Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cead Pleanála sa Ghaeltacht.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 November 2004

Tuesday, 9 November 2004

Ceisteanna (22)

Michael D. Higgins

Ceist:

81 D’fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta conas is féidir a dheimhniú go mbeidh caighdeán Gaeilge ard a dhóthain ag daoine a lorgaíonn cead pleanála sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [27960/04]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar atá a fhios ag an Teachta, baineann an córas pleanála leis na húdaráis áitiúla a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoin a gcúram agus leis an mBord Pleanála i gcás achomharc, i gcomhréir leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000. Leagtar síos san Acht sin nach mór aird a thabhairt, i gcomhthéacs treoracha reigiúnacha pleanála, ar an ngá le cosaint a thabhairt d'oidhreacht teanga agus cultúrtha na Gaeltachta. Tá sé den riachtanas, ar ndóigh, go bhfeidhmeodh na heagrais éagsúla Stáit ar bhealach a thugann an tacaíocht is fearr agus is féidir don teanga sa Ghaeltacht.

Barr
Roinn