Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Bord Iascaigh Mhara

Dáil Éireann Debate, Thursday - 17 May 2012

Thursday, 17 May 2012

Ceisteanna (146)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

148 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara ar phléigh B.I.M. leis nó lena Roinn an cinneadh atá déanta aige stop a chur leis na deontais do threalamh sábháilte d’iascairí; má phléigh, cén chomhairle a chuir a Roinn orthu; cé mhéid airgid a shábhálfar de bharr an bheartais seo i mbliana; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24606/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Faoi Scéim Sábháilteachta na bhFlíteanna arna feidhmiú ag BIM cuireadh cúnamh airgid ar fáil don earnáil iascaigh le trealamh sábháilteachta ar bord ar leith a cheannach. Chuidigh an Scéim le soithigh iascaigh ceanglais rialála a chomhlíonadh agus cuireann ardchaighdeán sábháilteachta ar shoithigh iascaigh chun cinn. D'fheidhmigh an Scéim de réir rialacha de minimis na hearnála iascaigh (875/2007), faoina bhfuil díolúine aici ó ghnáthcheanglais fógra a bhaineann le Cúnamh Stáit.

I 2012 rinneadh athbhreithniú ar an gClár um Fhorbairt Bia Mara na hÉireann 2007-2013, clár ar leith a ndéanannn an tAontas Eorpach comh-mhaoiniú air faoi Rialachán an Chiste Iascaigh Eorpach (1198/2006), agus áiríodh ann roinnt scéimeanna breise lena n-áirítear Scéim Sábháilteachta na bhFlíteanna. De réir Airteagal 25(2) den Rialachán EFF ní chuirtear tacaíocht ar fáil ach le "feabhas" a chur ar shábháilteacht flíteanna agus sin amháin. Tá sé curtha in iúl ag an gCoimisiún Eorpach do mo Roinnse gurbh é a léirmhíniú air sin ná bearta lasmuigh de cheanglais rialála. Níor aontaigh mise le tuairimí an Choimisiúin ach bhreithnigh dá mbeadh bearta ann nach mbeadh incháilithe do chomh-mhaoiniú EFF go bhféadfaí fós iad a mhaoiniúón Státchiste faoi rialacha de minimis. Ag cruinniú den Choiste Monatóireachta ar an gClár Comh-Mhaoinithe an 12 Márta 2012 áfach chuir ionadaí an Choimisiúin in iúl seasamh an Choimisiúin nach raibh bearta sábháilteachta flíteanna atá riachtanach de réir an dlí san áireamh le cúnamh a fháil faoi de minimis. Tar éis an t-ábhar a phlé le comhairleoirí dlí na Roinne scríobh mo Roinnse chuig an gCoimisiún an 18 Aibreán 2012 ag rá nár aontaigh sí le léirmhíniú an Choimisiúin. Cé go bhfuiltear fós ag fanacht le freagra, chuir an Coimisiún in iúl ó shin ó bhéal, tar éis tuairimí na Roinne a iniúchadh, go bhfuil sé ag seasamh leis an méid nach féidir tacaíocht a thabhairt i bhfoirm cúnaimh dheontais lena n-áirítear faoi rialacha de minimis i dtreo trealamh sábháilteachta éigeantach. Tá sé curtha in iúl ag an gCoimisiún go gcuirfidh sé an méid seo in iúl go foirmeálta don Roinn go luath agus go leagfar amach an bunús dlí atá le léirmhíniú an Choimisiúin.

Sna cúinsí sin, ní raibh aon rogha ann ach deireadh a chur go sealadach agus ar bhonn gearrthéarmach leis an tacaíocht a bhí ann do bhearta sábháilteachta éigeantacha go dtí go mbeidh freagra agus breithniú faighte ón gCoimisiún Eorpach.

Tuigim go bhfuil an Scéim BIM an-tábhachtach ó thaobh tacú le hiascairí a chinntiú go gcoinnítear ardchaighdeáin sábháilteachta ar bord soitheach iascaigh agus tá an-imní orm faoin scéala is déanaí seo. Tá sé i gceist agam scríobh díreach chuig an gCoimisinéir Damanaki le mo chuid tuairimí féin a leagan amach agus iarraidh uirthi féachaint arís ar sheasamh an Choimisiúin. Táim freisin ag iarraidh go mbeadh foráil follasach sna socruithe nua maoinithe iascaigh, Ciste Iascaigh agus Mara Eorpach, le cúnamh deontais a chur ar fáil in aghaidh trealamh sábháilteachta, lena n-áirítear trealamh éigeantach.

Barr
Roinn