Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Forbairt na Gaeilge.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 October 2004

Tuesday, 5 October 2004

Ceisteanna (78)

Trevor Sargent

Ceist:

178 D’fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad a chuid smaointe i dtaobh thodhchaí na Gaeilge labhartha agus scríofa. [22899/04]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is cuid riachtanach d'oidhreacht bheo an Stáit agus is acmhainn nádúrtha thábhachtach sa Ghaeltacht í an Ghaeilge. Teanga beo labhartha agus scríofa í agus níl amhras orm ach gur mar sin a bheidh sí sa todhchaí.

Mar is eol don Teachta, tugann mo Roinnse maoiniú do ghníomhaireachtaí éagsúla, go háirithe An Foras Teanga agus Údarás na Gaeltachta, chun todhchaí na teanga a bhuanú.

Chomh maith leis sin, bíonn mo Roinn ag obair ar son na Gaeilge ar go leor slite tábhachtacha eile, ar a n-áirítear ach go háirithe feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla chun a chinntiú go gcuirfear níos mó seirbhísí phoiblí ar fáil trí Ghaeilge agus ar chaighdeán níos airde, de réir éilimh; agus maoiniú a chur ar fáil trí Chiste na Gaeilge d'eagraíochtaí Gaeilge — Bord na Leabhar Gaeilge san áireamh — chomh maith le tionscadail ilghnéitheacha Ghaeilge.

Ó thaobh na Gaeltachta de, tá réimse leathan gníomhaíochtaí ar fáil ar mhaithe le buanú na Gaeilge ansin agus ar mhaithe leis an nGaeltacht féin a fhorbairt agus a chaomhnú. Tá cur síos tugtha i bhfreagra a thug mé inniu ar Cheist Uimh. 213 ar chéimeanna ar leith atá idir lámha nó tógtha le déanaí d'fhonn moltaí sonracha i dtuarascáil Choimisiún na Gaeltachta a chur chun cinn.

Ní miste a lua freisin go bhfuil Coiste Comhairleach na Gaeltachta agus Fóram na Gaeilge bunaithe agam le tamall anuas d'fhonn comhairle a chur ar fáil dom maidir le roghanna straitéiseacha agus gníomhaíochtaí praiticiúla inmholta ó thaobh chaomhnú agus chur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta araon.

Sa chomhthéacs seo uile, táim sásta go bhfuil mo Roinn féin, mar aon leis na heagrais ar nós Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta a thuairiscíonn di, ag tabhairt go diongbháilte faoi chothú na Gaeilge agus go mbeidh dea-thoradh ar na hiarrachtaí sin sa todhchaí.

Question No. 179 answered with QuestionNo. 140.
Barr
Roinn