Éamon Ó Cuív
Ceist:645 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara an mbeidh an scéim um roghanna comhshaoil talmhaíochta oscailte d’fheirmeoirí nua i 2012 a d’fhág an scéim cosanta comhshaoil tuaithe i 2011 agus a bhfuil a gcuid talún i limistéar oidhreachta nádúrtha/limistéar caomhantais speisialta; má bhíonn an scéim seo á ceadú i mbliana an mbeidh ar fheirmeoirí a gcuid pleananna a chur isteach roimh an 15 Bealtaine mar a bhí orthu faoi scéim 2011, rud a chuirfidh brú mór ar fheirmeoirí agus ar phleanálaithe araon; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20215/12]
Amharc ar fhreagra