Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Forbairt Pobail

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 8 May 2012

Tuesday, 8 May 2012

Ceisteanna (228, 229, 230)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

289 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cén uair a cheadófar deontas Leader do Choiste Páirc Chill Chiaráin; cén chúis atá leis an mhoill ar an deontas seo a cheadú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22982/12]

Amharc ar fhreagra

Éamon Ó Cuív

Ceist:

291 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cén uair a íocfar le tograí Leader an deontas a bhí ceadaithe sular leachtaíodh Meitheal Forbartha na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22984/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

I propose to take Questions Nos. 289 and 291 together.

Chuaigh Meitheal Forbartha na Gaeltachta (MFG), an grúpa atá conraithe ag mo Roinn chun seachadadh a dhéanamh ar Axes 3 and 4 (LEADER) den Chlár Forbartha Tuaithe (CFT) sa Ghaeltacht, faoi leachtú ar 7 Meán Fómhair, 2011. Tá dul chun cinn á dhéanamh ó thaobh dlí de maidir le ‘'imeachtaí foirceanta'' agus tá na comhaid ábhartha tionscadail CFT (LEADER) ar fad curtha ar aghaidh ag an leachtaitheoir.

Tá an próiseas ag dul ar aghaidh maidir leis na tionscnóirí a bhfuil a dtionscadail go mór chun cinn ó thaobh forbartha de agus gur dócha a bheadh réidh chun éileamh ar íocaíocht a dhéanamh a aithint, agus tá córas eatramhach curtha ar bun, i gcomhar leis na Comhlachtaí Forbartha Áitiúla atá ag feidhmiú in aice leis na ceantair Ghaeltachta, chun na híocaíochtaí a dhéanamh leis na tionscadail seo sa ghearrthéarma. Tá go leor de na comhaid seo curtha go dtí na Comhlachtaí Forbartha Áitiúla ábhartha anois agus beidh siad i dteagmháil iad féin leis an tionscnóir chun go gcuirfí faoina mbráid na héilimh riachtanacha agus na cáipéisí cuí.

Maidir le seachadadh Axes 3 and 4 (LEADER) de chuid Chlár Forbartha Tuaithe sa Ghaeltacht san fhadthéarma, tá feidhmeannaigh i mo Roinn faoi láthair ag scrúdú na n-aighneachtaí a cuireadh faoina mbráid ó Chomhlachtaí Forbartha Áitiúla eile maidir le gnéithe LEADER de chuid CFT sna ceantair a raibh MFG ag feidhmiú iontu a sheachadadh sa tréimhse atá fágtha den Chlár. Tá breis oibre fós le déanamh chun an próiseas seo a chríochnú ach tá súil agam go mbeidh sé críochnaithe i gceann cúpla seachtain.

Ag tagairt go sonrach don tionscadal atá luaite i gceist an Teachta, Coiste Páirc Chill Chiaráin, ní raibh an tionscadal seo ach i dtús a fhorbartha nuair a leachtaíodh MFG. Tá mé in ann a rá don Teachta, chomh luath agus atá an córas seachadta sonrach curtha ar bun do cheantar na Gaillimhe, go ndéanfaidh an Comhlacht Forbartha Áitiúil ábhartha teagmháil leis an tionscnóir chun an próiseas a éascú maidir leis an iarratas de chuid CFT a chur ar aghaidh.

Ba cheart a thabhairt faoi deara gurb iad na Grúpaí GníomhaíochtaíÁitiúla atá conraithe ar son mo Roinne chun seachadadh a dhéanamh ar an CFT ar fud na tíre na príomhchinnteoirímaidir le dáileadh maoinithe do na tionscadail. Tá na cinntí seo déanta i gcomhthéacs stráitéis fhorbartha áitiúil na ngrúpaí féin agus de réir rialacha na Roinne agus rialacháin an AE.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

290 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cén uair a bheidh deontas suas le €500,000 ar fáil arís faoin Scéim Leader; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22983/12]

Amharc ar fhreagra

Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil an próiséas fógartha leis an imréiteach riachtanach cúnamh Stáit chun cúnamh deontais de os cionn €200,000 a chur ar fáil faoi na bearta Seirbhísí Bunúsacha agus Athnúchan Sráidbhaile den Chlár Forbartha Tuaithe 2007-2013 críochnaithe. Tá imréiteach tugtha ag an gCoimisiún Eorpach and tá na hathruithe riachtanacha teicniúla ar an gClár Forbartha Tuaithe curtha faoina mbráid. Sa chomhthéacs seo tá an uasdeontas de €500000 do thionscnaimh phobail athbhunaithe agus is féidir le Comhlachtaí Forbartha Pobail tosú ar athbhreithniú a dhéanamh ar mhaoiniú tionscnaimh den chineál seo faoin gClár Forbartha Tuaithe.

Question No. 291 answered with Question 289.
Barr
Roinn