Mar is eol don Teachta, tá sé mar aidhm ag mo Roinnse an Ghaeilge a chothú agus a chur chun cinn mórthimpeall na tíre. Mar a d'fhógair mé le déanaí, táim chun Coiste Comhairleach na Gaeilge a bhunú go luath agus tá súil agam baill an Choiste a ainmniú roimh an Cháisc. Ag éirí as seo, tá súil agam go mbeadh cur chuige comhtháite i measc na bpríomheagraíochtaí pobail agus Stáit atá ag plé le cur chun cinn na Gaeilge. Tá tuilleadh eolas faoin Coiste Comhairleach curtha ar fáil agam i gCeist Tosaíochta Uimh 101 inniu faoin ábhar sin.
Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla ina dhlí ó mhí Iúil 2003. Is é an tAcht seo an chéad reachtaíocht ina leagtar síos próiseas reachtúil chun a chinntiú go gcuirfidh comhlachtaí poiblí níos mó seirbhísí ar fáil i nGaeilge agus ar chaighdeán níos airde. Tá freagracht ghinearálta orm mar Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta faoin Acht chun a chinntiú go gcuirfear na seirbhísí sin ar fáil.
Níl aon amhras orm ach go gcabhróidh cur i bhfeidhm an Achta ach go háirithe le húsáid na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a láidriú.
Ar ndóigh, creidim gurb í an Ghaeilge ceann de na hacmhainní nádúrtha is luachmhaire atá againn agus gur chun ár leasa uilig é í a chaomhnú agus a fhorbairt. Tá mé cinnte, leis an gcur chuige ceart, agus le gach uile duine ag obair le chéile, gur féidir linn difríocht an-mhór a dhéanamh ar mhaithe leis an teanga. Caithfear an Ghaeilge a chothú agus a chur chun cinn agus tá mo Roinnse agus Foras na Gaeilge, ar a bhfuil freagracht ar leith maidir le cur chun cinn na Gaeilge ar bhonn uile-oiléanda, dírithe i gcónaí chun na críche sin. Mar is eol don Teachta, cuireann mo Roinnse tacaíocht ar fáil d'Fhoras na Gaeilge i dtaca lena thasc chun úsáid na Gaeilge a mhéadú i ngnáthshaol na hÉireann mar oileán iomlán trí deontas substaintiúil a sholáthair dóibh. I 2004, tá soláthair €14.021m i Vóta mo Roinne d'Fhoras na Gaeilge.