Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foclóir Béarla-Gaeilge.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 November 2004

Tuesday, 9 November 2004

Ceisteanna (44)

Michael D. Higgins

Ceist:

99 D’fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta i leith an fhoclóra leictreonaigh Béarla-Gaeilge atá idir lámha ag Foras na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [27959/04]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá céim a haon, céim na pleanála agus an dearaidh theicniúil, de thionscadal an Fhoclóra Béarla-Gaeilge ag druidim chun deiridh. Beifear ag fógairt comórtas tairisceana poiblí i dtaca le céim a dó den tionscadal, céim an tiomsaithe, go luath agus táthar ag súil nuair a bheidh an plé ar fad le hábhar conraitheoirí curtha i gcrích go gcuirfear tús leis an obair ar an gcéim seo faoi thús an tsamhraidh 2005.

Barr
Roinn