Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Arramara Teo

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 June 2012

Wednesday, 6 June 2012

Ceisteanna (12, 13)

Caoimhghín Ó Caoláin

Ceist:

10Deputy Caoimhghín Ó Caoláin den an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas ar staid reatha Arramara Teo, agus chun a fhiafraí de ar éirigh leis an Roinn aon infheisteoirí a fháil don chomhlacht. [27092/12]

Amharc ar fhreagra

Peadar Tóibín

Ceist:

471Deputy Peadar Tóibín den an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas i dtaobh an bhfuil daoine fostaithe in Arramara Teo, a bhí ar fostú roimhe seo in Údarás na Gaeltachta, agus má tá, i dtaobh cén ról a bhí acu, agus cén próiseas a úsáideadh chun iad a roghnú chun dul ag obair in Arramara Teo. [27130/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (5 píosaí cainte)

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 10 agus 471 le chéile.

Is fochuideachta de chuid Údarás na Gaeltachta é Arramara Teoranta agus, dá bhrí sin, níl aon ról agamsa mar Aire Stáit maidir le bainistiú na fochuideachta. Tuigtear dom, áfach, go bhfuil próiseas idir lámha ag Údarás na Gaeltachta chun páirtnéir straitéiseach a aimsiú don chomhlacht agus go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh leis an bpróiseas sin. Aithníonn Údarás na Gaeltachta an poitéinseal fáis agus forbartha atá ag an earnáil próiseála feamainne, agus tá mé dóchasach, dá bharr, go rachfaidh an próiseas atá idir lámha chun leasa Arramara Teoranta, a chuid fostaithe, lucht bainte feamainne agus na hearnála i gcoitinne. Feidhmíonn Údarás na Gaeltachta faoi réir fhorálacha na nAcht um Údarás na Gaeltachta 1979 go 2010 ina chuid gnóthaí féin agus i dtaca le gnóthaí a chuid fochuideachtaí. Níl aon ról agamsa ná ag mo Roinn, dá bharr, i ndáil le gníomhaíochtaí an údaráis nó a chuid fochuideachtaí ó lá go lá.

Tuigtear dom go bhfuil iar-fhostaí amháin de chuid an údaráis fostaithe mar bhainisteoir ginearálta ar Arramara Teoranta. Is conradh fostaíochta sealadach seacht mí ó thús na bliana atá i gceist toisc gur éirigh an bainisteoir ginearálta a bhí ann go dtí sin as oifig dá rogha féin. Ó tharla go bhfuil próiseas ar bun maidir leis an bhfochuideachta Arramara nó sciar de a dhíol, tuigtear dom go raibh gá le leanúnachas tréan bainistíochta a chinntiú san fhochuideachta agus nach raibh sé praiticiúil an post áirithe seo a fhógairt don tréimhse ghairid a bhí i gceist.

Bunaíodh an comhlacht feamainne Arramara Teoranta 50 bliain ó shin. Tá sé faoi lán-úinéireacht ag Údarás na Gaeltachta ó 2006. Tá 550 bainteoirí feamainne ag soláthar feamainne d'Arramara Teoranta agus tá 17 duine fostaithe sa mhonarchan freisin. Is beag forbairt atá déanta ag an gcomhlacht sa tréimhse sin ó thóg an t-údarás smacht air. I mí Mheán Fómhair seo chaite, d'iarr mo chomhghleacaí, an Seanadóir Ó Clochartaigh, ar an Aire Stáit cad a bhí i gceist ag an Rialtas a dhéanamh ó thaobh infheistíochta de. Tá comhairleoirí airgeadais, Farrell Grant Sparks, ceaptha ag an bomaite agus tá próiseas áirithe ag dul ar aghaidh.

Tá go leor imní ar mhuintir na háite i dtaobh an saghas páirtnéir a bheidh i ndán d'Arramara Teoranta. Ba cheart go mbeadh seans ag an gcomhlacht seo níos mó oibre a dhéanamh sa todhchaí. Tá éileamh ar feamainn ó earnáil na ceimice. Úsáideann daoine táirgí feamainne ar a craiceann. Le blianta anuas, tá an-chuid oibre déanta le feamainn ag comhlachtaí ar nós Rí na Mara i gConamara. Tá deis ag an Rialtas an chomhlacht seo a fhorbairt as seo amach. Más féidir níos mó táirgí a chruthú agus a dhíol sna margaí thar lear, beidh an comhlacht in ann níos mó daoine a fhostú. Tá mé buartha nach bhfuil sé mar priority ag an Rialtas. Cad atá sé i gceist ag an Rialtas a dhéanamh leis an gcomhlacht sa bhliain amach romhainn?

Is cinnte gur comhlacht tábhachtach é, chomh fada agus a bhaineann sé leis an iarthar. Sílim go bhfuil beagnach scór duine ag obair sa chomhlacht faoi láthair. Níl a fhios agam an bhfuil 500 bainteoirí feamainne, ach tá 250 dóibh ar a laghad. Tá eolas agam faoin gcomhlacht seo. Go dtí blianta beaga anuas, bhí cuid de lonnaithe i mo cheantar féin ar an gClochán Liath. Tá sé lonnaithe go hiomlán i gConamara ó rinneadh cónascadh air.

Tuigeann Údarás na Gaeltachta go bhfuil féidireachtaí móra ag an gcomhlacht. Is é sin an fáth gur ghlac Údarás na Gaeltacht sealbhaíocht iomlán ar an gcomhlacht i 2006. Tuigeann an t-údarás freisin go bhfuil gá le rudaí eile a thabhairt isteach, ar nós saineolas ar chúrsaí feamainne, scileanna, taighde, acmhainní agus infheistíocht. Is é sin an fáth go bhfuil an t-údarás i dteagmháil le comhlacht eile. Tá scrúdú á dhéanamh acu ar conas is féidir na riachtanaisí seo a chur ar fáil, sa dóigh is gur féidir linn méadú mór a chur ar líon na ndaoine atá ag cur feamainn ar fáil nó ag obair sa mhonarchan. Is ar mhaithe le fostaíocht, eacnamaíocht na Gaeltachta agus an Ghaeilge atá na cainteanna seo ag dul ar aghaidh. Tá súil agam go n-éireoidh leo. De réir mar a thuigim é, tá an próiseas ag dul ar aghaidh. Mar a dúirt mé, fostaíocht atá i gceist sa deireadh thiar thall. Is cuma má tá Údarás na Gaeltachta, nó comhlacht ar bith eile a bhfuil na buntáistí seo acu, mar scairshealbhóir iomlán. Is é an rud is tábhachtaí ná go bhfuil na poist ar fáil. Má tá infheistíocht breise ag teacht isteach, b'fhéidir as comhlacht idirnáisiunta atá in Albain agus i gCalifornia, cuirfidh mé fáilte roimhe. Má tá an infheistíocht sin á dhéanamh, caithfidh mé fáilte a chur roimhe. Tá mé cinnte go gcuirfidh an Teachta fáilte roimhe chomh maith.

Tógann an comhlacht, Tara Mines, atá in aice liom san Uaimh, sinc amach as an talamh. Nuair atá an mianra sin iompartha chomh fada le Droichead Átha, déantar é a easpórtáil go dtí tíortha eile ina chruthaítear rudaí as. Má thagann comhlacht idirnáisiúnta isteach sa chás seo, tá contúirt ann go rachfaidh an feamainn seo amach as an tír gan faic a dhéanamh leis in Éirinn. Má tharlaíonn sé sin, caillfear na postanna atá in Arramara Teoranta ag an bomaite. Iarraim ar an Rialtas staidéar féidireachta a dhéanamh agus priority a thabhairt don obair seo a choimeád sa tír.

Níl easaontas eadrainn. Sílim gurb é an príomh-rud ná go ndéanfar an phróiseáil sa tír seo. Ba mhaith liom go mbeadh sé sin in intinn an údaráis sna cainteanna agus comhráití atá ag dul ar aghaidh.

Written Answers follow Adjournment.
Barr
Roinn