Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Foras Teanga

Dáil Éireann Debate, Thursday - 17 May 2012

Thursday, 17 May 2012

Ceisteanna (88)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

90 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige moladh a chur ar aghaidh chun na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas maidir le straitéis Uile-Oileáin don Ghaeilge a réiteach agus an bhfuil sé sásta coincheap na straitéise Uile-Éireann a chur ar chlár an chéad chruinnithe eile den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24608/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is áisíneacht de chuid an Fhorais Teanga é Foras na Gaeilge a bunaíodh faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 agus atá freagrach as an nGaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-Éireann. Tá an Foras Teanga freagrach don Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas agus do na hAirí sna Ranna Urraíochta, is é sin mo Roinn féin agus an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann. Sa chomhthéacs sin, tá caidreamh an-mhaith agus comhoibriú leanúnach ann maidir le gnóthaí an Fhorais Teanga agus cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne.

Mar is eol don Teachta, foilsíodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 in 2010 a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge sa dlínse seo. Thóg an Rialtas cinntí polasaí maidir leis na struchtúir fhorfheidhmithe don Straitéis ar an 31 Bealtaine 2011 inar sonraíodh go leanfaidh Foras na Gaeilge ag comhlíonadh a dhualgas i gcomhthéacs uile-oileáin mar áisíneacht den Fhoras Teanga.

Tuigtear dom go bhfuil straitéis don Ghaeilge san áireamh i gClár an Rialtais 2011-2015 de chuid Feidhmeannas Thuaisceart Éireann. Tá curtha in iúl ag an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín Uasal, MLA, go bhfuil a Roinn ag obair i dtreo straitéis don Ghaeilge a fhorbairt.

Barr
Roinn