Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Íocaíochtaí Deontas

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 18 July 2012

Wednesday, 18 July 2012

Ceisteanna (2)

Peadar Tóibín

Ceist:

2Deputy Peadar Tóibín den an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta an féidir leis an Aire a dheimhniú go mbeidh na deontais reáchtála a íoctar leis na comharchumainn Ghaeltachta ar an leibhéal céanna an bhliain seo chugainn nó níos airde i bhfianaise an ualaigh breise oibre a bheidh orthu ó thaobh pleanáil teanga de. [35035/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (5 píosaí cainte)

Mar a thuigeann an Teachta, socrófar an soláthar airgid a bheidh ar fáil do mo Roinnse in 2013 i gcomhar leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe mar chuid den phróiseas meastacháin níos faide anonn sa bhliain. Is i gcomhthéacs an phróisis sin a dhéanfar cinntí sonracha maidir leis an mbealach is fearr le freastal ar na héilimh éagsúla atá ar mo Roinnse, lena n-áirítear na héilimh a eascróidh as cur i bhfeidhm na pleanála teanga sa Ghaeltacht. Ar ndóigh, is féidir leis an Teachta a bheith cinnte go gcuirfear san áireamh mar is cuí an cheist maidir leis an leibhéal maoinithe a bheidh de dhíth ar na comharchumainn Ghaeltachta, a fheidhmíonn faoi scáth Údarás na Gaeltachta, mar chuid den phróiseas sin. Maidir leis an mbliain reatha, níor mhiste a chur san áireamh go bhfuil os cionn €9 milliún, idir mhaoiniú caipitil agus reatha, curtha ar fáil do na scéimeanna tacaíochta Gaeltachta a thagann faoi mo Roinnse. Tá an soláthar sin á chur chun fónaimh i leith bearta, scéimeanna agus tionscnaimh éagsúla a bhfuil baint acu, ar bhealach amháin nó bealach eile, le cur i bhfeidhm na pleanála teanga sa Ghaeltacht. I dtaca leis an soláthar seo, tá an soláthar €3.273 milliún faoina gcuireann Údarás na Gaeltachta maoiniú ar fáil do na comharchumainn Ghaeltachta a fheidhmíonn faoina scáth.

Le cur chuige stuama agus praiticiúil, táim sásta go mbeifear in ann féachaint chuige go leanfar ag baint an tairbhe is fearr as pé soláthar a chuirfear ar fáil as an Státchiste, a chuimseoidh na héilimh a eascróidh as cur i bhfeidhm na pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Bhí mé i Ráth Chairn aréir ag caint le muintir Ráth Chairn, nó cuid acu ar aon nós. Bhíomar ag caint faoi an mBille Gaeltachta agus an ísliú daonlathais atá ag baint leis an mBille sin. Bhíomar ag caint freisin faoi nach mbeidh ionadaí buan ar Údarás na Gaeltachta ag Ráth Chairn as seo amach. An rud ina raibh an chuid is mó suime againn áfach ná na pleananna teanga. Bhí daoine ag rá go raibh brú úafásach ar na comharchumainn ag an bomaite agus ag rá nach raibh siad in ann gach rud a bhí le déanamh acu a dhéanamh de bharr an ghanntanais acmhainní atá ann. Bhí daoine ag rá go raibh sé do-dhéanta pleananna teanga a chur ar siúl sna ceantair muna mbeadh acmhainní breise do na comharchumainn sin.

Tá an t-Aire Stáit ag iarraidh níos mó ó na comharchumainn agus na heagraíochtaí Gaeilge mar gheall ar na pleananna teanga ar luach níos lú, gan airgead a chur isteach iontu. Tá an Rialtas ag cur an ualaigh go léir ar ghualainn na ndaoine sna Gaeltachtaí. Nílim lán cinnte maidir le freagra an Aire. An ndúirt sé go raibh níos mó airgid le fáil do no h-eagraíochtaí cosúil leis na comharchumainn a bheadh ag cruthú agus ag cur na bpleannana teanga i bhfeidhm, nó an bhfuil sé ag rá go mbeidh siad ar an leibhéal airgid céanna? An mbeidh ardú airgid ann dóibh nó an mbeidh siad ar an leibhéal céanna? Muna mbeidh ardú maoinithe ann, ní bheidh a lán acu in ann pleannana teanga a cruthú agus ní bheidh siad in ann na pleananna teanga a chur i bhfeidhim. De réir na critéir atá luaite ag an Aire Stáit, tá contúirt ann go gcaithfear cúpla Gaeltachtaí amach as an nGaeltacht, de bharr nach bhfuil siad in ann pleannana teanga a cruthú.

B'fhéidir go ndúirt mé cheana é, ach beidh 19 ceantair pleanála teanga sna Gaeltachtaí ar fad. Beimid ag súil go mbeidh gach deis ag gach ceantar acu sin plean forbartha teanga a dhéanamh amach. Táimid ag brath ar na comharchumainn agus na heagraíochtaí sna Gaeltachtaí chun tosaíocht agus ceannródaíocht a thabhairt do seo. Táimid ag brath ar ghnáth phobal na Gaeltachta sealbhú a dhéanamh ar phlean teanga, mar is leosan an plean. Sin ráite, beidh Údarás na Gaeltachta ann agus tá sé sin ag cur €3.273 milliún ar fáil i mbliana do na heagraíochtaí seo fá choinne cuidiú leo san obair thairbheach agus fhiúntach atá ar siúl acu.

Is cinnte go bhfuil acmhainní riachtanach, ach caithfimid a bheith réadúil ag an am céanna agus caithimid gníomhú taobh istigh de na hacmhainní atá ar fáil dúinn i bhfianaise na haeráide eacnamaíochta atá againn. Idir seo agus deireadh na bliana, beidh mo Roinn, cosúil le gach Roinn eile, ag bualadh le agus ag plé na gcúrsaí seo leis an Roinn Airgeadais agus leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus beidh muid ag plé na dúshlán atá romhainn sa bhliain amach romhainn. Ag an phointe seo, níl mise, ná aon Aire eile, ábalta a rá caidé an caiteachas a bheidh againn don bhliain seo chugainn. Ach tá mé cinnte, le dea-thoil agus dea-mhéin na gceanntar pleanála teanga agus ionchur Údarás na Gaeltachta agus ionchur Roinn na Gaeltachta agus Acadamh na hOllscolaíochta agus aon chomairle eile a bheidh riachtanach, go mbeidh muid ábalta tacú le agus cur ar chumas na gceanntar na pleananna a thagann aníos uathu a chur i bhfeidhm. Baineann an Bille le seo uilig, leis an Ghaeltacht agus muintir na Gaeltachta, ionas go mbeidh lámh agus focal acu in a giniúint teanga féin as seo amach. Ní raibh sin acu go dtí seo, ach beidh sé acu ina dhiaidh seo.

Muna mbeidh níos mó acmhainní acu, ní oibreoidh seo agus tá a fhios sin ag an Aire Stáit. Dúirt sé an rud céanna nuair a bhí sé ina shuí ar an taobh seo den Teach. Tá seo iontach práinneach. Bhí an díospóireacht agus an argóint againn an tseachtain seo caite, ach tá a fhios ag an Aire Stáit céard atá ag teastáil. Tá airgead ar fáil. Tá an Rialtas ag íoc airgid leis na sealbhóirí bannaí chuile bliain. Caithfear tosaíocht a chur le seo agus caithfidh an Rialtas dea-thoil a thaispeáint i leith na Gaeilge. Tá airgead ann ach caithfear tosaíocht a thabhairt do chur i bhfeidhm na bpleananna.

An tseachtain seo caite dúirt an Teachta Creed cúpla rud maidir le language imperialists agus mar sin de. Bhí sé ag tabhairt amach faoi daoine le líofacht sa Ghaeilge agus ag rá go raibh siadsan ar bealach mar naimhde don teanga. Bhí an méid a bhí le cloisint uaidh dochreidte. Nuair a bhí mé ag caint le cuid de na daoine as Ráth Chairn, bhí siad faoi dhubh-iontas gur thug Teachta Dála ó Fhine Gael an t-ainm "language imperialists" ar dhaoine le líofacht agus adúirt gur naimhde don teanga iad. Caithfidh muid a bheith i ndáiríre faoin teanga. Is féidir linn breathnú ar an Bhreatain Bheag, Catalonia agus tír na mBascach agus díriú isteach ar an rud atá á dhéanamh acusan. Tá siad ag cur i bhfeidhm pleananna straitéiseacha ach tá acmhainní ar fáil acu agus de bharr sin, tá a dteangacha ag fás. Má ghlacann an Rialtas seo an straitéis chéanna atá á chur i bhfeidhm sa Bhreatain Bheag, i gCatalonia agus i dtír na mBascach, beidh seans athbheochana againn don Ghaeilge. Tá sé dochreidte áfach go bhfuil daoine gan Gaeilge ag rá go bhfuil daoine le líofacht mar naimhde don teanga. An bhfuil aon tuairim ag an Aire Stáit maidir le sin?

Maidir leis an Teachta a luaigh an Teachta Tóibín, sílim go bhfuil an Teachta Tóibín ag glacadh an rud adúirt sé as comhthéacs ar fad. Labhair an Teachta san Ghaeilge, ach d'admhaigh sé nach bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige. Tá sé mar ionadaí do cheantar Gaeltachta agus tá sé á dhéanamh go héifeachtach chomh maith. Chomh fada agus a bhaineann sé liom féin, is é an manadh atá agam ná go bhfuil Gaeilge bhriste chomh maith le Béarla cliste. Is dóigh gur chuala an Teachta Tóibín é sin cheana.

Maidir leis na hacmhainní atáthar á chur ar fáil - tá acmhainní an-tábhachtach - táimid réadúil agus tuigeann muid agus an Teachta na deacrachtaí atá againn. Tá €60 milliún á chur ar fáil do mo Roinn i mbliana fá choinne ciste na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ní suim bheag í €60 milliún. Lena chois sin, deir an Roinn Oideachais agus Scileanna go bhfuil sé ag cur €500 milliún isteach i gcur chun cinn na Gaeilge sa chóras oideachais. Táimid ag déanamh airgeadú ar TG4, ar Raidió na Gaeltachta ar na tréimseacháin a fhaigheann muid gach seachtain. Nuair a cuirtear sin go léir san áireamh, tá an-chuid acmhainní ag dul isteach i gcur chun cinn na Gaeilge. Tá mise dóchasach, mar Aire Stáit atá anseo le bliain agus ón taithí atá agam ar chúrsaí mar seo le blianta fada anuas, go mbainfidh muid an úsáid is fearr as na hacmhainní teoranta atá againn. Beidh an saol eacnamaíochta ag dul i bhfeabhas. Tá mé dóchasach agus tá misneach agam go dtarlóidh sin. Má tharlaíonn sé, beidh níos mó acmhainní ar fáil. Ach san am i láthair, is é an dúshlán atá romhainn ná toradh fiúntach a bheith ar an airgead atá againn agus muid ag gníomhú taobh istigh de na teorainneacha sin.

Barr
Roinn