Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Harbours and Piers.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 January 2004

Tuesday, 27 January 2004

Ceisteanna (895)

Eamon Gilmore

Ceist:

1016 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist obair feabhsúcháin a dhéanamh ar an ché ag Rannaigh, Oileán Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall. [2016/04]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

I láthair na huaire, tá ollchlár infheistíochta ar chéanna oileánda á chur i bhfeidhm ag mo Roinn faoin bPlean Forbartha Náisiúnta 2000 — 2006, a bhfuil sé mar phríomh-chuspóir aige an caighdeán rochtana chuig na hoileán a fheabhsú.

Tá suim de €1.203 million curtha ar fáil ag mo Roinn chun oibreacha feabhsúcháin ar an gcé fharantóireachta ag An Léab Gharbh, Oileán Árainn Mhór, a chur i gcrích sa tréimhse 1999 — 2003.

I 2001, ar iarratas ó mo Roinn, chuir Comhairle Chontae Dhún na nGall réamh-thuarascáil ar fáil maidir le forbairt na saoráidí calaíochta ag Rannach, Oileán Árainn Mhór. Moladh dhá rogha sa tuarascáil sin, i.e., síneadh 30 m a chur leis an gcé atá ann faoi láthair ar chostas €1.5 milliún nó síneadh 65m a chur léi ar chostas €3 milliún. Dheimhnigh an tuarascáil chomh maith gur chun sochair thionscal na hiascaireachta áitiúil a rachadh aon áis nua ag an láthair seo. Fuarthas meastachán ón gcomhairle chontae anuraidh maidir le costais deartha agus ullmhú doiciméad conartha don togra seo.

I bhfianaise an tsoláthair atá ar fáil dom le caitheamh ar fhorbairt chéanna ar na hoileáin sa chéad chúpla bliain eile amach romhainn agus na n-éileamh éagsúil ar an soláthar sin, agus ag cur san áireamh an infheistíocht atá déanta ar an gcé ag An Léab Gharbh cheana, níl sé ar chumas mo Roinne tosaíocht a thabhairt don togra áirithe seo faoi láthair.

É sin ráite, áfach, déantar monatóireacht rialta ar chur i bhfeidhm an chláir infheistíochta agus is féidir athbhreithniú a dhéanamh ar iarratais atá ar láimh, i gcás go dtiocfadh athrú substaintiúil ar an gclár seo.

Question No. 1017 answered with QuestionNo. 1007.
Barr
Roinn