Údarás na Gaeltachta (Amendment) (No. 3) Bill, 1999: Committee Stage (Resumed).

ALT 5.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus roimh oifigigh na Roinne. Tá córas aistriúcháin ar fáil agus tá súil agam gur féidir linn dul chun cinn leis an mBille seo tráthnóna inniu. Críochnófar an díospóireacht Dé Máirt seo chugainn, más gá. Iarraim ar na Baill gach iarracht a dhéanamh an díospóireacht a chríochnú inniu.

Leanfar leis an díospóireacht ar alt 5. Tá gaol idir leasuithe a 10 agus a 11 agus déanfar iad a phlé le chéile, le cead an choiste.

Tairgim leasú a10:

I leathanach 9, líne 33, trí "agus" a scriosadh agus an méid seo leanas a chur ina ionad:

"(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

'(4) Ní thabharfaidh an tÚdarás cúnamh airgid,

(i) in aon chás áirithe a mbeidh cúnamh airgid tugtha ag Fiontraíocht Éireann nó ag an nGníomhaireacht Forbartha Tionscail (Éire), nó

(ii) in aon chás áirithe nach mbeidh tionscal nó scéim tháirgiúil fostaíochta a fuair cúnamh airgid roimhe tar éis na critéir teanga a chomhlíonadh a bhí leagtha síos mar choinníoll a bhí ag gabháil le cúnamh airgid den sórt sin.', agus".

Is é atá i gceist anseo aon uair a mbíonn cúnamh airgid á chur ar fáil nó iarratas ar sin istigh ón údarás, go leagfaí béim níos láidre ar na critéir agus ar na coinníollacha teanga a bhéadh i gceist. Ní thabharfaí airgead d'aon tionscal nó d'aon scéim nár chomhlíon na coinníollach teanga roimhe sin. Tá sé thar a bheith tábhachtach poist a chur ar fáil sa Ghaeltacht ach is í an Ghaeilge an rud is tábhachtaí. Tá an leasú seo sothuigthe agus tá mé ag súil le freagra sásúil ón Aire Stáit.

Táimid ag deighleáil leis an mBille seo le cúpla lá anois agus déanaimid iarracht an Ghaeilge a labhairt, a chaomhnú agus a fhorbairt ar an gcoiste seo. Ag breathnú ar an teilifís agus ag éisteacht leis an raidió dom níor chuala mé focal amháin as Gaeilge faoin roghchoiste seo ná faoin mBille um Údarás na Gaeltachta. Níl a fhios agam an bhfuil a fhios acu thall sa seomra craolacháin go bhfuil Gaeilge ar siúl anseo. Ba mhaith liom go ndéanfadh an Cathaoirleach gearán leo. Cad chuige nach bhfuil focal amháin Gaeilge curtha amach acu ar teilifís nó ar raidió faoi na díospóireachtaí atá ar siúl anseo.

Tá tábhacht na Gaeilge scríofa isteach sa Bhunreacht agus táimid anseo sa Dáil ag an roghchoiste seo agus an Aire Stáit i láthair agus gach éinne ag labhairt Gaeilge agus gan faic le clos nó le feiceáil faoi ar na meáin. Tá mé an-bhuartha faoi.

Níl mórán le rá agam faoi leasú a 11. Nuair a cheadaíonn an t-údarás deontas i leith tionscail ar bith tá coinníoll ann gurb í an Ghaeilge a bhéas mar theanga labhartha ann. Tá sé soiléir ón leasú seo nár chóir airgead a thabhairt don tionscal sin arís más rud é go dteipeann orthu na coinníollacha sin a chomhlíonadh.

Tá mé báúil leis na leasuithe agus tuigim an rud atá siad ag iarraidh a dhéanamh. Níl a fhios agam an bhféadfaí an rud seo a chur i bhfeidhm díreach mar atá sé ráite anseo nó an gcuirfeadh sé ceangal ró-mhór ar an údarás. Ba mhaith liom machnamh a dhéanamh ar an gceist. Tuigim gur ar mhaithe leis an teanga atá an dá leasú á mholadh agus féachfaidh mé an féidir teacht ar fhoirmle ar Chéim na Tuairisce a fhágfaidh an rud inoibrithe ar thaobh amháin agus ar an dtaobh eile a leagfaidh síos coinníollacha dochta teanga ar féidir iad a chur i bhfeidhm. Caithfear a thógáil san áireamh go bhfuil an t-údarás freagrach as ceantair ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar theanga pobail ann agus as ceantair nach bhfuil. Agus go dtugtar oibrithe isteach ón nGalltacht agus mar sin de.

Tá mise lánsásta glacadh le sin.

Aontaím leis an rud a dúirt an tAire Stáit.

Tarraingeoidh mé siar é agus breathnóimid arís air ag Céim na Tuairisce.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Níor tairgeadh leasú a 11.

Aontaíodh alt 5.

ALT 6.

Tá leasuithe a 12 agus a 13 as ord. Fuair na Teachtaí Ó Sé agus Ó Cionnigh litreacha uaimse á rá sin.

Nach bhfuil an rud céanna i gceist leis an alt mar atá sé faoi láthair? Táimid ag caint faoi choistí réigiúnda anseo agus tá sé leagtha síos in alt 6 go bhfuil na réigiúin chuige seo ainmnithe. Ní raibh i gceist agamsa leis an leasú seo ach réigiún amháin a ghearradh suas i ndá fho-réigiún.

Tuigim é sin ach nuair a scríobhadh chughat, phléamar é sin agus os rud é go bhfuil airgead san áireamh, tá deacracht leis.

Nuair a thosaigh mé ag plé an ruda seo i dtosach báire, ís é sin a bhí i gceist agam a dhéanamh, an ceathrú coiste réigiúnach a chur ann. Ceann de na fáthanna go bhfuil na coistí réigiúnacha sa mBille ná go bhféadfadh sé tarlú faoin sean Bhille nach mbéadh ach beirt ar choiste réigiúnach. Dá mbeadh cuóram i gceist, sé sin, nach gcaithfeadh gach uile dhuine a bheith i láthair, d'fhéadfadh sé tarlú go mbéadh duine amháin ag déanamh cinntí agus ní bheadh sé sin sásúil. Ceann d'aidhmeanna an Bhille, gan an bord a dhéanamh ró-mhór, ná ceathrar minimum a bheith ar choiste réigiúnach agus triúr mar chuóram. Mar sin ní fhéadfadh duine nó beirt cinneadh a dhéanamh faoi airgead agus cuimhnigh go bhfuilimid ag caint anseo ar thograí a cheadú do dhaoine agus airgead a thabhairt dóibh. Gan an bord a dhéanamh ollmhór ar fad — agus phléamar ceist na hionadaíochta cheana — ní raibh mé in ann réigiún a dhéanamh as Muigh Eo agus Contae na Mí mar ní raibh mé in ann ceathrar d'ionadaíocht a fháil. B'shin an fáth go raibh orm dul in aghaidh rud ar mhaith liom a dhéanamh.

Glacaimse leis go bhfuil Gaeltachtaí Mhuigh Eo ar chuid de na Gaeltachtaí is dearmadta sa tír, b'fhéidir mar go bhfuil siad i dtrí chuid. Ba maith liom gach deis a thapú chun cothrom na féinne a thabhairt do na Gaeltachtaí sin; tá ceann acu an-ghar dom féin sa mbaile. Ach níorbh fhéidir é a dhéanamh ar chúis an-phraiticiúil, nár leor triúr do bhord réigiúnach. Agus dá gcuirfí an tríú duine i Muigh Eo le ceathrar a dhéanamh don bhord, chaithfinn dul ar ais agus ionadaí breise a cheapadh sna ceantair eile freisin chun an coimheá a choinneáil ann.

Chuir mé an leasú seo síos mar go raibh tuairim amuigh ansin go raibh deontais á thabhairt amach mar a dúirt an tAire Stáit. Sa réigiún mar a beartaíodh é, bhéadh seisear ó Chontae na Gaillimhe, beirt as Contae Mhuigh Eo agus duine amháin ó Chontae na Mí. An rud a bhí i gceist agam don bhfo-choiste de thriúr a mhol mise ná go mbéadh ar gach uile dhuine a bheith i láthair sula bhféadfaí airgead ar bith a mholadh. Bhéadh siad sásta ansin go mbéadh sé ar a gcumas féin airgead a mholadh dá nGaeltacht féin gan aon bhrú orthu ó sheisear ó Chontae na Gaillimhe.

Bhéadh an chontúirt ann dá gcuirfí coinníoll ann go gcaithfeadh gach uile dhuine a bheith i láthair. Dá gcaithfeadh daoine áirithe teacht píosa fada de bhóthar nó dá mbéadh duine amháin tinn nó tinn ar feadh scaithimh, ní fhéadfadh cruinniú a bheith agat.

Tuigim an rud atá an Teachta ag iarraidh a dhéanamh agus rinne mé machnamh air. Go dtí seo bhí duine amháin as Muigh Eo ann ach scaití ní raibh éinne ainmnithe as Muigh Eo le cois agus bhí ceathrar nó cúigear eile ann idir bhaill ainmnithe agus tofa ann. I láthair na huaire, tá triúr ainmnithe as Gaillimh móide an bheirt atá tofa, sin cúigear móide duine amháin as Muigh Eo agus níl duine ar bith air as Contae na Mí. Ar a laghad anois is triúr as naonúr a bheidh ann do Mhuigh Eo agus don Mhí agus ag glacadh leis nach bhfuil daoine chomh paróistiúil sin is dóigh liom go mbeidh guth níos láidre ag Muigh Eo agus ag Contae na Mí anois ná mar a bhí cheana.

Níor tairgeadh leasuithe a 12, a 13 nó a 14.

An bhfuil an tAire Stáit ag mach namh ar aon rud?

Níl mé in ann smaoineamh ar aon bhealach le teacht timpeall air. Tairgim leasú a 14a:

I leathanach 11, línte 22 go 33 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad:

"(4) Féadfaidh an tÚdarás coistí eile a bhunú chun comhairle agus cabhair a thabhairt dó i ndáil le haon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh agus féadfaidh sé, i ndáil le haon choiste den sórt sin——

(a) a fheidhmeanna a shonrú,

(b) a nós imeachta a rialáil, nó a údarú dó a nós imeachta a ialáil,

(c) a chomhdhéanamh a chinneadh agus daoine, lena n-áirítear daoine nach comhaltaí den Údarás nó d'fhoireann an Údaráis iad, a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí de,

(d) aon duine dá chomhaltaí a chur as oifig aon tráth, agus

(e) é a dhíscaoladh.

(5) (a) Beidh comhalta de choiste arna bhunú faoi fho-alt (4) i seilbh oifige ar feadh cibé tréimhse agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha eile (seachas téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le liúntais i leith caiteachas) a chinnfidh an tÚdarás an tráth a cheapfaidh sé an comhalta .

(b) Déanfaidh an tÚdarás, as airgead a bheidh faoina réir aige, cibé liúntais i leith caiteachas is iníochta ó am go ham le comhalta den Choiste Meastóireachta a íoc le comhalta de choiste arna bhunú faoi fho-alt (4).'.".

Go bunúsach is leasú teicniúil é seo a thabharfaidh i bhfad níos mó cumhachta don údarás coistí a chur ann agus a dhíscaoileadh agus chun coinníollacha a leagan amach dóibh. De réir mar a thuigim, ní raibh sé de chumacht ag an údarás cheana coistí a bhunú nó a dhíscaoileadh. Déanann sé seo cinnte go bhfuil réimse iomlán cumhachtaí ag an údarás ar a gcuid fochoistí féin.

Aontaíodh an leasú.

Níor tairgeadh leasú a 15.

Aontaíodh alt a 6 mar a leasaíodh.

ALT NUA.

Tairgim leasú a 16:

I leathanach 11, roimh alt 7, an t-alt nua seo a leanas a chur isteach:

"7.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 10B (arna chur isteach leis an Acht seo):

'10C.—Beidh an t-údarás céanna ag Bord Údarás na Gaeltachta chun leithroinntí airgeadais a cheadú gan toiliú ón Aire atá beartaithe don Choiste Meastóireachta.'."

Bhí mé ag caint faoi seo ar an dara chéim. Tá baill tofa an údaráis an-bhuartha faoi seo. B'fhéidir nach dtuigim féin céard go díreach atá i gceist ag an Aire Stáit. Ag éirí as an méid a dúirt sé ar an dara chéim is dóigh liom nuair a thagann moladh ar bith isteach chun cabhair airgid a thabhairt do thionscal ar bith nó do thogra ar bith go mbíonn cead ag an údarás airgead a cheadú suas go dtí méid áirithe. Ina dhiaidh, caithfear ceadú an Aire a fháil agus tógann sé i bhfad chun an ceadú sin a fháil mar go gcaithfear dul go dtí na Ranna Stáit go léir. Is é a bhí i gceist ag an Aire Stáit ná an coiste meastóireachta seo a chur isteach a mbéadh cead ag an gcoiste airgead a thoiliú nó gan a thoiliú agus is dóigh le baill an údaráis go bhfuil sé seo ag baint na cumhachta uathusan. Is iad siúd na baill tofa agus má tá muinín againne astu ba chóir go mbéadh cead acu na tograí a mheas agus airgead a cheadú.

Bhí an cead sin acu go dtí seo agus tá an t-éirim aigne ag baill an bhoird an meastóireacht seo a dhéanamh. Níl gá le coiste meastóíreachta ar chor ar bith mar má tá na daoine sin ag freastal ar bhord an údaráis, measann siad na tograí a thagann isteach chucu agus ba chóir go mbéadh sé de chead ag an mbord an ceadú a thabhairt más ceart gan bacadh leis an gcoiste nó leis an Aire.

Ba é an rud ba shimplí le déanamh ná deireadh a chur leis an gcoincheap den triú rannóg sa sraith ceadúcháin. Faoi láthair, is gá cead an Rialtais, cead an Aire agus cead an údaráis chun rud a cheadú. Ag glacadh leis go bhfágfar na trí sraith ann, ní raibh mise sásta, ar na cúiseanna maithe atá luaithe ag an Teachta Ó Cionnigh, go bhfanfaí le córas místuama maidir le cead an Aire mar tá sé mall agus mar nach bhfuil mórán smachta ag an Aire — agus tuigfidh an cathaoirleach é seo mar bhí sé féin ina Aire — ar cé chomh sciobtha a fhaightear freagraí ar ais ó na Ranna Stáit. Má thagann comhairle dhiúltach ar ais maidir le cinneadh an údaráis, caithfear dul ar ais go dtí an t-údarás agus bíonn sé deacair réiteach a fháil idir na baill a bhí le haghaidh ruda agus iad siúd a bhí ag comhairliú ina aghaidh.

Faoi láthair tá cead ag an údarás togra a cheadú suas go dtí £1.6 mhilliún — méadaíodh é sin ó tháinig mise isteach mar Aire — gan dul ag éinne. Idir £1. 6 mhilliún agus £2.4 mhilliún caithfidh siad cead an Aire a fháil agus os a chionn sin tá cead an Rialtais i gceist. Táimid ag fágáil na trí sraithe ann agus fágfar rudaí mar atá go dtí go n-áthraítear na figiúirí. Faoi láthair níl aon chumhacht ag an mbord maidir le tograí idir £1.6 mhilliún agus £2.4 mhilliún; ceadaíonn siad é ach caithfidh sé dul go dtí an Aire agus go dtí na Ranna Stáit eile. Mura dtoilíonn an t-Aire é, níl aon leigheas ag an údarás air. Ar bhealach cuireann sé sin an t-Aire, nach bhfuil ag plé leis an rud ó lá go lá, i spota atá beagáinín áiféiseach. In áit an phróiséis sin, tá an coiste meastóireachta á bhunú laistigh den údarás, ar féidir leis an t-údarás é a ghairm agus a thabharfaidh réamhbhreithiúnas ar rud. Ina dhiaidh sin, gabhfaidh sé ag bord an údaráis agus má cheadaítear ansin é, an lá ina dhiaidh sin is féidir an litir ceadúcháin a chur amach.

Má bhreathnaítear ar an gcoiste meastóireachta, feicfear cé go mbeidh tuairim á lorg ó na heagraíochtaí taobh amuigh, a lorgaítear a dtuairim go hindíreach faoin gcóras atá ann faoi láthair, agus beidh orthu teacht i láthair an údaráis. Beidh coiste ann ar a mbeidh comhaltaí, príomhfheidhmeannach agus cathaoirleach an údaráis, agus beidh siad ag déanamh cáis ar a shon nó ag déanamh meastóireacht air más rud é atá á chur ar aghaidh ag an údarás. Beidh tuairim na ndaoine eile ar fáil, pléifear é agus déanfar an cinneadh.

Mar mhalairt ar an gcóras atá ann faoi láthair, tá na buntáistí seo leis, sé sin, luas ag déanamh an chinnidh agus i bhfad níos mó tionchair ag baill an údaráis agus ag an údarás go ginearálta ar na cinntí. Faoi láthair tógtar go hiomlán amach as a gcuid lámha é nuair a chuirtear ar aghaidh go dtí an tAire é. Má cheadaíonn an coiste meastóireacht e, ní bheidh le déanamh ach é a chur faoi bhráid an bhoird agus ar aghaidh leis ansin má cheadaítear é. Is feabhas mór é seo ar an rud atá ann. An t-aon rogha a d'fhéadfaí a mholadh ná deireadh a chur le haon ionchur ar thograí idir £1.6 mhilliún agus £2.4 mhilliún, mar atá ann faoi láthair.

Maidir leis na tograí os cionn £2.4 mhilliún, beidh an coiste meastóireachta tar éis breithiúnas a thabhairt orthu siúd agus nuair a thagann siad faoi bhráíd an Rialtais beidh cuid mhaith de na tuairimí ó na heagraíochtaí seo ar fáil cheana féin ionas go mbeidh an próiséas i bhfad níos simplí más féidir a rá go bhfuil Enterprise Ireland agus dreamanna eile tar éis breathnú air agus nach bhfeiceann siad aon fhadhb leis. Ní bheidh an mhoilleadóireacht a bhí ann go dtí seo ann a thuilleadh.

Ó tháinig mé isteach mar Aire Stáit, scaoil mé go leor de na cúing a bhí ann, mar shampla comhlachtaí a tharrtháil. D'fhéadfaí a bheith ag fanacht sé mhí le pacáiste tarrthála agus bhíodh an comhlacht ag dul síos i bpoll portaigh an fhad is a bhí sé á tharrtháil. Chuir mé deireadh leis an rud sin ar fad mar ní raibh aon chiall leis. D'fhéadfaí an comhlacht a chailleadh fad a bhí an cinneadh á dhéanamh.

Is dóigh liom go bhfuil míthuiscint an-mhór ar an údarás faoin gcoiste meastóireachta, agus ar an bpobal agus ní bhaineann sé seo ach le tograí atá os cionn na teorainneach atá ann faoi láthair. Níl na teorainneacha sonraithe sa mBille mar athraítear iad ó am go chéile, ach is suas a athraítear iad. Ní bhaineann sé seo ach leis an dornán beag tograí os cionn £1.6 mhilliún a cheadaíonn an t-údarás. Níl aon say ag Enterprise Ireland i rud ar bith seachas tograí aonáránacha os cionn £1.6 mhilliún.

An é coinníoll an Rialtais gur gá dul faoi bhráid an Aire nuair is luach os cionn £1.6 mhilliún atá i gceist?

Tá soláthar san Acht faoi láthair a deir gur féidir leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán i gcomhairle leis an Aire Airgeadais teorainneacha a leagan síos faoi cad iad na tograí is féidir leis an údarás a cheadú agus cad iad na tograí is gá dul go dtí an t-Aire futhu, nó leis an Rialtas. Bhí sé sin ann riamh agus d'ardaigh mise na figiúirí nuair a tháinig mé isteach. Athraítear an t-airgead atá i gceist le himeacht ama, le boilsciú agus athruithe ar luach an airgid. Tá sé sin bunúsach sa Phríomh Acht.

Ní raibh cead an Aire i gceist agus níl i gceist le hEnterprise Ireland ach tá cead Rialtais i gceist le gach uile ceann de na comhlachtaí Stáit seo. Tá teorainneacha níos airde acu ach ar an dtaobh eile de, níl boird dhaonlathacha acu. Is cineál cóimheá atá i gceist anseo.

An bhfuil cead faighte ag an Aire Stáit ón Roinn Airgeadais gan dul os comhair an Aire as seo amach le togra atá suas le £2.4 mhilliún?

Caithfidh sé dul os comhair an Aire má tá sé idir £1.6 mhilliún agus £2.4 mhilliún. Caithfidh sé dul ag an Rialtas má tá an togra os cionn £2.4 mhilliún. Tá na teorainneacha níos airde ag na boird eile mar nach boird dhaonlathacha eile. Ach caithfidh tograí áirithe de chuid Enterprise Ireland agus an IDA dul faoi bhráid an Rialtais.

Abair go bhfuil togra á scrúdú do Chorr na Móna mar shampla.

I gConga, mar sin, ar £2 mhilliún. An ndéanfaidh an coiste meastóireachta é sin a mheas? An gcaithfidh sé dul ón gcoiste meastóireachta go dtí an t-Aire?

Ní chaithfidh sé dul áit ar bith. Faoi láthair dá dtiocfadh togra £2 mhilliún isteach do dheontas incháilithe go gcaithfí cead a fháil dó, d'fhéadfadh an bord é a cheadú amárach agus thiocfadh sé aníos ag an Aire. Chuirfí é faoi bhráid Ranna Stáit cuí agus thiocfaí ar ais le tuairimí. D'fhéadfadh sé sin ceithre nó cúig mhí a thógáil go mórmhór má tá aon cheist faoi. É sin déanta, chuirfí faoi bhráid an Aire é agus sa chuid is mó de na cásanna seo, cheadófaí é.

Faoin gcóras nua, tiocfaidh togra nua isteach faoi bhráid an údaráis do £2 mhilliún. Gabhfaidh mé faoi bhráid an choiste meastóireachta, tiocfaidh baill an choiste i láthair, pléifear é, beidh comhaltaí an údaráis agus an cathaoirleach agus an príomhfheidhmeannach ina measc, ionas go mbeidh an-ionchur acusan ann. Ag glacadh leis go n-aontóidh an coiste sin leis, gabhfaidh sé ag bord an údaráis agus is féidir é sin go léir a dhéanamh in imeacht seachtaine nó coicíse. D'fhéadfadh an coiste meastóireachta teacht le chéile ar maidin agus an bord teacht le chéile um thráthnóna, rud a dhéanfadh ciall, agus d'héadfaí an litir a chur amach an lá ina dhiaidh sin.

Dá mbéadh an Teachta ina thionsclóir, nárbh fhearr leis an córas sin?

Tuigim é sin. Ní bheidh ann ach an coiste meastóireachta amháin.

An bhfuil difríocht ar bith idir an coiste meastóireachta agus bord an údaráis ach go bhfuil duine ag freastal air ón Roinn Stáit, ón IDA agus ó Enterprise Ireland?

Más rud é go bhfuil sé ar chumas bhord an údaráis togra a mheas suas go dtí £1.6 mhilliún, cad chuige nach bhfuil an cumas céanna acu togra a mheas suas go £2 mhilliún gan bacadh leis an gcoiste meastóireachta?

Má tá an IDA in ann togra a mheas suas go £4 mhilliún, cén fáth nach bhfuil sé in ann togra a mheas suas go £4,000,100? Nuair a chuirtear teorainn mar sin ann bíonn an cheist ann i gcónaí cén fáth ach, go gineárlta, glactar leis go bhfuil teorainneacha leagtha síos do chumas bhord Stáit agus níl seo speisialta don údarás, tá sé ann i gcás leithéid an IDA. Chomh maith leis sin, taobh istigh d'eagraíochtaí ar nós Forbairt agus an IDA, bíonn coistí meastóireachta ann agus mar sin ní rud as an nua é.

Ní bhainfidh seo, áfach, ach ar an mionlach beag de thógraí móra agus, go praiticiúil, téann an t-údarás i gcomhairle le Enterprise Ireland agus an IDA ar aon choai. Tá seo a dhéanamh níos oscailte ó thaobh na moille agus b'fhearr a dtuairimí a chur in iúl ar an toirt. An cineál rud a tharraingíonn fadhbanna, má tá togra ag dul ar aghaidh sa nGaeltacht atá go maith don nGaeltacht ach go bhfuil eagraíochtaí eile Stáit ag déanamh macnaimh go gcuirfeadh sé as do thogtraí eile ar fud na tíre, narbh fhearr i bhfad go dtiocfaidh sé isteach sa seomra agus an cás a dhéanamh go poiblí ná go bhfuil sé faoi bhrú ó thaobh thiar.

Bhí tuairim ag daoine, ach bhí siad mícheart, go mbeadh an IDA agus Enterprise Ireland ag cur a ladar isteach i achan cineál togra a bhéadh ag dul ar aghaidh ag an údarás. Ceann de na fadhbanna a luadh liom maidir leis an gcoiste meastóireachta go mbéadh sé deacair é a fheidhmniú mar choiste mar go mbéadh a laghad sin oibre i gceist aige nach dtiocfadh sé le chéile ach uair nó dhó sa mbliain.

Cé mhéad cinneadh os cionn£1.6 mhilliún a bhéadh ann sa bhliain?

Tá súil agam go mbeidh go leor, ach go praiticiúil, níor tháinig dorm mór faoi mo bhráid i mbliana os cionnnn an teorainn sin.

Aontaím leis an Aire gur maith an rud do thionsclóir ar bith go mbéadh luas cinnidh ann. Bhí mé féin seal ar bhord Rialtais ag fanacht ar litreacha áirithe ag teacht ó Ranna Stáit, agus aontaím gur drochrud é go mbíonn siad chomh mall sin ag teacht ar ais. Más sin an cás, tarraingeoidh mé siar an leasú seo agus gabhaim buíochas den Aire Stáit as ucht na soiléirithe a thug sé faoin choiste mheastóireachta.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Brathann leasú a 18 agus 19 ar leasú a 17 agus malairt is ea leasú a 19 ar 18. Dá bhrí sin, pléifear leasuithe a 17, 18 agus 19 le chéile má aontaíonn na Baill.

Tairgím leasú a 17:

I leathanach 13, ar líne 2, "agus" a scriosadh.

Baineann na leasuithe seo leis an chuid den Acht a bhaineann leis an gcoiste meastóireachta agus na dualgaisí a bheidh ar an gcoiste sin. Faoi láthair deir an t-Acht in alt 7(2)(b): déanfaidh an Coiste Meastóireachta moltaí i scribhínn don Údarás

(i) maidir le hoiriúnacht nó mí-oirúnacht an togra le haghaidh cúnaimh airgid ón Údarás, agus"

Má ghlacanh an t-Aire le leasú a 18 nó 19 ar phointe theicniúl caithfear an focal "agus" a scriosadh ag an áit ina bhfuil sé agus é a thógáil síos faoi sin. Nuair a bheidh an coiste meastóireachta ag scríobh go dtí an t-údarás tá sé i gceist anseo ná go mbeidh béim sa litir sin ar chúrsaí teanga. Bhí leasú thíos agam a bhí as ord ag iarraidh ball eile a chur ar an gcoiste meastóireachta ó Chomhdháil Naisiúnta na Gaeilge. Sa chás sin bhéadh duine ar an gcoiste meastóireachta a bhéadh dírithe ar an teanga. Anseo tá mé ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh — béim a chur ar chúrsaí dírithe ar thionchar an teanga agus ar na critéir theanga a gcaithfeadh an togra a chomhlíonadh. Bhéadh sé ansin lánchinnte ón Acht seo ansin go mbéadh an chuid sin de dhualgas an údaráis — caomhnú agus leathnú an teanga mar mheán chumarsaide — léirithe sa mBille seo, go gcaithfear cúrsaí teanga a thabhairt isteach sa scéál. Níl sin ann sa mBille mar atá.

Aontaím leis an gcás atá á chur ag an Teachta.

Tá sé san Acht go gineáralta ach glacfaidh mé leis ar ball go gcaithfidh mé breathnú ar cheist na teanga. Ó tharla gur dhúirt mé ar ball beag go mbreathnóinn ar sin i gcomhthéacs tograí i gcoitinne, agus go gcaithfidh gach togra a thiocfas faoi bhráid an choiste meastóireachta ina dhiaidh sin dhul chuig bord an údaráis le haghaidh na himpleachtaí eile a phlé — sé sin ní bheidh an coiste meastóireachta ach ag breathnú ar chúrsaí gnótha, teicniúil nó airgid, cúrsaí inmharthanachta gnótha an togra — ach an fáth go gcaithfidh sé dul ar aghaidh chuig bord an údaráis ná go gcaithfidh an t-údarás é a chur isteach i gcomhthéacs cultúrtha agus soisialta na Gaeltachta. Is aige siúd a bhéas an focal deiridh. Tá mé sásta breathnú ar cheist cúrsaí teanga arís i gcomhthéács an bhoird ina iomlán, agus os rud é go mbeidh gach rud a thiocfas faoin gcoiste meastóireachta go teicniúil ag dul chuig an mbord le haghaidh na meastóireachta deireanacha gineáralta, bhéadh an-mhoill ann agus an bord ag brath ar chuile rud a thiocfadh síos an abhainn.

Abair go raibh cruinniú ag an gcoiste ar maidin, cruinniú ag bord an údaráis sa tráthnóna agus cinneadh le déanamh ar thogra amháin, conas a bhéadh an tseans ag an údarás féacháint ar chúrsaí cultúrtha mar a bhaineann leis an togra?

Dá mba rud é go dtarlódh sin go, chuirfí an togra i gclár cruinnithe an údaráis agus impleachtaí scrúdaithe agus na gnáth doiciméid boird curtha amach. Bhéadh se riachtanach é a bheith molta ag an gcoiste meastóireachta roimh ré, bíodh sin ar maidin nó coicís roimhe agus, ar ndóigh, sa ndoiciméid boird a bhéadh á chur faoi bhráid an údaráis, thabharfaí aird ar áireamh na gnéithe chultúrtha a bhainfeadh leis an tionscal. Dá mbéadh sé ceadaithe ansin le haghaidh an chruinniú ag an gcoiste meastóireachta ó thaobh a inmharthanachta mar ghnó agus ó thaonh chiallmharacht na hinfheistíochta, d'fhéadfadh an bord mór breathnú air sa gcomhthéacs níos leithne — bhéadh sé de dhualgas air breathnú air i gcomhthéacs na Gaeltachta agus i gcomhthéacs na teanga.

D'fhéadfadh togra iontach chun airgid a dhéanamh a theacht faoi bhráid bhord an údaráis ach chaithfí breathnú an raibh sé ag dul a scrios na Gaeilge, an phobail nó an chomhshaoil. Bíonn daoine den tuairim go ndéanfadh mianadóireacht, mar shampla, na rudaí sin. Is cuimhin linn cás cáiliuil faoi Chruach Phádraig, atá taobh amuigh den nGaeltacht, do deimhin. Ach caithfeadh an bord breathnú air san iomlán. Ní bhéadh d'eolas faighte acu ón gcoiste meastóireachta ach go raibh an rud inmharthanach mar ghnóithe. Is ceist don údarás cinneadh a dhéanamh ar na tograí seo ar fad sa gcomhthéacs leathan. Is é an coiste meastóireachta a phléann le inmharthanacht, tá na ceisteanna leathan eile fós fágtha ag bord an údaráis, an áit a cheart dóibh a bheith fágtha.

Dúirt an tAire Stáit go mbéadh sé ag deighleáil leis an mór-cheist ó thaobh an údaráis amach anseo. Tá mé buartha nach leagfar síos go mbeidh díriú ar chúrsaí teanga sula mbeidh cead faighte ag aon togra.

Tá sin san Acht cheana féin ach tá mé sásta sin a laidriú le haghaidh Céim na Tuarascála. Ba cheart sin a dhéanamh i gcomhthéacs an bhoird seachas i gcomhthéacs an choiste meastóireachta. Tá mé ar aon tuairim leis an Teachta ach tá mé ag rá go ndéanfaí an leasú san Acht ginearálta faoi bhord an údaráis seachas é a dhéanamh faoi choiste faoi leith.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Níor tairgeadh leasú a 18 agus a 19.

Aontaíodh alt 7.

ALT 8.

Tá sé díreach tagtha chun solais go bhféadfadh fadhb bheag a bheith ann maidir le halt 8. Níl aon soláthar anseo do chóram agus ba mhaith liom teacht ar ais ar Chéim na Tuarascála agus leasú a mholadh faoi sin. Mar atáimid i láthair na huaire, dá bhfaigheadh duine ar bith de na baill, fiú ball de chuid an údaráis mar atá sé leagtha amach, tinn nó a leithéid ní fhéadfadh an cruinniú a chur ar bun. D'fhéadfaí sin tarlú muna ndéanfaidh mé athrú. Muna mbéadh gach uile mac máthar den ochtar i láthair, ní fhéadfadh an bord feidhmiú.

Mar sin, tiocfaidh an tAire Stáit ar ais ar Chéim na Tuarascála.

Níor tairgeadh leasú a 20.

Tairgim leasú a 20a:

I leathanach 13, ar líne 23, "an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin" a scriosadh agus "an Priomh-Fheidhmeannach" a chur ina ionad.

Aontaíodh an leasú.

Tairgim leasú a 20b:

I leathanach 13, ar líne 24, "an bPríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin" a scriosadh agus "an bPríomh-Fheidhmeannach" a chur ina ionad.

Aontaíodh an leasú.

Níor tairgeadh leasuithe 21 nó 22.

Tairgim leasú a 22a:

I leathanach 13, línte 34 go 39 a scriosadh an an méid seo a leanas a chur ina n-ionad:

"(4) (a) Beidh comhalta den Choiste Meastóireachta i seilbh oifige ar feadh cibé tréimhse agus faoi réir cibé téarmaí agus coinniollacha eile (seachas téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le liúntais i leith caiteachas) a chinnfidh an tAire an tráth a cheapfaidh sé nó sí an comhalta.

(b) Déanfaidh an tÚdarás, as airgead a bheidh faoina réir aige, cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le comhalta den Choiste Meastóireachta.".

Athrú teicniúil é seo le déanamh cinnte de gur féidir leis an gcoiste feidhmiú, gur féidir deireadh a chur le tréimhse dhuine ar an gcoiste agus gur féidir airgead a íoc le comhaltaí den choiste meastóireachta, de réir mar a shocróidh an tAire ó am go ham. Tugann an leasú saoirse don Aire rátaí taistil, mar shampla, a athrú i rith thréimhse den choiste. Dá socrófaí na rátaí an chéad lá, fiú dá n-athródh rátaí go ginearálta ní fhéadfaí iad a athrú go dtí go mbunófaí coiste nua. Athrú teicniúil ar fad atá i gceist agus molaim go nglacfar leis.

Bímid ag caint faoi accountability na laethanta seo. Cur i gcás go raibh cruinniú den choiste meastóireachta ar maidin agus cruinnú den mbord iomlán um thrathnóna, cad a tharlódh ansin?

Bhéadh dhá chostas taistil i gceist. Is féidir a bheith cinnte de go bhfuil an t-údarás an-chreidmheach i dtaobh na rudaí sin. Ó thaobh rátaí de, dá socrófaí x pingin in aghaidh an mhíle ag tús téarma agus go n-athrófái rátái go ginearálta san údarás, d'fhéadfaí athrú dá réir.

Cén sort liúntais atá leagtha síos ag an bpointe seo?

Glacaim leis go bhfuil na liúntais taistil ar chaighdeán le liúntais sa Stát Seirbhís. Tá an-taithí ag Teachtaí Dála orthu.

Agus ag na paipéir nuachta chomh maith.

Tá níos mó taithí ag cuid acu ná ag an gcuid eile.

Aontaíodh an leasú.

Tairgim leasú a 23:

I leathanach 13, ar línte 40 go 41, a scriosadh agus an fo-alt seo a chur ina áit:

"(5) Beidh comhaltaí an Choiste Meastóireachta inniúil ar ghnó an Choiste a sheoladh i nGaeilge." a scriosadh.

De réir an Bhille seo tá sé de dhualgas ar chomhaltaí an choiste meastóireachta bheith in ann a chuid gnó a dhéanamh i nGaeilge. Níl an dualgas céanna ar chomhaltaí an údaráis nó ar an bhfoireann. Ceist cothrom na féinne atá á cur os comhair an Aire agam anseo.

Tá sé suas don bpobal ball an údaráis a thoghadh. Tá súil agam nach dtoghfadh siad daoine nach mbéadh sé ar a gcumas obair a dhéanamh trí Ghaeilge mar bíonn na páipéir ar fad i nGaeilge agus mar sin de.

Ach d'fhéadfadh sé tarlú.

D'fhéadfadh sé tarlú agus ní bhéadh aon neart agam air. Ní féidir liom a rá leis an bpoball céard atá le déanamh. Maidir le priomh-fheidhmeannach agus cathaoirleach an údaráis, má thagann an lá nach mbeidh Gaeilge ag príomh-fheidhmeannach nó ag cathaoirleach an údaráis, sin deireadh. D'fhéadfadh sé tarlú, gan smaoineamh, go gceapfaí daoine ó na heagraíochtaí eile gan Ghaeilge muna gcuirfí fainic reachtúil ann agus d'fhéadfadh cruinniú a iompú ar an mBéarla dá bharr. Is chuige sin atá seo san mBille. Dá mbéadh an bord ag cur agallaimh ar príomh-fheidhmeannach an údaráis, bhéadh sé mar choinníol acu go gcaithfeadh an té a cheapfaí bheith in ann Gaeilge a labhairt. An t-Aire a cheapfadh cathaoirleach ar an údarás gan Ghaeilge, go bhfóire Dia air nuair a sheasfadh sé suas sa Dáil an lá ina dhiaidh.

Céard faoi fhoireann oibre an údaráis?

Pléimse i gcónái le foireann oibre an údaráis i nGaeilge.

De réir mar a sheasann an príomh-Acht, d'fhéadfadh sé tarlú go mbéadh duine ar an bhfoireann nach mbéadh an Ghaeilge aige nó aici.

D'fhéadfadh sé tarlú agus b'fhéidir gur tharla ach ag an bpointe seo tá siad ag sárú an phríomh-Achta ó thús go deireadh nuair is cur chun cinn na Gaeilge cúram an údaráis agus an té atá ag ceapadh foirne. Mar sin tá an dualgas sin leagtha orthu cheana féin san Acht ach níl sé leagtha in aon Acht ar an IDA agus Enterprise Ireland. Tá coinne ghinearálta ar an údarás seo a dhéanamh. Mar sin d'fhéádfaidís faillí a dhéanamh ó thaobh na ceiste agus daoine a chur ar an gcoiste meastóireachta gan Gaeilge. Leis sin a chosc a cuireadh seo isteach.

Glacfaidh mé leis an méid a dúirt an tAire Stáit.

Bíonn sé deacair gach duine a bheith líofa.

Beidh an tAire ag machnamh air nuair a bheidh an príomh-Bhille a thabhairt faoi bhráid na Dála.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Aontaíodh alt a 8 mar a leasaiodh.

ALT 9.

Tá gaol idir leasuithe 23a, 23b, 23c, 23d. Glacfar le chéile iad le haontú.

Tairgim leasú a 23a:

I leathanach 15, ar líne 5, "Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin" a scriosadh agus "Príomh-Fheidhmeannach" a chur ina ionad.

Aontaíodh an leasú.

Tairgim leasú a 23b:

I leathanach 15, ar línte 6 go 7, "Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin" a scriosadh agus "Príomh-Fheidhmeannach" a chur ina ionad.

Aontaíodh an leasú.

Tairgim leasú a 23c:

I leathanach 15, ar líne 8, "Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin" a scriosadh agus "Príomh-Fheidhmeannach" a chur ina ionad.

Aontaíodh an leasú.

Tairgim leasú a 23d:

I leathanach 15, ar líne 12, "Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin" a scriosadh agus "Príomh-Fheidhmeannach" a chur ina ionad.

Aontaíodh an leasú.

Aontaíodh alt a 9 mar a leasaíodh.

ALT 10.

Tairgim leasú a 23e:

I leathanach 15, ar líne 21, "Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin" a scriosadh agus "Príomh-Fheidhmeannach" a chur ina ionad.

Aontaíodh an leasú.

Tairgím leasú a 24:

I leathanach 15, línte 41 agus 42 a scriosadh.

Cuireann alt 10(4) imní orm de réir mar atá sé á léamh agam. "Féadfaidh an tÚdarás aon tráth aon chomhalta d'fhoireann an Údaráis a chur as oifig mar chomhalta dá fhoireann.". Ní tharlaíonn sin in aon áit. Más rud é go bhfuil duine á bhriseadh as a phost ba cheart go ndéanfaí sin de réir scéime a bhéadh aontaithe idir na ceardcumainn agus an údarás.

Is gnáth rud é seo. Baineann sé le gach rud ginearálta maidir le cearta fostaíochta sa Stáit seo. Chomh maith leis sin, ó thráth go chéile, bíonn socruithe inmhéanacha idir an cheardchumann agus an t-údarás. Tá na ceardchumainn láidir san údarás. Tá cosaint an-mhaith ag na hoibrithe ach chaithfeadh an chumhacht ghinearalta a bheith ann go bhféadfaí duine a bhriseadh. Chaithfí feidmhiú taobh istigh de na gnáthrialacha. Ní dócha go bhfuil aon chontúirt sa rud seo ach bhéadh an-chontúirt ann mura mbéadh a leithéid ann. Tá sé sa tsean Acht.

Glacaim go gcaithfí an chumhacht a bheith má tá an tAire Stáit a rá liom nach gcuirfeadh sin isteach ar aon aontú a bhéadh idir na ceardcumainn agus an t-údarás.

Tá an rud seo san Acht ó 1979.

Ní chuireann sé aon chosc ansin?

Níl aon athrú ar an scéal. Ní hé gur smaoinigh mé ar bhealach éigin le fáil réidh le foireann an údaráis i lár na hoíche. Tá sé sa tsean-Acht ach go bhfuil an rud seo ar fad á athscríobh suas chun data. Bhí muid ag plé seo cheana. Sa mBille seo tá cothromú ó thaobh gnéise, ní dhéanfaidh sé mórán difríocht go praiticiúil ach tá sé thar a bheith tábhachtach ó thaobh chomharthaí a thabhairt. Bhí roinnt altanna a d'athríodh chun sin a chur i gceart.

Ar cuireadh as oifig comhalta an údaráis ar bith?

Cuireadh príomh-fheidhmeannach as.

Sea, blianta fada ó shin. Nach bhfuil sé iontach deacair é a dhéanamh?

Tá sé. Níor mhaith liom é a thriail mura mbéadh cúis an-mhaith ann.

Seachas an príomhfheidhmeannach, ar cuireadh comhalta ar bith eile as oifig?

Níl a fhios agam ach níor chuala mé riamh gur cuireadh. Tré chéile tá cúrsaí caidrimh tionsclaíochta an-eagraithe taobh istigh den údarás agus is maith mar sin é. Tá bunáite ag foireann an údaráis, i gceardchumainn s'acusan, ar an mbainistíocht ar fad.

Tarraingíodh an leasú siar faoi chead.

Aontaíodh alt 10 mar a leasaíodh.

ALT NUA.

Tá leasuithe a 25 agus a 26 ag brath ar a chéile. Glacfar le chéile iad le haontú.

Tairgím leasú a 25:

I leathanach 17, roimh alt 11, an t-alt nua seo a leanas a chur isteach:

"11.—Leasaítear leis seo an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997, trí 'Údarás na Gaeltachta' a chur isteach i ndiaidh' an tSaotharlann Stáit' sa Chéad Sceideal.".

Tá na leasuithe seo sofheicthe — go mbainfeadh an tAcht um Shaoráil Faisnéise agus Acht an Ombudsman, 1980, le hÚdarás na Gaeltachta.

Ó tharla go mbaineann an dá Acht sin leis an oiread sin eagraíochtaí Stáit, níl cúis a bheith in aghaidh na leasuithe seo. An t-aon fhadhb atá ann ná gurb é an t-aon bhealach leis sin a thabhairt i gcrích ná dul ar ais chuig an dá Acht a luadh agus iad sin a leasú agus iad seo a chur leo.

An bhfuil an tAire sásta sin a dhéanamh?

Níl aon fhadhb agam ach ní fúmsa a bhéadh sé a dhéanamh. Dá mhéid eolais a tugann tú is é is lú ceisteanna a chuirtear ort.

Níl sé de chumhacht ag an Aire Stáit na leasuithe a ghlacadh, an é sin atá á rá?

Mar a thuigim an scéal, níl aon chumhacht agam mar bheinn ag leasú Achta eile de chuid an Oireachtais. Chaithfeadh an Teachta sin a chur a síos mar leasú ar an dá Acht atá i gceist.

Níl sé in ord.

Sí an chomhairle a fuair mé ó dhlíodóir, go bhfuil sé in ord. Níor cuireadh as ord iad go dtí seo.

Breathnóidh mé ar an gceist ach bhéadh sé i bhfad níos fearr dá mbéadh na heagraíochtaí ar fad lena mbaineann an dá Acht sin luaite sna bun Achtanna seachas go gcaithfeadh daoine dul ag tóraiocht in áiteanna eile. Níl mé ag iarraidh seo a sheachaint mar is maith an rud atá i gceist anseo. B'fhéidir go bhfuil sé in am dul ar ais chuig an dá Acht agus déanamh cinnte go bhfuil cuid mhaith eile de na heagraíochtaí den chineál seo curtha isteach sa dá Acht seo. Bhéadh sé níos néata liosta a dhéanamh de na heagraíochtaí Stáit nach bhfuil faoin dá Acht agus iad a leasú mar sin in aon iarracht amháin. Má thosaímid ag leasú, beidh iomlán reachtaícoht i gceist. De réir mo chomhairle féin ní féidir liom sin a dhéanamh. Déanfaidh mé macnamh orthu don chéad lá eile.

Gheobhaidh an tAire comhairle dlí.

Deirtear liom anois nach bhfuil seo ar mo chumas ach ag an am gcéanna níl sé as ord.

Tá mé sásta leis sin. Tarraingeoidh mé siar na leasuithe agus beidh seans ag an Aire machnamh a dhéanamh.

I bprionsobal glacaim leis an bpointe atá an Teachta ag iarraidh a dhéanamh agus níl aon rud ina n-aghaidh.

Tarraingaíodh an leasú faoi chead.

Níor tairgeadh leasú a 26.

ALT 11.

Tairgim leasú a 26a:

I leathanach 17, línte 10 go 13 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad:

"(b) comhalta d'fhoireann an Údaráis,

(c) sainchomhairleoir nó comhairleoir a bheidh fostaithe ag an Údarás nó fostaí de chuid sainchomhairleora nó comhairleora den sórt sin, nó

(d) duine a bheidh fostaithe ag an Údarás in aon cháil eile.".

Tá seo ag feabhsú ar leasuithe. Tá sé ag leathnú an dreama atá freagrach.

Aontaíodh an leasú.

Aontaíodh alt 11 mar a leasaíodh.

ALT 12.

Tairgeadh an cheist: "Go seasann alt 12 mar chuid den Bhille."

Leis an Acht seo, tá forálacha cuimsitheacha nua maidir le nochtadh leasuithe ag comhaltaí, ag foireann an údaráis, ag sainchomhairleoirí agus ag comhairleoirí a fhostaíonn an t-údarás a chur isteach sa bpríomh-Acht. In áit na bhforálacha, tá mír 8 don Chéad Sceideal a ghabhann leis an bhríomh-Acht. Leagann fo-alt 7 síos gur coir é gan leas a nochtadh agus gurb é an píonós sa chás fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí nó idir aon.

Is gá níos mó béime a chur ar nochtadh leasanna ag comhaltaí srl. agus tograí á bplé agus á gceadú. Mar sin, tá aird déanta ar na forálacha sa bpríomh-Acht. Tá daingniú a dhéanamh maidir le nochtadh leasanna le go gcaithfidh daoine bheith níos oscailte má tá leas acu.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

ALT 13.

Tairgeadh an cheist: "Go seasann alt 13 mar chuid den Bhille."

Deighleann alt 13 le forálacha nua maidir le comhaltas chomhalta an údaráis i gceachtar Teach den Oireachtas nó i bPairlimint na hEorpa a chur isteach sa bpríomh-Acht in áit ná bhforálacha atá in alt 16 den bpríomh-Acht.

Ós rud é go bhfuil an Rialtas chun Bille a thabhairt isteach sa Dáil ó thaobh an Roinn Comhshaoil agus Rialtas Áitiúil nach mbeidh cead ag Teachta Dála nó Seanadóir freastal ar chomhairle condae as seo amach, an bhfuil an rud céana ag baint leis an údarás? Tá sé curtha isteach anseo nach féidir bheith tofa mar bhall den údarás agus a bheith mar Bhall Oireachtais.

Níl. Foireann an údaráis atá i gceist in alt 13.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

ALT NUA.

Tá baint idir leasú a 27 agus leasú 28 agus glacfar le chéile iad. Tá sin aontaithe.

Tairgim leasú a 27:

I leathanach 23, an t-alt nua seo a leanas a chur isteach roimh alt 14:

"14.—Leasaítear leis aeo alt 19 den Phríomh-Acht trid an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

'(2A) Déanfaidh an tÚdarás, gach cúig bliana nó ar dháta nach bhfuil níos déanaí ná cibé dáta a cheapfaidh an tAire tuarascáil a chur faoi bhráid an Aire, i dtaobh a rathúlachta i gcaitheamh na gcúig bliana roimhe sin maidir le caomhnú agus leathnú úsáid na Gaeilge mar an príomhmhéan cumarsáide sa Ghaeltacht de réir alt 8 den Acht seo a chur chun cinn agus maidir leis na himpleachtaí a ghabhann le beartais an Rialtais i gcoitinne le cóimheá theanga reatha sa Ghaeltacht agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.'.".

Tá an leasú seo sothuigthe. Beidh tuarascáil á chur ar fáil ag an údarás don Aire gach cúig bhliain, nó roimhe sin má bheidh sin ag teastáil ón Aire, le fáil amach caidé mar atá ag éirí leis an údarás i gcúrsaí teanga agus go cuirfidh an tAire an tuarascáil sin os comhair an Oireachtais.

Tá fadhb i bhfad níos leithne anseo againn, ní hamháin don ngaeltacht ach don tír ar fad. Ní hé an t-Aire Stáit a chaithfeadh cinneadh a dhéanamh ag deireadh an lae. Tógann sé i gceist chaighdeán múinteoireachta na Gaeilge ar fud na tíre. Mar thír idirnaisiúnta tá an-bhéim curtha ar theangacha idirnaisíunta. Bíonn daltaí scoile ag staidéar na Gaeilge go ceann dhá bhliain déag agus ag deireadh an ama sin ní bhíonn ach beagán Gaeilge acu. Tá mé buartha faoi sin. Ba chóir go mbéadh plean leagtha amach ag an údarás chun tuilleadh béime a chur ar chúrsaí teanga agus cultúir sa dóigh is go mbéadh a fhios ag an Aire cén sórt stadas atá ar láidreacht na Gaeilge mar theanga labhartha sna Gaeltachtaí. Bhéadh sé suimiúil staidéar a dhéanamh air seo. Tá an-bhrú ag teacht ar an teanga. Níl a fhios agam an mbéadh plean mar seo ina chabhrú don Ghaeilge ach seans go gcuirfeadh sé níos mó béime ar an teanga mar theanga labhartha. Ansin bhéadh a fhios ag an Aire cén sórt stadas a bhaineann leis an nGaeilge ag am ar bith.

Glacaim leis an rud atá na Daltaí ag iarraidh a bhaint amach ach ní aontaím go hiomlán leis an gcur chuige. Ceist i bhfad níos leithne ceist an teanga san nGaeltacht ná ceist don údarás amháin. Dá mbá rud é gur chuireamar tuarascáil cúig bliana isteach san Acht, ní bhéadh fadhb ar bith acu sin a chur ar fáil. Caithfidh an Roinn agus na hAirí a bheith i bhfad níos gníomhaí i dtaobh na ceiste seo agus mar sin b'fhearr liom titim siar ar an gcumhacht atá ag an Aire faoi alt 20A (1) — gur féidir leis ord ar bith is mian leis a thabhairt ag am ar bith is mian leis ach iad a chur faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais.

Casaim go rialta leis an údarás agus dá gceapfainn ag aon am nach raibh an t-údarás ag déanamh rud tábhachtach, ní bhéadh leisc ar bith orm ord a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais. Sin ceann de na fáthanna go bhfuil mé an-mhór ar shon go mbeidh an chumhacht ag an Aire féacháint chuige go mbeidh an saoirse ag an údarás dul ar aghaidh lena ghnó, ach go mbeidh an tAire freagrach má cheapann sé go bhfuil faillí á dhéanamh i ní ar bith fíor-thábhachtacht, go mórmhór ceist na Gaeilge. B'fhearr liom go bhfágfaí mar sin é. A fhad is go mbeidh mé ann, ní bheidh leisce ar bith orm é a úsáid más gá. Tá mé ag plé ceist na teanga go ginearálta agus b'fhearr dá bhféadfainn an rud ar fad a thabhairt le chéile seachas iad siúd a bheith cruinnithe le dáta nach bhfeilfeadh do mórphleán eile a bhéadh a réiteach. Tá iomarca den "straight jacket" i gceist leis an moladh. Glacaim le tuairimíocht an mholaidh, áfach.

Déanfaidh mé machnamh ar ghné amháin den rud seo. Tá sé intuigthe go hiomlán gur féidir ord a thabhairt faoin teanga. Is féidir leis an Aire ord a thabhairt faoi rud ar bith eile a shocróidh sé a fhad is go bhfuil sé ginearálta agus nach mbainfidh sé le togra ar bith. Ní thig liom a rá go gcaithfear togra X a chur isteach do Chorr na Móna nó do Thuar Mac Éidigh nó do áit ar bith eile. Smaoineoidh mé idir seo agus an chéad lá eile ar cheart tagairt faoi leith a dhéanamh do orduithe a bhaineann leis an teanga. Tiocfaidh mé ar ais ar Chéim na Tuarascála faoi sin.

Tá croí an Aire Stáit san áit cheart agus ní bheidh sé ina Aire Stáit ach go ceann tamaillín. Sin an fáth gur chuir na comhaltaí an leasú sin isteach.

Tuigim gach rud atá siad ag iarraidh a dhéanamh. An t-aon rud go bhfuil mé amhrasach faoi ná nuair a bhí mé i mo bhainisteoir comharchumainn agus mar oibrí pobail ar choistí phobail, tháinig ré na dtuairiscí agus na bpleananna isteach agus dúirt mé go minic go bhféadfaí plean a réiteach a shásódh dream riarachána ar bith nó tuarascáil a chur ar fáil a déarfadh rud ar bith a theastódh ó dream riaracháin agus go mbéadh sé an-deacair cur ina choinne ach nárbh ionann sin is a rá go raibh an rud á dhéanamh nó an fhadhb a bhíothas ag iarriadh díriú uirthi á réiteach. Mar sin, glacaim go hiomlán leis an rud atá tú a rá ach ba mhaith liom smaoineamh ar bhealach seachas tuarascálacha cúig bhliana. Bhéadh an iomarca saoirse ansin acu idir chúig bhliain. Tiocfaidh mé ar ais ar Chéim na Tuarascála.

An bhfuil treo ann san SMI? Tá tuarascáil bhliaintiúil ann.

Bíonn sin ann agus bíonn tuarascáil bhliaintúil ag an Roinn agus eile. Lig dom machnamh air seo agus tiocfaidh mé ar ais ar Cheim na Tuarascála. B'fhéidir gur cheart áit éigin anseo, ar a laghad, an teanga a bheith luaite go soléir.

I ndeireadh na dála, má bhíonn cúrsaí ag dul i laige sa nGaeltacht, teastaíonn uainne go mbéadh sin faoi bhráid an Oireachtais.

Caithfidh aon ord ginearálta dhul faoi bhráid an Oireachtais.

Tá mé sásta fanacht go dtí Céim na Tuarascála.

Tarraingaíodh an leasú faoi chead.

Níor tairgeadh leasú a 28.

ALT 14.

Tá baint ag leasú a 30 le leasú a 29. Glacfar le chéile iad le haontú.

Tairgím leasú a 29:

I leathanach 23, idir línte 27 agus 28, an méid seo a leanas a chur isteach:

"(e) an tÚdarás d'fheidhmiú a fheidhmeanna maidir le pleanáil teanga sa Ghaeltacht.".

Baineann seo leis na horduithe i scríbhinn gur féidir leis an Aire a chur chuig an údarás agus go mbeidh sé de dhualgas ar an údarás na horduithe sin a chomhlíonadh. Deirtear in alt 14(5):

Féadfaidh an tAire cibé ordacháin i scríbhinn is cuí leis an Aire a thabhairt don údarás maidir le gach ní nó le haon ní díobh seo a leanas:

(a) an tÚdarás to thabhú caiteachas i gcomhlíonadh a fheidhmeanna,

(b) an tÚdarás do thabhairt cúnamh airgid faoi alt 10,

(c) an tÚdarás do dhiúscairt talún, foirgneamh, áitreabh nó gléasra,

(d) an tÚdarás do dhíol scaireanna i gcomhlach corpraithe.

Teastaíonn uaim go gcuirfear fó-alt eile leis an liosta: "(e) an t-Údarás d'fheidhmiú a fheidhmeanna maidir le pleanáil teanga sa Ghaeltacht.". Tá mé ag filleadh chuig an cheist chéanna.

Ní gá na rudaí atá luaite in alt 14(5) a chur faoi bhráid an Oireachtais mar bíonn rudaí mar sin a dhéanamh ó bunaíodh an t-údarás. Nuair a tugtar ordacháin faoi alt 14(5) ní gá iad a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais. Nuair a thiocfadh mé ar ais ar Chéim na Tuarascála caithfidh mé cinneadh a dhéanamh. Má chuirtear isteach faoi alt 20A(1) — má tugtar an t-ordú faoi sin — caithfidh sé dhul faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Má chuirtear an chumhacht isteach faoi alt 20A(5), beidh mé in ann an t-ord a thabhairt agus ní bheidh air dhul faoi bhráid an Oireachtais. Cuirfidh mé isteach í i gceann nó i gceann eile ach caithfimid smaoineamh idir an dá linn an ceart, má dhéanann an tAire é, go gcaithfear a chur faoi bhráid an Oireachtais nó nach gcaithfear.

D'fhéadaí a rá go mbéadh sé níos éasca an t-ord a thabhairt faoi 20A(5) sa dóigh is nach gcaithfí dul os comhair an Oireachtais ach d'fhéadfaí argóint eile a chur ina choinne sin ná gur mó an gradam agus an sollúntacht a bhaineann le hord a dhéanamh go hoifigiúil ar an mbealach sin — é a chur faoi bhráid Thithe and Oireachtais. Déanfaimid machnamh air sin ach beidh sé in áit amháin ná in áit eile, ní féidir é a bheith sa dá áit.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Níor tairgeadh leasú a 30.

Aontaíodh alt a 14.

ALT NUA.

Tá baint idir leasú a 33 agus leasú a 31. Glacfar le chéile iad le haontú.

Tairgím leasú a 31:

I leathanach 23, roimh alt 15, an t-alt nua seo a leanas a chur isteach:

"15.—Le héifeacht ón 1ú lá d'Eanáir, 2000, cuirfear an méid seo a leanas in ionad alt 28(1) den Phríomh-Acht—

'(1) Déanfar toghcháin ar cibé dáta a chinnfear le hordú ón Aire le linn an 30 lá roimh chothromdháta cúig bliana an dáta a ndearnadh roimhe sin iad agus an cothromdháta sin san áireamh.'.".

Sé cúis na leasuithe seo ná go mbeidh toghchán don údarás ann taobh istigh de chúig bhliain ón toghchán deireanach. Níl mé sásta leis an Acht a ritheadh níos luaithe sa bhliain, sé sin, go bhféadfadh an toghchán a bheith ann idir ceithre bhliain agus cúig bhliain go leith ón toghchán deireanach. Teastaíonn uaim a chur ina áit go gcaithfidh an toghchán bheith ann taobh istigh de chúig bhliain ón toghchán deireanach.

Smaoineamh praiticiúil atá sa leasú a mholaimse. Níl mé chun raic a dhéanamh faoi. De réir an Phríomh-Achta, ba chóir go mbéadh na toghcháin ar siúl taobh istigh de chúig bhliain agus sé mhí. Fágann sin go gcaithfeadh toghchán na bliana seo bheith ar siúl roimh deireadh an chéad seachtaine de mhí na Nollag. Chuir mé an leasú seo isteach mar tá an-bhrú ann go gcuirfí siar na toghcháin go dtí an bhliain nua.

Tá a fhios againn uilig go mbeidh fóthoghchán ar siúl i mBaile Átha Cliath ag deireadh na míosa agus ní hé an rud céanna é bheith ag dul thart ar lorg vótaí sa Coombe ná i Pimlico agus bheith á lorg i nGaoth Dobhair nó áit ar bith mar sin. Tá a fhios ag an Aire caidé tá i gceist. Nuair a chuirtear ceist ar bhaill an údaráis ar mhiste leo go mbeadh an toghchán ar siúl i mbliana, deir siad é a chur siar. Ba mhian leo nach mbéadh toghchán ann mar gheall ar fáthanna praiticiúil. Tá sé ráite ag an Aire, áfach, gur chóir go mbéadh lá dóibh féin ag muintir na Gaeltachta an toghchán seo a bheith acu. Tarlaíonn olltoghcháin in achan aimsir agus mar sin caithfimid uilig bheith reidh an t-am ar fad. Tá sé i gceist ag baill an údaráis go gcuirfí seo siar go dtí am nuair a bhéadh an aimsir níos fearr agus a bhéadh an lá níos faide sa dóigh is go mbéadh sé níos fusa dhul thart ar an nGaeltacht ar lorg votaí.

Aontaím leis an méid atá raite ag an Teachta Ó Cionnigh agus sé dearcadh an Aire féin fosta gur cheart go mbéadh toghchán Údarás na Gaeltachta ar lá ar leith mar go n-éiríonn lá mar sin aird phobal na Gaeltachta ar an údarás mar eagraíocht agus ar thábhacht an údaráis dóibh féin. Bhí toghchán don údarás agus toghchán eile ar lá céana san am a chuaigh thart agus bhí daoine ag teacht amach as na botháin votála agus páipéar votaíochta an údaráis leo agus ag cur ceiste caidé a dhéanfaidís leis. Léiríonn sin go dtabharfadh lá ar leith seans dúinn díospóireacht a dhéanamh ar an údarás sna meáin cumarsáide.

Maidir le dáta an toghcháin, go dtí seo bhí sé inghlactha go mbéadh an toghchán ann achan cúig bliana. Níor chuir sin isteach nó amach orainn. Tá cúig bliana fada go leor do bhord nó eagraíocht ar bith; fiú sa Dáil caithfimid dhul roimh an phobail gach cúig bliana. Tuigim, áfach, go bhfuil rún rite ag bord an údaráis féin ag moladh go gcuirfí siar é, ar chuplá chúis, go dtí an samhradh seo chugainn nuair a bheidh an aimsir níos fearr. Bhí an Teachta Ó Cionnigh ag míniú na deacrachtaí a bhéadh ann agus duine ag stocaireacht votaí i Mhaigh Eo ach dá gcaithfeá dhul go Oileán Thoraigh nó go hInis Bó Finne, nach bhfuil fiú cé ann bhéadh sé níos measa go fóill. Seo barúil an bhoird féin agus ba cheart éisteacht leo sula ndéanann an tAire cinneadh de chineál ar bith.

Tá rud amháin fíor — má bhíonn an toghchán nuair a bhíonn an lá níos faide bíonn an uimhir a théann amach a votáil i bhfad níos airde ná i lár an gheimhridh.

Tá na leasuithe seo spéisiúil. Tá an Teachta Ó Sé a rá nach mbéadh na toghcháin níos faide ná cúig bliana óna chéile agus tuigim sin. Caithfimid cuimhniú gurb é atáimid a dhéanamh anseo ná leasú an phríomh-Achta go buan go dtí go n-áirítear arís é. Leis an rud a deir an Teachta o Cionnigh agus an Teachta Mac Fionnlaoich, bhéadh siad suas le sé bliana óna chéile. Tuigim céard atá le rá acu — bíodh an toghchán seo sé bliana ach gurb fhearr leo ina dhiaidh sin dhul ar ais go cúig bliana óna chéile ach ní mar sin atá an leasú scríofa. Tá an leasú scríofa i mbealach atá mé ag rá.

Maidir le am feiliúnach do thoghchán agus cé is cirte éisteacht leis, tá baol áirithe don údarás tar éis an dá thuairim a nochtadh liomsa. Glacaim leis go raibh an rún ag bord den údaráis ach tá baill éagsúla tar éis tuairimí éagsúla a chur in iúl dom maidir le dáta an toghcháin. Tá mé in aghaidh an leasú. Bhéadh tionchar fadtéarmach air ar an scéal nach dtaitníonn liom, go mbeadh na toghcháin sé bliana óna chéile ag am gur thugamar isteach don Bhunreacht alt lena chuireamar deireadh leis an rud a bhí ag tarlú sna comhairlí condae — seal ocht mbliana idir toghchán, mar a tharla an uair dheireanach. Tá sé leagtha síos sa dlí go gcaithfidh olltoghchán Dála a bheith ann gach cúig bliana. Níor mhaith liom dul go sé bliana. Bíonn leithsciúlacht ar dhaoine toghcháin a tharraingt. Bhéadh brú ar Aire amach anseo dul an tréimhse iomlán.

Céard é an t-am ceart den bhliain? Déan dearmad ar lucht canbhasála agus ar polaiteoirí, ó thaobh an phobail de, b'fhearr leo deis a bheith acu breathnú ar an teilifís agus éisteacht leis na meáin; tá an gheimhreadh i bhfad níos fearr ó thaobh toghcháin don phobal mar bíonn siad sa bhaile, agus ní bhíonn le linn laethanta fada. Sin fadhb le toghchán samhraidh, agus níl le déanamh ach breathnú ar sceideal cláracha T na G agus RTE, níl a dháth ann sa samhradh, mar tuigeann siad nach bhfuil an pobal ag breathnú. Tá an-bhuntáiste ó thaobh na meáin fáil ar an bpobal dá mbéadh sé san ngeimhreadh.

D'fhéadfadh sé tarlú go mbéadh drochlá ann ar an lá. Tá mé sásta breathnú ar lá na votaí, áfach, mar go bhfuil go leor de phobal na Gaeltachta as baile, go mórmhór ar na hoileáin, agus deis a thabhairt dóibh dhul chun abhaile le votáil. Bhreathnóinn ar an Aoine nó fiú ar an Sathairn más féidir an chóiríocht a dhéanamh chuige. Ní chuirfinn as an áireamh é i bprionsobal.

Dá gcuirfinn an toghchán siar go dtí an t-earrach seo chugainn, agus níorbh fhiú é a chur siar ar chóir ar bith mura gcuirtear siar go mí Aibreáin nó Bealtaine seo chugainn, bhéadg feachtas cúig mhí le troid ag na polaiteoirí a bhéadh ag seasamh sa toghchán. Sin an réaltacht mar tá a fhios ag chuile dhuine go bhfuil sé ag teacht. Ní fheilfeadh sin do pholaiteoirí — b'fhearr liom féin feachtas gearr seachas ceann an-fhadálach ar fad.

Ní chuideodh sé le obair bhord an údaráis. Bhéadh cuimse brú ón lá seo go dtí lá an toghcháin dá mba rud é gur chuir mé siar é maidir le tograí mar bhéadh iarrthóirí ag cogar mogar ag brú rudaí go ceann sé mhí. Mar sin tar éis an-mhachnaimh a dhéanamh air maidir leis an todhchaí fadtéarmach agus gearrthéarmach, creidim go luíonn an buntáiste le dul ar aghaidh leis. Tá an pobal agus baill an údaráis sásta leis na fáthanna a thug mé ar cad chuige nach raibh mé sásta seo a ghlacadh. Tá glacadh ginearálta ann go mbeidh na toghcháin ann ag deireadh mí na Samhna nó tús mí na Nollag ach roimh 8 Nollaig. Sílim féin anois go bhfuil mí-fhoghid chun oibre ag teacht ar dhaoine agus go mb'fhearr leo go ginearálta anois go dtiocfaí ar aghaidh leis agus go mbéadh na toghcháin ann. Mar sin, níl sé i gceist agam glacadh le ceachtar den dá leasú.

Cad chuige nach raibh na toghcháin ann i mbliana nuair a bhí seans ag an Aire Stáit gan an tAch leasaithe a thabhairt isteach gan a bheith ag deighleáil leis seo ag an bpointe seo?

Dá mbéadh na toghcháin ann i mbliana agus seachtar á dtoghadh mar a bhí sa tsean bhealach chaithfimis fanacht cúig bliana eile sula bhféadfaimis ionadaíocht a thabhairt don Mhí, an dara duine a thabhairt do Mhaigheo, an tríú agus an ceathrú duine a thabhairt do Thír Chonaill agus mar sin de. Mar sin, má bhí i gceist agam bord a thoghadh ar an dóigh nua chaithfinn fanacht go dtí go mbéadh seo in a dhlí. Is cuimhin liom, aisteach go leor, nuair a tháinig an chéad Bhille gearr isteach ag cur na dtoghchán siar, go raibh daoine ag rá sna meáin agus in áiteanna eile gurb í an fhadhb a bhí ann ná nach raibh mé in ann an reachtaíocht seo a chur tríd an Rialtas — rud nach raibh fíor, fadhbanna teicniúla ar fad a bhí ann mar gheall ar an bhforas tras-teorann agus brú oibre. Bhí sé á rá acu go raibh faitíos orm na toghcháin seo a chur ar bun. Anois nuair atáim sásta iad a chur ar bun tá siad ag iarraidh orm iad a chur siar arís. Tá sé deacair gach uile dhuine a shásamh. Tuigimid uilig é sin. Sílim féin anois gurb iad an dream a bheidh tofa ná an dream de réir an Achta seo leis an ionadaíocht breise agus go dtiocfaimid ar aghaidh agus an beart a dhéanamh anois seachas é a chur ar an mhéar fhada.

Sé an rud atá á rá ag an Aire Stáit, os rud é gur thug an Rialtas cead dó an Bille nua a thabhairt isteach agus na toghcháin a chur ar siúl, nár chuir siad an oiread béime nó an oiread priority ar na toghcháin agus go mbéadh sé de chead aige an Bille a thabhairt isteach níos luaithe sa bhliain.

Ní hé sin an rud a tharla. Bhí i gceist an rud seo a bheith achtaithe ach tharla rud eile gan coinne. Ní bhriseann sé mo chroíse ar chor ar bith go pearsanta nach raibh na toghcháin don Údarás ar lá thoghcháin na hEorpa agus na dtoghchán áitiúla. B'fhearr liomsa go mbeidís ann astu féin. Ach sé an fáth nach raibh siad ar siúl an uair sin, roimh nó ar an lá céanna leis na toghcháin áitiúla nó díreach ina ndiaidh — ach ní fhéadfaidís a bheith ina ndiaidh nó ar an lá céanna gan leasú Achta — ná gur tháinig an Bille maidir leis an bhforas thua-theas. Níor bhain sé sin leis an Rialtas amháin ach leis an staid náisiúnta — rud mór milteach a bhí ag tarlú don náisiún seo uilig. Thóg sé sin tosaíocht ar rud ar bith eile. Is cuid de scéal i bhfad níos mó ná éinne sa seomra seo a bhí sa scéal sin. Faraor géar, tar éis an rud ar fad a achtú, níor tharla sé fós, ach ní raibh éinne ag ceapadh sin ag an am. Bhí brú damanta faoi seo agus is foireann an-bheag sa Roinn atá ag plé leis an reachtaíocht seo ar fad. Tuigeann an Cathaoirleach é seo.

An bhfuil dáta socraithe?

Ní féidir liomsa dáta a shocrú. An freaga oifigiúil ar sin ná nach féidir dáta a shocrú go dtí go mbeidh sé seo ina dhlí agus na hordaithe toghcháin ceadaithe nó curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Ach is féidir glacadh leis nach mbeidh sé tráth níos túisce ná lár mhí na Samhna agus nach mbeidh sé níos deireannaí ná 8 Nollaig. Mar atá ráite agam cheana ní fhágann sé sin ach rogha de thrí nó ceithre laetheannta againn.

Ní gá dom a thuilleadh a rá.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diultú dó.

Tairgim leasú a 32:

I leathanach 23, roimh alt 15, an t-alt nua seo a leanas a chur isteach:

"15.—Déanfar an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 28(1) den Phríomh-Acht—

'(1B) Scoirfidh rialacháin maidir le vótaíocht faoin alt seo arna ndéanamh faoi alt 33 d'éifeacht a bheith leo agus beidh feidhm ag an dlí a bhaineann le toghcháin Dála maidir le toghchán faoin Acht seo fara aon mhodhnuithe is gá agus fara cibé modhnuithe eile a fhorordaítear i reachtaíocht phríomha.'.".

Séard atá i gceist agam anseo ná go mbéadh na rialacha a bhaineann le toghcháin an údaráis leagtha síos in Acht Parlaiminte seachas go mbéadh sé de chead ag an Aire na rialacha a thógaint isteach. Os rud é gur cheart go mbéadh na coinníollacha a bhaineann le holltoghcháin leagtha síos in Acht Parlaiminte cén fáth nach mbéadh sé mar an gcéanna don údarás?

Séard atá i gceist ná go n-eagraítear toghcháin an údaráis faoi na rialacha céanna is atá i gceist maidir leis na toghcháin áitiúla.

Tá go maith.

Sin atá i gceist agus ní féidir liom glacadh leis an leasú. Bhí an Teachta ag moladh go n-eagrófaí iad ar an mbonn céanna leis na toghcháin Dála. Is fearr cloí leis na toghcháin aitiúla agus sin mar a déantar ar iad.

Sin mar a bheidh? Ní bheidh aon athrú ar sin?

Ní bheidh aon athrú ar sin.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Níor tairgeadh leasu a 33

ALT 15.

Tairgim leasú a 34:

I leathanach 25, ar líne 25,"; Ar choinníoll, i gcás ina dtoghfaidh toghlach níos mó ná comhalta amháin, go ndéanfar socrú le rialacháin faoin gCuid seo maidir le heagrú an toghcháin sa toghlach sin lena chinntiú go mbeidh cóimheá inscne ann trí dhá fhophainéal a eagrú óna ndéanfar lion comhionann fear agus ban a thoghadh" a chur isteach i ndiaidh "amháin".

Séard atá i gceist agam anseo ná cóimheá inscne a bheith ann don údarás agus go mórmhór nuair a bhíonn na toghcháin ar siúl. In aon toghchán in a mbíonn níos mó ná duine amháin á thoghadh, molaim go mbéadh dhá fhophainéall ann ar a mbeidh fir ar painéal amháin agus mná ar an bpainéal eile. Ba mhaith liom a fháil amach cad é an tuairim atá ag an Aire Stáit ar an leasú seo.

Ba mhaith liomsa labhairt i gcoinne an leasú seo mar ceapaim go bhféadfaí leatrom a dhéanamh ar na mná. Dá dtarlódh sé go raibh seisear ban ag seasamh agus beirt fhear, mar shampla, ní fhéadfaí ach, b'fhéidir, bean amháin a thoghadh agus fear amháin. Ní chabhródh sé sin le cóimheá inscne ar an mbord iomlán mar d'fhéadfaí, in áit nach raibh ach duine amháin le toghadh, go mbéadh fear tofa. Bhéadh sé níos fearr ar an iomlán go mbéadh comheá inscne le feiscint ar an mbord seachas an leatrom seo a dhéanamh i gcoinne na mban i gceantar ar leith.

An rud a ritheann liomsa ná cé tá chun an scrúdú a dhéanamh féachaint cé acu na mná agus cé acu na fir, leis an saol atá ann i láthair na huaire. Le bheith iomlán dáiríre faoin gceist, caithfidh mé an fhírinne a insint. Ní aontaím leis go bunúsach. Fág faoin bpobal é. Tá rud amháin atá mé in ann a gheallúint don Teachta. Má scrúdaíonn sé na figiúirí, gheobhaidh sé amach go bhfuil níos mó ban, chuile sheans, i ngach uile Ghaeltacht ná mar atá fir. Tá gach seans ann go maireann na mná níos faide agus creidim go bhfuil an cóimheá go mór i bhfábhar na mban. Tá céad faoin gcéad muiníne agam as fir is mná go dtoghfaidh siad na daoine is fearr . Is fearr liomsa dul i muinín na ndaoine, cuma an fir nó mná iad agus ní ceart go dtiocfadh inscne i gceist i gcás daoine a roghnú i dtoghchán ar bith mar seo. Níor mhaith liom go dtiocfadh sé riamh sa saol go mbéadh quota sa Dáil nó sa chomhairle chontae nó ar an údarás. Tá an pobal féin déanta suas 50-50. Tá beagáinín buntáiste i gcuid mhaith áiteanna ag mná ach tá mé sásta nach gcuireann sé sin aon dícháiliú ar na fir.

Tá sé soiléir nach mbeidh aon aontas idir mé féin agus an tAire Stáit agus an Teachta Hanafin ach an oiread. Tá fhios ag gach éinne ag an mbord seo nach mbeidh aon athrú mór ar líon na mban ar an mbord i mbliana agus tá mise ag brú an leasú seo.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go raibhthas tar éis diultú dó.

Aontaíodh alt a 15.

ALT 16.

Tairgeadh an cheist: "Go seasann alt a 16 mar chuid den mBille."

Leasaíonn alt a 16 alt 32 den Phríomh Acht a fhreastalann ar an athrú nach dtoghfaí i dtoghlaigh áirithe ach duine amháin chun an údaráis faoin struchtúr nua. Is tríáil fíor spéisiúil é seo mar seo an chéad toghchán go bhfios domsa go mbeidh duine amháin á thoghadh as cuid de na toghlaigh. Bhíothas ag caint faoi leasaithe toghchánaíochta agus seo ceann gur fiú a thríáil.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

ALT 17.

Tairgim leasú a 35:

I leathanach 27, mír (b)(i), línte 20 go 21 a scriosadh.

Rud spéisiúil agus rud ait atá anseo. Má ghearann cúirt téarma príosúntachta ar bhall den údarás beidh an ball sin curtha as ionadaíocht. Ach má ghearrtar téarma priosúntachta ar Bhall den Dáil caifhfidh an téarma sin a bheith níos mó ná sé mhí chun an Teachta Dála a chur as a phost. Cén fáth a bhfuil an tAire Stáit níos déine ar chomhaltaí an údaráis ná mar atá an Stát ar bhaill Dháil Éireann?

Níl mé chomh dian is atá chuile bord stáit eile ar a gcuid ball. Is foráil caighdeánach é seo a bhaineann le comhaltaí bord stáit agus ní fheicim aon chúis mhaith go mbéadh an bord seo eisceachtúil ó na boird eile. Ní dóigh liomsa ar chaoi ar bith go gcuirfí ball ar bith den údarás go deo na ndeor i bpriosún.

Ní cheapann an Stát go bhfuil sé riachtanach go mbéadh an coinníoll ann i dtaobh na dTeachtaí Dála.

Tá pointe déanta ag an Teachta. Breathnóidh mé ar cad iad na coinníollacha a bhaineann sa gcomhthéacs céanna le cur i bpriosún baill chomhairlí chontae agus tiocfaidh mé ar ais ar Chéim na Tuarascála.

Tá mé sásta leis sin.

Ó tharla gur polaiteoirí a bheidh sna daoine seo d'fhéadfadh sé tarlú go mbéadh duine á chur i bpriosún i ngeall ar rudaí a bhéadh déanta ar son na cúise go hiomlán. Tharla a leithéide sa tír seo. Níor mhaith liom go ndéanfaí iad a dhícháiliú agus is pointe an-bhunúsach é seo. Tiocfaidh mé ar Chéim na Tuarascála air seo.

Dá mbéadh comhalta den údarás dícháilithe toisc im-shocraíocht a dhéanamh lena chreidiúnaithe an bhfuil seans go ndéanfadh banc ar bith socrú ionas nach gcuirfi sin i gcrích?

Is rud caighdeánach é sin agus is téarma teicniúil atá i gceist ach má theastaíonn scrúdu tiocfaimid ar ais air an chéad lá eile. Ní rud é seo atá nua. Bhí sé sa tsean Acht. Ní raibh mé ag súil leis an gceist ón Teachta agus níor mhaith liom eolas míchruinn a thabhairt dó anois. Tiocfaimid ar ais go dtí an dá cheist sin.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Aontaíodh alt a 17.

ALT 18.

Tairgeadh an cheist: "Go seasann alt a 18 mar chuid den mBille."

Foráiltear le halt a 18 d'aisghairm ailt 10(3) agus alt 11 den Phríomh Acht agus mír 8 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh Acht.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

ALT 19.

Tairgim leasú a 36:

I leathanach 29, fo-alt (3), ar líne 26, "agus déanfar na hAchtanna sin, lena n-áirítear an tAcht seo, a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin" a chur isteach i ndiaidh "seo".

Pointe teicniúil atá anseo. De réir mar atá an Bille, d'fhéadfaí conspóid a bheith ann maidir leis an míniú a baintear an reachtaíocht, má chuirtear an dá Acht le chéile in aon gcomhthéacs amháin. Níl sé soiléir an mbéadh an príomh-Acht nó an tAcht nua chun tosú. It is not clear whether the principal Act or the amended Act will take precedence.

Ní gá an leasú seo a dhéanamh mar gach uile leasú atá san mBille seo, is sa téacs atá an leasú. Táimid ag leasú altanna. Mar a deirtear i mBéarla, "There is no need to amend section 19(3) of the Bill to provide for a construction clause as all amendments to the 1979 Act contained in the Bill are contextual ones.

Fuair mise comhairle freisin.

Gabhfaimid ar ais agus scrúdóimid é seo aris ar Chéim na Tuarascála. Rud teicniúil é agus má tá amhras ar bith ann cuirfimid an leasú isteach.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Aontaíodh alt a 19.

Aontaíodh an Teideal.

Tuairiscíodh an Bille le leasuithe.

Gabhaim buíochas leat, a Chathaoirligh. Bhí díospóireacht bríomhar ar an mBille agus gabhaim buíochas leis na comhaltaí agus leis na hoifigigh a bhí i láthair, idir oifigigh an choiste agus oifigigh na Roinne. Pléadh rudaí go mion. B'fhéidir go rabhmar beagáinín fadálach ag an tús ach bhí plé an-iomlán ar an mBille agus b'fhearr gur mar sin a bhéadh sé seachas rith tríd agus daoine ag cur ceisteanna orainn ina dhiaidh. Tá roinnt mhaith ceisteanna árdaithe agus caithfimid teacht ar ais le freagraí orthu ar Chéim na Tuarascála. Ba mhaith liom lucht an Fhreasúra agus na Teachtaí go ginearálta a mholadh as ucht na hoibre crua a chuir siad isteach sa Chéim seo den Bhille agus beimid ar ais le tuilleadh plé a dhéanamh air.

Cathain a bheidh Céim na Tuarascála ann?

Tá sé ar chlár na Dála le haghaidh an Mháirt seo chugainn. Ach tuigim go bhfuil chuile sheans anois go mbeidh sé ar an gCéadaoin ar a laghad sula dtiocfar chuige de bharr díospóireachta Dála eile atá ar bun. Ach tá sé curtha síos le haghaidh clár na Dála chomh luath agus is féidir an tseachtain seo chugainn, nuair a thiocfaidh deireadh leis an bplé eile ar chaoi ar bith.

Tiocfaidh sé isteach díreach in a dhiaidh sin?

De réir mar a thuigimse é, sin mar a bheidh sé.

Tá an cruinniú seo ar athló.

The Select Committee adjourned at 4 p.m.