Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oiliúint Múinteoirí

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 19 June 2012

Tuesday, 19 June 2012

Ceisteanna (160, 161)

Maureen O'Sullivan

Ceist:

240 D’fhiafraigh Maureen O’Sullivan den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé i gceist aige cinneadh na Roinne Oideachais agus Scileanna deireadh a chur le deontais d’ábhair oidí chun freastal ar chúrsaí tumoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht mar chuid riachtanach dá gcúrsa, a aisghairm, ó thagann an cinneadh salach go hiomlán ar na moltaí atá déanta ag an Rialtas féin sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-2030 agus ag an gComhairle Mhúinteoireachta, arb í an comhlacht reachtúil gairmiúil don mhúinteoireacht in Éirinn í; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29385/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar chuid de bhreithniúcháin bhuiséadacha an Rialtais agus den Athbhreithniú Cuimsitheach ar Chaiteachas, cinneadh ar na deontais a d'íocadh an Roinn seo i leith an chostais ar ábhar múinteora as freastal ar chúrsaí Gaeltachta, a chur ar ceal. Beidh feidhm leis an gcinneadh i gcás mac léinn a bheidh ag tosú ar an gclár túsoideachas bunmhúinteoireachta sa bhliain acadúil 2012/13. Mar is eol don Teachta, tá tosaíocht á tabhairt d'acmhainní a chosaint i gcomhair seirbhísí túslíne sna blianta amach anseo. Níl beartaithe agam an cinneadh seo a aisghairm. Fágann an beart seo go bhfuil na cláir thúsoideachas bunmhúinteoireachta ar aon dul le cláir chéime eile níos mó ná mar a bhídís, le cláir ar nós clár céimeanna teanga, ina n-éilítear ar mhic léinn costais riachtanas speisialta breise a ghlanadh iad féin. Tá an Rialtas tiomanta do thacú le héirim ghinearálta na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus cuirfidh sé i gcrích na haidhmeanna agus na spriocanna insroichte atá molta, ag tabhairt aird ar an gcomhthéacs buiséadach.

Maureen O'Sullivan

Ceist:

241 D’fhiafraigh Maureen O’Sullivan den Aire Oideachais agus Scileanna an aontaíonn sé gur chóir cloí leis na teisteanna a rinne an Chomhairle Mhúinteoireachta, ina moltar go leanfadh ábhair mhúinteoirí clár sainithe do theagasc teanga sa Ghaeltacht, agus go gcuirfí leis an am teagaisc agus freastail d’ábhair oidí ar chúrsaí tumoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht, mar chuid éigeantach dá gcéim oideachais chun a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú; an dtacaíonn sé leis an moladh gur chóir d’ábhair oidí an tréimhse Ghaeltachta a dhéanamh ag tús na céime chun gur féidir leo an rogha a dhéanamh leanúint leis an gcúrsa trí mheán na Gaeilge más mian leo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29386/12]

Amharc ar fhreagra

Os í comhlacht na gcaighdeán gairmiúil í don mhúinteoireacht, tá ról reachtúil ag an gComhairle Mhúinteoireachta maidir le cláir thúsoideachais múinteoirí a chreidiúnú. Tá riachtanais chreidiúnaithe na Comhairle leagtha amach in Critéir agus Treoirlínte do Sholáthróirí Clár, a foilsíodh i mí Meithimh 2011, agus tá an clár athbhreithnithe Bhaitsiléir san Oideachas chun tosú i gColáistí Oideachais na múinteoirí bunscoile go léir i mí Mheán Fómhair 2012. Is gnó don Chomhairle Mhúinteoireachta agus do na Coláistí Oideachais é fad agus foirm an tSocrúcháin Ghaeltachta agus níl feidhm ar bith ag mo Roinnse sa ghnó sin. Bhunaigh an Chomhairle Meitheal do Shocrúcháin Ghaeltachta, agus ionadaithe as na Coláistí Oideachais go léir páirteach ann, chun moltaí a dhéanamh maidir le socrúchán sínithe Gaeltachta. Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta tar éis faomhadh a thabhairt do thuarascáil an Mheitheal Oibre le déanaí agus molann sé go ndéanfadh mic léinn Socrúchán Gaeltachta ceithre seachtaine san iomlán i dhá bhloc ar leith. Ní ceart go ndéanfaí an dá bhloc sa bhliain acadúil chéanna. Leagann an tuarascáil moltaí amach freisin i dtaobh struchtúir agus inneachair an chúrsa.

Barr
Roinn