Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Gaeltacht Chonamara

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 24 April 2012

Tuesday, 24 April 2012

Ceisteanna (437)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

504 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cé mhéid airgid atá ceadaithe d’Fhóram Chonamara leis an gClár LCDP a reachtáil i nGaeltacht Chonamara don chuid eile de 2012; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20203/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá€420,540 dáilte ar Fhóram Chonamara faoin gClár Forbartha Pobail agus Áitiúil don bhliain 2012. Cuireann an figiúr seo san áireamh maoiniú breise de €158,487 a cuireadh ar fáil chun seirbhísí a sheachadadh i gceantar Chonamara a bhíodh á gcur ar fáil roimhe seo faoin gClár Forbartha Pobail agus Áitiúil ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta.

Barr
Roinn