Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Teach an Phiarsaigh.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 13 October 2004

Wednesday, 13 October 2004

Ceisteanna (177)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

178 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil cad é an mhoill atá le hionad léirithe a thógáil do Theach an Phiarsaigh i Ros Muc le hairgead ón bplean náisiúnta mar a d’fhógair an tAire Éamon Ó Cuív go hoifigiúil dhá bhliain go leith ó shin i Ros Muc féin. [24682/04]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tár éis do mo Roinnse measúnú a dhéanamh go déanach ar chaiteachas caipitil ar an oidhreacht thógtha, socraíodh go gcuirfí siar roinnt tograí, Ros Muc san áireamh, nó go ndéanfaí athbhreithniú orthu níos déanaí.

Tá sé i gceist agam, áfach, dul chun cinn a dhéanamh maidir le háiseanna cuairteoirí a sholáthar i Ros Muc agus chuige sin tá iarrtha agam ar oifigigh de mo Roinnse dul i gcomhairle le hoifigigh de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí agus na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta chun scrúdú a dhéanamh ar an mbealach is iomchuí leis an togra a chur chun cinn.

Barr
Roinn