Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Córas Náisiúnta ISBN.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 October 2004

Tuesday, 5 October 2004

Ceisteanna (349, 350, 351, 352)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

470 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige treoir a thabhairt dá Roinn chun córas International Standard Book Numbering, ISBN, náisiúnta a chur ar siúl cosúil le córais náisiúnta dá shórt atá i bhformhór thíortha eile an Aontais Eorpaigh. [23517/04]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

471 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil a fhios aige nach bhfuil freagracht ar bith ag Bord na Leabhar Gaeilge, Áisíneacht Dáiliúchán Leabhar nó an Leabharlann Náisiúnta as córas International Standard Book Numbering, ISBN, náisiúnta a fhiosrú nó as a leithéid a rith. [23518/04]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

472 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an eol dó gur ceist achrannach i measc foilsitheoirí na hÉireann í nach bhfuil córas International Standard Book Numbering, ISBN, náisiúnta ar fáil dóibh agus cad iad na céimeanna atá an tAire ag gabháil a ghlacadh chun cinnte a dhéanamh de go mbeidh córas dá leithéid ar fáil acu sara i bhfad, seachas a bheith ag brath ar chóras Shasana. [23519/04]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

473 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an aontaíonn sé nach bhfuil freagracht oifigiúil ag Bord na Leabhar Gaeilge as ceist an International Standard Book Numbering, ISBN, náisiúnta. [23520/04]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tógfaigh mé Ceisteanna Uimh. 470 go dtí 473 le chéile.

Níl aon fhreagracht ar mo Roinn ná ag aon chomhlacht faoi choimirce na Roinne seo maidir leis an gceist seo. Mar eolas don Teachta tuigtear dom go bhfuil córas den chineál seo i bhfeidhm le haghaidh irisí Éireannacha, ISSN, cheana agus gurb é an Leabharlann Náisiúnta atá freagrach as riaradh an chórais sin.

Barr
Roinn