Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Aitheantas Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 12 June 2012

Tuesday, 12 June 2012

Ceisteanna (157)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

248 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé i gceist aige aitheantas a thabhairt do Choláiste Eoin, Inis Meáin, mar scoil inti féin seachas mar aonad faoi Choláiste Cholmcille, Indreabhán; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27769/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Níl taifead ar bith ag mo Roinnse faoi chomhfhreagras a fháil ón scoil nó ón bPátrún maidir leis an ní dá dtagraíonn an Teachta. Breithneoidh mo Roinn comhfhreagras ar bith a fhaighfear.

Barr
Roinn