Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Limistéirí Gaeltachta.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 November 2004

Tuesday, 9 November 2004

Ceisteanna (29)

Eamon Gilmore

Ceist:

86 D’fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil aon phlean aige cabhair agus tacaíocht a thabhairt do phobail atá lasmuigh den Ghaeltacht teacht suas go dtí caighdeán teangeolaíochta a bhainfeadh stádas Gaeltachta amach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [27961/04]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá Fóram na Gaeilge bunaithe agam chun comhairle a chur orm maidir le: inmholtacht plean straitéiseach 20 bliain a réiteach don Ghaeilge sa Stát le spriocanna réalaíocha; na tosaíochtaí straitéise gearrthéarmacha do chaomhnú agus do chur chun cinn na Gaeilge laistigh den Stát; na tosaíochtaí maidir le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla; agus na bealaí is fearr agus is praiticiúla chun dul chun cinn a bhaint amach maidir le cur i bhfeidhm na hoibre sin.

Bheadh súil agam go mbeidh obair an fhóraim, go háirithe maidir le plean a réiteach a bheadh dírithe ar chothú agus ar chaomhnú na teanga sa Stát agus a chlúdódh réimse leathan tosaíochtaí i leith na Gaeilge, mar thaca do phobail ar fud na tíre atá ag iarraidh an Ghaeilge a chothú. Ar ndóigh, tá réimse tacaíochtaí ar fáil cheana féin ó Fhoras na Gaeilge agus ó mo Roinnse chun cabhair a thabhairt do phobail lasmuigh den Ghaeltacht an teanga a chur chun cinn mar theanga labhartha.

Maidir le stádas Gaeltachta de, tá conradh chun staidéar teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht bronnta ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i gcomhar leis an Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil, Ollscoil na hÉireann, Máigh Nuad. Beidh an staidéar mar bhunús chun forbairt theangeolaíoch na Gaeltachta mar cheantar labhartha Gaeilge a threisiú agus athbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Gaeltachta. Tuigim go mbeidh na roghanna éagsúla tíreolaíocha agus deimeagrafaíochta, a mheastar a bheith oiriúnach mar bhunús chun na limistéir oifigiúla Ghaeltachta a shainiú, á scrúdú mar chuid den staidéar.

Barr
Roinn