Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 23 May 2012

Wednesday, 23 May 2012

Ceisteanna (106)

Peadar Tóibín

Ceist:

106 D’fhiafraigh Peadar Tóibín den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil plé déanta ag an gCoiste Idir-Rannach atá ag plé le hoideachas faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar na himpleachtaí a bheidh ag na ciorruithe oideachais ar chur chun cinn na Straitéise; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21659/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tionóladh cruinniú tionscnaimh den Ghrúpa Idir-Rannach ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ar 8 Feabhra 2012. Bhí ionadaithe i láthair ó roinnt Ranna Rialtais, an Roinn Oideachais agus Scileanna ina measc. Nótáil an cruinniú tiomantas an Rialtais go gcuirfí forfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge chun cinn laistigh d'acmhainní buiséid atá ann cheana. Ina chur i láthair don chruinniú, nótáil ionadaí na Roinne Oideachais agus Scileanna na dúshláin atá os comhair na Roinne agus an chórais oideachais i gcoitinne, i bhfianaise na n-acmhainní atá ann cheana. Léirigh sé conas mar atá an Roinn ag féachaint le feabhas a chur a chumas sa Ghaeilge i measc múinteoirí agus scoláirí trína Straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta 2011-2020, ach go háirithe i réimsí amhail athchóiriú curaclaim, riachtanais iontrála do mhúinteoirí, oiliúint múinteoirí agus trialacha caighdeánacha do scoláirí. Nótáil sé go bhfuil na tionscnaimh fhadtéarmacha seo á gcur i bhfeidhm laistigh d'acmhainní atá ann cheana.

Barr
Roinn