Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas Tríú Leibhéal

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 18 July 2012

Wednesday, 18 July 2012

Ceisteanna (23)

Seán Crowe

Ceist:

12 D’fhiafraigh Seán Crowe den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén maoiniú atá curtha ar fáil le haghaidh oideachais tríú leibhéal sa Ghaeltacht ag Roinn na Gaeltachta sna cúig bliana seo a chuaigh thart; cé mhéid a bheidh le fáil an bhliain seo chugainn. [35031/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá maoiniú gur fiú beagnach €7m i bhfoirm cúnaimh reatha agus €1.35m i bhfoirm cúnaimh chaipitil curtha ar fáil faoi scéimeanna mo Roinnse le haghaidh oideachais tríú leibhéil sa Ghaeltacht san iomlán ó 2007 i leith. Cuimsítear sa chúnamh seo na hionaid Ghaeltachta ar fad atá faoi scáth Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, a fheidhmíonn faoi Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Níor mhiste dom a mhiniú chomh maith gur bhunaigh mo Roinnse ciste ar leith in 2006, atáá reáchtáil i gcomhpháirtíocht leis an Údarás um Ard-Oideachas, chun maoiniú a chur ar fáil le forbairt a dhéanamh ar shainchúrsaí Gaeilge tríú leibhéal. Faoin gciste sin, tá suim iomlán de bheagnach €3.04m curtha ar fáil ó 2007 go dáta d'Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus d'Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn le 3 shainchúrsa ar leith a sholáthar. Tá na cúrsaí sin á reáchtáil faoi láthair in ionaid Ghaeltachta de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe agus i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall. Sa bhreis air sin, tá suim iomlán €370,000 íoctha leis an gcomhlacht Europus ó 2009 go dáta le sainchúrsa ar leith a sholáthar.

Níl aon chinneadh déanta ag an bpointe ama seo maidir le maoiniú reatha le haghaidh oideachais tríú leibhéil don bhliain acadúil 2012/2013.

Question No. 13 answered with Question No. 6.
Barr
Roinn