Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 June 2012

Wednesday, 6 June 2012

Ceisteanna (17, 18)

Jonathan O'Brien

Ceist:

14 D’fhiafraigh Jonathan O’Brien den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas faoin tacaíocht a bhfuil a Roinn in ainm a bheith á tabhairt d’fhorbairt na Cé in Inis Oírr, an dtabharfaidh sé soiléiriú maidir leis na híocaíochtaí a tháinig ón Roinn chun an Ché a fhorbairt, agus an bhfuil sé i gceist ag an Roinn forbairt na Cé a chríochnú. [27098/12]

Amharc ar fhreagra

Peadar Tóibín

Ceist:

473 D’fhiafraigh Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas faoin tacaíocht a bhfuil a Roinn in ainm a bheith á tabhairt d’fhorbairt na Cé in Inis Oírr, an dtabharfaidh sé soiléiriú maidir leis na híocaíochtaí a tháinig ón Roinn chun an Ché a fhorbairt; agus an bhfuil sé i gceist ag an Roinn forbairt na Cé a chríochnú. [27134/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 14 agus 473 le chéile.

Mar is eol don Teachta, is cé de chuid Comhairle Contae na Gaillimhe an ché seo. Ach an oiread le céanna Árann agus Inis Meáin, ar cheadaigh mo Roinnse deontais de luach €58m ina n-iomláine dóibh le blianta beaga anuas, aithníonn mo Roinnse an tábhacht a bhaineann leis an gcé seo do phobal Inis Oírr.

Idir na blianta 2004 agus 2007, cheadaigh mo Roinnse deontais de luach €784,000 inan-iomláine chun cur ar chumas Chomhairle Contae na Gaillimhe tabhairt faoin obair seo a leanas i ndáil leis an gcé in Inis Oírr: réamhstaidéar, múnlóireacht fhisiceach agus measúnacht tionchair timpeallachta, chomh maith le ceadúnais a fháil, dearadh a dhéanamh, doiciméid chonartha a ullmhú, tairiscintí a lorg agus bainistiú cuí a dhéanamh ar an gconradh.

Tuigtear dom go bhfuil cead pleanála agus ceadúnas forchladaigh faighte ag an gComhairle Contae d'fhorbairt na cé in Inis Oírr. Meastar go mbeidh costas de €8.5m ar an obair atá beartaithe agus, ós rud é nach bhfuil acmhainní airgeadais den chineál sin ag mo Roinnse — ná ag an gComhairle Contae, tuigim — i láthair na huaire, níl sé beartaithe dul i mbun tairisceana don togra sa ghearrthéarma.

Barr
Roinn