Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scoileanna Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 May 2012

Wednesday, 16 May 2012

Ceisteanna (100, 101, 102)

Maureen O'Sullivan

Ceist:

98 D’fhiafraigh Maureen O’Sullivan den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé i gceist aige agus ag a Roinn plean struchtúrach a chur i bhfeidhm maidir le todhchaí scoileanna na Gaeltachta, mar chuid den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-2030, ag féachaint d’Airteagail 8 agus 42 de Bhunreacht na hÉireann agus d’ailt 6, 9 agus 31 den Acht Oideachais 1998; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24430/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tuigim cion tábhachtach na scoil-eanna Gaeltachta chun an Ghaeilge a chothú mar theanga an phobail. Áiríonn pleananna na Roinne seo agamsa soláthar chun tacú leis na scoileanna seo a ndualgais a chomhlíonadh faoi Ailt 6 agus 9 den Acht Oideachais i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus bearta eile.

Tá oifigigh ó mo Roinnse ag comhoibriú go dlúth le hoifigigh sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain. Tá bearta áirithe sa Straitéis ar bun cheana féin a thacóidh le scoileanna Gaeltachta, ina measc:

athmhachnamh ar na riachtanais i leith na Gaeilge d'iontráil ar chúrsaí oiliúna múinteoirí,

a chinntiú go n-ullmhaíonn ábhar na gcúrsaí oiliúna múinteoirí na múinteoirí mar is cuí chun an Ghaeilge a mhúineadh i suíomhanna trí mheán an Bhéarla agus trí mheán na Gaeilge,

leasú ar ábhar churaclam na bunscoile agus an timthrialla shóisearaigh don Ghaeilge,

athbhreithniú ar an siollabas don Ardteistiméireacht i bhfianaise thaithí na scoláirí i scrúdú na bliana 2012.

Tá mo Roinnse tiomanta freisin do thacú le scoileanna Gaeltachta trí oibriú Ailt 31 den Acht Oideachais. Ina leith seo, imríonn An Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta mór-ról i dtacú le forbairt acmhainní do theagasc na Gaeilge agus do theagasc trí Ghaeilge. Tá thart ar €1.75m á thabhairt ag mo Roinne don Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta sa bhliain 2012 chun acmhainní dá leithéid a sholáthar. I measc na mbeart eile chun tacú le scoileanna Gaeltachta, cuirtear suas le deich faoin gcéad de na háiteanna oiliúna múinteoirí sna Coláistí Oiliúna ar leataobh d'iarrthóirí Gaeltachta d'fhonn a chinntiú go bhfuil soláthar ann de chainteoirí líofa Gaeilge chun teagasc i mbunscoileanna Gaeltachta. Leanfaidh mo Roinn den mhonatóireacht ar an dul chun cinn a dhéanfar i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus ar éifeachtúlacht na mbeart atá ar bun chun tacú le scoileanna Gaeltachta.

Maureen O'Sullivan

Ceist:

99 D’fhiafraigh Maureen O’Sullivan den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé i gceist aige cinneadh na Roinne Oideachais agus Scileanna deireadh a chur le deontais d’ábhair oidí le freastal ar chúrsaí tumoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht mar chuid riachtanach dá gcúrsa a aisghairm, ós rud é go dtagann an cinneadh go hiomlán salach ar na moltaí atá déanta ag an Rialtas féin sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-2030, agus ag an gComhairle Mhúinteoireachta, an comhlacht reachtúil gairmiúil don mhúinteoireacht in Éirinn; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24431/12]

Amharc ar fhreagra

Mar chuid de bhreithniúcháin bhuiséadacha an Rialtais agus den Athbhreithniú Cuimsitheach ar Chaiteachas, cinneadh ar na deontais a d'íocadh an Roinn seo leis na Coláistí Gaeltachta, i leith an chostais ar ábhar múinteora as freastal ar chúrsaí Gaeltachta, a chur ar ceal. Ní ghlanfaidh an Roinn an costas a bheidh ar ábhar múinteora a bheidh ag tosú ar an gclár túsoideachas bunmhúinteoireachta sa bhliain acadúil 2012/13 as freastal ar na cúrsaí seo, de bharr go bhfuil tosaíocht tugtha d'acmhainní a chosaint i gcomhair seirbhísí túslíne, sa mhéid gur féidir é, sna blianta amach anseo. Níl sé ar intinn agam an cinneadh seo a aisghairm. Fágann an beart seo go bhfuil na cláir thúsoideachas bunmhúinteoireachta ar aon dul le cláir chéime eile níos mó ná mar a bhídís, le cláir ar nós clár céimeanna teanga, ina n-éilítear ar mhic léinn costais riachtanas speisialta breise a ghlanadh iad féin.

Maureen O'Sullivan

Ceist:

100 D’fhiafraigh Maureen O’Sullivan den Aire Oideachais agus Scileanna an aontaíonn sé gur chóir cloí leis na teisteanna a rinne an Chomhairle Mhúinteoireachta ag moladh go leanfadh ábhair mhúinteoirí sainchlár do theagasc teanga sa Ghaeltacht, agus go gcuirfí leis an am teagaisc agus freastail d’ábhair oidí ar chúrsaí tumoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht, mar chuid éigeantach dá gcéim oideachais chun a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú; an dtacaíonn sé leis an moladh gur chóir d’ábhair oidí an tréimhse Ghaeltachta a dhéanamh ag tús na céime chun gur féidir leo rogha a dhéanamh leanúint leis an gcúrsa trí mheán na Gaeilge más mian leo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24432/12]

Amharc ar fhreagra

De réir Ailt 38 d'Acht na Comhairle Múinteoireachta, 2001, is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht a bhfuil údarás reachtúil aici chun cláir oideachais agus oiliúint múinteoirí, a sholáthraíonn forais ardoideachais sa Stát, a athbhreithniú agus a chreidiúnú; chun na caighdeáin eolais, scileanna agus inniúlachta, a theastaíonn chun an mhúinteoireacht a chleachtadh, a athbhreithniú, agus chun comhairle a chur ormsa maidir leis na nithe seo. Tá an Chomhairle neamhspleách i gcomhlíonadh a cuid feidhmeanna. Ag forbairt polasaithe di, téann an Chomhairle i gcomhairle le raon forleathan páirtithe eile, mo Roinnse ina measc. Tá na paraiméadair d'fhorbairt chlár thúsoideachas múinteoireachta, an socrúchán Gaeltachta san áireamh, leagtha amach in "Polasaí faoi Chontanam Oideachais Mhúinteoirí" agus "Oideachas Tosaigh Múinteoirí: Critéir agus Treoirlínte do Sholáthraithe Cláir", doiciméid de chuid na Comhairle. Tá meitheal oibre faoi choimirce na Comhairle ag breithniú dearadh agus forbairt shocrúchán fadaithe Gaeltachta faoi láthair. Níéilítear faomhadh ó mo Roinnse i gcomhair clár thúsoideachas múinteoireachta.

Barr
Roinn