Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coimisiún na Gaeltachta.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 4 February 2004

Wednesday, 4 February 2004

Ceisteanna (71, 72)

Enda Kenny

Ceist:

149 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta ag an gCoiste Comhairleach ar Thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta ar 19 bpríomh-mholadh an Choimisiúin. [3252/04]

Amharc ar fhreagra

Eamon Gilmore

Ceist:

162 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil aon dul chun cinn déanta i leith teorainn na Gaeltachta a aistriú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [3108/04]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tógfaigh mé Ceisteanna 149 agus 162 le chéile.

D'fhógair mé ar 31 Eanáir go raibh an conradh chun staidéar teangeolaíoch a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht á bhronnadh ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i gcomhar leis an Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.

Bainfear úsáid as torthaí an staidéir seo mar bhunús chun forbairt theangeolaíoch na Gaeltachta mar cheantar labhartha Gaeilge a threisiú agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Ghaeltachta, faoi mar a moladh i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta 2002. Meastar go dtógfaidh an staidéar, a thosóidh i mí Aibreáin, 2 bhliain go leith nó mar sin le cur i gcrích. Cuirfear aon mholtaí maidir le hathruithe ar na limistéir faoi bhráid an Rialtais in am tráth.

Tabharfaidh cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 aghaidh ar go leor de na moltaí atá déanta i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta agus chuige sin tá soláthar déanta agam sna meastacháin do 2004 i ndáil le bunú Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla, rud a bheidh lárnach do chur i bhfeidhm an Achta.

Tá dul chun cinn suntasach déanta chomh maith maidir le cur i bhfeidhm moltaí eile atá déanta i dtuarascáil an Choimisiúin, eadhon:

— Tá beartas pleanála teanga á thionscnamh ag mo Roinnse faoi lathair i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta a chabhróidh le pobail Ghaeltachta straitéis bhuanaithe agus sealbhaithe teanga a chur chun cinn ina gceantair féin mar chuid dílís den phróiseas forbartha.

— Tá feachtas feasachta teanga a bheidh dírithe ar an nGaeltacht go príomha á ullmhú i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta. Beidh sé mar chuspóir ag an bhfeachtas seo cur ina luí ar thuismitheoirí, go háirithe iad siúd le páistíóga, na buntáistí a bhaineann le húsáid na Gaeilge mar phríomh-theanga teaghlaigh. Táthar ag súil go mbeidh an feachtas réidh le tosú sar i bhfad.

— Mar aitheantas ar an riachtanas le tuilleadh béime a chur ar thograí agus ar ghníomhaíochtaí atá tairbheach don teanga, tá soláthar breise de €890,000 curtha ar fáil agam sna meastacháin do 2004 chun tionscnaimh dá leithéid a mhaoiniú agus chun díriú tuilleadh ar ghníomhaíochtaí teanga-lárnaithe trí chéile.

— Chomh maith leis sin, tá€1m sa bhreis ceadaithe agam d'Údarás na Gaeltachta lena chumasú dóibh béim níos láidre a chur ar naíscolaíocht, ar sheirbhísí don óige, ar gníomhaíochtaí na gComharchumann agus ar sheirbhísí tacaíochta eile don Ghaeilge. Ní miste a rá chomh maith go bhfuil moladh faoi leith i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta i ndáil le ról agus struchtúr an Údaráis á phlé ag mo Roinnse i gcomhar leis an Údarás féin faoi láthair.

I measc na mbeartas eile atá idir lámha nó bainte amach tá;

— athbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga, ar Scéim Labhairt na Gaeilge agus ar Scéim na gCampaí Samhraidh;

— aighneacht maidir le gnéithe criticiúla a mbíonn tionchar acu ar úsáid na Gaeilge sa chóras bunoideachais agus iarbhunoideachais sa Ghaeltacht curtha faoi bhráid na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta chomh maith le cruinnithe rialta leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta agus lena Roinn;

— aighneachtaí curtha chuig na húdaráis áitiúla le ceantair Ghaeltachta iontu chun a n-aird a dhíriú ar an ngá atá le polasaithe dearfacha chun freastal ar riachtanais shainiúla na Gaeltachta;

— tacaíocht bhreise curtha ar fáil don oideachas tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht;

— moltaí déanta i ndáil le hathstruchtúrú an chórais faoina gcuireann Údarás na Gaeltachta cúnamh ar fáil don earnáil réamhscolaíochta sa Ghaeltacht; agus

— struchtúr nua d'eagrais óige sa Ghaeltacht á dhíotáil ag an Údarás.

Tá rath na hoibre seo trí chéile ag brath cuid mhaith ar thacaíocht agus comhoibriúó phobal na Gaeltachta ach go háirithe, chomh maith leis na páirtithe leasmhara uile a bhfuil baint acu le ceist na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Barr
Roinn