Ar bhonn stoic ag an gComhairle um Iascach gach bliain i mí na Nollag a shocraítear an Ghabháil Iomlán is Incheadaithe agus cuótaí na stoc éisc don bhliain ina dhiaidh.
Déantar bainistiú ar chuótaí éisc na hÉireann de réir an pholasaí náisiúnta agus tagann Coiste Comhairleach um Bhainistiú Cuóta Iasc Geal, ar a bhfuil ionadaithe as an tionscal, le chéile gach mí le comhairle a chur orm maidir le srianta gabhála ar chuótaí iasc geal.
Tá teacht ag gach soitheach iascaigh ag a bhfuil ceadúnas ilchineálach ar na srianta gabhála seo, lena n-áirítear úinéirí soitheach a bhfuil cónaí orthu ar oileáin. Faoi rialacháin AE tá srianta ar úsáid trealamh iascaireachta ar leith (eangach gheolbhaigh) in uiscí amach ó chósta Dhún na nGall agus is údar imní é seo d'iascairí beaga a bhí ag iascach sna huiscí seo riamh.
Ar an mbonn go mbeifí in ann a léiriú nach bhfuil ardú tagtha ar ghabhálacha trosc (ná ar stoic eile freisin iasc a bhfuil ró-iascach á dhéanamh orthu ar nós an fíogach gobach agus an faoitín) a dhéanfaí athruithe ar Rialacháin AE faoina gcuirfí deireadh le srianta reatha.
Tá obair phíolótach déanta ag BIM i gcomhar le Foras na Mara ar iascach fíogach beag agus jigeáil ar mhangaigh agus tá cás curtha chun cinn ag Éire chuig an gCoimisiún Eorpach gur cheart cead a thabhairt don chineál sin iascaigh.
Nílim cinnte an mbaineann an tagairt do "thonnáiste breise" le ceanglas ceadúnais do chóras iontrála/imeachta 100% i ndáil le hacmhainn nua sa bhflít, ar ceanglas é de chuid an AE.
I ndáil leis sin is tráchtearra intrádála tráchtála í acmhainn (i gcás tonnáiste agus kWanna) a bhíonn faoi úinéireacht phríobháideach.