Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 March 2004

Tuesday, 9 March 2004

Ceisteanna (90, 91)

Enda Kenny

Ceist:

162 D’fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas faoin dul chun cinn atá déanta ó ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus ó ceapadh Seán Ó Cuireáin ina Choimisinéir Teanga.[7668/04]

Amharc ar fhreagra

Brian O'Shea

Ceist:

168 D’fhiafraigh Mr. O’Shea den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta i leith chur i bhfeidhm an Achta Teanga; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.[7714/04]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 162 agus 168 le chéile.

Dírím aird na dTeachtaí ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Uimh. 148, 216 agus 218 ar 4 Feabhra 2004 maidir leis an ábhar seo.

Mar a thug mé le fios sa bhfreagra sin, tá Acht na dTeangacha Oifigiúla ina dhlí ó mhí Iúil 2003. Is é príomh-chuspóir an Achta ná soláthar níos mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ón seirbhís poiblí ar chaighdeán níos airde. Tá freagracht ghinearálta orm mar Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta faoin Acht chun a chinntiú go gcuirfear na seirbhísí sin ar fáil.

Tá réamh-obair nach beag déanta nó idir lámha cheana féin ag mo Roinnse maidir le cur i bhfeidhm an Achta:

Tá scríofa go dtí na comhlachtaí poiblí atá i gceist — thart ar 650 ina iomlán faoi láthair — le cóip den Acht agus achoimre ar na príomh-fhorálacha.

Tá próiseas idir lámha faoina dtugann oifigigh de chuid mo Roinne-se cur i láthair do chomhlachtaí poiblí maidir le himpleachtaí an Achta dóibh, tráth a bhíonn deis chun tuilleadh eolais a thabhairt agus saincheisteanna a phlé.

Tá feidhm tugtha do Chuid 5 den Acht a bhaineann le logainmneacha ó 30 Deireadh Fómhair 2003 agus tá seacht nOrdú déanta agam sa chomhthéacs sin go data.

Tá leabhrán dhátheangach foilsithe — Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003: Osradharc — a thugann léargas ar phríomh-fhorálacha an Achta mar aon le freagraí ar roinnt ceisteanna a chuirtear go rialta faoin Acht.

Tá soláthar €500,000 curtha ar fáil agam i Meastacháin mo Roinne don bhliain seo chun Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla a bhunú.

Tá plean gnímh maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha an Achta ar bhonn céimiúil glanta ag an Rialtas agus fógartha.

Tá ordú tosach feidhme déanta agam ar 19 Eanáir 2004 a thugann feidhm don chuid is mó d'fhorálacha an Achta le héifeacht ón lá sin agus ó 1 Bealtaine 2004 i gcás alt 10.

Tá dhá ghrúpa oibre ar leith bunaithe le déanaí. Baineann ceann acu le Scéim mo Roinne féin faoi alt 11 don Acht a ullmhú agus bhí fógra maidir leis sin sna nuachtáin le déanaí. Is meitheal idir-rannach an ceann eile le comhairle a chur ar mo Roinnse maidir le treoirlínte a ullmhú faoi alt 12 den Acht d'fhonn cabhrú le comhlachtaí poiblí scéimeanna a ullmhú.

Tá réamh-obair ar súil i ndáil le rialacháin a dhéanamh faoi alt 9(1) maidir le húsáid na Gaeilge amháin, nó na Gaeilge agus an Bhéarla le chéile, ar stáiseanóireachta, ar chomharthaí agus ar fhógraí.

Tá an tUasal Seán Ó Cuirreáin ceaptha ag an Uachtarán mar An Coimisinéir Teanga le héifeacht ó 23 Feabhra 2004.

D'fhógair mé ar 28 Feabhra 2004 go mbeadh ceannáras an Choimisinéara lonnaithe in Eastát Bhaile an tSagairt, An Spidéal, Contae na Gaillimhe, ach na gnáthshocruithe a bheith curtha i bhfeidhm. Tá súil agam go gcríóchnófar na socruithe cuí maidir le léasanna, trealamh agus foireann go han-luath le go mbeidh An Coimisinéir Teanga in ann dul i mbun a dhualgas gan mhoill san áras nua.

Barr
Roinn