Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coláistí Samhraidh

Dáil Éireann Debate, Thursday - 14 April 2011

Thursday, 14 April 2011

Ceisteanna (29)

Dessie Ellis

Ceist:

28 D’fhiafraigh Dessie Ellis don Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén plean atá ag an rialtas chun na ciorruithe a chuir an rialtas deireanach i bhfeidhm ar na Coláistí Samhraidh, a aisiompú. [7966/11]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ar an gcéad dul síos, tá áthas orm a rá go leanfar ag íoc deontas i mbliana faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge le teaghlaigh sa Ghaeltacht a choinníonn foghlaimeoirí Gaeilge ar iostas, fad agus atá siad ag freastal ar choláistí Gaeilge aitheanta.

Mar is eol don Teachta, laghdaíodh an deontas laethúil a íoctar faoin scéim seo le dhá bhliain anuas. Níl i gceist aon athrú a dhéanamh ar an deontas laethúil faoin scéim i mbliana. É sin ráite, déanfar athbhreithniú ar an gcúnamh a chuirtear ar fáil ó mo Roinnse tar éis cúrsaí na bliana seo sna coláistí Gaeilge. Ar ndóigh, beidh mo Roinn ag tabhairt gach cúnamh gur féidir chun breis forbartha agus feabhais a chur ar gach gné de chóras na gcoláistí Gaeilge sa todhchaí. Tá ról tábhachtach ag na coláistí Gaeilge do chaomhnú na Gaeilge agus d'eacnamaíocht na Gaeltachta — ról atá aitheanta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030.

Barr
Roinn