Wednesday, 4 February 2004

Ceisteanna (56, 57, 58)

Trevor Sargent

Ceist:

139 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dochar a dhéanfadh sé dá n-iarrfadh sé stádas oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach. [3157/04]

Amharc ar fhreagra

Eamon Gilmore

Ceist:

166 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é go díreach seasamh a Roinne i dtaobh stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil oibre den Aontas Eorpach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [3107/04]

Amharc ar fhreagra

Trevor Sargent

Ceist:

188 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a ghlac an Rialtas leis nach mbeadh an Ghaeilge oiriúnach mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach. [3158/04]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa (Ceist ar Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs)

Tógfaigh mé Ceisteanna 139, 166 agus 188 le chéile.

Tógadh cinneadh gan stádas oibre a lorg don Ghaeilge i 1972.

Mar a thug mé le fios i mo fhreagra ar cheist tosaíochta uimhir 133 níos luaithe, tá sé leagtha síos mar ghníomh do mo Roinnse sa Ráiteas Straitéise don tréimhse 2003-2005 an cheist maidir le stádas níos fearr don Ghaeilge san AE a chur ar aghaidh.

Tuigfidh an Teachta go caithfear idirdhealú a dhéanamh idir stádas oifigiúil "sa chiall bunreachtúil" agus stádas mar theanga oibre chun críche na n-institiudí Eorpacha. Ní luaitear liosta teangacha ach in áit amháin sa dhréacht-bhunreacht Eorpach agus tá an Ghaeilge luaite ar chomhchéim sa gcomhthéacs sin. De réir na tagartha sin, atá ar aon dul leis an staid san conarthaí reatha leanfar le, leanfar le stádas bunreachtúil a bheith ag an nGaeilge san AE. De bharr an stádas bunreachtúil sin, tá ceart " mar shampla " ag an saoránach scríobh chuig aon cheann de na hinstitiúidí Eorpacha i nGaeilge agus freagra a fháil sa teanga céanna.

Anuas ar sin, ní luaitear aon teanga ar bith mar theanga oibre san dréacht bhun-chomhaontú nua. Mar sin, ní ceist í seo le réiteach sa Bhunreacht nua í fhéin, ach ceist a bheadh le réiteach le dlí go éifeachtúil, beidh gá le Rialachán na Comhairle 1/1958 a leasú d'aon ghuth i gComhairle na nAirí.

Mar a d'fhógair an Taoiseach le déanaí, tá an Rialtais ag bunú Grúpa Oibre chun anailís a dhéanamh ar an méid gur féidir a bhaint amach agus na féidearthachtaí atá ann chun dul chun cinn a dhéanamh. Tá cruinniú ard-léibhéal socraithe amárach chun dul chun cinn a dhéanamh. Tá súil agam go gcríochnófar an próiseas go luath agus go mbeifear in ann dul thar n-ais chuig an Rialtas le moltaí dea-bhreithnithe in am tráth. Ag an bpointe seo, ní fhéadfainn a rá go bhfuil mé cinnte go bhfuil an cheist seo chomh simplí agus a cheaptar agus tá sé ró-luath a rá fós cén toradh a bheidh ar na comhráití atá ar siúl.

Question No. 140 answered with QuestionNo. 138.