Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cúrsaí Pleanála.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 10 May 2005

Tuesday, 10 May 2005

Ceisteanna (233, 234, 235)

Trevor Sargent

Ceist:

284 D’fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil eolas aige faoi chinneadh stairiúil an Bhoird Pleanála maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht agus an bhfuil sé i gceist aige dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil féachaint le rialacháin a dhéanamh faoi alt 33 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 a cheanglódh ar lucht forbartha an fhaisnéis chuí a sholáthar chun go n-ullmhófaí ráiteas tionchair teanga neamhspleách maidir le forbairt mholta i limistéir Ghaeltachta. [15719/05]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

285 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i bhfianaise chinneadh stairiúil an Bhoird Pleanála maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht, an bhfuil sé i gceist aige dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil féachaint le rialacháin a dhéanamh faoi alt 33 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 ar rialacháin iad a cheanglódh ar lucht forbartha an fhaisnéis chuí a sholáthar chun go n-ullmhófaí ráiteas tionchair teanga neamhspleách maidir le forbairt mholta i limistéir Ghaeltachta. [15510/05]

Amharc ar fhreagra

Joe Higgins

Ceist:

286 D’fhiafraigh Mr. J. Higgins den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i bhfianaise chinneadh stairiúil an Bhoird Pleanála maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht, an bhfuil sé i gceist aige dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil féachaint le rialacháin a dhéanamh faoi alt 33 den Acht um Fhorbairt agus Pleanáil 2000 ar rialacháin iad a cheanglódh ar lucht forbartha an fhaisnéis chuí a sholáthar chun go n-ullmhófaí ráiteas tionchair teanga neamhspleách maidir le forbairt mholta i limistéir Ghaeltachta. [14850/05]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tógfaigh mé Ceisteanna Uimh. 284 go dtí 286 le chéile.

Mar is eol don Teachta, is í an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus na húdaráis áitiúla atá freagrach as cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht, ar a n-áirítear cur i bhfeidhm na bhforálacha faoi leith san Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 a bhaineann leis an nGaeltacht féin. Is faoin Roinn sin dá réir atá sé go príomha na himpleachtaí a eascraíonn as na cinntí a rinne an Bord Pleanála a mheas agus gníomhú mar is gá faoi réir na reachtaíochta.

I gcomhthéacs chuspóir lárnach mo Roinne-se maidir le húsáid na Gaeilge mar phríomh-theanga na Gaeltachta a bhuanú agus a láidriú, áfach, fáiltím roimh an gcinneadh a rinne an Bord Pleanála. Is cosúil go mbeidh gá codán faoi leith de thithe a chur ar leataobh feasta do lucht labhartha na Gaeilge i gcás forbairtí ar nós eastáit tithíochta sa Ghaeltacht. Tá súil agam go mbeidh an beartas seomar thaca praiticiúil chun an Ghaeilge a chothú mar theanga phobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht.

Is fiú a rá freisin gur chuir mo Roinnse aighneacht chuig an mBord Pleanála i 2004 chun aird an bhoird a tharraingt go sonrach ar an gcontúirt a d'fhéadfadh a bheith bainteach le lonnaíocht ar nós eastáit tithíochta i gceantair oifigiúla Gaeltachta. Cuireadh béim ar an ngá le straitéisí réadúla cuí a fhorbairt chun díriú ar riachtanais na gceantar seo i gcomhthéacs teangeolaíoch. Chomh maith leis sin, i 2003 cuireadh aighneachtaí chuig na húdaráis áitiúla ar fad a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram d'fhonn a n-aird a tharraingt ar na dualgais atá orthu i ndáil leis an nGaeilge sa Ghaeltacht i gcomhthéacs an Achta thuasluaite.

Ar mhaithe le cuidiú leis an bpróiseas, tá fo-ghrúpa NASC ag feidhmiú faoi scáth Údarás na Gaeltachta atá ag obair faoi láthair ar dhréacht-threoirlínte. Tá an grúpa seo comhdhéanta d'ionadaíocht ó mo Roinn féin, Údarás na Gaeltachta agus Údarás Réigiúnach an Iarthair, chomh maith le Chomhairle Chontae Chorcaí, Comhairle Contae Dhún na nGall, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Chontae Chiarraí agus Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Tuigtear go bhfuil sé i gceist na treoirlínte seo a eisiúint chomh luath agus a bheidh siad aontaithe.

Ní miste a rá chomh maith go bhfuil mo Roinn i dteagmháil leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil faoi chúrsaí pleanála go ginearálta sa Ghaeltacht le tamall anuas d'fhonn na féidearachtaí a chíoradh maidir le seimineár a eagrú faoin ábhar. Tá an scéal seo go ginearálta á mheas faoi láthair ag mo Roinn i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta.

Barr
Roinn