Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 1 May 2012

Tuesday, 1 May 2012

Ceisteanna (76, 77)

Barry Cowen

Ceist:

130 D’fhiafraigh Barry Cowen den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, cé mhéid cruinnithe a bhí ann mar gheall ar an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge; cad é an méid oibre atá déanta ar naoi réimse difriúla chun líon na ndaoine a labhraíonn an teanga a mhéadú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21669/12]

Amharc ar fhreagra

Martin Ferris

Ceist:

147 D’fhiafraigh Martin Ferris den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, cé chomh minic is atá an Fochoiste Idir-Rannach atá ag plé leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge tar éis bualadh le chéile; cathain a bhí an cruinniú deireanach aige; cén dul chun cinn atá déanta aige; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21658/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 130 agus 147 le chéile.

Is sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a leagtar amach polasaí an Rialtais maidir leis an nGaeilge. Tá sé ráite i gClár an Rialtais 2011-2016 go dtabharfaidh an Rialtas tacaíocht don Straitéis agus go ndéanfaidh sé na spriocanna indéanta atá luaite inti a chur i gcrích. Aithnítear sa Straitéis féin go bhfuil gá le cur chuige céimneach chun bearta éagsúla na Straitéise a chur i gcrích. Le linn 2011, thug oifigigh mo Roinne faoi chéim an bhunaithe den Straitéis inar díríodh ar bhunú na struchtúr eagraíochtúil agus oibríochtúil, mar atá ráite i bplean forfheidhmithe mo Roinne don Straitéis don bhliain 2011.

Bunaíodh struchtúir ar leith chun an Straitéis a sheachadadh agus eagraítear cruinnithe, de réir mar is gá, faoi na struchtúir seo:

Tá an Coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, a bhfuil an Taoiseach ina chathaoirleach air, ag déanamh maoirseachta ar an dul chun cinn leis an Straitéis.

Tá Grúpa Oifigeach Sinsearach, atá comhdhéanta d'oifigigh ardleibhéil ó Ranna cuí, ag tacú leis an gCoiste Rialtais.

Tá Grúpa Idir-Rannach, a bhfuil mise, mar Aire Stáit, mar chathaoirleach air, ag déanamh comhordú ar chur i bhfeidhm na Straitéise.

Tá Aonad Straitéise i mo Roinn freagrach as pleanáil agus feidhmiú na Straitéise a threorú.

Maidir leis an nGrúpa Idir-Rannach, bhí an chéad chruinniú den ghrúpa ann ar an 8 Feabhra 2012 chun cur i bhfeidhm réimsí sonracha gnímh sa Straitéis a bhrú chun cinn ar bhealach comhtháite. Bhí ionadaithe sinsearacha ó na Ranna ábhartha i láthair agus beidh an chéad chruinniú eile den ghrúpa ann ar an 27 Meitheamh 2012.

Mar atá luaite sna Ceisteanna, tá 9 réimse gnímh leagtha amach sa Straitéis. Tá trí ghrúpa oibre ardleibhéil bunaithe ag mo Roinnse leis na príomhpháirtithe leasmhara chun dlús a chur le feidhmiú réimsí gnímh éagsúla den Straitéis. Eagraítear cruinnithe de na grúpaí oibre seo, de réir mar is gá:

Grúpa oibre idir mo Roinnse agus an Roinn Oideachais agus Scileanna chun tosaíochtaí a aithint maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise i réimse gnímh an oideachais, ag tabhairt san áireamh na laincisí ar acmhainní i láthair na huaire.

Grúpa oibre idir mo Roinnse, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge chun idirdhealú a dhéanamh idir na feidhmeanna ar leith a bheidh á gcomhlíonadh ag na comhlachtaí poiblí seo faoin Straitéis ar bhealach a chinnteoidh go mbeidh an luach is fearr ar airgead ag an Státchiste agus nach mbeidh aon dúbláil soláthair ann.

Grúpa oibre idir mo Roinnse, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta maidir le hinfheistíocht fiontraíochta sa Ghaeltacht.

Mar thoradh ar chinntí polasaí a thóg an Rialtas ar an 31 Bealtaine 2011 maidir leis na struchtúir fhorfheidhmithe don Straitéis agus maidir leis an sainmhíniú nua don Ghaeltacht, tá oifigigh mo Roinne ag tabhairt tús áite do dhréachtú an Bhille Gaeltachta 2012, a thabharfaidh feidhm, de réir mar is cuí, do na cinntí Rialtais.

Ar an 26 Aibreán 2012, d'fhógair mé dhá thionscnamh shuntasacha faoin Straitéis. Ar an gcéad dul síos, chuir mé tús leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht faoina mbeidh plean teanga á ullmhú ag leibhéal an phobail do gach ceantar Gaeltachta i gcomhréir leis an Straitéis. Ar an dara dul síos, d'fhógair mé an Clár Tacaíochta Teaghlaigh, a bhfuil sé mar aidhm aige an Ghaeilge a threisiú mar theanga teaghlaigh agus pobail sa Ghaeltacht i gcomhréir leis an Straitéis. Faoin gClár seo, tá sé beartaithe ag mo Roinnse 12 beart ar leith a thógáil chun tacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu a gclann a thógáil le Gaeilge. Tá tuilleadh eolais faoin Straitéis ar fáil ar shuíomh gréasáin mo Roinne, www.ahg.gov.ie.

Question No. 131 answered with Question No. 116.

Question No. 132 answered with Question No. 118.

Question No. 133 answered with Question No. 111.

Barr
Roinn