Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 15 May 2012

Tuesday, 15 May 2012

Ceisteanna (120)

Pearse Doherty

Ceist:

198 D’fhiafraigh Pearse Doherty den Aire Oideachais agus Scileanna cén uair a fhoilseofar beartas a Roinne don Ghaeltacht ag eascairt as obair an Ghrúpa Oibre Ardleibhéil idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus a Roinn chun díriú ar chur i bhfeidhm na Strait-éise 20 Bliain don Ghaeilge i réimse gnímh an oideachais, ar Ghrúpa é a bunaíodh in Earrach na bliana 2011 faoi mhír 5.5 de Phlean forfheidhmithe na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta don bhliain 2011 maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-2030. [24219/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ag eascairt as an obair a rinne an Grúpa Ardleibhéil, tá oifigigh as an Roinn Oideachais agus Scileanna ag comhoibriú go dlúth le hoifigigh as an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi chur i bhfeidhm na Strait-éise 20 Bliain. Tá roinnt bearta bainteach le hoideachas atá sa Straitéis ar siúl cheana féin agus tacóidh siad seo leis an oideachas i gceantair Ghaeltachta. Níl sé i gceist faoi láthair polasaí sainiúil a fhoilsiú a eascraíonn as obair an ghrúpa.

Barr
Roinn