Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim Feirmeoireachta Éisc

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 June 2012

Wednesday, 6 June 2012

Ceisteanna (15)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

12 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an raibh aon phlé idir Údarás na Gaeltachta agus BIM maidir le cúrsaí oiliúna a chur ar fáil i bhfeirmeoireacht éisc má leantar ar aghaidh leis an scéim feirmeoireachta éisc in Inis Oírr. [27091/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tuigtear dom go bhfuil Meabhrán Comhthuisceana i bhfeidhm idir Údarás na Gaeltachta agus BIM agus go bhfuil comhoibriú maith, dá bharr, idir an dá eagraíocht.

Tuigtear dom fosta go bhfuil Údarás na Gaeltachta agus BIM ag obair as lámha a chéile maidir le forbairt an togra atá beartaithe in Inis Oírr. Ag cruinniú a tionóladh idir BIM agus Údarás na Gaeltachta le déanaí, aontaíodh go bhfuil sé riachtanach cúrsaí oiliúna i bhfeirmeoireacht éisc a chur ar fáil do mhuintir na háite chun cabhrú leo an tairbhe is fearr a fháil ón tionscnamh seo. Tuigtear dom go bhfuil sé i gceist ag an dá eagraíocht tabhairt faoin bpróiseas oiliúna nuair a bheidh na ceadúnais chuí faighte agus cúrsaí pleanála socraithe don tionscnamh.

Barr
Roinn