Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Múinteoirí Feabhais Gaeilge.

Dáil Éireann Debate, Thursday - 28 October 2004

Thursday, 28 October 2004

Ceisteanna (350)

Brian O'Shea

Ceist:

347 D'fhiafraigh Mr. O’Shea den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil aon phlean aici múinteoirí feabhais Gaeilge a chur ar fáil do Ghaelscoileanna agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith. [26554/04]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ar an gcéad dul síos, ba chóir go mbeadh ar chumas gach múinteoir náisiúnta lán-cháilithe, múinteoirí feabhais ina measc, teagasc trí mheán na Gaeilge. Fairis sin, tá sé de chúram ar bhoird bainistíochta Ghaelscoileanna múinteoirí a fhostú a bhfuil an cumas sin acu. Sa chóimhthéacs sin, níl aon idir-dhealú indéanta idir múinteoir feabhais agus múinteoir ranga.

Barr
Roinn