Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Feachtas Earcaíochta Gaeltachta.

Dáil Éireann Debate, Thursday - 19 May 2005

Thursday, 19 May 2005

Ceisteanna (55)

Joe Costello

Ceist:

54 D’fhiafraigh Mr. Costello den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na moltaí, más ann dóibh, atá aige chun Gaeilgeoirí dúchais atá ar deoraíón nGaeltacht a mhealladh ar ais chun cónaithe sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16640/05]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá réimse leathan gníomhaíochtaíá gcur chun cinn ag Údarás na Gaeltachta chun fostaíocht a ghiniúint agus an bonneagar sóisialta agus teanga a fhorbairt sa Ghaeltacht. Áirítear ar cheann de na cuspóirí atá ag an gclár forbartha sin daoine de bhunadh na Gaeltachta a mhealladh ar ais go dtí an Ghaeltacht. Tá feachtas earcaíochta speisialta ar a dtugtar "PostBaile" ag an údarás chun na críche seo agus tá eolas faoi ar fáil ar shuíomh Idirlín an údaráis, www.udaras.ie.

Barr
Roinn