Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

International Standard Book Numbering.

Dáil Éireann Debate, Thursday - 8 July 2004

Thursday, 8 July 2004

Ceisteanna (74, 75, 76, 77, 78, 79, 80, 81)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

68 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Tánaiste agus Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta an bhfuil a fhios aici go bhfuil an córas International Standard Book Numbering, ISBN, bunaithe ar dheich n-uimhir atá ceangailte i dtrí ghrúpa uimhreacha. Léiríonn an chéad ghrúpa uimhreacha an tír nó an teanga as a dtagann sé, léiríonn an dara grúpa cad is uimhir don fhoilsitheoir agus an tríú grúpa uimhir don leabhar, agus an eol di nach bhfuil bac ar bith ar Éirinn iarratas a dhéanamh chun a huimhreacha aitheantais ISBN féin a lorg, agus a úsáid agus a phoibliú. [21069/04]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

69 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Tánaiste agus Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ó tá uimhir International Standard Book Numbering, ISBN, dá gcuid féin ar fáil ag foilsitheoirí, leabhar ina dtíortha éagsúla, Catar, Málta, an Laitvia san áireamh, agus go bhfuil dhá uimhir ISBN ag cuid eile, Andóra mar shampla, cathain atá sé i gceist ag an Roinn an uirlis tráchtála luachmhar seo a chur ar fáil d’fhoilsitheoirí na hÉireann, seachas an gá atá faoi láthair ortha brath ar International Standard Book Numbering, ISBN, Shasana, agus an gnó acu a cheangal dá réir le gnó foilsitheoireachta Shasana. [21070/04]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

70 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Tánaiste agus Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta an eol di nach ann don tír seo nó don Ghaeilge i liosta idirnáisiúnta International Standard Book Numbering, ISBN — liosta iniata — agus go n-úsáideann foilsitheoirí na hÉireann córas ’O’ Bhéarla Shasana, na Stát Aontaithe, na hAstráile agus Cheanada. [21071/04]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

71 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Tánaiste agus Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta an bhfuil sé i gceist aici treoir a thabhairt dá Roinn córas International Standard Book Numbering, ISBN, náisiúnta a chur sa siúl cosúil le córais náisiúnta dá shórt atá i bhformhór thíortha eile an Aontais Eorpaigh. [21073/04]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

72 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Tánaiste agus Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta cén fáth gur féidir uimhir International Standard Serial Number, ISSN, Éireannach a chur ar fáil do thréimhseacháin Éireannacha agus nach féídir International Standard Book Numbering, ISBN, Éireannach a chur ar fáil do leabhair. [21074/04]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

73 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Tánaiste agus Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta An eol di gur ceist achrannach i measc fhoilsitheoirí na hÉireann í nach bhfuil córas International Standard Book Numbering, ISBN, náisiúnta ar fáil dóibh agus cad iad na céímeanna atá an tAire chun a ghlacadh chun a chinntiú go mbeidh córas dá leithéid ar fáil acu sar i bhfad, seachasa bheith ag brath ar chóras Shasana. [21075/04]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

74 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Tánaiste agus Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta an raibh aon phlé ag an Roinn le grúpaí foilsitheoirí nó le soláthróirí chóras International Standard Book Numbering, ISBN, le cúig bliana anuas, nó roimhe sin, maidir le córas ISBN Éireannach a chur ar fáil d’fhoilsitheoirí Éireannacha. [21076/04]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

75 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Tánaiste agus Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta an bhfuil a fhios aici nach bhfuil freagracht ar bith ag Bord na Leabhar Gaeilge, ag an Áisínteacht Dáileacháin Leabhar, ag an Leabharlann Náisiúnta nó ag aon dream eile atá maoinithe ag an Stát agus atá bainteach le foilsiú leabhar maidir le féídearthachtaín chóras International Standard Book Numbering, ISBN, náisiúnta a fhiosrú nó a riar. [21077/04]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

I propose to take Questions Nos. 68 to 75, inclusive, together. The matter raised by the Deputy is not one for which I have ministerial responsibility.

Barr
Roinn