Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foras na Gaeilge.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 10 May 2005

Tuesday, 10 May 2005

Ceisteanna (236)

Brian O'Shea

Ceist:

287 D’fhiafraigh Mr. O’Shea den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta nach bhfuil oiread agus cent amháin á chaitheamh i ndáilcheantar Phort Láirge nó i réigiún an Oirdheiscirt i mbliana (sonraí tugtha) agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [14976/05]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Uimh. 114 agus 115 uaidh den 17 Feabhra 2005.

Mar a dúirt mé cheana, tuigfidh an Teachta gur cheist d'Fhoras na Gaeilge féin cinntí a dhéanamh maidir le soláthar deontas, i gcomhréir leis an réimse reachtúil ina bhfeidhmíonn sé agus na pleananna gnó agus corparáide atá aige.

Barr
Roinn