Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Decentralisation Programme.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 March 2004

Tuesday, 9 March 2004

Ceisteanna (111)

Eamon Gilmore

Ceist:

195. D’fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta i leith dílárú na roinne go dtí Cnoc Mhuire; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.[7716/04]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Déanaim tagairt don bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Dála Uimh. 1007, 1010, 1013 agus 1017 ar 27 Eanáir 2004 maraon leis an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Dála Uimh. 150, 159, 167 agus 198 ar 4 Feabhra 2004.

Tá mo Roinn i mbun comhairle leanúnach lena baill foirne maidir leis an tslí is éifeachtaí chun an dílárú atá beartaithe a chur i bhfeidhm agus, mar chuid lárnach den phróiseas sin, tá gach eolas nua á sheachadadh ar na baill chomh luath agus a mbíonn teacht air.

Tá céimeanna éagsúla glactha ag mo Roinnse sa chomhthéacs sin le tamall anuas. Mar shampla: tá aonad díláraithe faoi leith bunaithe chun déileáil leis an gceist seo. Ardoifigeach feidhmiúcháin agus oifigeach cléireachais atá mar fhoireann san aonad seo — is don oifigeach pearsanra atá siad freagrach; tá coiste roinne curtha ar bun freisin ar a bhfuil ionadaíocht ó bhainistíocht shinsearach agus ó fhoireann mo Roinne; tá oifigeach faoi leith roghnaithe chun teagmháil a dhéanamh ar bhonn leanúnach leis an Roinn Airgeadais; tionóltar cruinnithe speisialta de choiste comhpháirtíochta mo Roinne agus baintear leas as na cruinnithe sin chun an fhoireann a choimeád ar an eolas maidir le gach gné den phróiseas dhíláraithe; bíonn mo Roinn i dteagmháil leis na ceardchumainn chomh maith agus tá an t-ábhar seo pléite leo ag an gcomhairle rannúil; tá socrú curtha ar bun chun fógraí nuachta faoin dílárú a eisiúint go rialta agus cuirtear gach doiciméad atá bainteach leis an bpróiseas díláraithe ar fáil don bhfoireann uile ar na fillteáin poiblí ar an gcóras ríomhphoist.

Chomh maith leis sin, tá mioneolas á bhailiú faoi láthair maidir leis na láthair atá i gceist don dílárú ó thaobh mo Roinne de agus tá i gceist pacáistí eolais bunaithe ar sin a scaipeadh ar an bhfoireann go luath. Chomh maith leis sin, tá obair idir lámha maidir le córais a chur i bhfeidhm chun nósanna oibre sna rannáin éagsúla a chur ar thaifead agus chun múnlaí a fhorbairt d'fhonn aistriú éifeachtach fóirne a éascú amach anseo.

Question No. 196 answered with QuestionNo. 122.
Question No. 197 answered with QuestionNo. 142.
Question No. 198 answered with QuestionNo. 153.
Barr
Roinn