Housing (Gaeltacht) Amendment Bill, 2000: Committee Stage.

Is mian liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit, An Teachta Ní Chochláin, agus a cuid oifigigh atá anseo inniu chun an Bille seo a scrúdú ag Céim an Choiste. Seo í mo chéad uair sa Chathaoir leis an Aire Stáit nua.

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh, as an méid a bhí le rá agat agus tá lúcháir orm a bheith anseo. Níl ach dhá leasú curtha síos mar sin is féidir linn dul tríd an mBille nó pé rud atá ag teastáil ó na Baill.

ALT 1.

Tairgeadh an cheist: "Go seasfadh alt 1 mar chuid den Bhille."

Is foráil chaighdeánach í an fhoráil mhíniúcháin seo. Leagtar amach san Alt seo na sainmhínithe ar na giorrúcháin atá in úsáid sa téacs don Aire agus do na hAchtanna Tithíochta roimhe seo.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

ALT 2.

Tairgeadh an cheist: "Go seasfadh alt 2 mar chuid den Bhille."

Tá na sainmhínithe mar a bhíodar sa Phríomh-Acht ach go bhfuil sainmhíniú ar "Aire" agus "Achtanna Tithíochta" tógtha suas go dáta.

Cad a chiallaíonn teaghlach? De réir mar a léighimse anseo, tá míniú an-leathan leis an bhfocal teaghlach. Mar shampla, má bhíonn duine ar lóistín i dteach, an duine den teaghlach an duine sin?

Níl i gceist ach daoine a bhfuil gnáthchónaí orthu ann.

Cad a chiallaíonn gnáthchónaí? D'fhéadfadh duine a bheith ina ghnáthchónaí in áit agus é ag íoc as lóistín.

D'fhéadfadh. Duine atá ina chónaí ann go fadtéarmach, nó rud éigin mar sin, sin an míniú atá air. Tá sé ag caint faoi dhaoine nach bhfuil pósta, daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht, in éineacht le teaghlach éigin, b'fhéidir. Long-term resident, mar a déirtear.

Agus lanúin atá ina gcónaí le chéile agus gan iad a bheith pósta.

Bheadh siad sin i gceist.

Tá an téarmaíocht beagáinín oscailte, mar sin féin.

An bhfuil sé ró-oscailte?

B'fhéidir go mbeadh an tAire Stáit sásta féachaint ar seo roimh an chéad Chéim eile.

Aontaím leis an Teachta Ó Sé. De ghnáth, bíonn gaol fola nó gaol cleamhnais i dteaghlach — gaol cleamhnais má tá siad pósta, gaol fola más mac nó iníon atá i gceist. Tá sé sin an-soiléir. Luann an Bille daoine nach an gaol sin eatarthu. Cad é an saghas duine atá ina chónaí i dteaghlach agus nach bhfuil gaol cleamhnais nó gaol fola aige leis na daoine eile. Tá sé sin doiléir agus caithfear é a shoiléiriú. Tá contradiction ansin. Tá gaol fola nó gaol cleamhnais i dteaghlach agus deir sé seo, cé acu atá nó nach bhfuil, agus mar sin tá míchinnteacht san alt sin.

Caithfidh athrú a dhéanamh ar sin.

Tá sé ró-oscailte.

Caithfidh Gaeilge a bheith acu ar aon nós. Nílimid ag caint ach faoin Bhille seo agus tá rialacha eile ann fosta, go mór mór go mbeadh Gaeilge ag na daoine atá ina gcónaí ann.

Is féidir liom an cheist a chíoradh níos fearr trí shampla a thabhairt don Aire. Seo cás a tháinig chugham féin. Tháinig bean isteach im' oifig á rá go bhfuil a fear céile bás agus go raibh sé féin agus ceathrar gasúr ina gcónaí sa teach leis an tseanmháthair. Bhain an teach le mac eile a bhí imithe go Sasana agus ní raibh mé in ann aon chabhair a fháil di toisc nár leithi an teach agus ní chabhródh an bord sláinte léi toisc nach raibh an seanbhean ina haonar — bheadh uirthi an bhean agus na gasúir a chur amach ar an mbóthar chun a bheith i dteideal cabhrach ón mbord.

An féidir béim a leagan ar an riachtanas tithíochta, is cuma cén teideal atá i gceist. I gcás na mná seo, níl sí ag déanamh aon iarrachta an oidhreacht a ghoid ón duine a chuaigh go Sasana, ach ag an am céanna tá riachtanas tithíochta aici féin agus a clann. Cén fáth nach féidir an airgead do fheabhsúcháin tithíochta a cheadú gan aon chur isteach ar an úinéireacht?

Chomh maith leis sin, ba chóir go mbeadh sé iontuigthe go mbeadh solúbthacht ann i riar na scéime.

An rud atá i gceist ag an Teachta ná nach bhfuil teideal an tí ag na daoine atá ina ngnáthchónaí sa teach agus mar sin níl siad in ann deontais fheabhsúcháin a fháil.

Tuigim sé sin ach ní chóir go mbeadh easpa teidil ina bhac do dheontais fheabhsúchain.

Tá a fhios agam nach bhfuil teideal acu ach tá gnáthchónaí orthu sa teach agus Gaeilge acu?

An bhfuilimid ag caint faoi ghnáthchónaí le cúpla bliain? An daoine nach bhfuil aon teach eile acu atá i gceist?

Cé nach teach eile acu. Dá mbeadh teideal acu bheadh teach eile acu.

An rud a bhí uaim ná gan é a bheith bunaithe ar an easpa teidil. An fad is atá rí-soiléir go mbeadh na daoine seo intofa do dheontas feabhsúcháin, táim sásta.

An bhfuil an tAire Stáit ag déanamh aithbhreithnithe?

Sin iarratas do theaghlach amháin. Caithfidh cead a bheith acu ón úinéir agus táthar ag caint faoin mac atá ina chónaí áit éigin eile. Dá mbeadh Gaeilge acu agus gnáthchónaí orthu, sílim nach mbeadh aon fhadhb leis an iarratas ach cead a fháil ón úinéir. An rud is tábhachtaí ná an bhfuil cead ón úinéir.

Táim lánsásta leis an méid a dúirt an tAire Stáit, gur gnáthchónaí atá i gceist seachas teideal. Is fiú aird a thabhairt ar an ngné seo. Tá sé níos forleithne ná mar a cheapadh daoine agus is minic nach mbíonn teideal in eagar in a lán cásanna.

Tá a fhios agam faoi na deacrachtaí sin.

An mbeidh gá i gcónaí nuair atá iarratas á chur isteach maidir le teach úr nó deontas feabhsúcháin cruthúnas teidil a chur ar fáil?

Tá sé sin ceart. Beidh gá leis. Má tá fadhb ag daoine caithfear aithbhreithniú a dhéanamh. Dála chás an Teachta Uí Uiginn, tá an Roinn agus an tAire ábalta aithbhreithniú a dhéanamh ar chásanna speisialta.

An rud atá uaim ná go mbeadh solúbhthacht ann. Ní féídir teagmháil a dhéanamh leis an mac sa chás seo agus tá riachtanas tithíochta ag an teaghlach. An fad is atá sé iontuigthe nach ngearrfaí amach iad ar bhonn teidil amháin. Cuireann an rud a dúirt an Teachta McGinley as dom.

Tá an Roinn solúbhtha go leor faoi rudaí mar sin. Nuair atá brú ar an dteaghlach agus dá mbeadh cead ón úinéir, bheimis in ann leanacht ar aghaidh. Is iomaí uair a bhí mé ag éisteacht le daoine ag gearán nach bhfuil na deontais ag teacht amach luath go leor cé go bhfuil siad ag fanacht ar theideal. Caithfear teidil a chur ar fáil don chuid is mó ach i gcás speisialta b'fhéidir go mbeimis ann cóiriú a dhéanamh ar an teach agus rudaí mar sin.

Tá an Roinn agus na cigirí, agus an tAcht seo, solúbtha go leor.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

ALT 3.

Tairgeadh an cheist: "Go seasfadh alt 3 mar chuid den Bhille."

Leagann an tAlt seo amach gurb í an Ghaeltacht chun críocha na nAchtanna ná na Limistéir Oifigiúla Ghaeltachta a shonraítear faoin Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956. Ag an tús bhí Limistéir na Gaeltachta sainmhínithe mar na Toghranna Ceantair a leagadh amach sa sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht nó Acht na dTithe (Gaeltacht) 1929.

Ó 1956 ar aghaidh, áfach, tá Limistéir Oifigiúla na Gaeltachta sonraithe faoin Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 agus aon deontas nua a tugadh isteach faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) tar éis 1956 bhí sé teoranta do na Limistéir Oifigiúla sin. Tá sé inmholta ar mhaithe na simplíochta agus na hóiléireachta de go mbeadh sainmhíniú amháin i bhfeidhm don Ghaeltacht do na Ranna Stáit agus na Comhlachtaí Stáit a mbíonn ag plé leis an nGaeltacht.

Mar sin an rud atá á shoiléiriú anseo ná go bhfuilimid ag caint faoi Acht 1956 agus ní Acht 1929.

Nuair a bhí an tAire Stáit Ó Cuív sa Roinn seo is minic a bhíomar ag plé teorainneacha na Gaeltachta. Bhí scéim ar intinn aige do cheantair nach féidir Gaeltachtaí a thabhairt orthu a thuilleadh, go bhfaigheadh siad seans caighdeán teangeolaíochta a leagadh an tAire síos a shroichint thar thréimhse blianta. Tá ceantair eile ann a fhéadfadh go mbeadh forbairt ag teacht ar labhairt na Gaeilge iontu agus go bhféadfaí iad a thabhairt isteach sa Ghaeltacht. An féidir leis an Acht seo déileáil leis seo — ceantair a chur amach as an nGaeltacht nó ceantar a thabhairt isteach ann?

Tá súil agam nach mbeimid ag cur áit ar bith amach as an Ghaeltacht ach faoi Choimisiún na Gaeilge, tá súil agam go mbeimid in ann dul tríd na pointí sin. Tá a fhios agam gur ardaíodh ceist Dála cúpla seachtain ó shin mar gheall ar Bhéal Feirste — leath de sa Ghaeltacht agus an leath eile taobh amuigh agus b'fhéidir go bhfuil ardchaighdeán Gaeilge ag an leath nach bhfuil ann. Tá an coimisiún ag féachaint ar seo agus tá mé ag fanacht le moltaí uathu maidir leis na limistéir.

Tá iarratais faighte againn ó dhaoine atá ina gcónaí lasmuigh den Ghaeltacht de réir Achta 1956 ach a bhí ann faoi Acht 1929. Bhí siad ábalta iarratais a dhéanamh faoi scéim tithíochta amháin agus táimid á dhéanamh níos soiléire anois agus ag cloí le hAcht 1956 amháin.

Cad faoi Chontae an Chláir?

Bhí mé ag súil le brú faoi sin ón gCathaoirleach.

Tá na daoine sin á gcaitheamh amach, nach bhfuil, a Aire Stáit?

Ag dul tríd na staitisticí, níor ceadaíodh ach £7,000 i ndeontais ó 1990 go mí na Nollaig seo caite do Chontae an Chláir. Caithfidh siad Gaeilge a bheith acu, a Chathaoirligh, fosta. Níl ach cúpla duine i gceist anseo. Tá go leor nár chuir iarratas ar bith isteach.

Tá sé beagáinín ait má táthar ag tógáil Acht 1929 suas chun dáta le hAcht 1956 agus go bhfuil Acht 1956 beagnach caoga bliain as dáta.

Caithfimid fanacht ar an gCoimisiún.

Agus nuair a bheidh torthaí an Choimisiúin ar fáil, an dtabharfar athruithe isteach mar leasuithe ar an Acht bunúsach, 1956, nó i reachtaíocht eile, agus más amhlaidh, an athrófar an Bille seo dá bharr?

B'fhéidir é. Ag éirí as an gCoimisiún, b'fhéidir go mbeidh limistéar i gceist nach bhfuil de réir Achta 1929 nó Achta 1956. Níl a fhios agam go fóill. Dá mbeadh sé sin amhlaidh, tá mé cinnte go mbeadh tacaíocht agam ó achan duine chun sin a dhéanamh.

Má thuigim i gceart é, tá a leithéid de rud ann fós agus breacGhaeltacht. An é sin an chaill atá leis, go bhfuil sé ann go fóill? Tá cead ag daoine as Contae an Chláir cur isteach ar dheontais Ghaeltachta agus chuir siad iarratais isteach mar a d'inis an tAire Stáit dúinn. I nDún na nGall, mar shampla, an bhfuil breacGhaeltacht ann chomh maith le Gaeltacht?

Tá. Ach ní raibh a fhios ag aon duine mar níl iarratas ar bith ann ó Chontae Dhún na nGall.

Cén áit i nDún na nGall a bhfuil an breacGhaeltacht? An bhféadfaí liosta a chur ar fáil?

Tá cuid de na háiteanna seo sa bhreacGhaeltacht: Altnapaste, Ardara, Ards (go léir), Binbane, Bonnyglen (go léir) Creeslough, Carrigart, Churchhill, Cloghan, Doecastle, Cranford, Creeslough Crossroads, Dunfanaghy, West and North Fanad, Glengesh, Glenties, Greenfort, Knockalla, Killybegs (go léir), Largymore, Letterkenny (rural) (go léir), Lougheask, Loughkeel, Milford 9go léir), Seahar, Termon.

Agus tá cead ag 'aon teaghlach sna ceantair sin a bhfuil Gaeilge á labhairt acu cur isteach ar dheontas Gaeltachta.

Tá. Ar dheontas tithíochta.

Deontas do theach úr nó do fheabhsúcháin.

Agus an mbeidh siad in ann cur isteach ar dheontas Labhairt na Gaeilge?

Ní bheidh.

An bhfuil sé iontuigthe ón méid atá ráite ag an Aire Stáit nach ionann na limistéir faoi Acht Údarás na Gaeltachta agus na limistéir faoin Acht seo.

Tá difríochtaí eatarthu. Táimid ag caint faoi Acht 1929 do rud amháin agus faoi Acht 1956 do achan rud eile.

Ach an bhfuil remit ag an Údarás fós i leith Acht 1929?

Níl. Faoi Acht 1956 amháin.

An bhfuil contae ar bith eile i gceist anseo?

Tá cúpla ceann.

De réir mar a thuigim, má thagann athrú ar theorainn na Gaeltachta, in áit ar bith, le leathnú nó cúngú, caithfear ordú a dhéanamh faoi Acht 1956, ach chun an t-athrú a chur i gcrích, teastóidh reachtaíocht eile.

B'fhéidir gur fearr iarracht a dhéanamh an chumhacht seo maidir le teorainneacha na Gaeltachta atá ag Roinn eile Stáit, a thabhairt don Roinn seo. Nach fearr go mbeadh sé ag Roinn an Aire Stáit?

Is linne an príomhchumhacht. Tá an Teachta ag caint faoi athruithe a dhéanamh?

An chumhacht sin atá faoi Acht na n-Airí agus Rúnaithe, níl an chumhacht sin ag an Roinn seo anois. Baineann sé le Roinn Stáit eile.

Is leis an Rialtas an chumhacht.

Nach mbeadh sé níos ciallmhaire é a bheith ag an Aire Stáit anseo?

B'fhéidir go mbeadh. Bhunaigh an Rialtas an coimisiún le go mbeadh sé neamhspleách. B'fhéidir go bhféadfaí moladh a dhéanamh faoi sin. Is faoin Rialtas é ceist limistéir na Gaeltachta a shocrú.

Ba mhaith liom go dtiocfaí ar ais go dtí an tAlt seo arís.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

ALT 4.

Tairgeadh an cheist: "Go seasfadh alt 4 mar chuid den Bhille."

Séard atá ann i bhfo-alt (a) ná leasú ar an sean alt faoi dheontas teach nua chun fáil réidh leis an gcoinníoll go gcaithfidh iarratasóir ar dheontas tógála a bheith ina chónaí sa Ghaeltacht nuair a dhéantar an t-iarratas agus fad is atá an teach dá thógáil. Tugann an leasú áirithe seo deis do theaghlaigh le Gaeilge atá ag iarraidh filleadh go dtí an Ghaeltacht teach a thógáil dóibh féin sa Ghaeltacht roimh theacht abhaile dóibh agus a bheith fós i dteideal deontais. Sin an rud úr atá sa Bhille. Is féidir le daoine atá thar lear iarratas a chur isteach ar dheontas agus ní íocfar an deontas go dtí go mbeidh siad ina gcónaí sa Ghaeltacht. Sin an rud is tábhachtaí san alt seo.

Cuirim fáilte roimh an leasú seo mar go réitíonn sé ceann de na deacrachtaí sna ceantair Ghaeltachta le fiche bliain anuas nuair a bhí daoine a chuaigh ar imirce ón nGaeltacht ag iarraidh teacht ar ais. Go dtí seo rinneadh leatrom mór orthu mar nach raibh siad i dteideal an deontas a fháil mar nach raibh siad ina gcónaí sa Ghaeltacht nuair a bhí an teach á thógáil. Cén áit a thiocfadh leo cónaí sa Ghaeltacht nuair nach mbeadh teach acu go dtí go mbeadh sé tógtha? Conundrum ceart a bhí ansin. Aithníonn an leasú seo staid reatha na Gaeltachta ach b'fhéidir nach n-aithníonn sé staid reatha na teanga.

Ceist agam ar an Aire Stáit. Nuair a thagann beirt ar ais agus nach den Ghaeltacht ach duine amháin acu i lánúin, b'fhéidir ó thír eile, ní cháilíonn siad faoin leasú seo agus mar sin ní réiteach iomlán é ar an gceist. Níl sé ach leathréitithe. B'fhiú amharc ar an deacracht sin atá ann go fóill. Fiú nuair a phósann duine de bhunadh na Gaeltachta cainteoir dúchais as Alba nó ón mBreatain Bheag bíonn deacracht acu leis an bhforáil seo.

Bhí an deacracht sin ann nuair a bhí mé sa Roinn. An réitíonn Alt 4 sa Bhille seo an cheist seo?

Tá a fhios agam go mbeidh rudaí le rá ag mo chomhleacaithe faoi sin. Tá an tAcht solúbhtha go leor agus tabharfaidh na cigirí trí nó sé mhí do dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim. Tá scéim spreagtha na Gaeilge ag an Roinn chun cabhrú i gcásanna mar seo. Go bunúsach caithfidh an Ghaeilge a bheith mar ghnáth-theanga ag daoine agus aontaím go bhfuil fadhb ag daoine leis sin. Ach tá seans acu Gaeilge a fhoghlaim agus a úsáid. An fhadhb is mó atá ann ná go bhfuil an Ghaeilge mar bhunchoinníoll do dheontas agus sin an fáth go bhfuil na deontais níos airde sa Ghaeltacht ná taobh amuigh de. Tá sé in am do na cigirí athbhreithniú a dhéanamh ar iarratais le go mbeadh seans ag gach duine iarracht a dhéanamh ardchaighdeán Gaeilge a bhaint amach. Ach glacaim leis go bhfuil fadhb ann. Tá daoine ina gcónaí in áiteacha lasmuigh den Ghaeltacht agus caighdéan ard Gaeilge acu ach níl siad i dteideal na ndeontas seo, mar sin caithfimid riail na Gaeilge a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht. Sin an fáth go dtéim ag an Aire Airgeadais á rá go bhfuil cás speisialta ag muintir na Gaeltachta.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

ALT 5.

Tairgeadh an cheist: "Go seasfadh alt 5 mar chuid den Bhille."

Baineann an tAlt leis an leagan amach den Fhoirm Iarratais ar dheontais faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) agus séard atá á dhéanamh anseo ná cead a thabhairt don Aire na mionathruithe a bhíonn ag teastáil ó am go ham ar an leagan amach den Fhoirm a dhéanamh gan Ionstraim Reachtúla a dhéanamh mar a bhí i gceist cheana.

Go dtí seo bhíodh orainn dul ar ais arís agus arís eile dá mbeadh athrú le déanamh ar na scéimeanna agus bhí ionstraim reachtúla ag teastáil do achan rud. Ní raibh sé solúbtha ar chor ar bith.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

ALT 6.

Níor tairgeadh leasú a 1.

Tairgeadh an cheist: "Go seasfadh alt 6 mar chuid den Bhille."

Tá leasú molta ag an Teachta McGinley ar Alt 6. Ach d'fhéadfadh muirear ar an Státchiste a bheith i gceist agus mar sin nílim in ann an leasú a chur.

Cothaíonn an riail seo deacrachtaí, riail na seacht mbliana. Tá eolas agam ar go leor daoine a chuir iarratais isteach ar dheontas agus nárbh eol dóibh go raibh riail seacht mbliana ann. Bhí an Teachta Ó hUiginn ag caint faoi chruthúnas teidil roimhe seo. Tá eolas agamsa ar dhaoine a thóg teach sa Ghaeltacht agus ar thóg sé sé nó seacht mbliana orthu an deontas a fháil. Mar níor iarraidh leo an tráthchuid deiridh den deontas a fháil go dtí go raibh an cruthúnas teidil acu. Mar sin tá daoine sa Ghaeltacht anois a bhfuil teach tógtha acu le deich nó cúig bliana déag agus níl siad i dteideal deontas Gaeltachta nó deontas feabhsúcháin a fháil mar nach bhfuil sé seacht mbliana ó íocadh an tráthchuid deiridh den deontas. Sin áit amháin a chothaítear deacrachtaí.

Tá go leor daoine eile ar mhaith leo díon nua a chur ar an teach agus go bhfuil an t-airgead acu ach an deontas a fháil agus i gceann tri nó ceithre bliana eile bheadh an t-airgead acu chun fuinneoga nua a chur sa teach. Ní bhíonn an t-airgead go léir acu ag am amháin agus mar sin tá an riail seacht mbliana ró-fhada. Is trua nár cuireadh leasú éigin isteach ansin. An rud is measa ná go ríomhtar na seacht mbliana ní ón am a cheadaítear an deontas ach ón uair a dhéantar an íocaíocht dheiridh. Go minic bíonn sé nó seacht mbliana i gceist idir an ceadú agus an íocaíocht dheiridh.

Aontaím leis an Teachta.

Níl sé chomh simplí is a deir an Teacht Mac Fhionnlaoich. Táthar ag caint faoi extreme cases anseo. Uaireanta bíonn achar fada i gceist, is fíor. Nuair a cheadaítear iarratas ní íoctar an t-airgead amach go mbíonn an obair déanta ach má bhíonn deacracht le teideal, sin cás eile má táthar ag fanacht ar Section 49.

Mhol an Teachta trí bliana in ionad seacht mbliana. Má tá daoine ag iarraidh athchóiriú a dhéanamh ar a dteach ba mhaith linn go ndéanfaidís é ina iomlán. Tá a fhios agam go bhfuil sé deacair ar dhaoine an t-airgead a fháil chun é a dhéanamh ina iomlán ach sin atá uainn, ach amháin mná tí agus cúrsaí dóiteáin. Tá trí bliana ró-oscailte.

Cothaítear deacracht sa mhéid is go n-áirítear na seacht bliana ón íocaíocht dheiridh. B'fhéidir gur cásanna eisceachtúla atá luaite agam ach mar sin tá cásanna ann le tréimhse fada roimh an íocaíocht dheiridh. Tá a fhios ag oifigigh na Roinne é sin agus b'fhéidir go bhfuil an tAire Stáit ar an eolas faoi freisin. Níl an Cathaoirleach ábalta glacadh leis ach oiread. Bheadh sé i bhfad níos praiticiúla é a thabhairt anuas go dtí trí bliana.

Tá an Teachta ag caint faoi dheontas gach trí bliana, rud a chosnódh an-chuid airgid ar an Roinn. An rud praiticiúil a leag an Teachta amach, b'fhéidir go mbeimid in ann rud éigin a dhéanamh faoin deacracht teidil.

Abair gur thóg duine teach úr agus go bhfuair sí nó sé deontas agus go raibh stoirm mhór ann an bhliain dár gcionn agus gur imigh an díon den teach agus gur cuireadh na fuinneoga isteach agus na doirse amach as, an gcaithfeadh muintir an tí sin fanacht seacht mbliana le deontas a fháil arís?

Tá súil agam go mbeadh insurance ag na daoine sin. Act of God a bheadh ann.

Más rud é go mbíonn duine ag fanacht i bhfad ar an íocaíocht dheiridh agus nach orthu atá an milleán — b'fhéidir gurb iad an Land Registry faoi ndear an mhoill — an féidir leasú a dhéanamh a fhreastalódh ar chás mar sin?

Is féidir. Fadhb amháin atá againn le Section 49 ná dá mbeadh trioblóid againn le teaghlaigh, bheadh fadhb agam. Ach cé go bhfuil siad mall, b'fhéidir go bhféadfaí rud éigin a dhéanamh, ní san Acht seo, ach mar mholadh.

Is rud eisceachtúil é ach rud a tharlaíonn.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

ALT 7.

Tairgeadh an cheist: "Go seasfadh alt 7 mar chuid den Bhille."

Alt teicniúil é seo. Leasaíonn Alt 7 alt 16 den Phríomh-Acht ionas go bhfeadfaí rialacháin a dhéanamh faoi na hAchtanna i leith oibreacha déanta le cúnamh deontas ar bith faoi na hAchtanna. Roimhe seo bhí an chumhacht seo teoranta d'obair a bhain le tógáil, feabhsúcháin, sláintíocht nó méadú. Déantar é seo trí na focail 'le cabhair aon deontais..' a chur isteach in ionad na cinn sonracha a bhí luaite ann cheana.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

ALT 8.

Tairgeadh an cheist: "Go seasfadh alt 8 mar chuid den Bhille."

Leagann Alt 8 amach gur féidir leis an Aire, le toiliú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh chun deontais a mhéadú i leith oibreacha ar oileáin Ghaeltachta amach ón gcósta (suas go 200%). Faoi alt 8 d'Acht na dTithe (Gaeltacht) 1979 tugadh cead don Aire deontais faoi na hAchtanna a mhéadú 50% i gcás oileáin Ghaeltachta. Tugann an leasú reatha seo solúbthacht don Aire chun na deontais sin a mhéadú suas go 200%. Tá an méadú sin i bhfeidhm cheana féin, sin é, ó £4,000 go £12,000 i gcás deontais do thithe nua ó 2 Nollaig 1998 agus ó 24 Deireadh Fómhair 2000 i gcás deontais fheabhsúcháin. Táimid ag déanamh ardaithe móra ar na deontais le toiliú an Aire Airgeadais. Is trua nach féidir liom iad a dhéanamh im 'aonar.

Aontaím leis seo ach tá sé teoranta do na hoileáin amháin. Cuirim fáilte mhór roimh an ardú fiúntach a tugadh do na daoine atá i gcónaí ar na hoileáin de dheasca na gcostas breise atá orthu. Is mór an trua nach n-aithnítear na deacrachtaí atá ag daoine ar an mórthír sa Ghaeltacht tithe úra a thógáil. Tá an deontas ag £4,000 mar atá le fada an lá, le beagnach deich mbliana agus tá a fhios ag achan duine go bhfuil luach tithí imithe go mór in airde san am sin. Uair amháin d'fhéadfaí teach úr a thógáil le £4,000, anois ní dhéanfaí bealach isteach go dtí suíomh leis an airgead sin. Is trua nach bhfuil an Roinn sásta ardú fiúntach a thabhairt sa deontas seo. Bhí fonn ar gach teaghlach ar fud na nGaeltachtaí a dteach féin a thógáil i gcónaí agus ba mhór an cuidiú an deontas Gaeltachta chuige sin. Ach ní fiú faic na fríde é anois. Ba chóir é a ardú go dtí £10,000. Níl a fhios agam an bhfuil an chumhacht ag an Aire é sin a dhéanamh i gcomhairle leis an Aire Airgeadais. Sin an fáth go bhfuil an oiread sin daoine ar na liostaí tithíochta — ní féidir le daoine óga an t-airgead a fháil chun tithe a thógáil. Níl an incentive ann a thuilleadh fá choinne daoine a dtithe féin a thógáil. Tá uimhir mhór tithe á thógáil ar na hoileáin leis na deontais ach níl an spreagadh ann ar an mórthír.

Tá an scéim ceangailte leis an Roinn Comhshaoil. Dá bhrí sin ní féidir liom aon rud a dhéanamh faoi. Tá níos mó airgid le fáil ag daoine sa Ghaeltacht — £4,000 in ionad £3,000. Dá mbeadh athrú ann sa Roinn Comhshaoil d'fhéadfainn é a chur isteach mar riail, ach ní san acht mar níl na deontais á leagan amach san Acht. Ach bhíomar in ann cás speisialta a dhéanamh mar gheall ar na hoileáin mar tá costais iompair i gceist ansin. Ach níorbh aon ní a dhéanamh faoin £4,000.

Tá sé léirithe ag an Aire Stáit nach bhfuil an chumhacht aici chun aon athrú mar sin a chuir isteach sa Bhille seo mar tá sí ceangailte leis an Roinn Comhshaoil. Tosach maith leath na hoibre do mhuintir na n-oileán.

Is cosúil go bhfuil ceangail idir Roinn an Aire Stáit agus an Roinn Comhshaoil chomh fada is a bhaineann sé le deontais tithíochta. D'fhéadfainn samplaí a thabhairt don Aire Stáit de dhaoine a chuir isteach ar dheontas fá choinne teach úr a thógáil sa Ghaeltacht agus ar chúis amháin nó ar chúis eile — b'fhéidir nárbh í an Ghaeilge gnáth-theanga an teaghlaigh nó nár chomhlíon siad coinníoll eile — ach chuaigh siad ansin ag an Roinn Comhshaoil á rá nach bhfuair siad an £4,000 ó Roinn na Gaeltachta agus go m'fhéidir go bhfaigheadh siad an £3,000 ón Roinn Comhshaoil. Ach nuair a tháinig an cigire amach ón Roinn Comhshaoil agus gur shiúl sé timpeall an tí, is é a dúirt sé ná nár cháiligh siad do dheontas ón Roinn Comhshaoil toisc go raibh an teach ró-mhór. Bhí sé níos mó ná 1,346 troigh cearnach agus níorbh fhéidir deontas a fháil mar sin. Ní bhfuair na daoine seo aon deontas. An bhfuil aon rud gur féidir a dhéanamh do dhaoine a thiteann idir an dá stól?

Nuair a bheidh an Teachta ina Aire Stáit beidh sé in ann rud éigin a dhéanamh.

B'fhéidir nach mbeimid in ann leanacht ar aghaidh leis an díospóireacht seo mar go mbeidh daoine ag rá cén fáth go bhfuil muintir na Gaeltachta teach chomh mór sin a thógáil?

Tá a fhios agam go bhfuil daoine ann nach bhfaigheann deontas ar bith mar gheall ar an riail sin. Ach ní agamsa atá an chumhacht. Caithfidh mé a rá leis an Roinn nár chóir go mbeadh aon square footage ar bith ann.

B'fhéidir go bpléifeadh an tAire Stáit é sin leis an Aire Comhshaoil. Ní tharlaíonn sé go minic agus tarlaíonn sé anois is arís.

Beidh mé ábalta é sin a phlé ach sílim nach mbeidh athrú mór déanta ag an Roinn.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

ALT 9.

Níor tairgeadh leasú a 2.

Tairgeadh an cheist: "Go seasfadh alt 9 mar chuid den Bhille."

Tá leasú curtha síos ag an Teachta Mac Fhionnlaoich ach tá sé as ord mar d'fhéadfadh muirear ar an Státchiste a bheith i gceist.

An leasú a chuir mé síos, sin ceann de na hathruithe a tugadh isteach sa Bhille Tithíochta 2000 go dtí seo. Le blianta anuas, bhí deontas ann don dara teach sa Ghaeltacht. Cuireadh deireadh leis le cúpla bliain agus is dóigh liom gurb é an Teachta Ó hUiginn a thug ar ais é fad a bhí sé ina Aire. Bhain a lán daoine úsáid as agus thóg cuid mhaith daoine teach don teaghlach nó mar theach saoire. Is céim ar gcúl é go bhfuil an phribhléid seo á bhaint de mhuintir na Gaeltachta anois. Uair amháin bhí deontas le fáil do chalet saoire sa Ghaeltacht freisin.

An rud a bhí ar intinn agam leis an moladh a rialaíodh as ord ná go bhfágfaí rudaí mar atá.

Ní bhaineann an leasú sin leis an alt seo. Alt 4 atá i gceist ag an Teachta.

Cuireadh an scéim seo ar ceal roimhe seo agus anois tá sé á chur ar ceal go reachtúil. Mar a luaigh an Teachta féin sa Dáil roimhe seo, tá sé in am againn an t-airgead a chur ar fáil do dhaoine atá ag tógáil teach úr, daoine nach bhfuil aon teach acu. Dá mbeadh daoine ina gcónaí i dteach atá daortha, mar a dúirt an tAire Stáit Ó Cuív sa Dáil ar an ábhar seo, bheidís in ann iarratas a chur isteach ar dheontas feabhsúcháin nó ar theach úr. Ach taobh amuigh de sin ní bheidh airgead ann don dara teach. Tá an oiread sin deacrachtaí ag daoine óga an chéad teach a thógáil nach bhfuiltear chun leanacht ar aghaidh leis an scéim seo.

Is beag iarratas a bhí á fháil ag an Roinn faoin scéim seo ar aon nós agus mar sin níl ach suim bheag airgid i gceist.

Cén uair a cuireadh ar ceal é?

Tá sé ar ceal ó 1982 i leith. Ach tháinig sé ar ais arís.

Tháinig sé ar ais i 1995, is dóigh liom.

1997. Agus anois táthar á chur ar ceal go foirmeáilte sa Bhille seo.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

ALT 10.

Tairgeadh an cheist: "Go seasfadh alt 10 mar chuid den Bhille."

Forálann Alt 10 go bhféadfaidh an tAire deontais a ghnóthú ar ais má bhfuarthas iad trí chalaois, trí mhífhaisnéis nó trí ró-íocaíocht.

An bhfaigheann an Roinn mórán airgid ar ais?

Nílimid sa PAC. Bhí sé an-deacair é a dhéanamh mar ní raibh sé reachtúil ar chor ar bith. Beidh sé níos éasca é a dhéanamh anois.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

ALT 11.

Tairgeadh an cheist: "Go seasfadh alt 11 mar chuid den Bhille."

Táimid ag caint anois faoi na hiasachtaí. Tá siad á n-aistriú ó Oifig na nOibreacha Poiblí go dtí an Roinn seo. Beimid ábalta na hiasachtaí a ghnóthú ag an am seo ag éirí as as alt seo. Bhí scéim ann roimhe seo ag Oifig na nOibreacha Poiblí ach ní raibh i gceist ach cúpla punt. Níl duine ar bith as Tír Chonaill ar an liosta.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

ALT 12.

Tairgeadh an cheist: "Go seasfadh alt 12 mar chuid den Bhille."

Rud teicniúil atá i gceist anseo fosta, maidir le haistriú eile ó Oifig na nOibreacha Poiblí go dtí an Roinn.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

ALT 13.

Tairgeadh an cheist: "Go seasfadh alt 13 mar chuid den Bhille."

Foráil í seo chun deireadh a chur leis an deontas don dara teach.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

ALT 14.

Tairgeadh an cheist: "Go seasfadh alt 14 mar chuid den Bhille".

Baineann sé seo leis an hAchtanna éagsúla don Ghaeltacht agus na teidil.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Aontaíodh an Sceideal agus an Teideal.

Tuairiscíodh an Bille gan leasuithe.

Cuireadh an cruinniú ar athló ag 15.38.