Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Select Sub-Committee on Arts, Heritage and the Gaeltacht díospóireacht -
Wednesday, 23 Jan 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Committee Stage

Is é cuspóir an chruinnithe seo Céim an Choiste de Bhille um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) 2012 [Seanad] a phlé. Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus na hoifigigh ón Roinn agus gabhaim buíochas leo as bheith i láthair. Tosóimid le ráiteas tionscnaimh ón Aire Stáit.

Cuireann sé áthas orm, mar Aire Stáit le cúraimí Gaeilge agus Gaeltachta, tús a chur leis an díospóireacht ar an mBille um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) 2012 ag an gcruinniú seo den Roghfhochoiste um Ealaíona, Oidhreacht agus Gaeltacht inniu. Is Bille tábhachtach é seo a bheidh dea-thionchar aige ar an nGaeilge sna blianta amach romhainn. Go hachomair, tá dhá chuspóir leis an mBille, siad sin, foráil a dhéanamh maidir le leathnú ar ról Choimisiún Thithe an Oireachtais i ndáil le reachtaíocht a aistriú, agus maidir le hathbhreithniú tréimhsiúil ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge. Déantar foráil leis an mBille maidir le leasuithe ar na hAchtanna um Choimisiún Thithe an Oireachtais 2003-2012 i ndáil leis na cuspóirí sin.

Séard atá sa Bhille seo ná gníomh chun dhá rud a chur ina cheart. Le bunú an lár-aonaid aistriúcháin i mo Roinnse le linn tréimhse oifige an Rialtais dheiridh, bhí dhá rannóg Stáit ag plé le haistriú reachtaíochta: Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais agus an lár-aonad aistriúcháin faoi chúram mo Roinne. Cuirfidh achtú an Bhille seo seirbhísí aistriúcháin reachtaíochta an Stáit faoi dhíon amháin, sé sin Rannóg an Aistriúcháin de chuid Thithe an Oireachtais.

Chomh maith leis sin, ceapadh coiste stiúrtha, arís le linn tréimhse oifige an Rialtais dheiridh, le hathbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil a stiúradh faoi chúram an lár-aonaid aistriúcháin nuabhunaithe, cé go raibh Rannóg an Aistriúcháin de chuid an Oireachtais ag tabhairt faoin obair chéanna ó 1958 i leith. Tugaim aitheantas don choiste stiúrtha a bunaíodh san lár-aonad aistriúcháin agus an obair a rinne sé. Dearbhaím an obair fhiúntach a rinne na saineolaithe sin a chur san áireamh nuair a dhéanfaimid athscrúdú chun an Caighdeán Oifigiúil a thabhairt aníos chun dáta taobh istigh den trí bliana amach romhainn. Tá an Príomh-Aistritheoir i Rannóg an Aistriúcháin i dteagmháil leis an gcoiste sin.

Arís, le hachtú an Bhille seo, beidh an obair seo ag titim faoi dhíon amháin, sé sin Rannóg an Aistriúcháin de chuid Thithe an Oireachtais. Céim thábhachtach chun cinn atá sa Bhille seo chun stádas agus ceart-úsáid na Gaeilge a dhaingniú agus a threisiú ar bhonn comhordaithe. Tá mé cinnte go gcuirfidh gach duine ar suim leis forbairt na Gaeilge fáilte roimh an chur chuige seo dá réir. Mar thoradh ar an reachtaíocht seo, níl aon cheist i m'intinn ach go mbeidh ceart-úsáid na Gaeilge i gcomhréir leis an gCaighdeán Oifigiúil níos soiléire do lucht scríofa na teanga agus gur dul chun cinn fiúntach é sin.

Beidh deis ag Teachtaí anois a gcuid tuairimí a nochtadh faoina bhfuil sa Bhille agus tá mé ag súil go mór éisteacht leo ar an ábhar seo.

An féidir leis an gCathaoirleach rud a shoiléiriú dom ar dtús? Tá an Teachta Kitt anseo ar son an Teachta Seán Ó Fearghaíl. Má ardaímse ceist ar Chéim an Choiste, an féidir leasú a chur síos ar Chéim na Tuarascála dá bharr? De réir mar a thuigim, má thógtar ábhar anseo inniu, is féidir leasú a chur síos ar Chéim na Tuarascála. Teastaíonn uainn sin a dhéanamh.

Déanfaidh mé déileáil leis na ceisteanna atá againn faoin mBille nuair a rachaimid tríd. Tugaim foláireamh go gcuirfidh mé leasuithe ar Chéim na Tuarascála. Tá brón orm nach raibh siad réidh in am do Chéim an Choiste inniu. Tháinig an Nollaig i lár baoil agus ní raibh an stuif sa bhaile agam. Tuigeann an tAire Stáit roinnt de na príomhcheisteanna a chuir mé ar an Dara Céim.

Go raibh maith agaibh. Sílim go bhfuil soiléireacht tugtha ag an gCathaoirleach ar an gceist a d'ardaigh an Teachta Ó Cuív. Beidh deis againn leasuithe a thógáil ar Chéim na Tuarascála. Tá leasú amháin, i m'ainm féin, curtha síos ar Chéim an Choiste. Baineann an leasú sin le halt 5. Is féidir liom é a léamh amach más mian leis an gcoiste.

Rachfaimid ar aghaidh leis an mBille agus scroichfimid é ar ball.

Section 1 agreed to.
SECTION 2
Question proposed: "That section 2 stand part of the Bill."

De réir alt 2 den Bhille, "ciallaíonn 'An Caighdeán Oifigiúil' caighdeán oifigiúil na Gaeilge, arna ullmhú ag Tithe an Oireachtais agus arna fhoilsiú faoi chóipcheart Rialtais". Ar Chéim na Tuarascála, molfaimid go mbainfear amach "arna ullmhú ag Tithe an Oireachtais" agus go gcoinneofar "arna fhoilsiú faoi chóipcheart Rialtais". Ag deireadh an lae, ba cheart go mbeadh ar an Rialtas na socruithe a dhéanamh maidir le cé a dhéanfaidh an caighdeán.

Glacaim leis go mbeidh an Teachta ag cur síos leasú den chineál sin ar Chéim na Tuarascála.

An mbeadh an tAire Stáit toilteanach leasú a chur síos é féin chun a chinntiú go mbeidh sé mar cheart ag an Rialtas-----

Nuair a bheidh Céim an Choiste críochnaithe inniu, déanfaimid scrúdú ar na leasuithe a thiocfaidh isteach. Is dócha go ndéanfaimid cinneadh nuair a bheidh na leasuithe sin scrúdaithe againn agus anailís déanta againn orthu. Ag an bpointe seo, ní gá dúinn dul isteach san ábhar ós rud é nach bhfuil aon leasú thíos.

Ní gá, ach de ghnáth bíonn Airí agus Airí Stáit sásta a gcuid tuairimí a thabhairt faoi mholtaí an Fhreasúra. Muna bhfuil an tAire Stáit sásta aon phlé den chineál a dhéanamh, glacaim leis sin.

Déanaimid scrúdú agus machnamh ar gach leasú a thagann isteach.

Tuigim é sin ach go hiondúil, bíonn plé istigh san Oireachtas ar mholtaí na n-urlabhraithe. Muna bhfuil an tAire Stáit sásta iad a phlé, níl sé sásta iad a phlé.

Déanfaimid plé ar na leasuithe, má thagann siad isteach, ar Chéim na Tuarascála.

An bhfuil na Teachtaí sásta?

Ní aontaímid le halt 2 mar atá sé.

Question put and declared carried.
SECTION 3
Question proposed: "That section 3 stand part of the Bill."

Faoi alt 3 den Bhille seo, féadfaidh Aire iarraidh ar Choimisiún Thithe an Oireachtais ionstraimí reachtúla a aistriú, ach ní bheidh aon dualgas ar Choimisiún Thithe an Oireachtais é sin a dhéanamh taobh istigh d'aon scála ama. Mar is eol dúinn, tá 394 Acht de chuid an Oireachtais fós le h-aistriú ag an gcoimisiún, in ainneoin an dualgas bunreachtúla atá orthu agus in ainneoin forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá an ráiteas sin bunaithe ar eolas a chur an Ceann Comhairle chugam ar 7 Deireadh Fomhair 2012. D'admhaigh sé nach bhfuil ag éirí le Choimisiún Thithe an Oireachtais na hAchtanna a aistriú de réir mar atá siad á achtú ag an Oireachtas. Mar sin, cén barántas atá ag an Aire Stáit go ndéanfar na hionstraimí reachtúla a aistriú de réir mar is gá agus in am cuí? Níl aon cheangal air a leithéid a dhéanamh. Faoi láthair, níl ag éirí leo an bun-jab atá acu a dhéanamh cé go bhfuil na hacmhainní acu le déileáil leis na riaráistí ar an gcéad dul síos. Má thosaíonn siad leis an gcuid is sine de na riaráistí, tógfaidh sé blianta dóibh teacht chomh fada leis na hionstraimí reachtúla. Faoin alt seo den Bhille, "féadfaidh an Coimisiún táille de cibé méid a chinnfidh an Coimisiún a ghearradh" ar Roinn leis an obair seo a dhéanamh. Cad a tharlóidh má cheapann an Roinn go bhfuil táille míchuí á ghearradh? Ní bheidh an tAire in ann aon rud a dhéanamh. Faoin reachtaíocht seo, an mbeidh cead ag Airí dul taobh amuigh de Thithe an Oireachtais leis an aistriú seo a dhéanamh? Má tá moill thar chuimse ar Choimisiún Thithe an Oireachtais rudaí a aistriú, an mbeidh Airí in ann úsáid a bhaint as aistritheoirí gairmiúla?

Tá sé ar intinn againn leasú ar fho-alt (2F) a mholadh ar Chéim na Tuarascála, ag iarraidh go ndéanfaí an chéad athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil laistigh de bhliain. Tá sé mar phlean againn freisin leasú ar fho-alt (2G) a mholadh ionas go mbeidh sé mar dhualgas ar an gcoimisiún dul i gcomhairle le daoine leasmhara, mar shampla, aistritheoirí gairmiúla, lucht na meáin, an coiste téarmaíochta agus Foras na Gaeilge, ó tharla go bhfuil foclóireacht faoina gcúram. Ní cheart go mbeadh sé fágtha ag an gcoimisiún dul i gcomhairle leis na daoine nó b'fhéidir gan dul i gcomhairle leo, agus gur cuma leis an gcoimisiún. Is é udár na faidhbe ar fad atá againn faoi láthair ná gur dhiúltaigh an coimisiún dul i dteagmháil le coiste leathan le saineolaithe nuair a bhí an t-athbhreithniú cuimsitheach ar an gcaighdeán ar siúl. Chuir Rannóg an Aistriúcháin leagan nua eile le chéile gan dul i gcomhairle le héinne. Níl a fhios agam cá bhfuair siad an t-am, mar níl an t-am acu a gcuid gnó ceart - reachtaíocht a aistriú - a dhéanamh. Ní raibh aon ionchur ag an gcoiste téarmaíochta, ag lucht na foclóireachta, ag an dream atá ag plé leis na meáin nó ag aistritheoirí gairmiúla taobh amuigh de Rannóg an Aistriúcháin.

Ní raibh aon ionchur ag múinteoirí nó ag na grúpaí sin a bhí ar an gcoiste a bhunaíodh agus anseo sa Bhille níl aon cheangal glacadh le h-ionchur na ndreamanna sin. Beimid ag moladh go mbeidh dualgas, liosta de na dreamanna sin a eisiúint. Ar ndóigh, beidh an liosta sin comhthreomhar leis an dream daoine a réitigh an caighdeán an-mhaith a réitigh siad, tar éis dul i gcomhairle leis an bpobal. Beimid freisin ag cur leasuithe faoi sin agus faoi an dul i gcomhairle leis an bpobal le go mbeidh struchtúr leis an bpróiseas, mar a bhí ag an gcoiste a bhunaigh an Rialtas deiridh. Is é sin, go raibh dul i gcomhairle struchtúrtha ag gach céim den phróiseas agus go raibh stuaim leis an obair agus cur chuige oscailte, seachas an cur chuige rúnda a bhí ag Rannóg an Aistriúcháin.

Maidir le Rannóg an Aistriúcháin, tá muinín againn as Rannóg an Aistriúcháin. Tá stair agus taithí fhada aige agus is é an rannóg a chur an chéad Chaighdeán Oifigiúil ar fáil i 1958. Is mór an trua é nach ndearnadh aon athbhreithniú ar an gcaighdeán ó 1958 go dtí ar na mallaibh. Dá réir sin, mar atá luaite sa Bhille, beidh scrúdú níos rialta á dhéanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil chun é a thabhairt aníos chun dáta as seo amach. Sa Bhille, deirtear go mbeidh an chéad athbhreithniú á dhéanamh taobh istigh de trí bliana agus as sin amach taobh istigh de gach seacht mbliana ar a laghad. Tá taithí sa rannóg le sin a dhéanamh.

Maidir leis an gcoiste stiúrtha, luaigh mé an obair fhiúntach a rinne an coiste sin. Tá aithne agam ar na daoine agus na saineolaithe sin. Mar adúirt mé, de réir mar a thuigim, tá teagmháil anois idir an príomh aistritheoir i Rannóg an Aistriúcháin agus an coiste stiúrtha. Mar adúirt mé agus an Bille seo ar an Dara Céim sa Dáil agus sa Seanad, ní bheidh an obair fhiúntach atá déanta caillte. Níl fáth ar bith nach mbainfear úsáid as ná nach gcuirfear an obair a rinne an coiste san áireamh sa chéad athbhreithniú eile, taobh istigh de thrí bliana.

Maidir leis na riaráistí, aontaím leis an Teachta Ó Cuív go bhfuil an-chuid riaráistí maidir le hAchtanna agus gur fadhb í sin go gcaithfimid tabhairt fúithi. Tuigim go bhfuil plean ag Rannóg an Aistriúcháin tabhairt faoin obair mhór sin. Táimid ag plé na rudaí sin, agus aon leasú a cuirtear síos anois ar Chéim an Choiste, ó aon taobh den Teach, déanfar iad a mheas go ciallmhar agus go meáite. Ag an bpointe seo, nílimid ag rá go bhfuil aon rud istigh ná amuigh. Tá an cuspóir céanna againn, go mbeidh na seirbhísí teanga a chuirtear ar fáil don Oireachtas agus don tír chomh héifeachtach agus is féidir iad a dhéanamh.

Ar an gcéad dul síos, níl mise in ann ach breathnú ar an fhianaise agus tá teipthe ar an bpróiseas maidir le haistriú Achtanna. Ag deireadh an lae, níl sa rannóg ach fo-chuid de Thithe an Oireachtais agus tá teipthe air. Cé gur theip ar an rannóg agus go bhfuil na riaráistí seo ann le blianta fada, tá an tAire Stáit ag leagan tuilleadh dualgas air, gan aon srianta ama dá laghad faoi na hAchtanna. Tá srian ama de shaghas éigin ann tar éis an mhaolaithe atá déanta ag an Rialtas seo air, mar nach féidir iad a fhoilsiú, seachas go leictreonach, gan iad a bheith aistrithe. Tá maolú déanta ar sin, agus arís tá riaráistí ag carnadh suas. Bhíodar ag aistriú na nAchtanna de réir mar a bhíodar á n-achtú ag an Oireachtas, ach arís táthar tosaithe ag titim taobh thiar. I litir a fuair mé ón gCeann Comhairle, dúirt sé go ndéantar iad a aistriú taobh istigh de bhliain.

Go tobann, tugann an tAire Stáit an dualgas breise seo don rannóg. Níl aon dlí ann a deireann go gcaithfear é a dhéanamh taobh istigh de am agus ní chuireann an Bille seo aon srian ama ar Rannóg an Aistriúcháin maidir leis na haistriúcháin, ná ní chuireann sé aon srian ar an gcostas a bhaineann an coimisiún amach. Is féidir liom a shamhlú go mbeidh daoine istigh i rannóga Stáit a mbeidh ag iarraidh ionstraim a fháil aistrithe, ach tiocfaidh bille mór millteach chucu. Ansin, beidh leithscéal eile ann gan rudaí a aistriú, mar déarfar go bhfuil sé ró-chostasach agus ag cur an iomarca costais ar an Stát agus nach bhfuil éinne ag léamh na leaganacha Gaeilge agus mar sin de.

Mar sin, an bhfuil sé i gceist srian ama a chur má bhíonn ionstraimí le n-aistriú agus an bhfuil sé i gceist srian costais a chur nó aon chóras idirbheartaíochta a chur ar bun san Acht má bhíonn argóint ann faoin bpraghas? Deireann an tAire Stáit go bhfuil sé i gceist moltaí an ghrúpa a bhunaíodh faoi cheann an Rialtais le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcaighdeán - mar is é an Rialtas úinéar an chaighdeáin - a thógáil san áireamh. An bhfuil sé sásta glacadh le leasú a laghdódh am an chéad athbhreithnithe ó trí bliana go bliain amháin agus a bhreathnódh ar an dá chaighdeán atá thart anois? An mbeadh sé sásta idirphlé ceart a chothú agus coiste ceart a bhunú ar a mbeadh na grúpaí leasmhara ar fad, ionas go dtiocfar le caighdeán aontaithe ceart amháin a thógfadh ar bord an obair atá déanta ag Rannóg an Aistriúcháin agus an obair atá déanta ag an gcoiste a bhunaigh an Rialtas deiridh? Cén fáth nach féidir é sin a dhéanamh taobh istigh de bhliain seachas fanacht trí bliana?

Mar adúirt mé, tá teagmháil anois idir Rannóg an Aistriúcháin agus an coiste stiúrtha chun plé a dhéanamh ar seo agus táim ag súil go ndéanfar dul chun cinn ansin. Maidir leis na riaráistí, de réir alt 3(2D) den Bhille, ní chuirfear cosc ar Aire nó ar duine dá "dtagraítear san fho-alt sin socrú a dhéanamh maidir le duine seachas an Coimisiún d’aistriú ionstraim reachtúil lena mbaineann an fo-alt sin ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile".

Tá seo le plé, ach táimid á phlé anois i bhfolús, in a vacuum. Bheadh sé níos fearr agus bheadh fócas níos fearr againn dá mbeadh leasú leagtha ós ár gcomhar ionas go bhféadfaimis díriú isteach air. Bheadh deis ag Roinn an Aire díriú ar na leasuithe sin dá mbeadh siad leagtha síos go foirmeáilte. Tá an díospóireacht seo scaipthe agus beimid anseo i rith an lae. Nuair atá leasuithe ós ár gcomhair, tá sé níos fusa díriú orthu seachas dul ar fud na háite.

Ba mhaith liom leithscéal a dhéanamh faoi sin. Níl mise ar an gcoiste seo, agus, mar a tharlaíonn, níl an Teachta Kitt ar an gcoiste seo ach oiread. Bhí easpa cumarsáide ann, agus glacaim leis gur ar an taobh s'againne a bhí sé, agus ní raibh a fhios agamsa go dtí tráthnóna inné go raibh Céim an Choiste den Bhille ar an gclár inniu. Ceapaim go raibh sé amhlaidh don Teachta Kitt freisin. Tháinig seo aniar aduaidh orainn.

Glacaim leis gur easpa cumarsáide atá i gceist. Mar is eol don Aire Stáit, is coiste uilíoch é seo atá ag plé le cúrsaí comhshaoil agus mar sin de. Is dóigh nár smaoinigh éinne go mba cheart sinn a chur ar an eolas, taobh istigh de na hionadaithe atá againn ar an gcoiste, go raibh an Bille seo ag dul faoi bhráid an Oireachtais. Rud amháin a bhféadfaimis a dhéanamh, dá mbeadh an coiste toilteanach - b'fhearr liomsa go mbeadh plé ceart ar Chéim an Choiste agus go mbeadh deis eile againn rudaí a phlé ar Chéim na Tuarascála - ná an cruinniú seo a chur ar athló go ceann seachtaine. D'fhéadfaimis na leasuithe a chur isteach ansin. Níl aon dheifir le seo agus d'fhéadfadh sé fanacht seachtain eile le jab ceart a dhéanamh. Rinne an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Teachta Coveney, é sin leis an Animal Health and Welfare Bill agus d'oibrigh sin go breá agus cuireadh go leor leasuithe breise isteach. Chuir sé féin leasuithe breise isteach.

Ní féidir aon leasú a chur ar alt 1 nó 2 mar tá siad pléite ach is féidir alt 3 a chur ar athló agus teacht ar ais ar leasuithe do Chéim an Choiste le hailt 3, 4 agus 5 agus iad a phlé anseo agus ansin iad a phlé arís ar Chéim na Tuarascála agus jab críochnúil a dhéanamh ar an mBille seo. Tá an Bille seo tábhachtach. Ní fheicim go ndéanfadh seachtain mórán difríochta ó thaobh scála ama. Mar adúirt an tAire Stáit féin, b'fhéidir gur cheart é seo a dhéanamh 20 bliain ó shin. Níl a fhios agam an bhfuil aon fhasach do leasú caighdeáin in aon tír ar domhan chuile seacht mbliana, ach sin scéal eile. Le teacht leis an moladh atá ann ná gur cheart go mbeadh seo istigh ar Chéim an Choiste, is féidir sin a dhéanamh má tá beagáinín solúbthacht ann ón Aire Stáit.

B'fhearr liom é seo a chur ar athló ar feadh seachtaine eile chun deis a thabhairt dom na leasuithe a luaigh mé ar an Dara Céim a chur le chéile. Cosúil leis an Teachta Ó Cuív, ní raibh mé ar an eolas in am chun na leasuithe a bheith foilsithe ionas go mbeimis in ann iad a phlé inniu. Dá mbeadh cúpla lá eile agam, bheidís críochnaithe agam. Má táimid ag dul ar aghaidh, tá a fhios agam go díreach cá háit a bhfuil na hathruithe á lorg agam agus táim sásta iad siúd a chur faoi bhráid an Aire Stáit. B'fhearr i bhfad dá mbeadh an tAire Stáit féin ar an eolas le freagra oifigiúil aige ar an gCéim seo. B'fhéidir gur féidir iad a chíoradh mura bhfuil siad inghlactha ar an gCéim seo go mbeidh siad inghlactha ar Chéim na Tuarascála.

Príomhchuid an Bhille atá ann in alt 3 agus tá a lán ann. Baineann sé le hathruithe móra maidir le Rannóg an Aistriúcháin atá i gceannas ar an gCaighdeán Oifigiúil ó bunaíodh an Stát agus atá i gceannas ar aistriú Achtanna. Ní mór don rannóg déileáil le Teachtaí nuair nach bhfuil Bille ar fáil toisc go bhfuil riaráistí ann. Táim den tuairim nár chóir go scríofaí in aon áit go mbeadh athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil gach seacht mbliana. Cuireann sin scanradh agus sceon orthu siúd atá ag múineadh na Gaeilge nó orthu siúd atá ag foilsiú leabhar agus ag cur téacsleabhar le chéile. Is rud mór athrú a dhéanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil. Tá an t-athrú is déanaí ar an gCaighdeán Oifigiúil a cuireadh ar fáil anuraidh an-suimiúil. Cé mhéad múinteoirí atá ann atá ag múineadh na Gaeilge faoi láthair agus a léigh an caighdeán? An bhfuil cúrsaí ann chun iad a thabhairt suas chun dáta ar sin? Cé mhéad cóip atá díolta don phobal? Don chuid is mó, i gcomparáid leis an athrú a tharla in 1958, tá an chuid is mó den phobal dall ar cad a tharla anuraidh. Jab maith a bhí ann. Ní saineolaí mise ó thaobh gramadaí de. Níor réitigh gramadach liom in aon teanga agus déanaim iarracht teacht timpeall air anois is arís. Is féidir liom dul go mion isteach ar gach píosa anois atáim ag iarraidh a athrú ach ba mhaith liom go mb'fhéidir freagra a thabhairt don cheist ag an Teachta Ó Cuív más féidir seo a chur ar athló go ceann seachtaine. Mura féidir sin a dhéanamh, tiocfaidh mé ar ais chuig na leasuithe atáim ag iarraidh a chur.

Bhí orainn am a fháil do Chéim an Choiste anseo inniu agus tá a fhios agam gur coiste an-ghnóthach é seo le go leor reachtaíochta le scrúdú. Fuaramar an lá inniu mar bhíomar ag iarraidh an Bhille seo a chur tríd mar tá sé tábhachtach. Tá moltaí ag na Teachtaí ansin agus níl fáth ar bith nach bhfuil leasuithe curtha síos go foirmeálta. B'fhéidir nach raibh deis acu iad a chur síos ach cén fáth nach féidir iad a chur síos ar Chéim na Tuarascála? Bhí neart ama é seo a dhéanamh. An méad adúirt an Teachta ansin maidir le hathbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil, go bhfuil seacht mbliana ró-ghasta é a dhéanamh, b'fhéidir go bhfuil pointe maith aige agus má tá leasú síos ar an ábhar sin ar Chéim na Tuarascála, níl aon chúis nach féidir é a mheas agus a phlé. Nílimse ag rá gur mise mór-údar na Gaeilge ná aon rud mar sin. Admhaím go bhfuil tuairimí ag daoine eile gur fiú éisteacht leo. B'fhéidir go bhfuil seacht mbliana ró-ghasta. Nuair atá caighdeán foghlamtha ag duine, tá caighdeán nua ann. Thig linn leasú a chur síos ar Cheim na Tuarascála agus sin a phlé. Níl deacracht ar bith ag baint leis sin.

Tá deacracht ag baint leis. Ó mo thaithí féin san Oireachtas le 20 bliain, is minice ná a chéile nuair a chuirtear síos leasuithe ar Chéim an Choiste go bpléitear iad agus deirtear nach bhfuil an leasú sin fónta agus tar éis na hargóintí a chloisteáil, tuigtear substaint an ruda atá an Teachta ag iarraidh a dhéanamh agus tagann an tAire ar ais ar Chéim na Tuarascála. Sin an fáth go bhfuil an dá Chéim ann, le leasú leasaithe a dhréachtadh ag an dréachtóir parlaiminteach. Deireann an tAire Stáit liom má chuirim na leasuithe chuige, go mbreathnóidh sé orthu agus má cheapann sé gur fiúntach iad, ag an bpointe sin, b'fhéidir go gcuirfidh sé a leasú féin síos. Ní bheidh an deis aige, áfach, éisteacht leis na bplé ar an leasú go bhfeicfidh sé an bhfuil bunús leis na hargóintí. Beidh sé ag déanamh breithiúnais é féin. Mar dhuine a raibh taithí agam mar Aire, is minic agus mé istigh ar Chéim an Choiste de Bhille gur tháinig athrú intinne orm maidir le leasú a bhí curtha síos ag an bhFreasúra nár cheap mé go raibh fiúntas ann go dtí gur chuala mé na hargóintí, agus ansin tháinig mé ar ais ar Chéim na Tuarascála. Sin an fáth go bhfuil an Teach seo ann. Chun a bheith fírinneach anois, dá gcuirfí an cruinniú seo ar athló agus dá bhféadfaí uair nó dhó eile agus na leasuithe a fhoilsiú, táim cinnte go bhféadfaimis rith tríd an-sciobtha mar bheadh moltaí ansin.

Áit éigin sa Bhille, deirtear go ndéanfar leasú ar an gCaighdeán Oifigiúil laistigh de thrí bliana arís. Cá bhfuil sin sa Bhille?

Tá seacht mbliana ann sa Bhille.

Sin ceart ach beidh an chéad athbhreithniú eile laistigh de thrí bliana.

Níl sin sa Bhille. Tá sé san eagrán nua den Chaighdeán Oifigiúil.

Bheinn ag iarraidh bliain ach níl sé sa Bhille agus níl aon mhaith le rud nach bhfuil sa Bhille mar an fáth go bhfuil Bille ann ná cur faoi deara do dhaoine rud a dhéanamh. Mar a dúirt mé, agus nílim ag iarraidh caitheamh anuas ar éinne arís, ach níl ag éirí leo. Chuir sé iontas orm go raibh am ag Rannóg an Aistriúcháin an Caighdeán Oifigiúil a réiteach agus a bhfuil de riaráistí oibre le déanamh ag an rannóg atá ag dul i bhfad, agus go bhfuil tosaíocht i bhfad roimhe mar go bhfuil ceangal Bunreachta ar an dualgas nach bhfuil á chomhlíonadh ag an rannóg.

Bhí coicís iomlán leasuithe a chur síos. Táim ag éisteacht leis an méid a bhí le rá acu go raibh siad ar saoire agus mar sin agus nach raibh deis acu mar nár thuig siad go raibh an cruinniú seo ann inniu.

Níor chuireadh fógra chuig gach Ball de Thithe an Oireachtais go raibh Céim an Choiste le bheith ann.

Bhí mé ag coinneáil súil ar an liosta a thagann amach gach Aoine chun féachaint an raibh sé thuas air. Aisteach go leor, ní dúirt an liosta a tháinig amach Dé hAoine seo caite gur Chéim an Choiste a bhí i gceist. Níor luadh ach ainm an Bhille agus ainm an Aire Stáit. Ní raibh a fhios agam an raibh réamhéisteachtaí i gceist. Chuir mé ceist ar an Teachta Kitt agus rinne sé fiosrú ag an bpointe sin. Dheimhnigh sé dom gurb é Céim an Choiste a bhí ann.

An féidir liom abairt amháin eile-----

Nóimeád amháin, a Theachta, le do thoil.

Impím ar an Aire Stáit, ar son reachtaíocht níos fearr a bheith againn, gan siúl ar an bhFreasúra. Ba cheart dó deis a thabhairt dúinn. Toghadh muid chun na Dála chun reachtaíochta a achtú. Admhaímid agus admhaíonn Sinn Féin go bhfuil dearmad déanta againn taobh istigh dár bpáirtithe féin. An féidir leis an Aire Stáit seans éigin a thabhairt dúinn bheith páirteach sa phróiseas reachtaíochta? Tá a fhios aige nach bhfuil sé sásúil tosú ag breathnú ar leasuithe ar Chéim na Tuarascála. Fágfaidh mé mar sin é. Ní thuigim an diúltachas seo a thaispeánann an tAire Stáit an t-am ar fad i dtaobh leasuithe nó athruithe a dhéanamh ar aon Bhille. Níl sé sásta éisteacht leis na hargóintí agus gníomhú dá réir. Caithfidh mé a rá gur eiseamláir é an tAire, an Teachta Coveney, i dtaobh an chaoi ina láimhseálann sé Billí os comhair an Tí.

Aontaím leis an Teachta Ó Cuív. Tá mé sásta dul ar aghaidh más gá, ach b'fhearr liom dá mbeadh na leasuithe i scríbhinn os ár gcomhair. Bheadh sé níos éasca don Aire Stáit nuair atá sé ag teacht ar ais chugainn. Bheadh sé níos éasca domsa freisin, dá mba rud é go mbeadh orm an leasú a athrú ionas go mbeidh sé níos foirfe ar Chéim na Tuarascála. Tá difríocht idir an chás seo agus a lán Billí eile. De ghnáth, muna raibh leasú curtha síos ar Chéim an Choiste, is féidir leis an Aire Stáit a rá ar Chéim na Tuarascála go bhfuil sé sásta glacadh leis an smaoineamh agus a leasú féin a thabhairt chun cinn sa Seanad. Sa chás seo, os rud é gur tháinig an Bille seo chugainn ón Seanad, críochnóidh an próiseas iomlán ar Chéim na Tuarascála sa Dáil. Ní rachfaidh an Bille ar ais go dtí an Seanad. Dá bhrí sin, ní fhéadfar aon athrú a dhéanamh sa Teach sin. Is fiú a lua go mbeidh deis ag an Aire Stáit athdhéanamh a dhéanamh, ach tá sé sin amscaí. Tá sé i bhfad níos éasca suí anseo agus déileáil leis transna an bhoird. Tá ceisteanna móra praiticiúla le freagairt. Mar shampla, cén fáth ar tháinig an tAire Stáit ar an tréimhse seacht mbliana? Is mian linn ceisteanna a chur ar an Aire Stáit mar gheall ar roinnt de na cinnithe sa reachtaíocht seo. Is gá dul tríd na cinnithe sin. Is fíor go bhfuil sé ráite ag an bpríomh aistritheoir go mbeidh an chéad athbhreithniú eile laistigh de thrí bliana. Nílimid gafa le sin, áfach. Má deirimid sa reachtaíocht gur cheart go mbeadh an chéad athbhreithniú eile i gceann 20 nó 30 bliain, caithfidh siad cloí le sin.

Thug mé deis díobh labhairt faoi na leasuithe agus tabharfaidh mé an deis céanna díobh níos déanaí. Mar sin, is féidir iad a chur síos ar Chéim na Tuarascála agus iad a phlé ina iomlán ar urlár na Dála sa chomhthéacs sin. An bhfuil alt 3 aontaithe?

Níl sé glactha. Tá mé ag moladh go foirmeálta go gcuirfear an díospóireacht seo ar athló go dtí an dáta is túisce gur féidir an cruinniú seo a athghairm. Iarraim uair amháin eile ar an Aire Stáit gan-----

Caithfidh mé an cheist a chur-----

Rud amháin eile.

Gabh mo leithscéal. An bhfuil alt 3 aontaithe?

Tá moladh déanta agam.

Tá sé ráite agam nach bhfuil sé aontaithe. Dúirt mé níos luaithe go bhfuil go leor le rá agam faoi forálacha alt 3. Ba mhaith liom é sin a dhéanamh - líne ar líne, más gá - anois. Tá mé tar éis a rá nach aontaím le mórchuid a bhfuil san alt seo. Ní cheart go mbeadh deifir orainn. Tá sé de cheart againn dul tríd an Bhille diadh ar ndiadh. An leanfaidh mé ar aghaidh?

Tabharfaidh mé cúig nóiméad duit.

Níor chuala mé a leithéad riamh. Ba cheart go mbeadh níos mó ná cúig nóiméad agam chun déileáil le príomh-substaint an Bhille. Déanfaidh mé iarracht é sin a dhéanamh. Tógfadh sé an oiread sin ama dom labhairt faoi líne 25. Caithfidh mé míniú a fháil ón Aire Stáit i dtaobh roinnt de na rudaí atá sa reachtaíocht seo. Ba mhaith liom níos mó a fháil amach faoin gcomhairle a bhfuair sé agus na fáthanna ar tógadh cinnithe áirithe. Is é sin an fáth go mbíonn Chéim an Choiste againn. Os rud é nach bhfuil gilitín á ghearradh ar an mBille seo, tá sé de cheart agam mar Theachta déileáil leis an mBille líne ar líne. Tá rudaí eile le déanamh agam. Is é seo an príomh-chuid den Bhille seo. Bhí sé i gceist agam iarracht a dhéanamh leasú a dhéanamh ar an alt seo ag moladh ní hamháin gur ceart aistriú á dhéanamh ar Achtanna go riaráisteach, ach freisin gur ceart Billí a fhoilsiú go chomhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla as seo amach. Tá mé chun an leasú sin a chur chun cinn. Má tá an bun-reachtaíocht foilsithe sa dá theanga as seo amach, mar a tharlaíonn i bparlaimintí eile, déanfaidh sé cinnte de nach mbeidh riaráistí againn riamh arís. Nuair atá reachtaíocht ag dul tríd an chóras parlaiminteach, ba cheart go mbeadh na hathruithe le feiceáil i mBéarla agus i nGaeilge. Sa chás sin, bheadh an Acht deireadh foirfe beagnach láithreach - laistigh de chúpla uair an chloig - nuair atá an Bille aontaithe ag an Oireachtas. Bheadh na hoifigigh éagsúla in ann na leasuithe a chur isteach i mBéarla agus i nGaeilge gan ró-mhoill. Aon uair a rinne mé iarracht an t-athrú seo a dhéanamh, diúltaíodh mé toisc an chóras atá ann faoi láthair. Ní bheidh cead agam an leasú mór seo a chur chun cinn ar Chéim na Tuarascála toisc go bhfuil rialacha seafóideacha, mar gheall ar na costais a bheadh i gceist ó thaobh an Stáit de, i bhfeidhm sa Dáil seo. Tá deis agam an argóint sin, atá déanta agam cúig uaire roimhe seo trí leasuithe a mholadh ar Bhillí difriúla, a dhéanamh arís inniu. Is é sin an chéad phointe atá le déanamh agam. Baineann sé le fo-alt (2B) i gcomhthéacs na Billí iad féin seachas na hionstraimí reachtúla go díreach.

Déanadh plé ar Chéim an Choiste sa Seanad ar roinnt leasuithe a d'fhoilsigh mo chomhghleacaithe i Sinn Féin, na Seanadóirí Ó Clochartaigh, Cullinane and Reilly. Tá sé i gceist agam gach ceann de na leasuithe sin a athfhoilsiú. Is réimse eile é sin de na leasuithe atá ar intinn agam. Baineann trí leasú leis an gcuid seo den Bhille.

Tá sé i gceist agam freisin leasuithe breise a thabhairt chun cinn ar Chéim na Tuarascála chun a chinntiú nach ndéanfar aon athrú ar an smacht atá ag an gcoimisiún, agus ag Rannóg an Aistriúcháin dá réir, ar an gcaighdeán mar sórt "quality mark" ar aistriúcháin reachtaíochta. Ní cheart na dualgais sin a chur amach go dtí dream aistritheoirí nach bhfuil an stíl chéanna acu ó thaobh foclóireachta agus téarmaíochta de. Ní cheart go mbeadh a leithéad déanta seachas i gcruachás. Ba chóir go mbeadh an smacht ag Rannóg an Aistriúcháin, sa chuid is mó. Ba cheart na hacmhainní a choimeád sa rannóg chun stíl parlaiminte na tíre seo - tá a leithéid ag gach uile parlaimint ar domhain - a chaomhnú agus a choimeád le chéile. Sin leasú a mholfainn maidir le leathanach 9, idir líne 15 agus líne 16.

Mholfainn leasú eile chomh maith. Luaitear sa Bhille go ndéanfar athbhreithniú gach seacht mbliana, ach sílim go bhfuil sé seafóideach athbhreithniú a bheith ann gach seacht mbliana agus caighdeán nua a chur amach ansin. In ionad sin, ba chóir soiléiriú a dhéanamh go rialta. Tarlaíonn seo beagnach gach bliain. Déanann Rannóg an Aistriúcháin soiléiriú ar phointí gramadaí nó foclóra go minic, ach ní ath-eisítear An Caighdeán Oifigiúil. Mar atá feicthe againn, eisíodh an caighdeán don chéad uair i 1958 agus níor eisíodh arís é go dtí 2012. Mar sin, sílim gur cóir an foráil in alt 3(2F) a athrú go hiomlán. Ba chóir gur soiléiriú a bheadh i gceist agus nach dtarlódh athbhreithniú ach uair amháin gach 20 bliain. Sin athrú suntasach a bheadh á lorg agamsa. Cén fáth freisin an mbeadh an tAire Stáit ag iarraidh go bhféadfaí cineál fochonraitheoireacht a dhéanamh den obair atá faoi réir Rannóg an Aistriúcháin? Dá dtabharfaí na hacmhainní cuí dóibh agus aistritheoir nó dhó breise don rannóg, an bhféadfadh an rannóg na riaráistí a ghlanadh go hinmhéanach?

Dar ndóigh, caithfí i gcónaí go mbeidh teacht ag Rannóg an Aistriúcháin ar shaineolaithe seachtracha. Aontaím le sin, ach is cóir gur comhairle a bheadh le fáil uathu seachas aon ionchur ar ghnáthobair na rannóige, mar tá obair mhaith á dhéanamh ag an rannóg thar na blianta ach amháin go bhfuil riaráistí ann. De réir an eolais atá agamsa, tharla sin toisc nach raibh neart daoine ar an bhfoireann, nár líonadh poist agus nach raibh dóthain airgid ag an rannóg chun an obair a dhéanamh. D'éirigh leis an rannóg an dualgas a bhí uirthi An Caighdeán Oifigiúil a atheisiúnt. Rinneadh é sin agus rinneadh jab maith de. Chomh maith le sin, bhí obair eile le déanamh ag an rannóg. Bhí athruithe móra ag tarlú maidir leis an Aontas Eorpach agus traenáil agus bhí an rannóg gafa le déanamh cinnte de go mbeadh an caighdeán céanna ag na haistritheoirí a rachadh go dtí Parlaimint na hEorpa agus atá ag Rannóg an Aistriúcháin.

Seo iad na príomh pointí faoi seo, ach b'fhéidir go smaoineoidh mé ar chúpla rud eile nár luaigh mé agus tiochfaidh mé ar ais orthu sin ar ball. Seo bunús na leasuithe a bheinn ag iarraidh a chur chun cinn. Ba mhaith liom a dhéanamh cinnte de nach dtarlódh athbhreithniú ar an gcaighdeán nach raibh gá leis agus lena mbeadh costas breise ag teastáil de bharr go mbeadh an dream atá gafa le haistriúchán reachtaíochta dírithe i dtreo jab an-mhór nach raibh gá a dhéanamh. Go bhfios domsa, níl aon tír eile ar domhan ina tharlaíonn athbhreithniú ar an dteanga oifigiúil gach seacht mbliana. Bheadh sé i bhfad níos fearr dúinn dá mbeadh foclóir téarmaíochta parlaiminte áisiúil againn.

Ar an gcéad dul síos ba mhaith liom a rá go bhfuil fadhb amháin agam maidir le ballraíocht an choiste seo. Táim an-bhuíoch don chléireach go gcuireann sé scéal chugam nuair atá an coiste iomlán le bheith ina shuí, ach tá sé deacair a bheith ar an eolas nuair nach ball iomlán den choiste mé. Is dóigh go mbaineann an scéal céanna leis an Teachta Ó Cuív mar urlabhraí ar chomhphobal don pháirtí. Mar shampla, roimh an Nollaig, cuireadh leasú maidir le Coimisiún Tithe an Oireachtais, ach bhain sin le hairgead do Theachtaí agus Seanadóirí. Shíleamar b'fhéidir gur sin an Bille a bhí le plé inniu.

Chomh maith le Teachtaí eile, b'fhearr liomsa dá gcuirfí an reachtaíocht seo ar athló. Má táimid chun dul ar aghaidh ag plé alt 3, feicim go bhfuil ceist le plé faoi athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaighdeán. Ar leathanach 9, labhartar faoi dul i gcomhairle leis na hAirí sna Roinn Oideachais agus Scileanna, Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Mar adúirt an Teachta Ó Snodaigh, beidh an-suim ag múinteoirí sa chaighdeán, agus labhair an Teachta Ó Cuív faoi Fhoras na Gaeilge agus lucht na meáin. Cén chaoi a rachaidh an tAire Stáit i mbun na comhairle seo? Tá go leor suime san athbhreithniú seo ar an gcaighdeán agus labhair an tAire faoi thriúr Airí a bheith páirteach. Cén chaoi a rachaidh siad i gcomhairle leis an bpobal i gcoitinne? Tá neart spéise ag daoine sa cheist seo.

Thosaigh an Bille seo sa Seanad agus rinneadh plé ansin air. Ansin tháinig sé go dtí an Dáil i mí na Samhna agus rinneadh plé fhada air sa Dáil. Tá fógra amuigh faoi ar an ghnáth dóigh. Is é an gnáth dóigh imeachta ná go n-instear do na hAoirí, na Whips, go bhfuil an Bille ag dul ar aghaidh agus tá a modh imeachta féin ag gach páirtí chun déileáil le sin. Bhí seans ag gach duine, páirtí agus urlabhraí leasuithe a chur isteach don lá inniu. Bhí coicís iomlán acu, ach níor cuireadh isteach aon leasuithe.

D'éist mé leis an méid a bhí le rá ag an gCathaoirleach agus dúirt seisean go mbeadh sé sásta a bheith so-scaoilte agus sásta seans a thabhairt na pointí a ardaíodh anseo inniu a phlé ar Chéim na Tuarascála. Tá sé fábharach go mbeidh an deis sin ag Teachtaí. Ní thuig linn dul ar ais ar seo. Tá nósanna imeachta díospóireachta parlaiminte ann agus tá na nósanna sin ag na coistí chomh maith. Tá na nósanna sin leagtha síos le blianta. Níor tháinig aon leasú isteach. Ní féidir le héinne an locht a chur ormsa. Rinne mé fiosrú cúpla uair faoi an raibh aon leasú istigh. Rinne mé fiosrú le cúpla lá anuas agus táimid anseo inniu gan leasú. Ach beidh deis na leasuithe agus an rud a bhí le rá ag na Teachtaí a thabhairt aníos ar Chéim na Tuarascála agus, mar adúirt an Cathaoirleach, is féidir linn iad a phlé go cuimsitheach ansin agus na freagraí atá de dhith ar na Teachtaí a thabhairt dóibh. Ní féidir leo a bheith ag cur ama an choiste seo amú. Mar sin, sílim gur cóir dúinn dul ar aghaidh le seo. Tá leasú amháin istigh agus ba chóir dúinn déileáil le sin. Maidir leis na rudaí uilig atá pléite, beidh deis ag na Teachtaí iad a thabhairt aníos agus a phlé ar Chéim na Tuarascála. Tá focal an Chathaoirlaigh acu ar sin.

An bhfuil alt 3 aontaithe?

Gabh mo leithscéal, ar Chéim an Choiste tá cead i gcónaí-----

Gabh mo leithscéal, táim ag cur na ceiste anois-----

Ar Chéim an Choiste tá cead teacht ar ais chomh minic agus is maith le duine.

Gabh mo leithscéal, an bhfuil sé aontaithe go bhfeidhmeofar alt 3 den Bhille?

Níl sé aontaithe. Tá cead ar Chéim an Choiste teacht ar ais. Tá rudaí go gcaithfidh mé a rá anseo inniu, agus tá mé ag iarraidh go mbeidh deis agam iad a rá.

Chuir mise ceist ar an Aire Stáit chomh maith.

Agus d'fhreagair an tAire Stáit í.

Níor thug an tAire Stáit freagra dom.

Gabh mo leithscéal. Tá an Cathaoirleach ag iarraidh muid a stopadh leasuithe a chur isteach.

Ar Chéim an Choiste d'aon Bhille, ní bhíonn srian riamh ar an bplé. Is cuimhin liom bheith istigh ag Billí agus iad ag dul anonn agus anall.

Tabharfaidh an tAire Stáit freagra don Teachta Ó Snodaigh.

Theastaigh uaim fógra oifigiúil a thabhairt go mbeidh mé ag moladh leasaithe ar na rudaí seo a leanas le go mbeidh sé ar thaifead an choiste seo. Beidh mé ag moladh leasaithe ar alt 3(2G), le go mbeidh ar an rannóg agus ar an gcoimisiún dul i gcomhairle le daoine, grúpaí agus sainghrúpaí ainmnithe sula ndéanfar aon chaighdeán nua a réiteach. Beidh mé ag moladh ar Chéim na Tuarascála go leagfar síos sa reachtaíocht cén próiseas comhairliúcháin a bheidh i gceist leis an bpobal. Beidh mé ag moladh go ndéanfar aisghairm ar an leasú lofa a rinne an Rialtas ar Acht na dTeangacha Oifigiúla maidir le foilsiú Billí go leictreonach i mBéarla amháin. Beidh mé ag moladh leasaithe go réiteofar an chéad chaighdeán eile laistigh de bhliain agus go dtógfar san áireamh sa chéad athbhreithniú eile a dhéanfar faoin Acht seo an caighdeán arna athbhreithniú ag an gcoiste stiúrtha a bunaíodh faoi choimirce na hiar-Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Beidh mé ag moladh leasaithe maidir leis na táillí. Beidh mé ag moladh leasaithe maidir leis an teorainn ama atá leagtha síos le haghaidh na n-ionstraimí reachtúla a aistriú. Beidh mé ag moladh leasaithe go ndéanfar an chéad athbhreithniú laistigh de bhliain.

Molfaidh mé na leasuithe sin an chéad uair eile agus tá súil agam go mbeidh siad ar thaifead na Dála. Seo an chéad choiste Dála, tar éis 20 de bhlianta a raibh mise anseo, gur chuir an Cathaoirleach srian ar an bplé agus nach raibh cead againn dul anonn is anall leis an Aire Stáit ag lorg freagraí agus ag cur moltaí ar aghaidh.

Cárbh as a dtáinig an seacht mbliana a luadh san Acht? An bhfuil eiseamláir idirnáisiúnta maidir leis sin?

Fuair mé comhairle phroifisiúnta air sin. Tá cás déanta ag an Teachta agus má tá leasú síos agus molta aige, is féidir é a phlé ar Chéim na Tuarascála.

Táim á phlé anseo.

Níl sin oscailte dom. Níl aon leasú thíos.

Ní gá leasú a bheith ann chun forálacha atá os comhair an choiste a phlé. Táim ag plé sin seachas leasú. Cárbh as a dtáinig seacht mbliana? An bhfuil eiseamláir idirnáisiúnta ann gur thángthas ar an bhfigiúr sin? Cén fáth nach bhfuil cúig bliana nó 20 de bhlianta ann? An chomhairle atá agam ná nach mbíonn figiúr mar sin ann de ghnáth.

Ní hé sin ach rud amháin. D’fhéadfaimis dul tríd an mBille ar fad. Is ait liom go bhfuil srian á chur nuair nach bhfuil srian ama. Bím i gcónaí ag gearán faoi srianta ama nuair a bhíonn gilitín ann.

Caithfear ceisteanna a chur agus freagraí a fháil ar Chéim an Choiste. Ní fhaca mé riamh cás gur tógadh an oiread ceisteanna agus gur séanadh an laghad sin freagraí, ach amháin gur féidir iad a phlé arís. Mar a deirtear sa Bhéarla, “more hurry, less haste”.

Is féidir leis an Teachta aon leasú is mian leis a chur síos ar Chéim an Tuarascála. Cuirfimid an cheist anois.

Faoi reachtaíocht, fiú mura bhfuil leasú síos, is féidir aon phlé is maith le ball coiste a dhéanamh ar na hailt sa reachtaíocht sin agus, mar a dúirt an Cathaoirleach, teacht ar ais ar Chéim na Tuarascála. Níl aon srian leis an bplé. Nílimid ag iarraidh fad a chur leis seo ach nílimid ag fáil freagraí.

Cuireadh ceist an-simplí, agus glacaim go bhfuil an-taighde déanta ag an Roinn, agus go bhfuil eolas ag an Aire Stáit air seo, cad iad na fasaigh idirnáisiúnta atá ann ar a bhfuil an moladh bunaithe go ndéanfar athbhreithniú laistigh de seacht mbliana. Céist an-simplí agus an-bhunúsach é seo le go mbeidh tuiscint againn.

Chomh maith leis sin, is gnáth nós é ag go leor Airí anois tairiscint a dhéanamh don Fhreasúra dul i gcomhairle leis na hoifigigh atá ag plé le Bille Roinne. Tugadh cuireadh, mar shampla, do chomhghleacaithe an Aire, an Teachta Coveney, maidir leis an mBille sláinte ainmhithe agus thug sé deis dúinn casadh le hoifigigh na Roinne sula réitíomar na leasuithe agus na ceisteanna ar fad a phlé. Thug siad eolas dúinn faoina raibh sa Bhille agus mhínigh siad dúinn roimhré le go mbeadh stuaim leis na leasuithe. De réir mar a chuaigh an próiseas ar aghaidh, bhí idirphlé ar bun leis na hoifigigh an t-am ar fad le cúnamh a thabhairt.

Níor chuir an Teachta aon leasú síos.

Mhínigh mé é sin. Le tacaíocht ón Aire, cuireadh sin ar fáil. Ní dhearnadh sin sa chás seo.

Bhíomar an-oscailte agus tugadh cuireadh do na urlabhraithe uile ó na páirtithe teacht isteach le plé a dhéanamh ar an mBille seo le hoifigigh shinsearacha na Roinne i m’oifig féin. Tháinig daoine isteach agus míníodh sin dóibh. Bhí cuireadh oscailte ann, ní raibh sé druidte agus ba mhaith liom é sin a chur ar an taifead. Tugadh cuireadh dóibh teacht isteach agus tháinig na hurlabhraithe isteach. Bhí an Teachta Kitt istigh agus bhí urlabhraí ó Shinn Féin istigh agus insíodh dóibh cad a bhí anseo. Ní raibh sé dúnta, rúnda nó ceilte; bhí sé oscailte.

Mar adúirt mé, tá na Teachta in ann na pointí a thógáil agus tá na leasuithe atá siad ag dul a chur síos ar Chéim na Tuarascála nótáilte. D'ardaigh an Teachta Ó Snodaigh an seacht mbliana. Ní saineolaí mise ar chúrsaí teangeolaíoch. Fuaramar comhairle phroifisiúnta ó Rannóg an Aistriúcháin agus ó dhaoine eile. Creidim go bhfuil traidisiún idirnáisiúnta ag teangacha eile athbhreithniú a dhéanamh anois is arís ar an gcaighdeán, fiú mórtheangacha an domhain. Bíonn teangacha ag athrú. Ní hionann athbhreithniú agus athrú, ach rud amháin nár bh'fhéidir linn glacadh leis ná go mbeadh 60 de bhlianta ann sula ndéanfaí scrúdú ar an gcaighdeán. Tá sin ró-fhada. B’fhéidir go mbeadh seacht mbliana ró-ghairid – is dócha go bhfuil – ach táim cinnte nuair a tháinig na saineolaithe a thug comhairle dúinn nuair a bhí sé seo á chur le chéile go bhfuil tagarmharc idirnáisiúnta ann go ndéantar athbhreithniú go rialta, agus seacht mbliana a roghnaíodh. Beimid in ann sin a phlé má tá leasú thíos ag na Teachtaí a rá gur ceart don seal sin bheith níos faide.

Is féidir linn é a phlé anois. Ní raibh mise ag an ócáid chomhairliúcháin sin agus molaim é nuair a dhéanann Airí é sin. Má bhí an t-eolas ann ar fáil ar an lá, ba chóir go mbeadh sé ar fáil ar thaifead na Dála agus seo an áit chun sin a dhéanamh. An t-eolas atá agam ná nach bhfuil an figiúr de sheacht mbliana nó aon fhigiúr gar dó de dhith. Seo cuid den ghnáthphlé ó thaobh reachtaíochta de. Tá mé ar lorg na comhairle atá an tAire Stáit ag rá gur tugadh do Theachtaí lasmuigh den seomra seo. Ba mhaith liom an chomhairle sin ar an dtaifead. Ní bhaineann sé le leasuithe amháin. Seo cuid den idirphlé a bhíonn ann de ghnáth nuair atá Bille os comhair na Dála.

B'fhéidir go nglacfaidh mé leis an gcomhairle agus ní chuirfidh mé leasuithe chun cinn. Is é sin an fáth go rabhamar ag lorg eolais i dtaobh na cúiseanna go bhfuil cinnithe áirithe tógtha ag an Rialtas. Dá mbeadh an t-eolas sin againn, b'fhéidir go mbeimid in ann "okay, tá an ceart agat" a rá agus ní chuirfimid aon leasú síos. Muna aontaím leis an méid atá á dhéanamh, áfach, chuirfidh mé leasú síos ar an Chéim sin ionas go mbeidh níos mó plé againn. Is é an buntáiste a bhaineann le Céim an Choiste ná nach bhfuil sé chomh foirmiúil. Tá srianta ó thaobh ama agus ó thaobh an méid uair gur féidir teacht siar agus ar ais i rith na díospóireachta i gceist ar Chéim na Tuarascála. Is é sin an fáth go bhfuil Céim an Choiste chomh tábhachtach agus muid ag déileáil leis an gceist seo. Impím ar an Aire Stáit an chomhairle a bhí ar fáil dó, agus na saineolaithe a dúirt leis tréimhse de seacht mbliana a chur sa Bhille, a lua. Tá difríocht idir soiléiriú a dhéanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil - rud a tharlaíonn gach bliain - agus athbhreithniú a dhéanamh. Gach bliain, déanann an rannóg soiléiriú ar phointí a ardaíodh leo. Is rud iomlán difriúil é an t-athbhreithniú, os rud é go gcaithfidh an rannóg dul tríd an gCaighdeán Oifigiúil ó bhun go barr. Is é sin atá i gceist. Ní tharlaíonn sé sin in aon áit eile ar domhan gach seacht mbliana.

Go raibh maith agat.

Tá difríocht ann. Tá mé chun leasú a chur síos, ach bheadh sé deas dá mbeadh baill an choiste seo in ann na tsaineolais nó an tuairime a bhaineann leis an tréimhse seacht mbliana a fháil roimh ré.

Tá sé de chúram ar gach Teachta a gcuid leasuithe féin a chur síos. Ní dhearna na Teachtaí é sin ar an Chéim seo, ach beidh deis eile acu é a dhéanamh ar Chéim na Tuarascála. Tá mé chun an cheist a chur.

Tá mé tar éis ceist simplí, nach mbaineann le haon leasú, a chur ar an Aire Stáit. Dúirt an tAire Stáit go bhfuil an fhoráil seo bunaithe ar chomhairle atá faighte aige. Tá sé ag diúltiú an chomhairle sin a chur faoi bhráid an choiste.

Caithfidh mé an cheist a chur.

Níl an tAire Stáit tar éis freagra a thabhairt.

Ní thugann sé freagraí riamh.

Níl eolas aige faoi.

An bhfuil alt 3 aontaithe?

Níl. Tá sé scannalach.

Question put:
The Committee divided: Tá, 7; Níl, 3.

  • Bannon, James.
  • Coffey, Paudie.
  • Corcoran Kennedy, Marcella.
  • McCarthy, Michael.
  • McGinley, Dinny.
  • McLoughlin, Tony.
  • Nash, Gerald.

Níl

  • Flanagan, Luke 'Ming'.
  • Ó Cuív, Éamon.
  • Ó Snodaigh, Aengus.
Question declared carried.
SECTION 4
Question proposed: "That section 4 stand part of the Bill."

Ar Chéim na Tuarascála, beimid ag moladh go gcuirfí na focail "déanfaidh an Coimisiún," in áit "féadfaidh an Coimisiún" ionas go mbeidh sé riachtanach don choimisiún na feidhmeanna seo a chomhlíonadh. De réir alt 4 mar a sheasann sé faoi láthair:

Féadfaidh an Coimisiún, chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh faoi fho-ailt (2F) go (2H) d'alt 4, cibé daoine is cuí leis, nach comhaltaí den Choimisiún ná comhaltaí d’fhoireann an Choimisiúin agus a bhfuil saineolas agus taithí oiriúnach acu, a cheapadh chun coiste arna bhunú aige faoi fho-alt (1) i dtaca leis na feidhmeanna sin.

Táimid ag iarraidh go mbeidh iachall agus dualgas ar an gcoimisiún é sin a dhéanamh, seachas é a bheith mar rud gur féidir leis an gcoimisiún a dhéanamh. Tá sé fíor-thábhachtach go mbeidh na páirtithe leasmhara ar fad páirteach sa ghnó seo. Molfaidh mé ar Chéim na Tuarascála go mbeidh an leasú sin ann. Tá mé ag tabhairt fógra oifigiúil anseo anois gur amhlaidh a bheidh mé ag cur síos.

Bheadh sé áisiúil dá mbeadh roinnt ceisteanna a bhaineann leis an alt seo freagartha sa reachtaíocht. Ní léir ón mBille an gcuirfidh an coimisiún foireann de chomhaltaí ar an gcoiste seo. Cé chomh teoranta a bheidh an ballraíocht? Cén leagan amach a bheidh ag an gcoiste? Cén scála ama a bheidh i gceist le haghaidh an choiste? An coiste buan nó coiste sealadach a bheidh ann? An mbeidh ar an gcoiste seo, a phléfidh an Caighdéan Oifigiúil, dul i gcomhairle leis na saineolaithe ar nós ollaimh na Gaeilge agus iad siúd atá gafa le foilsitheoireacht? Tá sé leagtha amach in alt 2 den Bhille seo go bhfuil an caighdeán "le húsáid sa reachtaíocht phríomha agus sa reachtaíocht thánaisteach agus mar an treoir le haghaidh scríbhneoireachta sa Ghaeilge". Dá bhrí sin, beidh an coiste comhairliúcháin seo an-tábhachtach. Ba cheart go mbeadh a fhios againn cad atá i gceist. B'fhearr liom dá mbeadh sé leagtha amach, os ár gcomhair i scríbhinn, go díreach cé hiad na daoine atá i gceist. Cuirfidh mé leasú le chéile sa chomhthéacs seo. Mar a dúirt mé níos luaithe, os rud é go bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit go gcuirfear caighdeán oifigiúil nua le chéile gach seacht mbliana, tá dainséar ann go dtiocfaidh athruithe thar chuimse ar an gcaighdeán go rialta. Tá sé an-tábhachtach go mbíonn an stíl áirithe a bhaineann le reachtaíocht, ach go háirithe, ceart nuair a théann na nithe seo os comhair na gcúirteanna. Ní chóir go mbeadh aon dabht nó aon bhotúin i gceist. Thar na blianta, d'fhoglaimíomar anois is arís go gcosnaíonn botún beag reachtaíochta an Stát go leor airgid. Má tá an stíl caighdeánach le n-athrú gach seacht mbliana, tá seans ann go dtiocfaidh botúin chun cinn níos minicí amach anseo.

Níl sé soiléir sa reachtaíocht seo go bhfuil athbhreithniú le déanamh ar chaighdeán oifigiúil Béarla na tíre seo. Tá sé ait nach bhfuil sé i gceist athbhreithniú a dhéanamh ar an dara teanga oifigiúil. Go bhfios domsa, níl aon chaighdéan oifigiúil - seachas ceann Shasana - againn don teanga sin. An bhfuil an coiste chomhairliúcháin atá á bhunú ag déileáil le caighdeán oifigiúil Béarla na tíre seo chun usáid na teanga sin a chur i gceart? An bhfuil sé i gceist athbhreithniú a dhéanamh ar an mBéarla? Tarlaíonn athruithe i mBéarla go rialta, ach ní cheapann na húdaráis i Sasana gur cheart athbhreithniú a dhéanamh agus caighdeán nua a eisiúnt gach seacht mbliana. Cuireann siad foclóir nua amach chun soiléiriú a dhéanamh, mar shampla ar an dul chun cinn mór atá déanta ó thaobh teicneolaíochta de - an tIdirlíon agus a leithéid. Tuigim go bhfuil ceisteanna ar nós canúintí againn sa tír seo. Glacaim leis go bhfuil caighdeán oifigiúil don Bhéarla leagtha síos i dTithe na Parlaiminte i Sasana. Claíonn said le sin, go bhfios dom - ní dhéanann siad aon mhórathbhreithniú. Sa chás seo, tá sé i gceist ag an Aire Stáit athruithe a dhéanamh ar theanga oifigiúil amháin cuíosach rialta. Tuigim an fáth gur tharla an t-athrú a rinneadh sa bhliain 1958 agus tuigim an fáth gur tharla an t-athbhreithniú is déanaí. B'fhéidir nár cheart dúinn 60 bliain a thógáil. Bheadh sé an-ait dá mbeadh an coiste seo ag suí ar feadh seacht mbliana chun déileáil leis an gCaighdeán Oifigiúil. Tá sé i gceist agam leasú a chur chun cinn. Tá mé ag lorg eolas ón Aire Stáit i dtús báire sula ndéanaim é a chur le chéile. Cad é a thuairim faoin sórt duine a bheidh ar an gcoiste seo? An bhfuil aon tuairim aige faoin mhéid atá sa Bhille?

Tá na comhaltaí a bheidh á roghnú le bheith ar choiste den chineál seo luaite sa reachtaíocht mar dhaoine "a bhfuil saineolas" acu ar chúrsaí na teanga. Tá go leor daoine a bhfuil saineolas den sórt sin acu. Deirtear freisin go gcaithfear "taithí oiriúnach" maidir le cúrsaí na Gaeilge a bheith acu. Tá sé luaite go sonrach in alt 4(2) go bhfuil daoine den chineál sin i gceist. Bhí a macasamhail ar an sean-choiste stiúrtha a bhí ann go dtí seo. Bhí réimse leathan de dhaoine ar an gcoiste sin. Ní shílim go mbeadh sé an-deacair daoine den chaighdeán sin a fháil sa chás seo chun treoir agus comhairle a thabhairt san obair thábhachtach seo.

Níl a fhios agam cé chomh minic agus a dhéantar athbhreithniú ar chaighdeán an Bhéarla. Ní shílim gur féidir comparáid an-dlisteanach a dhéanamh idir an Béarla agus ár dteanga náisiúnta. Mar a dúradh, tá an Béarla leagtha síos i bParlaimint Shasana agus i bhfoclóir Oxford, srl.

Bhí caighdeán an Bhéarla ann i bhfad sula dtáinig muid aníos le caighdeán na Gaeilge, nuair a bunaíodh an Stát agus i 1958. Tá obair le déanamh go fóill ar chaighdeán oifigiúil Gaeilge a sheasfaidh an t-am agus tá an obair sin ag dul ar aghaidh. Mar adúirt mé, beidh deis ag an Coimisiún agus ag Rannóg an Aistriúcháin daoine leis na cáilíochtaí agus an saineolas, daoine oiriúnacha, a roghnú fá choinne treoir a thabhairt agus beidh muid ábalta úsáid a bhaint as a gcuid eolais. Tá go leor oibre déanta ag an gcoiste stiúrtha freisin agus cuirfear í sin san áireamh chomh maith.

Ar an gcéad dul síos, go bhfios domsa níor fhoilsigh an Rialtas fiú obair an choiste stiúrtha. Tá sé cosúil le rún Fatima. Shílfeá go mbeadh sé sa reachtaíocht go gcaithfeadh Foras na Gaeilge, atá mar fhoras Thuaidh-Theas i bhfeighil na hoibre, de bharr go bhfuil gné uile-Éireannach - go deimhin gné idirnáisiúnta - ag baint le seo, a dhéanamh cinnte go gcaithfeadh téarmaíocht a bheith ar an gcoiste. Mar aon le sin, go gcaithfeadh ionadaíocht a bheith ar an choiste ó na meáin, ón gcóras oideachais agus ó aistritheoirí seachtracha agus mar sin de agus go mbeadh sin leagtha síos sa dlí. Mar atá sé faoi láthair, tá sé an-scaoilte agus is féidir leo a rogha rud a dhéanamh. D'fhéadfaidís, mar shampla, gan an dream atá ag plé le téarmaíocht a chur ar an choiste seo nó gan ionadaíocht a bheith air ó chainteoirí dúchasacha.

Mar sin, creidim go mbeadh an Bille i bhfad níos foirfe dá ndéareadh sé go bhféadfaidh an Coimisiún, chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh, daoine is cuí leis, nach comhaltaí den Choimisiún ná comhaltaí d’fhoireann an Choimisiúin iad agus a bhfuil saineolas agus taithí oiriúnach acu, a cheapadh chun coiste, ach go gcaithfear daoine X, Y agus Z a bheith air mar bhuancoiste. Ansin, d'fhéadfadh siad daoine eile a cheapadh, de réir mar a fheilfeadh sin dóibh féin. D'fhéadfadh siad ansin a dhéanamh cinnte go mbeadh na dreamanna reachtúla ar fad a phléann leis an Ghaeilge ar an choiste.

Tá nóimead amháin ag an Teachta le críochnú.

Níl aon teorann ama ar Chéim an Choiste.

Tá nóímead amháin ag an Teachta agus tá an nóiméad sin críochnaithe.

Tá an teorann sin ar Chéim na Tuarascála. Níl an treoir sin áit ar bith sna Buan Orduithe. Má sheiceáileann an Cathaoirleach na horduithe, feicfidh sé go bhfuil teorann ama leis an méid ama is féidir teacht ar ais ar Chéím na Tuarascála, ach níl teorann ar bith ar Chéim an Choiste.

Is scannalach í an chaoi atáthar á chaitheamh linn, na Teachtaí ag a bhfuil spéis againn sa cheist seo. Níl aon bhall as páirtithe an Rialtais ag glacadh páirte sa díospóireacht anseo agus níl freagraí iomlána á tabhairt dúinn, cé go nglacaim leis an méid adúirt an tAire Stáit. An féidir leis an Aire Stáit liosta de na baill a bhí ar an choiste a thabhairt dúinn inniu nó an féidir leis é a sheoladh chugainn ionas go mbeidh tuairim againn faoi? Nílim ag rá nach mbeadh sé i gceist na daoine seo a chur ar an choiste, ach b'fhearr liomsa go mbeadh sé leagtha amach sa reachtaíocht cé go díreach a bheadh i gceist. Nílim ag rá gur ceart an duine a ainmniú, ach ba chóir a leagan amach go mbeadh duine ón choiste téarmaíochta, duine ó fhoilsitheoirí leabhair Gaeilge agus ó na grúpaí atá ag gabháil le húsáid na teanga.

Ceist eile ná an bhfuil iocaíocht i gceist dóibh siúd a bheidh ar an choiste? Má tá, ní bheidh mise in ann leasaithe a ardú ar Chéim na Tuarascála. An bhfreastalóidh na baill go deonach ar an choiste? Tá súil agam gur mar sin a bheidh sé. Nílim ag lorg go n-íocfar iad, ach sin an sórt coisc atá orainn maidir le reachtaíocht mar seo. Sin an méid atá le rá agam maidir le sin. Tá sé tubaisteach go bhfuil an sodar seo ag baint leis an mBille. Níl deifir leis an reachtaíocht seo agus b'fhiú cúpla uair an chloig eile a thabhairt di le í a dhéanamh foirfe.

Sílim gur féidir linn teacht ar réiteach maidir leis an liosta don choiste stiúrtha a bhí ann. Níl aon deacracht maidir le sin a chur chuig na Teachtaí. Maidir leis an reachtaíocht, luann sí saineolas agus taithí oiriúnach agus sílim go bhfuil solúbthacht ansin agus go mbeidh muid ábalta daoine den scoth a fháil amach. Tá a fhios againn uilig go bhfuil daoine ann a chaitheann a saol le seo. Ba chóir go mbeadh sé teoranta agus tá sin uilig le socrú. Déanfar ar an bhonn sin é. Dúirt an Teachta go gcuirfidh sé leasú síos le sin ann agus feicfidh muid céard is féidir linn a rá ag an bpointe sin. Níl muid chun aon rud a chlúdach. Táimid ag iarraidh an rud ceart a dhéanamh. An coiste a bhí ann, bhí daoine ann a raibh eolas acu as réimsí leathan de shaol, de chultúr agus de ghluaiseacht teanga na tíre seo agus ní fheicim go mbeidh malairt mhór faoin reachtaíocht úr.

An bhfuil an tAire Stáit sásta cóip den chaighdeán a réitigh an coiste stiúrtha a chur ar fáil?

Ta sé curtha ar fáil faoi láthair ag Rannóg an Aistriúcháin. Tá sé acusan-----

An gcuirfear an ceann a réitigh an coiste stiúrtha ar fáil do Chomhaltaí an Oireachtais le gur féidir linne breathnú air roimh Chéim na Tuarascála?

Tá sé ag Rannóg an Aistriúcháin.

Níl mise i Rannóg an Aistriúcháin. Is Comhalta tofa do Dháil Éireann mé. An féidir cóip a chur chugam?

Déanfaidh muid teagmháil leo.

Is leis an Roinn é.

Ní ag an Roinn atá sé. Tá sé curtha ar aghaidh chuig Rannóg an Aistriúcháin.

Ba leis an Roinn é. An féidir leis an Roinn é a chur chugam?

Is le Rannóg an Aistriúcháin anois é. Sin an cinneadh atá déanta. Tá sé curtha ar aghaidh acusan.

Cén uair ar tháirgeadh an dlí le sin a dhéanamh?

Sin an áit a bhfuil sé.

Glacaim leis go bhfuil cóip ag an Roinn.

Sílim go bhfuil sé curtha chuig Rannóg an Aistriúcháin. Labharfaidh muid leis an gcoimisinéir faoi sin. Ní fheicim go mbeidh go bhfuil deacracht ar bith é a chur ar fáil do na Comhaltaí.

Cuirfidh mé an cheist anois go bhfeidhmeofar alt 4 mar chuid den Bhille.

Question put:
The Committee divided: Tá, 7; Níl, 1.

  • Bannon, James.
  • Corcoran Kennedy, Marcella.
  • McCarthy, Michael.
  • McGinley, Dinny.
  • McLoughlin, Tony.
  • Mulherin, Michelle.
  • Nash, Gerald.

Níl

  • Ó Snodaigh, Aengus.
Question declared carried.
SECTION 5

I move amendment No. 1:

In page 10, subsection (2), line 13, to delete “Acts 2003 to 2009” and substitute “Acts 2003 to 2012”.

Tá leasú amháin á mholadh anseo. Ar leathanach 11, fo-alt (2), línte 14 agus 15, “na hAchtanna um Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003 go 2009” a scriosadh agus “na hAchtanna um Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003 go 2012” a chur ina ionad. Is leasú teicniúil é seo atá molta ag an Dréachtóir Parlaiminte. Mar is eol do Theachtaí, achtaíodh An tAcht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) (Uimh. 2), 2012 ag deireadh na bliana seo caite agus d'uireasa an leasú seo, ní bheadh aitheantas tugtha don Acht sin sa Bhille atá idir lámha againn inniu. Mar sin, is leasú teicniúil é atá riachtanach sa dóigh go mbeidh an dá cheann ag cur le chéile. Molaim an leasú.
Amendment agreed to.
Section 5, as amended, agreed to.
Title agreed to.
Bill reported with amendment.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Stáit agus lena oifigigh as ucht na cabhrach a thug siad dúinn inniu.

Barr
Roinn