Gnáthamharc

Stádas na Gaeilge.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 7 October 2008

Tuesday, 7 October 2008

Ceisteanna (41, 42)

Caoimhghín Ó Caoláin

Ceist:

156 D’fhiafraigh Deputy Caoimhghín Ó Caoláin den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén ról atá aige i gcur i bhfeidhm na caibidle den chlár rialtais dár teideal An Ghaeilge agus an Ghaeltacht agus cén dul chun cinn atá déanta aige maidir leis. [33577/08]

Amharc ar fhreagra

Brian O'Shea

Ceist:

158 D’fhiafraigh Deputy Brian O’Shea den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an gcríochnófar agus an bhfoilseofar an straitéis fiche bliain don Ghaeilge roimh dheireadh na bliana; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [33506/08]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 156 agus Uimhir 158 le chéile.

Mar Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, tá ról lárnach agam i gcur i bhfeidhm na caibidile atá luaite ag an Teachta. Tá tuarascáil maidir leis an dul chun cinn atá bainte amach go dáta i ndáil leis na spriocanna éagsúla i gClár Comhaontaithe an Rialtais foilsithe ar shuíomh idirlín Roinn an Taoisigh ag http://www.taoiseach.gov.ie/irish/index.asp?locID=594&docID=4018

I measc na spriocanna ábhartha atá luaite, áirítear:

Dul chun cinn leis an bplean straitéiseach 20 bliain a bheidh dírithe ar fhás agus fhorbairt na Gaeilge, chomh maith leis an dátheangachas;

Feidhmiú an Choiste Rialtais atá bunaithe chun breathnú ar shaincheisteanna a tháinig chun cinn sa tuarascáil ar an Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus chun teacht ar chomhaontú maidir le plean gníomhaíochta comhtháite d'fhonn todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht a chinntiú;

Cúnamh agus tacaíocht a sholáthar trí Chiste na Gaeilge mo Roinne-se agus ó Fhoras na Gaeilge do sheirbhísí éagsúla Gaeilge, maraon le seirbhísí aistriúcháin, go háirithe i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla agus stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais Eorpaigh;

Tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta trína chuid gníomhaíochtaí le forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha phobal na Gaeltachta, ar a n-áirítear seirbhísí naíonraí agus óige, agus le scéimeanna táirgiúla fostaíochta agus margaíochta a chur i gcrích; agus

Comhoibriú leanúnach leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta le go gcuirfear an Ghaeilge chun cinn sa chóras oideachais ag gach leibhéal.

Mar a dúirt me cheana sa Teach, tá sé i gceist go mbeidh Straitéis 20 bliain don Ghaeilge curtha faoi bhráid an Rialtais roimh dheiridh na bliana agus go foilseofar é tar éis dó a bheith glactha ag an Rialtas.

Roinn