Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Údarás Na Gaeltachta.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 March 2004

Tuesday, 9 March 2004

Ceisteanna (76)

Fergus O'Dowd

Ceist:

146 D’fhiafraigh Mr. O’Dowd den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas faoin tslí ar dhíol Údarás na Gaeltachta 13 theach saoire in Eanach Mheáin i gceantar na n-oileán i gConamara.[7669/04]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ag a chruinniú ar 20 Feabhra 2004 rinne an t-údarás rogha maidir leis na tithe, atá luaite sa cheist ón Teachta, a dhíol, agus tá sé curtha in iúl dom go bhfuil an rogha sin á plé fós. Ní fíor dá bhrí sin go bhfuil an mhaoin díolta, ach is fíor go bhfuil próiseas idir lámha. Ardaíodh ceisteanna faoi dhíolachán beartaithe na maoine seo, áfach, agus tá tuairisc á lorg ag mo Roinn ina thaobh. Táthar ag súil le freagra go luath. Ní bheadh sé tráthúil agamsa ag an staid seo aon ní eile a rá faoi ghnó seo an Údaráis.

Barr
Roinn