Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foras na Gaeilge.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 March 2004

Tuesday, 9 March 2004

Ceisteanna (88, 89)

Dinny McGinley

Ceist:

160 D’fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an dul chun cinn atá déanta maidir le dílárú Fhoras na Gaeilge go Gaoth Dobhair agus cén uair a mheasann sé a bheidh an próiseas curtha i gcrích.[7521/04]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, d'fhógair an tAire Airgeadais sa cháinaisnéis go raibh cinneadh déanta ag an Rialtas clár leathan dílárnaithe a chur i bhfeidhm. I measc na Ranna agus na gcomhluchtaí poiblíéagsúla a bhí luaite sa chinneadh, fógraíodh go mbeadh Foras na Gaeilge ag dílarnú go Gaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall, faoi réir aontú na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas.

Tá réamh-chomhráití tosaithe ag mo Roinnse leis an Roinn urraíochta sa Tuaisceart — an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta — agus tá aontaithe agam le déanaí le hAire na Roinne sin go mbeadh cruinniú go gairid idir oifigigh ón dá Roinn chun sonraíocht na ceiste a phlé agus a chur chun cinn.

Mary Upton

Ceist:

161 D’fhiafraigh Dr. Upton den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na cainteanna a bhí aige le Foras na Gaeilge mar gheall ar an bhfoclóir leictreonach Béarla Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas in a leith.[7717/04]

Amharc ar fhreagra

Tá curtha in iúl dom ag Foras na Gaeilge gur cuireadh tús le céim na pleanála agus an dearaidh de thionscadal an Fhoclóra Béarla-Gaeilge i mí Lúnasa seo caite. Tuigtear dom ón bhForas go mbeidh an obair a bhaineann leis an gcuid seo den tionscadal curtha i gcrích faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair na bliana seo.

Leanfaidh céim a dó, —.i. scríobh agus tiomsú an fhoclóra ina iomláine — ar aghaidh ina dhiaidh sin agus meastar go dtógfaidh an chéim sin thart ar thrí bliana le cur i gcrích. Luaitear go sainráite leis an tionscadal seo gur foclóir i bhfoirm chlóite agus i bhfoirm leictreonach a chuirfear ar fáil. Tá spéis mhór léirithe ag an bpobal sa tionscadal seo agus tuigtear dom go bhfuil sé ar cheann de na tionscadail foclóireachta is ceannródaíche atá idir lámha, fiú i gcomhthéacs domhanda.

Barr
Roinn