Mar is eol don Teachta, tá conradh chun staidéar teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht bronnta ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i gcomhar leis an Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Beidh an staidéar mar bhunús chun forbairt theangeolaíoch na Gaeltachta mar cheantar labhartha Gaeilge a threisiú agus athbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Gaeltachta. Tuigim go mbeidh na roghanna éagsúla tíreolaíocha agus deimeagrafaíochta, a mheastar a bheith oiriúnach mar bhunús chun na limistéir oifigiúla Ghaeltachta a shainiú, á scrúdú mar chuid den staidéar.