Is le Comhairle Condae Phort Láirge Cé Heilbhic agus is ar an gcomhairle chondae sin an dualgas cúraim agus cóiriú ina leith.
Tá áthas orm a nochtú don Teachta gur cheadaigh mé le déanai deontas €90,000 ón Státchiste don chomhairle condae i gcóir cóiriú práinne agus suirbhéireacht tumtha ag an gcé, 'se sin le haghaigh costais iomláin €120,000.
I mí Lúnasa 2004, rinne an comhairle condae tairiscint dom i leith mionathrú agus daingniú na haille i gcomharsanacht Ché Heilbhic de chostas measaithe €500,000. Is oth liom a rá nach bhfuil airgead ar fáil dom ón Státchiste dos na hoibreacha sin i mbliana. Braithfidh ceist deontais on Státchiste níos déanaí ar an méid a bheidh ar fáil i gcóir oibreacha i gcuanta iascaigh agus i gcóir cosaint an chósta agus na tosaióchtaí náisiúnta ina leith ag an am sin.