Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 3 November 2010

Wednesday, 3 November 2010

Ceisteanna (26, 27, 28)

Brian O'Shea

Ceist:

58 D’fhiafraigh Deputy Brian O’Shea den Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta leis an dréacht-Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [39299/10]

Amharc ar fhreagra

Eamon Gilmore

Ceist:

83 D’fhiafraigh Deputy Eamon Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta an bhfuil aon mheastachán déanta ag a Roinn ar cad a chosnóidh sé an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur in áit. [39302/10]

Amharc ar fhreagra

Eamon Gilmore

Ceist:

92 D’fhiafraigh Deputy Eamon Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta an mó cruinniú a bhí ann i mbliana den Chomhchoiste Rialtais don Ghaeilge, dáta an chruinnithe i ngach cás. [39301/10]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 58, 83 agus 92 le chéile.

Mar is eol do na Teachtaí, tá an dréacht-Straitéis 20 bliain don Ghaeilge foilsithe ag an Rialtas ó dheireadh 2009 agus cuireadh os comhair an Chomhchoiste Oireachtais do Ghnóthaí Turasóireachta Cultúir, Spóirt, Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta í le breithniú. Tuigtear dom go raibh cruinnithe éagsúla ag an gComhchoiste le páirtithe leasmhara níos luaithe i mbliana agus d'aontaigh an Comhchoiste ar aighneacht le 39 moladh inti. Fuarthas moltaí an Chomhchoiste ar 28 Iúil 2010 agus táthar á mbreithniú ag mo Roinnse i gcomhair le Ranna ábhartha eile. Táthar ag siúl leis an obair seo a thabhairt chun críche go luath.

I bhfianaise na hoibre comhairliúcháin a bhí idir lámha ag an gComhchoiste, ní raibh aon chruinniú den Choiste Rialtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i rith 2010 go dáta. Táthar ag dréim, áfach, le cruinniú a thionól ar 17 Samhain 2010 ar mhaithe leis an dréacht dheiridh den Straitéis a scrúdú agus, ina dhiaidh sin, tá súil agam, í a thabhairt os comhair an Rialtais le ceadú.

Go dtí go mbeidh glactha leis an Straitéis go críochnúil, ní féidir meastachán costais a chur ar na gníomhaíochtaí a eascróidh as. Beidh costasú le déanamh, ar ndóigh, ar na pleananna earnálacha a eascróidh as an Straitéis. An cur chuige is tábhachtaí ag an bpointe seo, ar ndóigh, ná a chinntiú go bhfuil muid ag baint an luach agus an éifeachtacht is fearr as na hacmhainní atá ar fáil cheana féin agus go bhfuil siad ar aon líne le tosaíochtaí na Stratéise féin.

Barr
Roinn