonáireamh ná go bhfuil staid na Gaeilge thar a bheith seasamhach. Níl le déanamh ach breathnú ar an anailís agus ar na mapaí agus tá súil agam cóip den anailís sin a chur ar fáil do gach duine anseo.

Tá mé 25 bliana anois i mo chónaí i gConamara agus ní cuimhin liom ariamh Gaeilge á labhairt ag muintir chathair na Gaillimhe ná ag muintir Acaill agus tá mé cinnte nach cuimhin leis an Teachta Ó Cionnigh formhór mhuintir Bhéal a' Mhuirthead ag caint Gaeilge ach oiread.

Má bhreathnaítear ar na mapaí, feicimid go bhfuil sé láidir sna ceantair ar shíl muid é a bheith láidir iontu agus go bhfuil sé lag sna ceantair ar shíl muid é a bheith lag iontu. Tá ceantair ann ar nós iarthar Mhuigh Eo, imeall chathair na Gaillimhe agus ceantar an Chlochán Liath, a bhfuil a fhios ag an saol nach bhfuil Gaeilge á labhairt iontu. Ma théitear isteach i gceantair áirithe tá bailte fearainn ann a bhfuil Gaeilge á labhairt iontu agus bailte fearainn eile taobh leo ina bhfuil gach uile dhuine, seandaoine ina measc, ag caint Béarla agus sin an chaoi a bhfuil meath ag teacht ar an teanga, thar aon ní eile. Ní haon mhaitheas a bheith ag caint ar staitisticí muna bhfuil siad á gcur i gcomórtas le staitisticí eile. Ní raibh staitisticí againn go dtí seo ar úsáid laethúil na Gaeilge. An chéad uair eile a bheidh staitisticí againn beimid in ann é sin a dhéanamh.

Caithfimid a bheith airdeallach faoin mheath seo ach a bheith réalaíoch freisin agus cloí leis na fíricí.

Bhí mé ag léamh paimphléid le déanaí de léacht a thug m'athair i gColáiste na Tríonóide sna caogaidí. Bhí sé ag caint ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht agus dúirt sé nach raibh ach 35,000 cainteoirí dúchais fágtha sa tír ag an am sin. Más fíor sin, fiú tar éis na gasúir scoile a bhaint as, is féidir liom a rá go bhfuil méadú tagtha ar sin go dtí 100,000 anois.

B'fhéidir gur áibhéil é an figiúr íseal aige siúd ach fós féín, taispeánann sé, ainneoin chomh beag agus chomh gioblach is atá an Ghaeltacht, chomh seasamhach is atá an Ghaeltacht.

Ní bheidh aon Ghaeltacht ann a thuilleadh nach mbeidh ann ach Gaeilge ach, ag smaoineamh ar Bhaile Átha Cliath agus ar chathair na Gaillimhe agus ar cheantair eile nach iad, ní bheidh aon Ghalltacht ann ach oiread nach mbeidh ann ach Béarla. Mar tá an pobal ag druidim anall is abhus agus tá sé i bhfad níos measctha ná mar a bhí sé fiche bliain ó shin. Níl an saol sin ann mar tá gach uile dhuine ag bogadh agus caithfimid é sin a thuiscint. Maidir leis na moltaí atá déanta anseo, leagann an t-Acht mar atá sé síos go soiléir go bhfuil sé de phríomhchúram ar an údarás an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga an phobail sa Ghaeltacht. Ní féidir leis a bheith níos soiléire.

Tá an Ghaeilge le caomhnú ar gach bealach ach go mór mór trí thionscail a fhorbairt. Chuir mise ceist ar an údarás, ó thaobh na reachtaíochta de, an raibh aon laigí ar Acht an Údaráis maidir le cumhachtaí agus b'é an freagra a fuair mé nach raibh locht ar bith ar an Acht mar faoin Acht is féidir leis an Rialtas aon chumhachtaí is maith leo a bhronnadh ar an údarás. B'fhéidir nár bronnadh, ach is locht ar Rialtais agus ní ar an Acht é sin. Ní gá an tAcht a athrú chuige seo.

Ardaíonn na leasuithe ceist eile. Tá an-chaint ann i gcónaí faoi chumhachtaí a thabhairt don údarás. Ar bhealach foirmiúil, níor chuir an t-údarás aon éileamh gur fiú trácht air ar chumhachtaí sonracha breise isteach go dtí an Rialtas, rud a chuireann iontas ormsa. Is minic go raibh mé féin ar buile leis an údarás thar na mblianta mar nár dhírígh siad ar an gcineál tionscail a mheas mise a bhí ag luí le nádúr na Gaeltachta. Bhí mé féin páirteach i dtionscal an adhmaid, ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar acmhainní nádúrtha na Gaeltachta, caoire agus mar sin, a luigh go mór leis an bpobal, agus smaoinigh mé ar cén chaoi a bhféadfaí é a chur ina cheart dá gceapfadh Aire nach raibh aire á thabhairt do ghnéithe den tsaol a ba cheart aire a thabhairt dóibh.

Táimid ag rá nár deineadh go leor faoin bpríomhaidhm, sé sin labhairt na Gaeilge. Deir an t-údarás go ndéanann siad an oiread agus is féidir leo agus b'fhéidir go ndéanann, níl a fhios agamsa an ndéanann, agus mar an gcéanna faoin indigenous industries. Creidim féin go mór i gcumhacht Airí agus i gcumhacht Rialtas agus i bhfreagracht Rialtas don phobal. B'fhéidir gurb é an leasú is cumhachtaí a d'fhéadfaí a dhéanamh, má cheapann Airí, Rialtas agus pobail nach bhfuil an gnó á dhéanamh i gceart, ná an chumhacht atá á scríobh isteach sa Bhille seo, go mbeidh sé de chumhacht ag an Aire aon treoir ghinearálta is maith lei nó leis a thabhairt don údarás faoi rud ar bith. Ní bheidh an tAire in ann a rá leo tionscal a chur ina pharóiste — beidh sé sin cosctha — ach beidh sé in ann a rá leo go mba chóir dóíbh díriú níos mó ar cheantair de dhaonra bheag, ar oileáin nó ar aicmí de rudaí ó thaobh na Gaeilge nó ó thaobh tionscail de. Beidh sé sin i bhfad níos gníomhaí nó dinimiciúla mar uirlis chun oibre ná alt beag a chur isteach in aidhmeanna an Achta. Mar Aire Stáit, má cheapaim go bhfuil easnamh ar obair an údaráis, ní bheidh aon leisce orm leas a bhaint as sin agus ní dhéanfaidh mé aon leithscéal faoi. Mar caithfidh gach údarás agus eagras Stáit a bheith freagrach don Dáil tríd an Aire. Tá daoine ann a cheapann go mba chóir dóibh a bheith neamhspleách go hiomlán ach ní chreidim é sin.

Maidir leis an gceist pleanála a luadh, ní haon mhaith don údarás plean a réiteach amhail is nach bhfuil Ranna eile ann, maraon leis na háisíneachtaí eile atá ag plé leis an nGaeltacht nó sa chaoi is go bhféadfaí moltaí a dhéanamh leis na Ranna agus gan aon bhealach ann le cinntiú go dtabharfaí aird orthu. Is é an gléas atá againn i láthair na huaire chun an rud seo go léir a thabhairt le chéile, agus tá sé ilghnéitheach amach is amach, ná go bhfanfaidh an chumhacht sin leis an Aire agus an dualgas air mar gheall ar na páirtithe go léir a bheas gníomhach sa Ghaeltacht. Níltear á rá nach mbeidh aon bhaint ag Ranna Stáit eile leis an nGaeltacht ná nach mbeidh aon bhaint ag an údarás áitiúil leis an nGaeltacht ach má táthar ag iarraidh tionchar a imirt orthu seo go léir tríd an mBille Teangan agus tríd an gcoiste eadar-rannach faoi cheannas an Aire, is fearr é seo go léir a thabhairt le chéile.

Ar ndóigh, tá an t-údarás mar ghné lárnach anseo agus faoin gcumhacht a bheith ag an Aire treoracha ginearálta a thabhairt don údarás, beidh an tAire in ann treoir a thabhairt don údarás plean a réiteach ach beidh an comhordnú á dhéanamh ag an Roinn agus ag leibhéal an Rialtais. Beidh sé sin i bhfad níos comhtháithithe ná dá bhfágfaí an rud faoin údarás i mbosca amháin agus dá ndéanfaí dearmad go mbaineann gach gné den saol leis an nGaeltacht.

Tá mé ag tabhairt freagraí cuimhsitheacha anseo. Tá aigheachtaí faighte againn ó leithéidí Phléaráca agus is dóigh liom gur fiú iad a fhreagairt go cuimhsitheach anseo chun am a sparáil níos déanaí. Tá géarchéim ag éirí i nGaeltacht na Gaillimhe agus i nGaeltachtaí eile de bharr an fhorbairt ollmhór eacnamaíochta atá ag tarlú, go mór mór i gcúrsaí pleanála. Tá fadhbanna millteanacha ag éirí ó thaobh cúrsaí oideachais de agus tá an dá rud sin luaite ag Pléaráca agus an ceart acu. Ní aontóinn leo áfach gur trí mhír anseo agus mír ansiúd sa mBille a réiteofar na fadhbanna seo.

Maidir le cúrsaí pleanála, caithfear iad a réiteach sa mBille Pleanála sa chéad áit mar a dúirt an Teachta Ó Cionnigh. Má léitear an Bille sin don chéad uair, i bpleanáil réigiúnach agus i bpleanáil contae, caithfear cúinsí teanga a chur san áireamh. Chuaigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán i gcomhairle leis an Roinn Comhshaoil agus Rialtas Áiriúil faoi na nithe sin nuair a bhí an Bille á réiteach. Mar sin an chaoi a fheidhmíonn na Ranna Stáit, mar is eol don Teachta.

Ó thaobh cúrsaí oideachais de, ó tháinig an Rialtas seo i gcumhacht, tá dream daoine le ceapadh a fhreagróidh don oideachas trí Ghaeilge sa nGaeltacht agus sa nGalltacht. Arís, tá an rud uileghabhálach. Ní hin le rá nach bhfuil ról i bhfad níos gníomhaí le himirt ag an údarás amach anseo agus ní fadhb é sin san Acht. Tá na cumhachtaí ann chun é sin a dhéanamh agus beimid in ann iad a dhéanamh. Caithfear iad a dhéanamh trasna an bhoird agus is é an gléas is mó a bhéas ann ó thaobh na teanga de ar fud na tíre ná an Bille Teanga. Mar leagfaidh sé sin síos do chuile dhuine san earnáil phoiblí agus i gcuid den earnáil phríobháideach, le cúnamh Dé, roinnt áirithe rialacha teanga. Beidh tionchar nach beag aige sin.

Maidir le tithíocht, ba é an rud a bhí á mholadh ná go mbéadh cumhacht do cheannach éigeandach ann. Ar an gcéad dul síos, labhair mé leis an údarás tá tamall fada ó shin mar bhí moltaí ag teacht ar aghaidh as Cois Fharraige, Ráth Cairn, agus tuigim an t-údar atá leis an rud seo agus tá mé báúil leis. Dúirt mé go bhféachfaí le talamh a cheannach a chuirfí ar fáil do chomharchumainn tithíochta chun é a ligint nó a dhíol le daoine a mbéadh an Ghaeilge mar ghnáththeanga teaghlaigh acu. Bhíomar ag caint ar conas a d'fhéadfaí a leithéid a chur i bhfeidhm. Beidh mé ag plé an ruda seo leis an údarás arís mar caithfear rud éigin a dhéanamh, ach fanann ceist na tithíochta go príomha leis an Roinn agus beidh deiseanna sa mBille nua atá á thabhairt le aghaidh a thabhairt ar na tosca atá ann anois nach raibh ann nuair a tugadh an Bille Tithíochta deiridh isteach i bhfad ó shin.

Maidir le ceannach éigeandach, níl aon chosc ar an údarás talamh a cheannach amárach nó lá ar bith eile. Níor úsáid siad cumhachtaí éigeandacha go dtí seo. Ach tá cumhachtaí ag an Roinn seo agus ag na húdaráis áitiúla talamh a cheannach go héigeandach. Más é sin an t-aon fhadhb atá ag an údarás ba mhaith liom iarratas a fháil uathu ach ní bhfuair mé iarratas mar sin iriamh.

Tá ceist le freagairt má cheapann an t-údarás go mba chóir go mbéadh na cumhachtaí seo go léir acu. Ní raibh cosc ar bith orthu faoin Acht iad a iarraidh. Arbh laincis ar an Acht é? Níorbh ea. Nó an é go mbíonn caint ann go minic ach nach ndéantar an t-éileamh? Arb in an t-údar nach bhfuil na cumhachtaí sin ag an údarás? Cén fáth nár dearnadh an t-éileamh? Níl mise in ann é sin a fhreagairt mar ní raibh mé ar bhord an údaráis ariamh.

Ní gá na leasuithe mar sin, mar tá na cumhachtaí seo ann cheana féin faoin Acht. Seiceáladh é sin. Cuirfear na smaointe seo san áireamh nuair a bhéas mé ag feidhmiú an Achta ach seachas nach raibh sé de chumhacht ag an Aire treoir ghinearálta a thabhairt go foirmeálta, bhí chuile chumhacht eile atá dá mholadh leis na leasuithe ar fáil faoin Acht.

Nuair a bhí mise mar Aire Stáit, bhí daoine ag iarraidh turasóireacht chultúrtha a bhunú sa Ghaeltacht. Dúirt an t-oifigeach atá in aice leat ag an gcruinniú a bhí againn le hoifigigh ón Roinn a bhfuil cúram na turasóireachta orthu, nach raibh aon chumhacht ag Údarás na Gaeltachta a bheith ag dul le scéimeanna turasóireachta cultúrtha. Sin fáth amháin go bhfuil an moladh sin ar an gclár.

An tOifigeach

Níl cumhachtaí forleathana turasóireachta.

Faoin Acht, d'fhéadfadh an Rialtas a shocrú amárach go n-aistreofaí feidhmeanna Bhord Fáilte, agus na Roinne Turasóireachta sa nGaeltacht go dtí an t-údarás. Ní dhearna aon Rialtas é agus dá ndéanfaí iarracht é sin a mholadh bhéadh sé ina throid.

Bhíodh do chomhghleacaí, an Teachta Ó Maoildhia, ag iarraidh é sin ormsa gach lá sa Dáil agus bhí tacaíocht á fháil aige ón Aire Stáit seo.

Tuigim agus sin an jab atá ag freasúra — rudaí a thabhairt chun cinn — agus tá mé cinnte go raibh an Teachta buíoch don tacaíocht. Ach ní fhéadfadh an Teachta seasamh suas sa Dáil agus a rá liom nuair a bhí sé mar Aire agus mise sa bhfreasúra nach raibh an chumhacht aige é sin a dhéanamh. Tharraingeoinn amach an tAcht agus déarfainn leis go bhfuil. B'fhéidir nach mbíodh ag éirí leis é a dhéanamh mar go mbíodh an Teachta Ó Cionnaith ag iarraidh cumhachtaí turasóireachta a choimeád aige féin.

Ach thug sé tacaíocht domsa.

Níl mé ag iarraidh rúnta Rialtais a fháil nó b'fhéidir go gcuirfear inár leith go bhfuilimid ag briseadh rialacha rúndachta ach níl laincis chumhachta ar bith ann.

Deirtear go minic go bhfuil níos mó cumhachtaí turasóireachta ag SFADCO ná mar atá ag an údarás, agus sin an t-eiseamlár a chuirtear ar aghaidh.

Nuair a tháinig mise isteach mar Aire, thosaigh mé ar na rudaí a bheinn ag caint orthu agus mé sa bhfreasúra a dhéanamh mar bhí mé dáiríre futhu. Chuir mé ceist ar an údarás cad iad na cumhachtaí a bhí nó atá ag SFADCO agus nach bhfuil ag an údarás. Dúradh liom go bunúsach go raibh cumhacht amháin ann agus b'é sin deontais RDF a roinnt ina gceantair, rud nach bhfuil ag an údarás agus gur mhaith liom go mbéadh. Pléifear é sin agus b'fhéidir go n-éireoidh liom ach ceist Rialtais a bhéas ann. Beidh mé á bhrú ar aghaidh i gcomhthéacs an phlean náisiúnta atá le teacht.

Go ginearálta, tá scéim forbartha turasóireachta cultúrtha ag an údarás agus tá an Roinn s'againn féin ag plé le cúrsaí cultúrtha ach ní thagann aon iarratais mhóra chun cumhachtaí sonracha a aistriú ó ranna nó eagrais Stáit eile go dtí an t-údarás go rialta chuig an Roinn. Tá a fhios ag an Teachta é sin mar iar-Aire.

Tá roinnt rudaí déanta. Mar shampla thángthas ar chomhréiteach idir mé féin agus an t-Aire Spóirt nach n-íocfaí deontais spóirt amach sa Ghaeltacht ón Roinn Spóirt ach gurb as an Roinn s'agamsa a d'íocfaí iad. Mar tá scéim againn le fada agus níor theastaigh uaim go mbéadh dhá dhream ag plé leis an nGaeltacht. D'aontaigh an tAire Spóirt leis sin agus tá sé sin á fheidhmiú i láthair na huaire. Feicfear toradh maith air ar ball.

Freisin, maidir le feidhmeanna a bhíodh ag Enterprise Ireland agus ag an mBord Tráchtála roimhe sin arís maidir le deontais mhargaíochta thar sáile, tá an t-údarás ag dul ag déanamh iarratais chun go mbeidh na cumhachtaí sin acu. Leis an athstruchtúrú, rinneamar cinnte aon fheidhmeanna a bhí ag an Bord Tráchtála a ba cheart a lonnú sa Ghaeltacht, a lonnú ann. Creidim gur chóir an méid is féidir a riaradh ar bhonn Gaeltachta. B'fhéidir nach bhfuil an oiread á dhéanamh agus a ba mhaith liomsa agus le gach duine anseo agus tá cumhachtaí agus feidhmeanna á n-aistriú.

Sampla eile is ea na scéimeanna FÁS ach ní gá aon athrú a dhéanamh ar an Acht nó leasú ar an mBille chun na rudaí seo go léir a dhéanamh. Is gá toil agus éileamh agus is minic nach mbíonn an t-éileamh ann má táimid macánta agus go minic eile ní bhíonn an toil Rialtais ann.

Tá an rud atá á rá ag an Aire Stáit fíorthábhachtach. Cad é a mheas ar leasú a dhéanamh ar an mBille Pleanála maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht? An bhfuil sé báúil le baint a bheith ag an údaráis le cúrsaí pleanála agus tógála de sa Ghaeltacht? Má tá, níl a fhios agam cén fáth nár cuireadh isteach san Acht Pleanála é go dtí seo nó an bhfuil an Roinn Comhshaoil i bhfách leis an cineál aistrithe cumhachta sin? Cad é tuairim an Aire Stáit?

Nílim chun an Bille Pleanála a phlé anseo inniu ach an méid seo a rá. Tá ceist na pleanála i gCiarraí, i dTír Chonaill, i nGaillimh agus i ngach áit agus an tionchar atá aige ar an nGaeltacht ag éirí níos práinní gach uile lá. Bhí gá i mBille Pleanála tabhairt faoi cúrsaí pleanáil teangan a chur san áireamh ar réiteach plean, agus dá bharr i dtógáil cinn pleanála, mar bhí an t-amhras sin ann. Tá ceist feidhmiú na rialach sin ann. Ní ceart go mbéadh ar an údarás aon aighneacht a dhéanamh mar ba cheart go mbéadh na húdaráis áitiúla freagrach as na Gaeltachtaí ina gcontaetha. Agus ba chóir do na comhairleoirí as na Gaeltachtaí sna contaetha sin déanamh cinnte de i gcúinsí pleanála, má tá an soláthar sin ann, go gcuirtear cúinsí teanga san áireamh nuair a bheidh an soláthar sin ina Acht. Sin mar atá molta sa mBille. Gan dul isteach go mionn sa scéal, is féidir leis an Teachta a bheith deimhnitheach de gur pacáiste é san iomlán na gníomhaíochtaí a fheicimse a bhfuil gá leo do chúrsaí Gaeltachta. Tá cúrsaí pleanála, teangan agus oideachais agus cúrsaí seirbhísí trí Ghaeilge ar chuid de na rudaí is práinní atá le déanamh.

An cur chuige atá agamsa mar Aire i dtaobh na ceiste seo, tá mé ar nós duine a bhéadh ag tógáil balla agus go raibh ualach mór brící aige. Níl aon bhríce ann féin an-mhór — níl bríce an Bhille seo an-mhór — ach nuair a bhéas na brící ar fad curtha le chéile trasna na n-Achtanna ar fad, na Ranna ar fad agus na comhchoistí ar fad, an Bille Teanga, Bille an Údaráis, Bille Tithíochta na Gaeltachta — feicfear go mbeidh balla iomlán ann agus ainneoin go raibh na brící féin beag beidh an balla thar a bheith mór. Beidh sé iomlán agus ceart. Déarfaimid gur teach ar eagla go mbéadh daoine ag rá go bhfuilim ag iarraidh balla a thógáil timpeall ar an nGaeltacht. Nílim.

Ba mhaith liom go bhfeicfí é seo mar chuid den iomlán agus ní mar iomlán ann féin agus beimid ag faire amach do rudaí eile. Glacaim leis an méid a dúirt an Teachta Ó Cionnigh. Tá cúrsaí pleanála lárnach agus tabhargaidh mé aird ar na rudaí a bhí le rá aige.

Nuair a bhí mise ag caint cheana d'fhan mé leis an leasú ach tá an díospóireacht seo tar éis leathnú amach go mór. Beimid ag teacht ar ais chuige seo ach ceapaim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go mbéadh plean straitéiseach ag gach údarás ag tús a sheal, sé sin, go gcuirfí an plean le chéile sa chéad sé mhí den údarás nua. Tá sé níos tábhachtaí fós go mbéadh tuairisc ann ag deireadh a réime ar conas mar a d'éirigh leo na cuspóirí atá acu a chur i gcrích. Faoi mar atá, ó thaobh caomhnú agus leathnú na teanga mar mheán cumarsáide sa Ghaeltacht, ní dóigh liom go bhfuil oscailteacht agus freagracht an údaráis láidir a dhóthain. Fiú nuair a bhí mé sa choláiste oiliúna, dúradh liom gurb é an chéad rud a chuireann an múinteoir síos ná cuspóir an cheachta. Muna dtuigtear cad é an rud atáthar ag iarraidh a bhaint amach, ní bhainfear aon ní amach i ndeireadh na dála.

Ó thaobh na tionsclaíochta de, is léir go bhfuil monarchana agus jabanna ann ach tá easpa phleanáil straitéíseach ann i dtaobh na Gaeilge. Níl na cuspóirí ó thaobh na Gaeilge soiléir don phobal agus do lucht na Gaeltachta agus go dtí go mbíonn sé amhlaidh, ní eireoidh leis an údaráis chomh maith is a d'fhéadfadh. Srian níos mó atá ag teastáil maidir leis an mbunaidhm i dtaobh úsaid na Gaeilge sa nGaeltacht.

Glacaim leis go bhfuil gá le plean straitéiseach don Ghaeltacht. Nílim cinnte gurb é an t-údarás a ba cheart é a réiteach. Ba cheart dóibh a bheith an-pháirteach ann ach ní chóir dóibh a bheith ina thús agus ina dheireadh leis mar baineann obair na Gaeltachta le réimse i bhfad níos leithne ná cúraimí an údaráis amháin agus is cuma cad iad na cúraimí a tugtar don údarás, beidh sé fós níos leithne ná sin.

Caithfidh an bunphleanáil straitéiseach don Ghaeltacht a bheith i lámha an Rialtais tríd an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán. Tá sé sin fíorthábhachtach mar má chailleann an Rialtas an chumhacht — agus sin atá á mholadh an t-am ar fad — cén smacht nó údarás a bhéas ag an údarás ar na háisíneachtaí eile ar fad? An fhadhb atá ann ná go mbeidh an t-údarás ag iarraidh céim amháin a thógaint chun tosaigh agus beidh na háisíneachtaí eile Stáit á thabhairt dhá chéim ar deiridh.

Is cuimhin liom nuair a ceapadh mé go raibh moladh ann breathnú ar theorainneacha na Gaeltachta agus ar thionchar scéimeanna na Roinne ar an nGaeltacht. Bhí i gceist dream a choimisiúnú ar chostas an-ard chun an obair seo a dhéanamh. Chaith mé mo lámha suas san aer agus dúirt go raibh sé seo craiceáilte. D'fhéadfainn féin a rá go raibh tionchar dearfach ag na scéimeanna s'againne ar fad ar an nGaeilge. B'fhéidir nach raibh an tionchar chomh forleathan agus a ba mhaith linn ach ar a laghad bhí sé dearfach. scéim labhairt na Gaeilge, scéim na dtithe, scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, fiú na scéimeanna beaga bóithre — agus an t-airgead — mar cothaíonn sé meas ar an nGaeilge nuair a fheictear go bhfuil áisíneacht a úsáideann Gaeilge ó lá go lá i mbun fadhbanna praiticiúla a réiteach. D'imir sé an-tionchar ar na hoileáin nuair a cuireadh cúraimí na n-oileán faoin Roinn. Anois pléitear leis na hoileáin Ghaeltachta trí Ghaeilge agus cothaíonn sé sin meas mar gurb iad an dream leis an nGaeilge an dream a réitíonn na fadhbanna.

B'iad an dream is mó a bhí ag imirt tionchar ar an nGaeilge chun dochair sa nGaeltacht ná an Roinn Talmhaíochta a bhí ag plé go hiomlán le muintir na Gaeltachta imBéarla, an Roinn Gnóthaí, Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh a dhéanann mórán an rud céanna, na húdaráis áítiúla leis. In ionad a bheith ag díriú ar an dream beag a bhí ag déanamh rud éigin chun leas na Gaeilge sa Ghaeltacht, ba cheart a bheith ag díriú ar na rudaí go léir a bhí ag déanamh dochar laethúil don Ghaeilge agus ar an easnamh a bhí ann. Bhí na téarmaí tagartha ag díriú ar an dream mícheart.

Dá ndéarfainnse amárach leis an údarás plean a réiteach, dhéanfadh siad é agus tá siad i bhfad níos díograisí ná go leor dreamanna eile. Ach ní réiteoidh sé sin aon fhadhb sa Ghaeltacht go bhfuil gach dream eile ag tabhairt neamhaird. Má tá plean straitéiseach don Ghaeilge le réiteach don Ghaeilge, caithfidh an Roinn é a réiteach agus tionchar a imirt ar na Ranna Stáit ar fad. Ní féidir leis an údarás é sin a dhéanamh.

Tá an t-údarás ag réiteach plean straitéiseach faoina gcuid gníomhaíochtaí siadsan as seo go ceann trí bliana i láthair na huaire faoin SMI agus i gcás mórphlean straitéiseach don Ghaeilge caithfidh an Roinn é a thionscnamh. Beidh cumhachtaí ag an Aire chun é sin a dhéanamh agus caithfidh na Teachtaí atá anseo plugáil isteach anseo agus beimid ag plugáil isteach i ngach uile Rannóg agus Roinn Stáit eile agus san earnáil phríobháideach ag iarraidh ollphlean straitéiseach Gaeltachta a réiteach mar muna ndéanaimid amhlaidh, níl aon mhaith leis.

Níor mhaith liomsa an chumhacht a chaitheamh uainn mar bheadh rudaí ró-theoranta i lámha an údaráis.

Níos luaithe i mbliana chuir mise sraith ceisteanna Parlaiminte síos, ceann do gach Roinn Stáit, ag iarraidh a fháil amach cé mhéad airgid a bhí á chaitheamh ag gach Roinn acu ar an nGaeilge. Ó na freagraí a fuair mé, tá sé thar a bheith soiléir bhfuil an comhaireamh sin déanta. Níl aon macroplan in áit ag an Rialtas. Tá sé seafóideach a rá gurb é an Rialtas a bhéas ag déighleáil le seo i ndeireadh na dála. Tá jab le déanamh ag an údarás mar a deir Acht 1979. Táimid ag iarraidh an tAcht sin a láidriú ach ar deireadh, ó thaobh na Gaeilge, muna mbíonn cuspóirí soiléire, so-aitheanta ann atá ar eolas ag cách, lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht, ní éireoidh linn.

Tá mise lánchinnte nach dtuigeann na Ranna Stáit eile go cruinn cad é atá idir láimhe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán. Glacaim leis go bhfuil tú ag obair go dian chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Ach tá sé seafóideach a bheith ag caith ar ollpholasaí rialtais. Níl a leithéid ann agus ní dóigh liom go raibh riamh.

Tabharfaidh mé sampla duit mar tá an Teachta tar éis a mhéar a chur air. Ní spéis liom cé mhéad airgid atá á chaitheamh ag Ranna Stáit ar an nGaeilge mar ní dóigh liom go mba chóir dóibh a bheith á chaitheamh. Ní dóigh gur airgead caite ar an nGaeilge é má chuireann Roinn Stáit roimhe go mbeidh cainteoirí Gaeilge ag plé le muintir na Gaeltachta. B'ionann é sin agus a rá go bhfuil an t-uafás airgid á chaitheamh — £15 billiún — á chaitheamh ar an mBéarla. Sin seafóid.

An rud a ba cheart go mbéadh orthu a dhéanamh — agus ní chosnódh sé tada dá mbeadh cúrsaí foirne ina cheart — ná a fhéachaint chuige go bhfuil Gaeilgeoirí ann le plé le Gaeilgeoirí. Cé hiad an dream is mó a bhfuil seans acu tionchar a imirt ar Rannaí Stáit eile, Achtanna a thabhairt isteach nuair is gá agus iad a fheidhmiu, an t-údarás nó an Roinn? An Roinn ar ndóigh agus fad a bhéas mise im' Aire Stáit nílim sásta go gcuirfear bunchúram an Rialtais nó na Roinne ar an údarás nó ar eagraíocht Stáit ar bith nach bhféadfadh an chumhacht chéanna a bheith acu. Nílim ag déanamh beag is fiú den údarás ach caithfimid nádúr na n-eagras seo a thuiscint.

Tá an ceart ag an Teachta nuair a deir sé go bhfuil neamhaird á thabhairt ag na Ranna eile ar an nGaeilge agus ní shéanaim é sin. Sampla de ná go raibh malartán fostaíochta go traidisiúnta in Uachtar Ard, nach Gaeltacht é, agus ar an gClochán, nach Gaeltacht é, agus an ceart acu seirbhís áitiúil a thabhairt ach i mórcheantar Gaeltacht Chonamara leis an daonra is tiubhe ní raibh malartán fostaíochta a d'fhéadfadh oibriú trí Ghaeilge i ndeisceart Chonamara ar fad, lonnaithe ar an gCeathrú Rua nó i gCasla, mar shampla. Bhí ar mhuintir dheisceart Chonamara dul go Gaillimh ach cuireadh an tseirbhís ar fáil domhuintir na Galltachta. Tá mé i bhfábhar seirbhísí áitiúla ach tá sé dochreidte ó bunaíodh an Stát seo agus a bhfuil de phobal tiubh i ndeisceart Chonamara nach raibh malartán fostaíocha ann le Gaeilgeoirí fostaithe ann a d'fhéadfadh plé le dole mhuintir Chonamara theas.

Bímis réalaíoch. Níl na Ranna Stáit ag déanamh an jab ach sin an t-údar atá leis an mBille Teanga. Agus beidh deireadh leis an ré sin má théann an Bille sin tríd na Dála. Mar beidh orthu plean straitéiseach a chur le chéile agus ceadú na Roinne seo a fháil. Agus sa Roinn seo leagfar síos rudaí praiticiúla le déanamh agus cibé cén seans atá ag an Roinn, agus an Oireachtas é a dhéanamh — agus beidh cúnamh chuile dhuine ar fáil dóibh, tá súil agam — níl seans ann go n-éireodh le húdarás é a dhéanamh. Sin an fáth go bhfuilim ag coinneáil roinnt cumhachtaí tábhachtacha i lámha an Rialtais agus an Aire mar murach sin, beidh sé mar a bhí sé riamh le daoine ag rá "He's the Irish man or they're the Irish group and the rest of us can ignore it". Caithfimid imeacht ó sin. Baineann an Ghaeilge le gach uile eagraíocht Stáit sa tír seo.

Tuigim go maith an roinnt idir an Roinn agus an údarás ach, ag an am céanna, is fíor nach gcuirfí iarratas ar chumhachtaí breise don údarás isteach go dtí an Aire Stáit nuair is léir go bhfuil níos mó seans ag an Roinn Stáit rud a chur ina dhlí. Ach ba cheart go mbéadh plean éigin leagtha amach ag an údarás faoi na nithe seo.

Agus tá sin á réiteach. Caithfidh siad é a dhéanamh faoin SMI agus is cuid den phlean sin ó thaobh an údaráis é ceist na teangan.

An bhfuil sé oibrithe amach acu?

Níl. Tá sé á réiteach acu ach tá mé ag coinneáil an chumhacht ag an Aire a rá leo cad a chaithfidh siad díriú air.

Ach nuair a bhéas an plean SMI réitithe acu, an mbeidh na hacmhainní daonna, nádúrtha, cultúrtha agus teanga cuimsithe i bplean straitéiseach?

Abair nach raibh. Tá siad ceaptha mar baineann siad le haidhmeanna an údaráis mar atá sé leagtha síos san Acht. Ba cheart go mbéadh.

Ach le scór bliain anuas ní dhearna an t-údarás siad é sin.

B'fhéidir nach ndearna ach muna ndearna ní raibh siad ag teacht leis an Acht a deir go gcaithfidh siad breathnú amach do chur chun cinn na Gaeilge cibé céard a thógfaidh sé. Ach faoin leagan amach atá agamsa anseo, murab ionann agus go dtí seo nuair nach bhféadfaí an dlí a chur orthu, má cheapann Aire go bhfuil faillí á dhéanamh ag an údarás i ngnéithe áirithe beidh sé in ann treoir a thabhairt don údarás go gcaithfidh siad an rud a dhéanamh. Beidh safety clause ann a dhéanfaidh cinnte muna ndéanann an t-údarás é nach mbeidh an tAire ag tarraingt amach a chuid gruaige á rá nach féidir leis tada a dhéanamh. Beidh sé in ann an rud a chur faoi bhráid na Dála agus beidh an rud ina cheart.

Is díospóireacht an-spéisiúil í seo ar nádúr rialtais. Tá gach uile dhuine ag iarraidh dul ar an mbóthar céanna agus séard atá eadrainn ná fo bhfuil cuid againn ag leagan an fhaisin atá ann anois fadhbanna a chaithfinn uainn ag dreamanna eile. Táimse ag rá go bhfuil an fhadhb seo chomh mór agus chomh leathan agus go mbaineann sé an oiread sin daoine go gcaithfí Roinn Stáit a bheith mar stiúrthóir ar an mbus. Sin an difríocht atá eadrainn agus táim diongbháilte nach mbainfimid amach na spriocanna atá uainn gan é sin.

Ó tháinig mé isteach mar Aire Stáit tá mé ag dul chuig Ranna Stáit agus chuig dreamanna anseo agus siúd agus ag réiteach Billí chun na poill seo go léir a líonadh. Cibé cén seans atá ag éinne, is ag an Roinn agus ag an Aire atá sé. Beimid ag déanamh cinnte go ndéanfaidh gach grúpa mar ba chóir dóibh.

Tá gá le plean straitéiseach iomlán nua don nGaeltacht a aithneoidh na fírící ar an gcéad dul síos nach pobal labhartha Gaeilge gach duine sa nGaeltacht. Tá lag, measartha, láidir agus an-láidir ann agus caithfear plean straitéiseach a leagan amach dóibh uilig.

Ní bheinn sásta le plean a réiteodh an t-údarás mar le scór bliain anuas níor chuir siad é seo i gcrích. Tá gach uile dhuine á rá go mbeidh plean straitéiseach ag teacht amach agus gach uile ceist Dála a cuireadh le tamall, b'é an plean an freagra uirthi agus níl a fhios agam cad atá ag tarlú leis. Ní amháin gur chóir don phlean straitéiseach seo a bheith ann ach ba cheart go mbéadh schedule of intent nó schedule of promises ag an údarás a thaispeánfadh cad a bhéadh á dhéanfadh acu gach uile bhliain: cúrsaí gasúr, oideachais, ealaíon, forbartha Gaeilge agus mar sin de agus go mbéadh sé ar chumas an Aire Stáit brú a chur orthu muna mbéadh na geallúintí seo á chomhlíonadh acu. Ba chóir go mbéadh díospóireacht Dála ann agus é ar chumas gach uile Teachta an Ghaeilge a fhorbairt nó a labhairt faoi na coimitmintí sin.

Ba mhaith liom go gcuirfí liosta de na nithe atá sa phlean seo ar fáil gach bhliain agus é a phlé i ndíospóireacht ag deireadh na bliana ar an ndul chun cinn. Ba chóir go mbéadh an liosta sin ann in éindí leis an bplean agus an chumhacht ag an Aire sa Roinn an plean sin a chur i bhfeidhm.

Abair gur thóg muid an múnla atá i gceist ag an Teachta agus tá ciall leis. Leathnóimid amach é agus déarfaimid ní amháin go bhfuil cúram ar an údarás maidir le Gaeilge sa Ghaeltacht agus go bhfuil cúram ar a lán dreamanna eile.

Is gearr go mbeimid ag foilsiú tuarscáil bhliantúil na Roinne. D'fhéadfadh an coiste teacht ar ais nuair a bhéadh sé foilsithe agus a rá cad a rinne an Roinn go díreach nó go hindíreach trí áisíneachtaí nó Ranna Stáit eile chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Bhéadh an liosta seiceála ann.

Is cuimhin liom plean straitéiseach raidiciúil a chur le chéile uair amháin don chomharchumann. Chuir mé síos ar phíosa páipéir agus chuir mé i dtaisce é agus rinne mé na rudaí ar fad a bhí ann ach níor fhoilsigh mé an plean ariamh. Ach tar éis cúig bliana bhí gach a bhí sa phlean agam déanta, píosa ar phíosa, agus b'fhéidir nach n-éireodh liom gan an saoirse chun an ord tosaíochta a leagan síos mar a tharla rudaí.

Tá sé soiléir domsa go bhfuil na rudaí beaga go léir atá á dhéanamh agam ag teacht le chéile. Tá mé sásta má chuirtear ceist orm faoi ag deireadh mo ré gur féidir liom a rá go raibh pictiúr an-iomlán agam agus straitéis an-leathan agam de na rudaí go léir a bhí le déanamh. Mar shampla, tá aithbhreithniú á dhéanamh go leanúnach ar scéimeanna agus ar ról na Roinne. Táimid ag plé cheist an údaráis inniu agus beidh athruithe ansin agus beidh athruithe eile ag teacht isteach go hindíreach uaidh sin. Seiceálaimid gach uile píosa reachtaíocht maidir lena thionchar ar an nGaeilge.

Táimid ag obair an t-am ar fad leis na Ranna eile ar an gcoiste eadar-rannach. Tá an Bille Teangan le tabhairt isteach, agus Bille nua tithíochta agus bhí sé sin á réiteach nuair a tháinig mé isteach. Mar sin nuair a fheicfear an t-iomlán, feicfear go raibh straitéis iomlán ann agus gur tosaíodh ar é a fheidhmiú go luath mar go raibh mise agus an Roinn réasúnta soiléir maidir le cad a bhí ag teastáil. Ní hin le rá nach bhfuil gá anois le suí síos agus plean straitéiseach soiléir a leagan amach don Ghaeltacht agus scrúdú a dhéanamh ar na riachtanais fadtéarmacha atá ann ach tuigeann gach uile dhuine anseo nach bhfaightear an méid sin ama mar Aire Stáit. Shíl mé dá dtosóinn leis an plean a leagan amach agus gach rud a reo go mbeadh an plean réitithe, go mbéadh leath mo thréimhse mar Aire Stáit caite agam sula bhféadfainn tabhairt faoi ghníomh. An dearcadh a bhí agam ná na rudaí a raibh mé soiléir futhu agus a chaithfeadh a bheith in aon phlean a dhéanamh, agus an plean straitéiseach a réiteach comhthreomhar leis, ionas nach gcuirfí moill ar na rudaí a d'fhéadfaí a dhéanamh láthair. Is iomaí uair a bhí Aire imithe sular foilsíodh plean agus tada curtha i gcrích. An dearcadh a bhí agamsa, na rudai a bhéadh i mo phlean-sa a dhéanamh.

Caithfimid a bheith níos straitéisí faoin Ghaeilge i gcoitinne.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Táimid tar éis díospóireacht mhaith a bheith againn agus tá mé sásta gan leasú a 6 a thairgeadh. Tiocfaimid ar ais go dtí an cheist seo amach anseo.

Níor tairgeadh leasú a 6.

An bhfuil fonn ar an Teachta teacht ar ais ar Chéim na Tuairisce?

Beidh mé ag caint leat, a Chathaoirligh. Is beag cumhachta atá agamsa ach tá an cumhacht sin agam agus tá a fhios sin ag an Aire Stáit.

Déanfar leasuithe a 7 agus 8 a phlé le chéile.

Tairgim leasú a 7:

I leathanach 9, líne 4, "agus" a scriosadh.

Leasú teicniúil is ea leasú 7 agus ní dóigh liom go bhfuil aon rud le rá faoi. Maidir le leasú a 8 táimid ag caint go fóill ar fheidhmeanna an údaráis. Bhíomar ag gabháil don cheist seo cheana, an trioblóid a bhíonn ag daoine óga san nGaeltacht agus iad ag iarraidh tithe a thógail. Ar lámh amháin paistí talún a chur ar fáil do dhaoine óga atá le pósadh agus talamh a bheith ar fáil do na húdaráis áitiúla chun tithe a thógáil do thionóntaí. Tá daoine ag teacht isteach sna Gaeltachtaí a bhfuil neart airgid acu agus tithe á gceannach acu mar thithe samhraidh. Ní bhíonn siad ann ach ar feadh tamaill b'fhéidir i rith an gheimhridh ach de ghnáth ní bhíonn éinne ina gcónaí iontu i rith an gheimhridh.

Is éata i gceist anseo go mbéadh sé de chumhacht ag an údarás talamh a fháil chun freastal ar dhaoine óga na Gaeltachta cuid acu atá ag fágáil na Gaeltachta chun cur futhu in áiteanna eile.

Tá an chumhacht sin ag an údarás. Bhí beartas ag an údarás nuair a chuadar siar don chéad uair talamh a cheannach agus tithe a thógaint do na bainisteoirí. Mar sin ní rud nua a bheadh ann don údarás a bheith ag tógáil tithe.

Maidir leis an gcumhacht chun talamh a cheannach go héigeandach, tá an chumhacht sin ag an Roinn agus ar ndóigh ag na húdaráis áitiúla agus ní bhéadh aon bhac ar údarás áitiúil, dá mba ghá talamh a cheannach le cumhacht éigeandach, é sin a dhéanamh ar son an údaráis. Mar sin níl aon ghá leis an gcumhacht seo agus is faoin powers and functions Bill a tugadh isteach anuraidh atá an chumhacht sin ag an Roinn. Tuigim an phráinn ach níl gá le cumhacht ach le hiarracht a dhéanamh ar an rud a réiteach.

Tá áit eile níos faide amach sa mBille a deir go mbeidh sé de chead ag an Aire orduithe áirithe a thabhairt don údarás. An mbeidh cumhacht mar seo i gceist?

D'fhéadfaí an t-ordú sin a thabhairt.

An bhfuil an tAire Stáit sásta é sin a dhéanamh?

Beidh an-iontas ort.

Ní haon mhaith an t-iontas. Freagraí atá ag teastáil.

Pléifimid é sin nuair a thiocfaimid chomh fada leis an leasú sin ach níl aon ghá leis an gcumhacht sin. Tá dóthain cumhachtaí ann cheana féin, is toil agus gníomh a theastaíonn.

Maidir le ceist na pleanála, tá rud dearfach agus rud diúltach i gceist anseo. Go dearfach, ba chóir go mbéadh sé ar chumas lucht na Gaeilge sna Gaeltachtaí talamh a fháil chun tithe a thógáil sa Ghaeltacht ar phraghas réasúnta. Tá gníomhaíocht dhearfach ag teastáil ansin.

Maidir leis an rud diúltach, an cóir go mbéadh cead ag daoine teacht isteach agus tithe samhraidh a cheannach? Is fadhb phleanála é sin agus is ar an mBille Pleanála a phléifear agus a réiteofar an fhadhb sin.

Beidh Bille Tithíochta a thabhairt isteach ag an Roinn.

Beidh. Ach ní gá cumhachtaí chun talamh a cheannach go héigeandach. Tá siad ag dóthain dreamanna cheana féin leis an bhfadhb a réiteach.

Ní bheidh mé ag brú an leasú seo an t-am seo ach b'fhéidir go dtiocfaidh mé ar ais chuige ar an gcéad Chéim eile.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Níor tairgeadh leasú a 8.

Aontaíodh alt a 4.

ALT NUA.

Tairgim leasú a 9:

I leathanach 9, roimh alt 5, an t-alt nua seo a leanas a chur isteach:

"5.—Leasaítear an Priomh-Acht leis seo tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 9:

'9A.—(1) A luaithe is indéanta agus laistigh de shé mhí ó thoghchán a dhéanfar de réir Chuid IV den Act seo, déanfaidh an tÚdarás plean straitéiseach i leith fhorbairt na Gaeltachta don tréimhse cúig bliana dá éis a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

(2) Maidier le plean straitéiseach:

(a) cuimseoidh sé na príomhchuspóirí, na hoibríochtaí agus na straitéisí gaolmhara atá ag an Údarás i ndáil le forbairt na Gaeltachta ó thaobh teanga, cultúir, sóisialachta, gnéithiúlachta agus geilleagair, agus

(b) sonrófar ann go mion na cumhachtaí breise ar gá iad a thabhairt faoi alt 9 den Phríomh-Acht, chun a chumasú don Údarás a phleananna a chur i gcrích go héifeachtúil.

(3) Cuirfidh an tAire faoi deara cóip den phlean straitéiseach a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tá cuid d'ábhar an leasuithe seo pléite againn cheana féin. An plean straitéiseach atá i gceist agam anseo. Bhí mé ag éisteacht leis an méid a bhí le rá ag an Aire faoi ach níl mé sásta leis an méid a dúirt sé. Is fearr i gcónaí bóthar an daonlathais a leanúint. Beidh seachtar déag den scór ar an údarás nua tofa go daonlathach agus ba chóir dóibh siúd teacht suas le plean straitéiseach. Ar ndóigh caithfear an plean sin a chur faoi bhráid an Aire agus is féidir leis nó léi siúd athruithe a lorg ann. Sa phlean bheinn ag súil go ndéarfadh an t-údarás cad iad na cumhachtaí breise atá ag teastáil uaidh agus cad é an reachtaíocht atá ag teastáil chun an plean a chur i bhfeidhm i gceart.

Ba chóir go láidreodh sé sin cás an Aire Stáit nuair a bhéadh sé á phlé leis an Rialtas ina dhiaidh sin. Glacaim leis an méid a dúirt sé faoin malartán oibre i gConamara. D'fhéadfaí bheith ag caint faoi chumhachtaí a aistriú ón Roinn seo nó ón Roinn siúd agus ní tharlódh aon rud ach má bhíonn plean straitéiseach ann ar féidir le gach duine atá báúil don Ghaeilge tacú leis beidh toradh níos fearr ar sin. Ón méid atá ráite ag an Aire Stáit, tá sé ag cur an-mhuinín i reachtaíocht.

Is sna hAirí atá an mhuinín agam. Gléas teoranta é an reachtaíocht. Na Teachtaí atá ag cur muiníne sa reachtaíocht mar tá siad ag iarraidh rudaí a scríobh isteach sa reachtaíocht. Tá mise ag cur muiníne sa Roinn agus in Airí agus sa fhreagracht a leagan ar an Aire seachas ar an údarás ag deireadh an lae.

Ní hé sin atá i gceist agam.

Sin an difear atá eadrainn.

Fanann an chumhacht trasna an bhóthair san Oireachtas. Glacann gach duine leis sin. Is daonlathaigh sinn.

Scaití, bíonn imní orm.

Má thagann an plean straitéiseach ó na daoine a thoghfar chuig an Aire Stáit.

Toghadh mise freisin.

Tá an tAire Stáit ag iarraidh a bheith smairteáilte anois agus níl sé ag éisteacht.

Tá mé ag éisteacht.

Beidh údarás nua le toghadh agus ba chóir go mbéadh plean straitéiseach á chur ar aghaidh acusan go dtí an Aire Stáit. Tá sé de cheart aige ansin cibé athrú is mian leis a dhéanamh nó glacadh leis. Ansin caithfidh an tAire Stáit nó pé duine a bhéas ina áit dul chun cainte leis na Ranna Stáit eile chun an plean a chur i gcrích. An rud is tábhachtaí ná go dtiocfadh an plean ó na hionadaithe ar an údarás. An rud atá i gceist ag an Aire Stáit ná plean a chur in áit agus é a thabhairt don údarás mar sin.

Ní raibh an Teachta ag éisteacht liom. Táimid ag dul thart i gciorcail. Caithfidh an t-údarás cheana féin faoin SMI plean straitéiseach a réiteach agus tá sé sin á réiteach i láthair na huaire. Réitigh siad ceann do 1996-1999 agus tá siad ag réiteach ceann eile do 1999-2001. Caithfidh siad é sin a dhéanamh ach maidir le plean straitéiseach don Ghaeltacht i gcoitinne, a chuimseoidh gach uile rud a bhaineann leis an nGaeltacht, caithfear é sin a thionscnamh ón Roinn. Mar chuid den tionscnamh sin, cuirfear ceist ar an údarás céard iad na moltaí atá acu siúd.

Dúradh rud atá thar a bheith spéisiúil ansin, go mbeidh an t-údarás in ann athruithe sa reachtaíocht a mholadh. Fuair mé meamram spéisiúil uathu le gairid ag rá gur ghlac an tAire le moladh x, y, z agus go bhfuil moltaí nár chuir siad ar aghaidh ar chor ar bith istigh sa Bhille. B'fhéidir nach raibh siad ró-shásta le cuid de na rudaí breise a chuir mé isteach. Ach níor fágadh aon rud a dúirt siad a raibh gá leis as an áireamh san mBille. B'fhéidir go raibh athruithe beaga anseo is ansiúd ach cuireadh ceist orthu faoi.

Níl aon mhórathrú, a bhfuil mise in ann smaoineamh air, a mhol an t-údarás don mBille seo nach bhfuil ann. Bhí an t-údarás tofa sásta go raibh an tAcht leis na leasuithe seo dóthaineach. Bhí corrcheist acu faoi mhionrudaí a bhí curtha isteach agamsa go m'fhéidir nár thuig siad, ach níor caitheadh aon mhórmholadh dá gcuid i leataobh. Faoin FOI is féidir teacht ar an eolas sin ar fad.

Tá a fhios agam cad atá á rá ag an Teachta Ó Sé. Is é atá á rá ag an Aire Stáit ná go mbeidh plean don nGaeltacht ar fad ag teacht ó Roinn na Gaeltachta agus chun é sin a chur le chéile, caithfear na pleananna straitéiseacha ón údarás agus ó na Ranna Stáit eile a thabhairt isteach sa Roinn agus iad a phlé agus plean iomlán a chur le chéile. Nach é sin é?

Plean iomlán don teanga.

Níl an Teachta Ó Sé ag rá ar chor ar bith go mba chóír an chumhacht Aireachta a thabhairt don údarás.

Cuireann sé sin iontas orm.

Níl a fhios agam cén fáth go gcuirfeadh.

An plean straitéiseach a bhéas leagtha amach ag an údarás, ní bheidh mise sásta leis mar phlean. Tá a fhios agam go maith go ndéanfar plé air agus tagairt don bplean seo an t-am ar fad. Deirtear go bhfuil sé á chur i gcrích ach ní heol d'éinne conas mar atá sé sin á dhéanamh. Ba mhaith liom go gcuirfeadh an tAire Stáit brú ar an údarás tar éis an plean straitéiseach a fháil uathu a rá cad iad na nithe sa bplean a bhéas á chur i gcrích acu i mbliana. Cad iad na geallúintí a thabharfaidh an t-údarás don Roinn don bhliain seo, agus do na blianta eile sa bplean. Ba mhaith liom go mbéadh gach éinne in ann an plean sin a fheiceáil á chur i gcrích. Tuigim nuair a bheidh an plean sin thall sa leabharlann go ndéarfaí go bhfuil gach uile shórt i gceart mar go bhfuil an plean seo faighte ag an Roinn. Ba mhaith liom go gcuirfeadh an t-údarás liosta ar fáil do gach ceathrú den bhliain ionas gur féidir linn díospóíreacht a bheith againn sa Dáil ar a bhfuil á bhaint amach acu agus an chumhacht ag an Aire Stáit iallach a chur orthu faoi.

Sin an fáth, a Aire Stáit, nuair a bhí cúram na gcomharchumann ar anRoinn, nach raibh daoine sásta leis. Anois nuair atá siad faoin údarás, an bhfuil éinne míshásta faoi?

Tá mise. Ní ag caitheamh anuas ar an údarás atáím ach bhí mise i mo bhainisteoir ar chomharchumann le scór bliain agus ní fhaca mé cúis ar bith go n-athródh rudaí mar bhíomar an-sásta leis an gcaoi a chaith oifigigh na Roinne linn agus leis an airgead thar na mblianta sin. If it isn't broken, don't fix it. Ceapadh go raibh an córas a bhí an-mhaith. Tá an Roinn thar a bheith éifeachtach mar eagraíocht ar an talamh sa Ghaeltacht. Tá feidhmeanaigh den scoth ag obair don Roinn, tá tuiscint iontach acu ar phobal na Gaeltachta agus dlúthbhaint acu leis an bpobal sin agus níl Roinn Stáit eile ann a bhfuil an oiread sin gean ag an bpobal ar na hoifigigh ann.

Má chuirtear ceist ar mhuintir na Gaeltachta an ceart feidhmeanna a athrú ón Roinn go dtí an údarás deirtear go bhfuil an oiread sin measa acu ar oifigigh na Roinne gur maith leo rudaí a fhágaíl mar atá siad. Ní fheicim an Roinn agus an t-údarás in iomaíocht le chéile. Tá feidhmeanna difriúla acu beirt. Má tá feidhmeanna le n-aistriú ba chóir iad a aistriú ó Ranna eile go dtí an Roinn seo nuair is cúrsaí Gaeilge atá i gceist. Nuair a cuireadh deireadh leis an mBord Tráchtála, socraíodh ar a fheidhmeanna siúd a aistriú go dtí an t-údarás.

Deir an Bille gur féidir leis an Aire cibé ordachán i scríbhinn is cuí leis a thabhairt don údarás maidir le beartas ginearálta agus mar chuid den ordú is féidir an tuairisc a éileamh agus ní bheidh aon sárú ar ordú an Aire. Mar sin tá na rudaí sin cuimsithe faoin fhoráil seo. Aon uair a d'iarr mise eolas ginearálta ar bith ar an údarás fuair mé é. Ní raibh sé soiléir go dtí seo go bhféadfaí an t-ordú a thabhairt ach beidh anois agus má tá aon mhaith leis an Aire, más gá na horduithe a thabhairt chun na laincisí nó na laigí atá á lua a leigheas, tabharfaidh sé na horduithe sin. Níl aon teora leis an méid de threoir ghinearálta is féidir leis an Aire a thabhairt. Sin ceann de na hathruithe is bunúsaí sa mBille seo.

Cén ról pleanála a bhéas ag an údarás sa gcomhthéacs atá i gceist anseo? I ndeireadh na dála, ní shéanann an tAire Stáit go mbeidh plean straitéiseach ag an údarás.

Caithfidh ceann a bheith acu.

Nílim ag iarraidh aon chumhacht a bhaint ón Roinn ach táim an-tugtha don rud a thagann ó na daoine. D'fhéadfaí a rá go mbaineann an SMI le lucht Bhaile Átha Cliath amháin ar shlí mar is iadsan atá á lorg ach ní fheicimse conas nach ceart go mbéadh plean ag an údarás féin go háirithe ó thaobh na teanga de.

Is í an Dáil a thug isteach an SMI. Bímis macánta faoi seo. Dá gcuirfimís isteach an leasú seo, is é a déarfadh an t-údarás linn ná go bhfuil sé seo comhlíonta acu, go bhfuil plean straitéiseach á réiteach agus nach bhfuil siad chun an dara phlean a réiteach. Bhéadh sé seafóideach plean amháin a bheith acu do Bhaile Átha Cliath agus plean eile don nGaeltacht.

An áit a bhfuil an difear idir an Teachta agus mé féin ná go bhfuil faitíos ar an Teachta, agus b'fhéidir go bhfuil údar leis, nach mbeidh an plean seo cuimsitheach go leor maidir le cuspóirí teanga an údaráis agus go mbeidh sé dírithe ar chúrsaí forbartha agus tionscail amháin. D'fhéadfadh an ceart a bheith aige. Tá mise ag rá muna gcuimsíonn an plean agus feidhmiú agus tuairisciú an údaráis na rudaí go léir a theastaíonn ón Roinn nó ón Dáil faoi alt 14, beidh an tAire in ann é sin a chur ina cheart. Má chuirtear an SMI agus cumhacht nua an Aire le chéile, tá na cumhachtaí go léir ann atá riachtanach chun an méid atá ag teastáil ón Teachta a bhaint amach.

Tá sé de bhuntáiste agamsa a bheith ag obair leis an mBille seo le bliain go leith agus mar sin feicim na píosaí ar fad le chéile ach is dóigh liom go fírinneach go bhfuil gach atá ag teastáil ón bhfreasúra istigh anseo cheana féin ach an tAire ag feidhmiú dá réir nuair a bhéas sé ina Acht. Muna bhfeidhmíonn an tAire dá réir, caithfidh sé a bheith cuntasach don Dáil ina thaobh agus an cás céanna liomsa agus má bhíonn an fhreasúra i mbun rialtais agus mise fós i mo Theachta Dála, bí cinnte go mbeidh mé ar mo chosa gach uile lá sa Dáil ag cur ceisteanna oraibh. Sin an chaoi ar cheart don daonlathas oibriú.

Tá dhá leibhéal daonlathais i gceist anseo, an leibhéal áitiúil, sé sin, má tá an bord ag feidhmiú i gceart faoin SMI ba cheart go mbéadh an jab á dhéanamh i gceart. Ar leibhéal eile má cheapaimidne, Teachtaí atá tofa ar son an phobail uilig agus atá ionadaíoch, nach bhfuil gach rud ina cheart tá na cumhachtaí againne chun é a leagadh síos go gcaithfear gach rud a dhéanamh i gceart.

Cathain a mbeidh an plean straitéiseach leagtha amach ag an údarás?

Deirtear liom go bhfuil sé á ullmhú faoi láthair agus ós rud go mbainfidh sé leis na bliana 1999-2001, caithfidh siad deifir a dhéanamh nó beidh orthu an teideal a athrú. Tá dréacht ann cheana féin.

An bhfuair an tAire Stáit cóip de go fóill? Sin an buntáiste a bhéas ag an Rialtas.

Ní fhaca mé é. Feicim agus léim gach rud a thagann chugam agus tugaim aird orthu agus caithim uaireanta fada ag léamh rudaí.

An bhfuil an plean seo á réiteach ag bainistíocht an udaráis nó ar pléadh é le baill an údaráis.

Tá a fhios ag an Teachta conas mar a oibríonn an t-údarás mar go raibh sé ar chomhairle contae. Réitíonn an bhainistíocht é, cuirtear faoi bhráid an bhoird é, pléitear é agus cuirtear ar ais é. Go minic bíonn cuid de na baill an-díograiseach agus go minic eile cuirtear an stampa rúibéir air agus séantar é ag na baill a bhí ag an mbord. Fadhb í seo leis an méid seo páipéir. Dá réiteodh pleananna agus tuairiscí gach fadhb, ní bhéadh fadhb fágtha againn sa tír.

Mar sin ní bheidh ionchur ar bith ag bord anúdaráis nua sa phlean seo.

Ní bheidh. Ach dá mbéadh easnaimh ar an bplean, nó dá n-athródh an saol nó go bhfuil rud éigin práinneach ann a chaithfear a dhéanamh ó thaobh na teanga de sa Ghaeltacht, ní stopfaidh an plean sin an tAire ó theacht isteach agus a rá go gcaithfí é athrú. Bhéadh sin cosúl le tiománaí ag dul go Baile Átha Cliath a thagann go dtí crann leagtha ar an mbóthar agus a deir gur seo an bóthar go Baile Átha Cliath agus go gcaithfidh sé dul tríd, in ionad dul bóthar eile.

An mbeidh díospóireacht againn sa Teach nuair a ghlacann an tAire leis an bplean straitéiseach?

Tá mise sásta i gcónaí teacht isteach go dtí an coiste seo nó go dtí an Teach le rudaí mar seo a phlé. Ní dhéantar dóthain plé ar chúrsaí Gaeilge ná Gaeltachta i dTithe an Oireachtais agus cuirim mé féin ar fáil am ar bith chuige sin. Ní féidir dul isteach go mion sna rudaí seo ag Tráth na gCeist agus tá mé sásta é a phlé ag am ar bith.

An ceart a rá go bhfuil plean dhá bhliain ullmhaithe ag an údarás agus an é an bord nó an bhainistíocht a bhí á phlé?

Glacaim gur réitigh an bhainistíocht é agus gur cuireadh faoi bhráid an bhoird agus as sin gur tháinig sé go Baile Átha Cliath. Nuair a bhí mise ar an údarás áitiúil, bhí plean an chontae á réiteach. Is plean na mball é plean an chontae agus is féidir leo é a scríobh go hiomlán ó thús deireadh. Ach dúradh liom gurb iad an bhainistíocht a réitigh an plean roimhe sin agus gur ceadaíodh é mar nárbh fhiú do na baill é a léamh agus a chíoradh. B'orthu féin a bhí sé mar b'é a bplean-san é nuair a glacadh leis.

Nuair a bhí an plean atá ag Comhairle Contae na Gaillimhe anois á réiteach, lena gcearta a thabhairt do na baill agus bhí mé féin ar dhuine acu, rinne mise agus daoine eile an t-uafás oibre air agus chuamar trí gach líne a scríobh an bhainistíocht agus ag deireadh an lae bhí úinéireacht againn ar an bplean. Bíonn míbhuntáistí airithe ag baint leis sin: ní fhéadfaimis an plean a shéanadh ina dhiaidh sin ach rinneamar ár gcuid gnó.

Tá an rud céanna i gceist anseo. Ní féidir liomsa a rá cén plé a rinneadh ag bord an údaráis ach má ghlac an bord leis is plean na mball atá ann ón lá sin, agus ní plean na bainistíochta.

Níl an chomparáid sin láncheart. Ní hionann an Údarás na Gaeltachta agus údarás áitiúil. Cuirtear plean an údaráis áitiúil faoi bhráid an phobail.

Tá mé á gcur i gcomórtas ó thaobh úinéireacht an bhoird ar an bplean. Má réitigh an bhainistíocht plean agus fiú munar leasaíodh oiread agus camóg de, má ghlacann bord an údaráis leis, is leo é ón bpointe sin amach.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Molaim go gcuirfear an coiste ar ath-ló go dtí seachtain ón lá amárach.

Tá an Broadcasting Bill ag teacht isteach an tseachtain seo chugainn agus níl a fhios againn an leanfaidh sé ar aghaidh ar feadh trí lá ag an Dara Céim.

Is dóigh liom go bhfuil go leor plé déanta ar leasuithe a cuireadh síos. An bhfuil aon bhealach chun é seo a chríochnú an tseachtain seo? Tá brú ama orainn. Tá a fhios agam go bhfuil daoine ag iarraidh an toghchán a chur siar ach níor mhaith liomsa gur mar seo a chuirfí siar é. Níl mé ag iarraidh go gcuirfí an iomarca moille ar seo ar Chéim na Tuairisce agus an bhfuil aon bhealach ann chun é a chríochnú an tseachtain seo? Nílim ag iarraidh aon srian a chur leis an díospóireacht.

Tá mise sásta leis an moladh sin más féidir é a dhéanamh.

Níl mise ag iarraidh an díospóíreacht a chur siar ach oiread.

Clerk to the Committee

Níl aon chóiríocht ar fáil. Ta an Public Accounts Committee fiú ag suí ar an Satharn agus tá an dá sheomra coiste glactha. An Déardaoin seo chugainn ag a dó a chlog an chéad uair a mbeidh seomra ar fáil dúinn.

An bhféadfaí Céim an Choiste a dhéanamh maidin Dé Máirt seo chugainn sa Dáil? Tharla sé sin cheana.

Más féidir é sin a dhéanamh.

Nó an bhfuil Seomra an tSeanaid ar fáil?

Bíonn cruinnithe Rialtais ar siúl ansin.

Beidh an Seanad ar ais ar an gCéadaoin.

Tá córas aistriúcháin ansin agus má tá sé saor.

Bhí díospóireacht an-leathan againn ar na leasuithe seo agus déanfaimid iarracht an chéad uair an chéim seo den mBille a chríochnú.

Tá na leasuithe atá fágtha níos teicniúla, b'fhéidir. Tá an beartas pléite go maith againn faoi seo.

Cuireadh an Roghchoiste ar athló ar 6.10 p.m. go dtí 2 p.m. Déardaoin, 14 Deireadh Fómhair 1999.