Denis Naughten
Ceist:148 D'fhiafraigh Mr. Naughten den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta ag an Rialtas ó ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla. [3253/04]
Amharc ar fhreagraDáil Éireann Debate, Wednesday - 4 February 2004
148 D'fhiafraigh Mr. Naughten den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta ag an Rialtas ó ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla. [3253/04]
Amharc ar fhreagra216 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cé mhéad airgid a bheidh ar fáil dó i 2004 leis an Acht Teanga a chur i bhfeidhm; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [3112/04]
Amharc ar fhreagra218 D'fhiafraigh Dr. Upton den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mó post nua a cruthaíodh ó tháinig an tAcht Teanga i bhfeidhm sna Ranna agus sna heagrais stáit éagsúla; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [3109/04]
Amharc ar fhreagraTógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 148, 216 agus 218 le chéile.
Mar is eol do na Teachtaí, tá Acht na dTeangacha Oifigiúla ina dhlíó mhí Iúil 2003. Is é príomhchuspóir an Achta ná soláthar níos mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ón seirbhís poiblí ar chaighdeán níos airde. Tá freagracht ghinearálta orm mar Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta faoin Acht chun a chinntiú go gcuirfear na seirbhísí sin ar fáil.
Tá réamh-obair nach beag déanta nó idir lámha cheana féin ag mo Roinnse maidir le cur i bhfeidhm an Achta:
— Tá scríofa go dtí na comhlachtaí poiblí atá i gceist — thart ar 650 ina iomlán faoi láthair — le cóip den Acht agus achoimre ar na príomh-fhorálacha.
— Tá próiseas idir lámha faoina dtugann oifigigh de chuid mo Roinne-se cur i láthair do chomhlachtaí poiblí maidir le himpleachtaí an Achta dóibh, tráth a bhíonn deis chun tuilleadh eolais a thabhairt agus saincheisteanna a phlé.
— Tá feidhm tugtha do Chuid 5 den Acht a bhaineann le logainmneacha ó 30 Deireadh Fómhair 2003 agus tá seacht nOrdú déanta agam sa chomhthéacs sin go data.
— Tá leabhrán dhátheangach foilsithe — Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003: Osradharc — a thugann léargas ar phríomh-fhorálacha an Achta mar aon le freagraí ar roinnt ceisteanna a chuirtear go rialta faoin Acht.
— Tá soláthar €500,000 curtha ar fáil agam i Meastacháin mo Roinne don bhliain seo chun Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla a bhunú.
— Tá plean gnímh maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha an Achta ar bhonn céimiúil glanta ag an Rialtas agus fógraithe.
— Tá an tUasal Seán Ó Cuirreáin ainmnithe ag an Rialtas le bheith ceapaithe ag an Uachtarán mar An Coimisinéir Teanga, ach na rúin cuí a bheith aontaithe agus rite ag an Dáil agus an tSeanaid. Tá na rúin sin réidh le leagan os comhair Thithe an Oireachtais go han-luath agus tá súil agam go nglacfar leo.
— Tá ordú tosach feidhme déanta agam ar 19 Eanáir 2004 a thugann feidhm don chuid is mó d'fhorálacha an Achta le héifeacht ón lá sin agus ó 1 Bealtaine 2004 i gcás alt 10.
— Tá dhá grúpa oibre ar leith bunaithe le déanaí. Baineann ceann acu le Scéim mo Roinne féin faoi alt 11 don Acht a ullmhú agus beidh fógra maidir leis sin sna nuachtáin go luath. Is Meitheal Idir-rannach an ceann eile le chomhairle a chur ar mo Roinnse maidir le treoirlínte a ullmhú faoi alt 12 den Acht d'fhonn cabhrú le comhlachtaí poiblí scéimeanna a ullmhú.
— Tá réamh-obair ar súil i ndáil le rialacháin a dhéanamh faoi alt 9(1) maidir le húsáid na Gaeilge amháin, nó na Gaeilge agus an Bhéarla le chéile, ar stáiseanóireacht ar chomharthaí agus ar fhógraí.
Anuas ar sin, tá sé i gceist go gcoimeádfear an liosta den na cuideachtaí atá clúdaithe faoin Acht faoi athbhreithniú agus go mbainfear úsáid rialta as an gcumhacht atá agam mar Aire faoi mhír 3 den Chead Sceideal chun cuideachtaí nua a thabhairt faoi fhorálacha an Achta.
Maidir leis an gceist faoin soláthar airgid atá ar fáil dom chun an tAcht a chur I bhfeidhm, táim lán-sásta go bhfuil an tsuim airgid atá ar fáil i Vóta mo Roinne do 2004 dóthaineach chun freastal ar riachtanais mo Roinne ó thaobh fheidhmiú an Achta i mbliana, ag cur san áireamh nach mbeidh forálacha uile an Achta i bhfeidhm go hiomlán sa bhliain reatha. Caithfear a thuiscint freisin gur beag an líon scéimeanna faoi alt 12 a bheidh i bhfeidhm i mbliana ó tharla go mbeidh treoirlínte le hullmhú agus go mbeidh tréimhse 6 mhí ag comhlachtaí poiblí chun dréacht-scéimeanna a ullmhú bunaithe ar na treoirlínte sin. Mar atá ráite agam roimhe seo, tá soláthar €500,000 curtha ar fáil chun Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla a bhunú.
Maidir leis an lion post a cruthaíodh ó tháinig an tAcht i bhfeidhm, dírím aird na dTeachtaí ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh 334 ar 1 Deireadh Fómhair 2003 maidir leis an ábhar sin.