Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna Teanga

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 1 May 2012

Tuesday, 1 May 2012

Ceisteanna (12, 13, 14, 15, 16, 17, 18, 19)

Gerry Adams

Ceist:

110Deputy Gerry Adams den an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta an dtabharfaidh sé sonraí faoin líon scéimeanna nua teanga atá deimhnithe i gcás Eagras Poiblí le bliain anuas agus, ar bhonn an ráta deimhniúcháin, chun a fhiafraí de, cathain a bheidh scéim teanga deimhnithe ag gach eagras poiblí. [21647/12]

Amharc ar fhreagra

John Browne

Ceist:

112Deputy John Browne den an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cén tuairimí atá aige maidir le Tuarascáil Bhliantúil 2011 ón gCoimisinéir Teanga ina bpléitear an brú atá ar phobal sa Ghaeltacht a gcuid gnóthaí oifigiúla a dhéanamh i mBéarla; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21663/12]

Amharc ar fhreagra

Sean Fleming

Ceist:

113Deputy Sean Fleming den an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil scéim teanga daingnithe i ngach Roinn, an bhfuil a Roinn ag plé le reachtaíocht teanga; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21673/12]

Amharc ar fhreagra

Pearse Doherty

Ceist:

119Deputy Pearse Doherty den an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta an dtabharfaidh sé sonraí faoin líon scéimeanna dara teanga atá deimhnithe le bliain anuas; agus cén líon a bhí imithe in éag faoi dheireadh 2011. [21648/12]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

128Deputy Aengus Ó Snodaigh den an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta an dtabharfaidh sé míniú ar an moill atá ar phróiseáil na ndréacht-scéimeanna teanga atá idir lámha faoi láthair aige. [21652/12]

Amharc ar fhreagra

Timmy Dooley

Ceist:

129Deputy Timmy Dooley den an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cén t-athbhreithniú atá á dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, na moltaí atá foilsithe mar gheall ar an Acht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21670/12]

Amharc ar fhreagra

Michael Colreavy

Ceist:

141Deputy Michael Colreavy den an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cad atá i gceist aige a dhéanamh faoin méid scéimeanna teanga faoi Acht na Teangacha Oifigiúla atá fós le daingniú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21655/12]

Amharc ar fhreagra

Peadar Tóibín

Ceist:

148Deputy Peadar Tóibín den an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta an dtabharfaidh sé sonraí faoi na Ranna Rialtais a bhfuil scéimeanna teanga acu, nach bhfuil nuashonrúchán deánta acu le ceithre, le cúig nó le sé bliana anuas. [21646/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (5 píosaí cainte)

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 110, 112, 113, 119, 128, 129, 141 agus 148 le chéile.

Tá 105 scéim teanga san iomlán daingnithe ón uair gur tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm. Clúdaíonn an 105 scéim teanga sin 191 comhlacht poiblí. Cé go bhfuil tuairim is 600comhlacht poiblí san áireamh faoin Acht, tá mé sásta go gclúdaíonn an105 scéim teanga atá i bhfeidhm mórchuid na gcomhlachtaí poiblí a mbíonn teagmháil rialta ag an bpobal i gcoitinne leo. Ar ndóigh, de réir fhorálacha an Achta, tá feidhm ag scéim teanga ar feadh tréimhse trí bliana ón uair a dhaingnítear í, nó go dtí go ndaingnítear scéim nua, cibé acu is déanaí. Mar sin, bíonn feidhm i gcónaí le scéim teanga go dtí go ndaingnítear scéim nua ina háit. Anuas air sin, tá obair idir lámha ag mo Roinnse le comhlachtaí poiblí éagsúla chun tuairim is 100 scéim teanga nua a aontú agus a dhaingniú.

Tá sonraí maidir leis na scéimeanna uilig atá daingnithe go dáta, mar aon leis na scéimeanna atá a n-ullmhú faoi latháir, ar fáil ar shuíomh idirlín Oifig an Choimisinéara Teanga, www.coimisineir.ie.

Ó thaobh Ranna Rialtais de, bhí an chéad nó an dara scéim teanga daingnithe le gach Roinn sula ndearnadh athstruchtúrú ar Ranna áirithe i mí an Mhárta 2011, sin tar éis an toghcháin. Mar thoradh ar an athstruchtúrú sin, scríobh mo Roinnse anuraidh chuig na Ranna ábhartha maidir lena gcuid scéimeanna teanga. Mar Ranna nuabhunaithe, iarradh ar an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus ar an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige scéimeanna teanga céaduaire a ullmhú. Maidir leis na Ranna eile, tá oifigigh mo Roinne ag plé leo faoi láthair le súil go mbeifear ábalta scéimeanna a réitíonn dá gcuid feidhmeanna nua a aontú leo agus a dhaingniú a luaithe agus is féidir. Tá céad scéim teanga mo Roinne féin, a deimhníodh le gairid, foilsithe anois, is é sin an Roinn úr, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Maidir leis an mhoill a bhain le scéimeanna teanga a aontú le tamall anuas, ní miste dom a mheabhrú don Teach gur chuir mo Roinnse tús le hathbhreithniú cuimsitheach ar Acht na dTeangacha Oifigiúla anuraidh, is é sin ag Oireachtas na Gaeilge i mí na Samhna. Socraíodh go dtabharfaí tús áite don athbhreithniú sin i bhfianaise an ghealltanais a tugadh ina leith i gClár an Rialtais 2011-2016. Tá céimeanna suntasacha tógtha ag mo Roinnse faoin athbhreithniú, lena n-áirítear suirbhé agus próiseas comhairliúcháin poiblí a chur i bhfeidhm. Fuarthas timpeall 1,400 freagra ar an suirbhé agus 240 aighneacht ó pháirtithe leasmhara, a bhfuil anailís ar siúl ina leith faoi láthair.

Ar ndóigh, tá sé aitheanta nach bhfuil córas na scéimeanna teanga gan laigí agus gur próiseas casta é scéimeanna a aontú agus a dhaingniú. Tuigeann mo Roinnse chomh maith gur féidir leis an bpróiseas sin a bheith dúshlánach do chomhlachtaí poiblí, go háirithe leis an mbrú ar achmhainní mar atá i láthair na huaire.

Ní miste dom a rá go bhfuil córas na scéimeanna teanga san áireamh mar chuid den athbhreithniú atá ar siúl faoi láthair ag mo Roinnse ar an Acht. Tá súil agam go dtiocfaidh moltaí fiúntacha as an athbhreithniú atá idir lámha, a chabhróidh linn aidhmeanna an Achta a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí. Déanfar an cás do leasú na reachtaíochta a bhreithniú mar chuid den phróiseas sin.

Maidir le tuarascáil bhliantúil Oifig an Choimisinéara Teanga do 2011, ní miste dom a rá gur oifig neamhspleách reachtúil í Oifig an Choimisinéara Teanga agus, i gcomhréir le forálacha an Achta, go bhfuil an Coimisinéir Teanga neamhspleách i bhfeidhmiú a chuid dualgas. An méid sin ráite, is féidir liom a rá gurb í príomhaidhm an Achta a chinntiú go gcuirtear feabhas ar sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Faoi alt 13 den Acht, caithfidh comhlachtaí poiblí a chinntiú go bhfuil aird tugtha acu ar sheirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta agus iad ag ullmhú dréacht-scéimeanna teanga. Ar ndóigh, faoi réir fhorálacha an Achta, is ar Oifig an Choimisinéara Teanga atá an cúram féachaint chuige go bhfuil gealltanais atá tugtha ag comhlachtaí poiblí ina gcuid scéimeanna teanga á gcomhlíonadh acu.

Is léir ón tuarascáil bhliantúil a d'fhoilsigh Oifig an Choimisinéara Teanga go bhfuil fadhbanna uafásacha ag titim amach mar gheall ar cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá an Acht sin in áit ionas go mbeidh daoine sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre in ann seirbhísí Stáit a fháil ina dteanga féin. Faoi láthair, níl siad in ann é sin a dhéanamh i gcónaí. Táimid ag caint faoi cearta teangacha anseo. De réir taighde, tá nasc idir laghdú na Gaeilge agus an brú atá ar Gaeilgeoirí iompú go Béarla chun seirbhísí a fháil ón Stát. Ní gá go mbainfeadh mórán costais leis seo. Tá Gaeilgeoirí sa Státseirbhís. Ba cheart córas earcaíochta ciallmhar a chur i bhfeidhm sa Státseirbhís. Níl an chóras sin ag feidhmiú ar chor ar bith faoi láthair.

De réir tuarascáil bhliantúil Oifig an Choimisinéara Teanga, a fhoilsíodh i rith na seachtaine, theip ar an Stát a ndualgaisí a chomhlíonadh anuraidh. Níor dhaingnigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta aon chéadscéim teanga nua sa bhliain 2011. Dhaingnigh an tAire an dara scéim teanga le comhlacht phoiblí amháin le linn na bliana sin. D'fhág sin go raibh 105 scéim teanga, as 191 comhlacht poiblí, daingnithe tar éis na bliana 2011. Bhí 66 de na 105 scéim teanga imithe in éag faoi dheireadh na bliana. An bhfuil náire ar bith ar an Rialtas nó ar an Aire faoin gcúntas uafásach sin? An aontaíonn an Rialtas go bhfuil sé uafásach nach bhfuil sé de cheart ag muintir na Gaeltachta, a íocann cáin freisin, a gcuid Gaeilge a úsáid?

Sheol Oifig an Choimisinéira Teanga 15 imscrúdú nua le linn an bhliain atá thart a bhain le comhlachtaí poiblí. Léirigh dhá imscrúdú éagsúla nár chomhlíon an Roinn Coimirce Sóisialaí go cuí na dualgais reachtúla teanga i dtaca le marcanna bónais a thabhairt do chumas sa Ghaeilge agus sa Bhéarla i gcomórtais inmheánacha i gcásanna beirt oifigigh aimnithe. Léirigh imscrúdú nár chomhlíon an Garda Síochána a ndualgais mar gheall ar an teanga a chur chun cinn i gceantair Gaeltachta.

Léirigh imscrúdú eile nach raibh Ard-Mhúsaem na hÉireann in ann seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge chomh maith lena soláthar trí Bhéarla. Rinneadh moltaí dírithe ar an mhéid sin a chur ina cheart. Léirigh an scrúdú seo nach raibh aon dul chun cinn déanta san Ard-Mhúsaem agus go raibh an rannóg Stáit seo ag tabhairt neamhaird son dlí. An bhfuil an Aire nó an Rialtas ina gcodladh sa chomhthéacs seo? Tá siad ag teip go huafásach ar a gcuid dualgaisí. Cad é plean an Rialtas chun an rud seo a chur i bhfeidhm i gceart?

Mar atá ráite agam, tá 105 scéim faofa, a chlúdaíonn 191 comhlacht stáit agus Ranna Stáit, againn. Chomh maith leis sin, tá comhráití ag dul ar aghaidh i láthair na huaire idir an Roinn agus thart ar 100 comhlacht Stáit eile fá choinne teacht aníos le scéimeanna teanga. Tá sé de dhualgas ar mo Roinn scéimeanna teanga a aontú agus a dhaingniú le comhlachtaí poiblí agus Ranna Stáit, taobh istigh de chúinsí Achta na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is dualgas reachtúil é de réir an Achta sin. Ina dhiadh sin, tá sé de dhualgas ar na comhlachtaí Stáit na pleananna a chuireann siad ar aghaidh a chur i bhfeidhm. Tá sé seo an-thomhaiste ar fad. Tá sé dubh agus bán in Acht 2003.

Tá sé de dhualgas ar Oifig an Choimisinéara Teanga, mar oifig neamhspleách, monatóireacht a dhéanamh ar na gcomhlachtaí Stáit chun féachaint chuige go bhfuil na pleananna á chur i bhfeidhm acu. Muna bhfuil sé sin á dhéanamh acu, déanann Oifig an Choimisinéara Teanga é sin a lua ina dtuarascáil bhliantúil a chuireann sé inár láthair. Má theipeann orthu arís na pleananna a chur i bhfeidhm, cuireann an oifig tuairisc speisialta chuig Tithe an Oireachtais. Is é sin go díreach an méid a tharla an tseachtain seo caite. Tá tuairisc curtha ag an gcoimisinéir roimh Tithe an Oireachtais ag rá nach bhfuil eagraíochtaí éagsúla ag cur na bpleananna i bhfeidhm mar ba mhaith leis go ndéanfaidís. Tá an tuairisc sin roimh Tithe an Oireachtais anois.

Tuigim go bhfuil an coimisinéir ag teacht isteach roimh coiste na Tithe seo - sílim go bhfuil an Teachta O'Reilly ina gCathaoirleach ar an gcoiste - i rith na seachtaine chun an gearán seo a dhéanamh. Is ar Tithe an Oireachtais atá an dualgas é seo a chur i bhfeidhm. Tá mo dhualgas - na pleananna a aontú agus a dhaingniú - déanta agam. Tá sé de dhualgas ar na gcomhlachtaí iad a chur i bhfeidhm. Tá sé de dhualgas ar an gcoimisinéir monatóireacht a dhéanamh orthu. Tá sé sin an-shoiléir in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Mar ionadaí, mar Aire Stáit na Gaeltachta agus mar Theachta sa Ghaeltacht, ba mhaith liom go mbeadh deis ag gach éinne sa Ghaeltacht nó taobh amuigh den Ghaeltacht a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Is é sin an polasaí atá ag an Rialtas chomh maith.

Tá athbhreithniú á dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus ar ról an choimisinéara. Tá sé sin ag dul ar aghaidh. Tháinig 1,400 aighneachtaí agus 250 moltaí isteach. Tá anailís á dhéanamh orthu i láthair na huaire. Cuirfidh muid an anailís sin os comhair an Tí chomh luath agus a bheidh sí críochnaithe.

Ina dtuarascáil bhliantúil don bhliain 2011, rinne Oifig an Choimisinéara Teanga tagairt do chainteoir dúchais óg as Gaoth Dobhair nach raibh in ann a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Rinneadh gearán freisin i nGaillimh mar gheall ar chomhlacht uisce a úsáid seoltaí Béarla do cheantair Ghaeltachta nuair a bhí billí á eisiúnt acu. An ndéanfaidh an Aire Stáit ráiteas mar gheall ar an dá rud sin?

Aontaím leis an méid a bhí le rá ag an gcoimisinéir faoi na heagraíochtaí sin, chomha fada agus a bhain sé le cumas na ngardaí seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge sna ceantracha Gaeltachta. Tá sé ráite in Acht an Gharda Síochána 2005 gur ar Choimisinéir an Gharda Síochána atá an fhreagracht agus an dualgas an polasaí sin a chur i bhfeidhm, chomh fada agus is féidir. Tá mé cinnte go bhfuil gach dícheall á dhéanamh ag údaráis an Gharda Síochána é sin a chur chun críche.

Barr
Roinn