Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna na mBóithre

Dáil Éireann Debate, Thursday - 6 May 2010

Thursday, 6 May 2010

Ceisteanna (99)

Dinny McGinley

Ceist:

97 D’fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil liúntas airgid curtha ar fáil i meastacháin na bliana seo le haghaidh scéimeanna na mbóithre áise, cad é méid an liúntais; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18392/10]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá soláthar de €2m curtha ar fáil i Meastacháin mo Roinne do 2010 chun feabhsúcháin Ghaeltachta, ar a n-áirítear bóithre, muiroibreacha, grúpscéimeanna uisce, srl., a chur i gcrích. I gcomhthéacs na ngealltanas éagsúla atá ar láimh cheana i ndáil leis na feabhsúchain seo, níl cinneadh críochnúil déanta agam go fóill maidir le geallúintí nua a chruthú.

Barr
Roinn