Tuigtear dom ó Údarás na Gaeltachta gur cuireadh maoiniú mar a leanas ar fáil d'Óige na Gaeltachta le sé bliana anuas:
Bliain
|
Maoiniú
|
2012
|
€285,000
|
2011
|
€340,000
|
2010
|
€367,000
|
2009
|
€300,000
|
2008
|
€300,000
|
2007
|
€300,000
|
Ach an oiread leis na heagraíochtaí eile pobail atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht, beidh ról lárnach ag Óige na Gaeltachta i gcur i bhfeidhm naStraitéise 20 Bliain don Ghaeilge . Beidh Óige na Gaeltachta ag obair as lámha a chéile leis na heagraíochtaí forbartha pobail sa Ghaeltacht chun a chinntiú go mbeidh ról ag an óige sa phróiseas pleanála teanga.
Chomh maith leis sin, leanfaidh Óige na Gaeltachta ag cur seirbhísí ar fáil d'aos óg na Gaeltachta. Tuigtear dom go bhfuil oifigí ag Óige na Gaeltachta i gcontaetha Dhún na nGall, Gaillimh agus Corcaí. Tá 55 club óige faoi chúram na heagraíochta ag feidhmiú sna Gaeltachtaí éagsúla agus ag freastal ar timpeall 2,000 ball. Anuas air sin, tá 6 ionad 'buail isteach' ag feidhmiú sa Ghaeltacht le tacaíocht ó Óige na Gaeltachta. Tuigtear dom go ndéanfar gach iarracht cur le líon na n-ionad sin taobh istigh de na srianta airgeadais atá ar Údarás na Gaeltachta san aeráid eacnamaíoch reatha.