Mar is eol don Teachta, d'fhógair an Rialtas ar 17 Samhain 2011 go raibh cinneadh tógtha feidhmeanna Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman agus go raibh an cinneadh sin le cur i gcrích i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, atá ar siúl ag mo Roinnse faoi láthair. Tógadh an cinneadh sin mar chuid dePhlean Athchóirithe an Rialtais don tSeirbhís Phoiblí. Faoin bPlean sin, tá sé beartaithe ag an Rialtas go ndéanfar cuíchóiriú ar 48 comhlacht poiblí faoi dheireadh na bliana 2012 agus go ndéanfar athbhreithniú criticiúil ar 46 comhlacht poiblí eile faoi mhí an Mheithimh 2012.
Tá sé ráite go soiléir ag an Rialtas nach sábháil airgid amháin atá á lorg sna cúrsaí seo. Mar atá ráite ibPlean Athchóirithe an Rialtais don tSeirbhís Phoiblí, tiocfaidh na buntáistí is suntasaí as timpeallacht riaracháin níos simplí agus níos éifeachtaí a bheith ann, rud a thabharfaidh cuntasacht dhaonlathach níos fearr, níos lú dúblála agus línte freagrachta níos soiléire don saoránach.
Glactar leis, ar ndóigh, go dtagann saincheisteanna chun cinn do na heagraíochtaí éagsúla atá i gceist de thoradh na gcinntí seo agus go bhféadfadh leasuithe reachtaíochta a bheith san áireamh chomh maith. Tá Coiste Athchóirithe bunaithe ag mo Roinnse chun scrúdú a dhéanamh ar na saincheisteanna ábhartha a bhaineann leis na heagraíochtaí ar leith a thagann faoi scáth mo Roinne. Tá an coiste seo ag plé leis na heagraíochtaí éagsúla atá i gceist, lena n-áirítear Oifig an Choimisinéara Teanga, le gur féidir cinntí an Rialtais a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil. Ar ndóigh, bíonn plé rialta idir mo Roinnse agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i dtaca leis an ábhar seo fosta.